Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séamus Mac Ghearailt, ctt.
Title
Séamus Mac Ghearailt, ctt.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SÉAMUS MAC GHEARAILT, CCT. DO DHONNCHADH BHAILE AODHA. I. A shaoghail (mhalluighthe) is mairg do shníomh leat Ná do chuir a dhóthchas fós it líontaibh, D'éis na g(C)arrathach bhfleadhamhail bhfíontach Fuair ceannas Fódla i gcoróin ón ndílinn. 2. Do thuit smúit go dubhach gan scaoileadh Ár (?) gan aisiog is mallacht an tsinsir Ar uaisle Gaedhal, mo léan, dá ndíogadh Fá smacht Gall gan fabhar ar bínse. 3. Ní raibh againn i ngradam den líne Mar chúil daortha acht péarla an aoil-chnis, Donnchadh Mac Chormaic an rígh-fhlaith, Buinneán suairc gan gruaim in' intinn. 4. Flós na gCárrthach, bláth na buidhne, Plannda ceann-árd fulláin fíor-ghlic, Lóchrann soluis gan chogal gan chaoimhtheacht Nár cheachartha cáil i dtábhairne an fhíona. 5. Laoch lonnrach mar Lughaidh na gcraoiseach, Nó mar Aicill do threascair na mílte, Nó mar Oscar i dtosach na bruighne I gcath na trágha thug ár nár chuimseach. 6. Níor thréine Conall i n-ioma(i)dh le saoithibh, Ná Clann Uisneach (ba) mhinic fan gcuimheascar, Ná Diarmaid mear fial Ó Duibhinn(e) 'Ná mo chúrí cúlbhuidhe (g)cíordubh (?) 7. Lámh chosantach na mborb-chon do stríocadh Solóir nár dhearóil san íorghuil, Crann bagair ar Dhanaraibh bíodhbhadh, Nár leig a cheart le neach dá aoirde. 8. Leógan feardha ca(l)ma fíochmhar, Réiltean tsoluis is posta nár bh'íosal, Do chumach(dh) riaghail ar thriaithe díomuis Is laochra Gall go teann fá dhaoirse. 9. Dá ndéanfinn machtnamh ar fhearaibh na ríoghachta I gcéill i bpearsain i maise 's i mín-chruith Ní bhfaghainn saor-fhlaith tréan ná taoiseach Badh chródha lámh 'ná ráibh an aoil-chnis. 10. Mo mhíle deacair nach marbh do frith tú I measc na slóigh nó i gcómhrac saoithe, Is ná raibh laoch fán ngréin sa (= seo) timcheall Dá ngéillfadh Donnchadh ar cholg ná ar chraoisigh. 11. Níor bh'iongnadh Donnchadh borb n-a gníomhaibh, Coilean tréan de phréim-shliocht mhíleadh Sheagháin na Suirsinne is Mhuiris an tSíoda Is Chormaic láidir ársaidh fír-ghlic.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services