Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séamus Mac Ghearailt, ctt.

Title
Séamus Mac Ghearailt, ctt.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 587


SÉAMUS MAC GHEARAILT, CCT.
DO DHONNCHADH BHAILE AODHA.



I.



A shaoghail (mhalluighthe) is mairg do shníomh leat
Ná do chuir a dhóthchas fós it líontaibh,
D'éis na g(C)arrathach bhfleadhamhail bhfíontach
Fuair ceannas Fódla i gcoróin ón ndílinn.



2.



Do thuit smúit go dubhach gan scaoileadh
Ár (?) gan aisiog is mallacht an tsinsir
Ar uaisle Gaedhal, mo léan, dá ndíogadh
Fá smacht Gall gan fabhar ar bínse.



3.



Ní raibh againn i ngradam den líne
Mar chúil daortha acht péarla an aoil-chnis,
Donnchadh Mac Chormaic an rígh-fhlaith,
Buinneán suairc gan gruaim in' intinn.



4.



Flós na gCárrthach, bláth na buidhne,
Plannda ceann-árd fulláin fíor-ghlic,
Lóchrann soluis gan chogal gan chaoimhtheacht
Nár cheachartha cáil i dtábhairne an fhíona.



5.



Laoch lonnrach mar Lughaidh na gcraoiseach,
Nó mar Aicill do threascair na mílte,
Nó mar Oscar i dtosach na bruighne
I gcath na trágha thug ár nár chuimseach.



6.



Níor thréine Conall i n-ioma(i)dh le saoithibh,
Ná Clann Uisneach (ba) mhinic fan gcuimheascar,
Ná Diarmaid mear fial Ó Duibhinn(e)
'Ná mo chúrí cúlbhuidhe (g)cíordubh (?)



7.



Lámh chosantach na mborb-chon do stríocadh
Solóir nár dhearóil san íorghuil,
Crann bagair ar Dhanaraibh bíodhbhadh,
Nár leig a cheart le neach dá aoirde.



8.



Leógan feardha ca(l)ma fíochmhar,
Réiltean tsoluis is posta nár bh'íosal,
Do chumach(dh) riaghail ar thriaithe díomuis
Is laochra Gall go teann fá dhaoirse.



9.



Dá ndéanfinn machtnamh ar fhearaibh na ríoghachta
I gcéill i bpearsain i maise 's i mín-chruith
Ní bhfaghainn saor-fhlaith tréan ná taoiseach
Badh chródha lámh 'ná ráibh an aoil-chnis.



10.



Mo mhíle deacair nach marbh do frith tú
I measc na slóigh nó i gcómhrac saoithe,
Is ná raibh laoch fán ngréin sa (= seo) timcheall
Dá ngéillfadh Donnchadh ar cholg ná ar chraoisigh.



11.



Níor bh'iongnadh Donnchadh borb n-a gníomhaibh,
Coilean tréan de phréim-shliocht mhíleadh
Sheagháin na Suirsinne is Mhuiris an tSíoda
Is Chormaic láidir ársaidh fír-ghlic.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services