Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúigeachas agus Teanga na hÉireann.

Title
Cúigeachas agus Teanga na hÉireann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 859


CÚIGEACHAS AGUS TEANGA NA hÉIREANN.



Tá Irisleabhar fóghanta curtha ar bun le bliadhain
aca thall i nAlbain, The Celtic Review is ainm do.



Bhí alt maith ann ó'n Ruiséalach (T. O. Russell) tá
ráithe ó shin. Ar seisean : "Déanfad mho dhícheall
canamhna do sheachnadh ins an airtiogal so, agus
gan teanga aoin chúigidh do scríobhadh i n-áit teanga
na hÉireann."



Sé mo thuairm-se nár scríobhadh teanga na hÉireann
riamh acht amháin an méid atá i bhfilidheacht.



Ní'l againn ó sna sean draoithe úd acht na cnámha
agus má chuir fo-dhuine aca chun feola do chur ar na
cnámhaibh nach gan chúigeachas atá an obair déanta.



Tá ins an Irisleabhar céadna so. "The Glenmason
Manuscript." Eachtra ar Chlainn Uisnigh agus ar an
ndroch-obair a tháinig de bharr Fhéile Chonchubhair Mhic
Neassa. Chím cúigeachas go leór ann.



Agus féach ortha so dhá cheathramhain as "Mharbhrann
Uisdein Bhaile-Shear."



'Mo thruaidhe! bristeadh Shíol Choinn
Mo chreach ar ndiobháil 's ar sgáth,
Sgeul doilghich is mór am beud,
Re fulag gur geur an gath."

'Ceannard dúthcha 'n éirigh chruaidh,
Ceannard sluaigh an éirigh feachd,
Ceann-feadna nach fuiligeadh spíd,
'S a b'urrainn 's an t-stridh a chasg."



Nách ait an sgéal é, "fulag" agus "fuiligeadh,"
cúigeachas na Mumhan, a' teacht amach as béal an
Albanaigh, céad go leith bliadhain ó shoin?



Seo chughainn "Deirdire agus Laoidh Chlann Uisne,
sgríobhtha bhó bheulachas ann am Barraidh agus eadar-
theangaichthe le Alasdair Mac Gille Micheil"; agus
cad tá agam ann ná mo shean carad "chun" (thun)
i n-áit "chum" na sgoláirthí "air agaidh thun an
t-saoghail"; "agus thugadh í thun na leaba-láir."



Ní'l acht seachtmhain ó shoin, agus mé ag éisteacht
le sean-mhnaoi ag rádh na Coróineach, cheapas gur
chuala cor ins an Áibhe Máire aici nár chuala ó
d'fhágas mo bhaile dhúthchais. Chuireas cluas le
héisteacht orm féin. Bhí an ceart agam "Guidh ar
ár son na peacaigh" agus ní "guidh orainn na peacaigh"
a bhí aici. "Muimhneach is eadh í seo," arsa mise im'
aigne féin, acht níor bh'eadh. Ó Ghleannbhár i bhFánaid
a tháinig sí.



Doire Colum Cille, BEIRT FHEAR.
29/6/'05.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services