Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár náire nó ár n-onóir
Title
Ár náire nó ár n-onóir
Author(s)
Ó Conmhacáin, Uáitéir, An t-Athair,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ár náire nó ár n-onóir An t-Athair Uáitéir Ó Conmhacáin Nár leigidh Dia go n-eireóch' an ghrian go bráth ar an lá in a n-deurfar gur Shiar-Shacsanaigh sinn. Agus le n-a chongnamh-san agus ár g-congnamh féin, ní'l baoghal air. Óir má b'fhíor do'n bhárd go raibh ár d-teanga "A meathadh 'gus a meathadh mar an duille- abhar ar an g-crann" tá sí ag éirghe tá sí ag éirghe mar an ghrian thar Shliabh na mban. Má bhí bearna sa teóra tá eidir sinn agus Sacsana, do léim fir agus mná tír-ghrádhamhla - luchd Connartha na Gaedhilge - isteach sa m-bearna sin. Má bhí suan agus tromchodladh ar na daoinibh, tá trompa an Chonnartha sin d'á n-dúisiughadh as an suan sin agus tá a g-CLAIDHEAMH SOLUIS d'á spreagadh chum eirghe ó n-a d-tromchodladh. Má b'iad na Sgoile Náisiúnta "uaigh na Gaedhilge" mar adubhairt Ár n-Easbog Thuama, tá sí ag éirghe arís ó n-a luaithreadh, ar nós an Phoenix, óir tá máighi- stiridhe agus máighisdearasa sgoile ag coimhleang agus ag comórtus go bh-feicfidh siad cé aca is mó a m-béidh sgoláiridhe aige d'á fóghlaim, cé aca is mó a m-béidh duaiseanna aige as ucht a múnadh, cé aca is mó agus is feárr a chuirfeas an teanga air aghaidh. Má bhí na h-Easboig ag imtheacht leis an tuile agus ag leigean do'n Ghaedhilge dul ar fán tá siad anois ag déanadh seacht gcúitighte ar son a bh-faillighe. Léig mé an lá cheana go ndubhairt Easbog Éireannach i n-Americá go d-tabhairfeadh sé míle dollar dá mbeadh sé ionánn faoisdean d'éisteacht i n-Gaedhilge, agus go ndubhairt Easbog eile gur bh'fheárr leis ná na mílte púint dá mbeadh sé ionánn cómhradh a dhéanadh in a theanga dhúthchais. Tá Easbog Aillfinne ag gealladh duaiseann do gach sgoil in a dhíoghóise in a múnfar Gaedhilge. Ní chuirfidh Easbog na g-Clochair aon pháisde faoi láimh Easbóig feasda nach freagaróch' an Teagasg Críostaighe sa n-Gaedhilge. Chúalaidh mé Easbog na Gaillimhe a rádh nár dhúbhairt sé a chuid phaidreacha aríamh, agus nach n-déarfadh sé iad go bráth, acht i n-Gaedhilge agus nach m-béadh aon sásadh aige a rádh i d-teanga ar bith eile. Tá ainm Easboig Ráthabhoth i m-beul gach uile dhuine a bh-fuil grádh d'á thír nó d'á theanga aige. Chualaidh mé ár n-Árd-Easbog féin uair a rádh le sagairt a bhí ag dul a déanadh sheanmóra i m-Beurla le pobul Gaedhealach. "Muna bh-fuil tú ionánn teagasg a thabhairt do na daoine in a d-teanga féin, gabh 'nuas ó'n altóir sin!" Mo fhocal daoibh, is gearr a bhí an sagart sin ag athrughadh a phort agus is binn ceólmhar an port a sheinn sé.
Agus dá m-béadh ár n-Uachdarán Urramach annso gan an oiread a dhéanadh le n-a ghuth, le n-a pheann agus le n-a sparán, agus tá sé a' deanadh - dá m-béadh sé gan dada a dhéanadh acht suidhe ar an g-cathaoir sin anocht, tuilleann sé buidheachas síorruidhe Clainne na nGaedheal. Go m-buainidh Dia na h-Easboig so chugainn agus go g-cuiridh sé i g-croidhe gach Easbuig eile leanmhain in a rian! Bhí mé 'braith ar a ráidh "an fhaid 's tá siad so linn is cuma cé bhéidheas n-ár n-aghaidh," acht tá dream eile a bh-fuil sé in a g-cumas cúis na Gaedhilge a chur ar aghaidh níor mó agus níos féarr 'ná na h-Easboig, agus ná na maighistiridhe sgoile agus ná Connradh na Gaedhilge i g-cuideacht. Óir tá beatha an dreama so caithte i measg na n-daoine; tá smácht aca ar na daoinibh agus tá an-mheas agus ómós ag na daoinibh dóibh - níos mó ná tá ag aon daoine sa domhan d'á leithéidí. Tá siad cráibhteach agus tá fios aca go bh-fuil a g-creideamh agus an teanga eidirfhighte le chéile mar tá an dlúth agus an inneach san eudach. Tá siad fóghluimthe - ionánn óráid nó comhrádh a dhéanadh i g-cuid mhaith de theangthaibh coimhtheacha, agus tá fhios aca nach bh-fuil goir ag na teangthaibh sin ar ár d-teanga bhinn, mhilis féin. Tá siad tír-ghrádhamhail agus tá fios aca gurab í "cúis na teanga cúis na tíre." Tá fhios aca go b-fhuil ár d-teanga anois ar luasgan. Go bh-fuil sí mar fhear láidir ag éirghe ó fhad- thinneas. Go d-teasdaigheann cuidiughadh agus congnamh, agus cobhair uaithe. Go bh-fuil sé in a g-cumas sin a thabhairt di. In aon fhocal, go bh-fuil cinneamhain na teanga in a lámhaibh augs faoi cheann scóir bhliadhanta go m-béidh an chinneamhain sin séulta. Go m-béidh sí imthighthe gan sábháil, gan tabhairt ar ais, nó go m-béidh sí d'á labhairt in gách uile pháráiste ó Bheinn Éidir go Ceann Léime agus ó Clochán na bhfomhor go híochdar Corcaighe do réir mar is toil leósan agus gur ag na Sagartaibh a bhéidheas iomlán na náire má imthigheann sí, agus gur aca a bheidheas an chuid is mó de'n onóir má sheasann sí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services