Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúigeachas agus Teanga na hÉireann.
Title
Cúigeachas agus Teanga na hÉireann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÚIGEACHAS AGUS TEANGA NA hÉIREANN. Tá Irisleabhar fóghanta curtha ar bun le bliadhain aca thall i nAlbain, The Celtic Review is ainm do. Bhí alt maith ann ó'n Ruiséalach (T. O. Russell) tá ráithe ó shin. Ar seisean : "Déanfad mho dhícheall canamhna do sheachnadh ins an airtiogal so, agus gan teanga aoin chúigidh do scríobhadh i n-áit teanga na hÉireann." Sé mo thuairm-se nár scríobhadh teanga na hÉireann riamh acht amháin an méid atá i bhfilidheacht. Ní'l againn ó sna sean draoithe úd acht na cnámha agus má chuir fo-dhuine aca chun feola do chur ar na cnámhaibh nach gan chúigeachas atá an obair déanta. Tá ins an Irisleabhar céadna so. "The Glenmason Manuscript." Eachtra ar Chlainn Uisnigh agus ar an ndroch-obair a tháinig de bharr Fhéile Chonchubhair Mhic Neassa. Chím cúigeachas go leór ann. Agus féach ortha so dhá cheathramhain as "Mharbhrann Uisdein Bhaile-Shear." 'Mo thruaidhe! bristeadh Shíol Choinn Mo chreach ar ndiobháil 's ar sgáth, Sgeul doilghich is mór am beud, Re fulag gur geur an gath." 'Ceannard dúthcha 'n éirigh chruaidh, Ceannard sluaigh an éirigh feachd, Ceann-feadna nach fuiligeadh spíd, 'S a b'urrainn 's an t-stridh a chasg." Nách ait an sgéal é, "fulag" agus "fuiligeadh," cúigeachas na Mumhan, a' teacht amach as béal an Albanaigh, céad go leith bliadhain ó shoin? Seo chughainn "Deirdire agus Laoidh Chlann Uisne, sgríobhtha bhó bheulachas ann am Barraidh agus eadar- theangaichthe le Alasdair Mac Gille Micheil"; agus cad tá agam ann ná mo shean carad "chun" (thun) i n-áit "chum" na sgoláirthí "air agaidh thun an t-saoghail"; "agus thugadh í thun na leaba-láir." Ní'l acht seachtmhain ó shoin, agus mé ag éisteacht le sean-mhnaoi ag rádh na Coróineach, cheapas gur chuala cor ins an Áibhe Máire aici nár chuala ó d'fhágas mo bhaile dhúthchais. Chuireas cluas le héisteacht orm féin. Bhí an ceart agam "Guidh ar ár son na peacaigh" agus ní "guidh orainn na peacaigh" a bhí aici. "Muimhneach is eadh í seo," arsa mise im' aigne féin, acht níor bh'eadh. Ó Ghleannbhár i bhFánaid a tháinig sí. Doire Colum Cille, BEIRT FHEAR. 29/6/'05.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services