ATHCHUINGE.
A léighteóirí an IRISLEABHAIR -
Is iomdha file eólach stuamach a bhí i gCúig' Uladh
ar feadh an dhá chéad bliadhain atá thart againn anois.
Acht ar son treise agus dasachta na nGall san chúige sin
chuaidh an tsean-teanga ar dhruim annsin níos
tapaidhthe ná in áit ar bith eile i nÉirinn. Agus na
filidhe a bhí ann, chan amháin nach bhfuil a gcuid
fhilidheachta le fághail anois ag na daoinibh, acht tá a
n-ainmneacha féin cha mhór chaillte. Agus is truagh
an domhain sin. Óir is díochra an gradh bhí aca ar an
Ghaedhilg agus ar gach huile rud bhaineas le hÉirinn, agus
ba mhór agus b'fhíor-dhoimhin an fuath bhí aca ar an Ghall,
ar a theangaidh, agus ar a chuid nósa.
An fhilidheacht a rinne siad tá mór-chuid dí caillte,
agus an chuid nach bhfuil caillte, tá sí scapuighthe ar
ghiotaibh ins na láimh-scribhnibh annseo is annsiud fríd
an tír. Is í an obair atá agam le bliadhain nó dó
fuigheall na filidheachta so a chruinniughadh le chéile, agus
tá cáil mhaith dí agam anois, agus tá cáil mhór eile nach
bhfuil agam go seadh. Agus is i m'athchuinge oraibh a
leighteóirí fios a chur orm ar áit ar bith 'na bhfuil
dánta, amhrain no aon chineal ar bith filidheachta.
Chúig' Uladh le fághail innti.
ÉNRÍ UA MUIRGHEASA,
Éadan na Gréine,
Sráid Bhaile.