Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ár náire nó ár n-onóir

Teideal
Ár náire nó ár n-onóir
Údar
Ó Conmhacáin, Uáitéir, An t-Athair,
Dáta cumtha
1899
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ár náire nó ár n-onóir
An t-Athair Uáitéir Ó Conmhacáin



Nár leigidh Dia go n-eireóch' an ghrian go bráth ar an
lá in a n-deurfar gur Shiar-Shacsanaigh sinn. Agus
le n-a chongnamh-san agus ár g-congnamh féin, ní'l
baoghal air. Óir má b'fhíor do'n bhárd go raibh ár
d-teanga "A meathadh 'gus a meathadh mar an duille-
abhar ar an g-crann" tá sí ag éirghe tá sí ag éirghe
mar an ghrian thar Shliabh na mban. Má bhí bearna sa
teóra tá eidir sinn agus Sacsana, do léim fir agus
mná tír-ghrádhamhla - luchd Connartha na Gaedhilge -
isteach sa m-bearna sin.



Má bhí suan agus tromchodladh ar na daoinibh, tá
trompa an Chonnartha sin d'á n-dúisiughadh as an suan
sin agus tá a g-CLAIDHEAMH SOLUIS d'á spreagadh
chum eirghe ó n-a d-tromchodladh.



Má b'iad na Sgoile Náisiúnta "uaigh na Gaedhilge"
mar adubhairt Ár n-Easbog Thuama, tá sí ag éirghe
arís ó n-a luaithreadh, ar nós an Phoenix, óir tá máighi-
stiridhe agus máighisdearasa sgoile ag coimhleang
agus ag comórtus go bh-feicfidh siad cé aca is mó a
m-béidh sgoláiridhe aige d'á fóghlaim, cé aca is mó a
m-béidh duaiseanna aige as ucht a múnadh, cé aca is
mó agus is feárr a chuirfeas an teanga air aghaidh.



Má bhí na h-Easboig ag imtheacht leis an tuile agus
ag leigean do'n Ghaedhilge dul ar fán tá siad anois
ag déanadh seacht gcúitighte ar son a bh-faillighe. Léig
mé an lá cheana go ndubhairt Easbog Éireannach
i n-Americá go d-tabhairfeadh sé míle dollar dá mbeadh
sé ionánn faoisdean d'éisteacht i n-Gaedhilge, agus
go ndubhairt Easbog eile gur bh'fheárr leis ná na
mílte púint dá mbeadh sé ionánn cómhradh a dhéanadh in
a theanga dhúthchais. Tá Easbog Aillfinne ag gealladh
duaiseann do gach sgoil in a dhíoghóise in a múnfar
Gaedhilge. Ní chuirfidh Easbog na g-Clochair aon
pháisde faoi láimh Easbóig feasda nach freagaróch' an
Teagasg Críostaighe sa n-Gaedhilge.



Chúalaidh mé Easbog na Gaillimhe a rádh nár dhúbhairt
sé a chuid phaidreacha aríamh, agus nach n-déarfadh sé
iad go bráth, acht i n-Gaedhilge agus nach m-béadh aon
sásadh aige a rádh i d-teanga ar bith eile. Tá ainm
Easboig Ráthabhoth i m-beul gach uile dhuine a bh-fuil
grádh d'á thír nó d'á theanga aige. Chualaidh mé ár
n-Árd-Easbog féin uair a rádh le sagairt a bhí ag dul
a déanadh sheanmóra i m-Beurla le pobul Gaedhealach.
"Muna bh-fuil tú ionánn teagasg a thabhairt do na
daoine in a d-teanga féin, gabh 'nuas ó'n altóir sin!"
Mo fhocal daoibh, is gearr a bhí an sagart sin ag
athrughadh a phort agus is binn ceólmhar an port a
sheinn sé.


L. 243


Agus dá m-béadh ár n-Uachdarán Urramach annso
gan an oiread a dhéanadh le n-a ghuth, le n-a pheann
agus le n-a sparán, agus tá sé a' deanadh - dá m-béadh
sé gan dada a dhéanadh acht suidhe ar an g-cathaoir sin
anocht, tuilleann sé buidheachas síorruidhe Clainne na
nGaedheal.



Go m-buainidh Dia na h-Easboig so chugainn agus go
g-cuiridh sé i g-croidhe gach Easbuig eile leanmhain in a
rian! Bhí mé 'braith ar a ráidh "an fhaid 's tá siad so
linn is cuma cé bhéidheas n-ár n-aghaidh," acht tá dream
eile a bh-fuil sé in a g-cumas cúis na Gaedhilge a chur
ar aghaidh níor mó agus níos féarr 'ná na h-Easboig,
agus ná na maighistiridhe sgoile agus ná Connradh na
Gaedhilge i g-cuideacht. Óir tá beatha an dreama so
caithte i measg na n-daoine; tá smácht aca ar na
daoinibh agus tá an-mheas agus ómós ag na daoinibh
dóibh - níos mó ná tá ag aon daoine sa domhan d'á
leithéidí. Tá siad cráibhteach agus tá fios aca go
bh-fuil a g-creideamh agus an teanga eidirfhighte le
chéile mar tá an dlúth agus an inneach san eudach. Tá
siad fóghluimthe - ionánn óráid nó comhrádh a dhéanadh
i g-cuid mhaith de theangthaibh coimhtheacha, agus tá fhios
aca nach bh-fuil goir ag na teangthaibh sin ar ár
d-teanga bhinn, mhilis féin. Tá siad tír-ghrádhamhail
agus tá fios aca gurab í "cúis na teanga cúis na
tíre." Tá fhios aca go b-fhuil ár d-teanga anois ar
luasgan. Go bh-fuil sí mar fhear láidir ag éirghe ó fhad-
thinneas. Go d-teasdaigheann cuidiughadh agus congnamh,
agus cobhair uaithe. Go bh-fuil sé in a g-cumas sin a
thabhairt di. In aon fhocal, go bh-fuil cinneamhain na
teanga in a lámhaibh augs faoi cheann scóir bhliadhanta
go m-béidh an chinneamhain sin séulta. Go m-béidh sí
imthighthe gan sábháil, gan tabhairt ar ais, nó go m-béidh
sí d'á labhairt in gách uile pháráiste ó Bheinn Éidir go
Ceann Léime agus ó Clochán na bhfomhor go híochdar
Corcaighe do réir mar is toil leósan agus gur ag na
Sagartaibh a bhéidheas iomlán na náire má imthigheann sí,
agus gur aca a bheidheas an chuid is mó de'n onóir má
sheasann sí.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services