AN BATA BREÁGH DROIGHIN.
Níor innseas-sa féinig tréithe mo bhata bhreágh dhíbh:
I maoilinn an tsléibhe 'muigh im' aonar ba mhinic a
bhíos:
Ní raibh Sasanach baoth do léimfeadh orm 'sa' tslighe,
Ná go sgriosfainn-se a thaobh le faobhar mo bhata
bhreágh droighin.
Bhí maide agam féin de'n droighean chraorac do
tháinig thar lear,
I bhfuirm gan bhréig nár staon riamh mise i n-aon
chath;
Ní raibh cochall, ní raibh géag, ní raibh géill ann
sgeachail ná ailp
Acht slios is dhá fhaobhar air 's é déanta i bhfuirm
cutlass.
'Sé mo threighead ná faghaim tu i dteaghlach fairsing
no cumhang,
No annsúd mar(a) ndeaghaidh mo bhrainnse gheal bhata
i mugha:
Chuirfinn an chreidhill dh'á seinn' leat ó Chaiseal na
Mumhan.
Mara soláth'raidh tú adhmad leigheas mo chathuighthe
chugham.
Nuair bhím-se ar an mbóthar 's mo dhroighean craorac
im' dhorn agam,
'Dul go Corcaigh no go hEochaill, 's dar ndó ba
mhinic liom san,
I dtighthibh an óil déanamh stró agus iomarca ar dhigh,
'S le heagal an droighin is díreach go maithid siad
dam.
'S nuair bhím-se 'san oidhche gan coinnle, ba mhinic é
sin,
Im' shuidhe chum an chláir ní bhíonn náid d'aon tsolas
agam,
Beirim-se ar mo dhroighean agus sínim é im' aice no im
ucht,
'S ní fearr liom soillse an tsaoighil go gcaithfinn
mo chuid
Ní slaitín bheag chaol é ná géag de'n chuileann chas
chruaidh.
Bhí agam-sa i n-aon-chor acht gléas mo choinnghthe
suas:
Mo mhaide breágh éille bhí éadtrom innealta luath,
Do goideadh óm' thaobh lá aonaigh i mBioracha Ruadha.