Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bata Breágh Droighin.
Title
An Bata Breágh Droighin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN BATA BREÁGH DROIGHIN. Níor innseas-sa féinig tréithe mo bhata bhreágh dhíbh: I maoilinn an tsléibhe 'muigh im' aonar ba mhinic a bhíos: Ní raibh Sasanach baoth do léimfeadh orm 'sa' tslighe, Ná go sgriosfainn-se a thaobh le faobhar mo bhata bhreágh droighin. Bhí maide agam féin de'n droighean chraorac do tháinig thar lear, I bhfuirm gan bhréig nár staon riamh mise i n-aon chath; Ní raibh cochall, ní raibh géag, ní raibh géill ann sgeachail ná ailp Acht slios is dhá fhaobhar air 's é déanta i bhfuirm cutlass. 'Sé mo threighead ná faghaim tu i dteaghlach fairsing no cumhang, No annsúd mar(a) ndeaghaidh mo bhrainnse gheal bhata i mugha: Chuirfinn an chreidhill dh'á seinn' leat ó Chaiseal na Mumhan. Mara soláth'raidh tú adhmad leigheas mo chathuighthe chugham. Nuair bhím-se ar an mbóthar 's mo dhroighean craorac im' dhorn agam, 'Dul go Corcaigh no go hEochaill, 's dar ndó ba mhinic liom san, I dtighthibh an óil déanamh stró agus iomarca ar dhigh, 'S le heagal an droighin is díreach go maithid siad dam. 'S nuair bhím-se 'san oidhche gan coinnle, ba mhinic é sin, Im' shuidhe chum an chláir ní bhíonn náid d'aon tsolas agam, Beirim-se ar mo dhroighean agus sínim é im' aice no im ucht, 'S ní fearr liom soillse an tsaoighil go gcaithfinn mo chuid Ní slaitín bheag chaol é ná géag de'n chuileann chas chruaidh. Bhí agam-sa i n-aon-chor acht gléas mo choinnghthe suas: Mo mhaide breágh éille bhí éadtrom innealta luath, Do goideadh óm' thaobh lá aonaigh i mBioracha Ruadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services