Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Athchuinge.
Title
Athchuinge.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ATHCHUINGE. A léighteóirí an IRISLEABHAIR - Is iomdha file eólach stuamach a bhí i gCúig' Uladh ar feadh an dhá chéad bliadhain atá thart againn anois. Acht ar son treise agus dasachta na nGall san chúige sin chuaidh an tsean-teanga ar dhruim annsin níos tapaidhthe ná in áit ar bith eile i nÉirinn. Agus na filidhe a bhí ann, chan amháin nach bhfuil a gcuid fhilidheachta le fághail anois ag na daoinibh, acht tá a n-ainmneacha féin cha mhór chaillte. Agus is truagh an domhain sin. Óir is díochra an gradh bhí aca ar an Ghaedhilg agus ar gach huile rud bhaineas le hÉirinn, agus
ba mhór agus b'fhíor-dhoimhin an fuath bhí aca ar an Ghall, ar a theangaidh, agus ar a chuid nósa. An fhilidheacht a rinne siad tá mór-chuid dí caillte, agus an chuid nach bhfuil caillte, tá sí scapuighthe ar ghiotaibh ins na láimh-scribhnibh annseo is annsiud fríd an tír. Is í an obair atá agam le bliadhain nó dó fuigheall na filidheachta so a chruinniughadh le chéile, agus tá cáil mhaith dí agam anois, agus tá cáil mhór eile nach bhfuil agam go seadh. Agus is i m'athchuinge oraibh a leighteóirí fios a chur orm ar áit ar bith 'na bhfuil dánta, amhrain no aon chineal ar bith filidheachta. Chúig' Uladh le fághail innti. ÉNRÍ UA MUIRGHEASA, Éadan na Gréine, Sráid Bhaile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services