Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clodhanna nua. Tá na Bráithre Críostamhla tar éis leabhair bhig fhóghanta eile ar an nGaedhilg a thabhairt amach. Nuair a bhí uireasbha ghraiméir orainn agus gan éinne i ndáríríbh ag iarraidh leabair a thabhairt dúinn, do chrom na Bráithre Críostamhla ar an obair is chuireadar amach an ghraiméar do b'áise mhaith dúinn ó shoin. Seo anois uatha leabhar beag eile, leabhar go bhfuil gábhadh leis, is leabhar go bhfanfaidh a rian i gcúrsaíbh teagaisc na Gaedhilge. "Aids to the Pronunciation of Irish" is ainm dó. Tá cur síos iomlán ar an gcuma i n-ar ceart guthaí agus consoine na Gaedh- ilge a thabhairt amach. I dtaobh na nguthaí tá pic- tiúirí ann ag foillsiughadh na slighe n-a ndeirtar iad. Tá a liacht eóluis ins an leabhar ar shonughadh na Gaedhilge, ar dháfhoghraigh, ar thrífhoghraigh, is ar choimh- fhleasc litreach. Do mholfaimís an leabhar so i bhfochair leabhair an Athar Risteáird Uí Dhálaigh do gach múinnteóir Gaedhilge Muinntir Ghill atá 'ga cur amach, agus naoi bpingne a fhiacha. Tá an tAthair Tomás Ó Fionnlaoich d'éis "A Policy on the University Question," alt a bhí i gcló aige san "New Ireland Review," a thabhairt amach n-a leabhairín pingne. Fuair an t-alt úd árd-mholadh an uair a tháinig i gcló ar dtúis. Ní fuláir ná go mbeidh glaodhach ar an leabhairín anois, agus an tsuim ata gá chur i gceist an Árd-oideachuis. . Is fiú an NEWBRIDGE COLLEGE MAGAZINE i gcóir an tsamhraidh seo d'fhagháil is do léigheamh. Tá cúig cinn d'aistíbh Gaedhilge ann, agus buachaillí atá sa Colláiste a scríbh cuid aca. Ní dearmhadthar an Gaedhilg i gColláiste an Droichid Nua ar éan-chuma. Tá an tAthair Risteárd Ó Dálaigh, Uachtarán olláiste na Mumhan ag cur amach leabhar ar fuamannaibh na teangan Gaedhilge, "HOW TO SPEAK IRISH; OR, THE SOUNDS OF THE IRISH LANGUAGE," a ainm. Tuistiún a bheidh air. Ba cheart go ndéanfadh maith ins na ceanntair Bhéarla.
LEÓITHNE ANDEAS. Bhí tuairm i gcomhnaidhe agam go raibh "Tórna" na fhear macánta. Táim deimhnighthe siúráilthe anois go bhfuil. Theastuigh ath-amharc (review) ar a chuid filidheachta féin uaidh le haghaidh AN IRISLEABHAIR. Bhí's aige ná raibh aon ró-ghrádh agam-sa do'n bhfilidh- eacht - agus go mbidhinn i gcomhnuidhe gá rádh gur prós is mó do theasduigh. Acht ar a shon soin is uile thug sé an "leoithne" dhom chun focal do sgríobhadh san IRISLEABHAR na thaobh agus a deir sé "ná ceil an fhírinne bíodh go mbeidh sí searbh féin." Ní bhíonn an fhírinne i gcomhnaidhe searbh a Thórna agus ní bheidh an tráth so cé go spalpfar amach go lán is go leathan í. Is maith liom a d 'fheiscint gur mó amhrán náisiúnta sa leabhar na d'aon tsaghas eile. Tá an smior agus an sprid cheart ionnta leis - fuinneamh, misneach dóchas. Is duine gan aon mhothughadh ná tuigfeadh asta gur le Gaedhil an tsean-dúthaigh seo ó cheart agus ba shuarach le rádh é mara spreagaidís chun oibre é d'iarradh na Gaedhil a chur i n-uachtar i gClár Fódhla arís. Sin é an usáid is feárr atá le baint as filidheacht. Ní'l innti acht sás chun náisiúntacht cheart Ghaedhealach do mhúsgailt. Nach binn gleoidhte an bhéarsa é seo :- Fáisc-se, a Dhia, go dian i gcroidhthibh Gaedheal, I gcuibhreach láidir grádh dhá dtír, An grádh do ghrádhann gach gleann, Gach sruth is bán is abhainn, Gach portach páirc is beann D'Inis Éilge; Teanga 's ceól, is nósa Fáil Dá ngóthughadh dhá soláthar gan éislinn; Chífar Gaedhil, dar ndóigh, Fé réim go seascair sóghmhail Gan spleádhcas d 'éinne beó I nÉirinn. Sin í an sprid atá sna hamhráin náisiúnta ar fad agus ba bhreagh linn dá leanfadh Tórna go dluth dá leithéidí mar is iad atá uainn. As diaigh na n-amhrán náisiúnta sé rud is fearr liom ná a bhfuil sgríbhthe aige ar áilneacht na tuaithe. B'in saghas filidheacht do b'annamh gá cheapadh ag filidhthibh Gaedheal. Agus dar ndóigh ba mhór an feall é bánta agus gleannta agus machairí áilne na dúithche seo d'fhágaint gan rann molta. Tá tosnuighthe go maith ag Tórna agus an té a cheap "Gleann beag lághach an Cheoil" déanfaidh se a thuille le congnamh Dé. Tá roinnt "Amhrán Grinn" sa leabhar leis agus Aistí Aistrighthe. Imeasg na n-aistí seo tá aistriughadh áluinn Gaedhealach ar "Fhearaibh an Iarthair." Acht mo dhearmhad, d'óbair go ndéanfainn éagóir ar an gcéad roinn de'n leabhar, sé sin na caointe. Ní'l mórán aca ann agus a bhfuil ann táid siad an-uaigneach mar is cóir do chaoine a bheith. Eist leis seo i na ndéineann sé tagairt do Mhicheál Ó Lógáin, Fear-Eagair "An Ghaodhail." "Cá maitheas," adeir sé, "cá maitheas dom féinig labhairt na thaoibh. Sná braithim liom éinne páirteach." "Tá soin an- uaigneach. Ní háil liom an t-uaigneas - uaigneas is eadh na caointe go léir, agus dá bhíthín ní thabharfainn trompa gan teanga ar a bhfuil de chaointibh sa nGaedhluinn ar fad ó thúis riamh go dtí an lá indiu. Misneach, dóchas agus neamh-spleadhchas tá uainn. B'fhearr liom an bhéarsa seo thíos ná na caointe go léir: - Gluaisídh romhaibh, a ghasra dhil Na ráidhte séimh; Buailidh síos an ghramraisc; Tá lá a ngonta ag téacht! Bíodh Gaedhilg dhúthchais Fearann-luirc 'Nbhur mbéalaibh choidhche 'á spreagadh agaibh ; Tá cáirde an Bhéarla caithte anois 'S ní cás linne é! Tá aiste ar mhéidreacht na n-amhrán, gluais, agus foclóir ag gabhailt leis an leabhar, agus mar an fiú 1/6 iad ar fad ní lá fós é. AN SPEALADÓIR. Cártaí Posta Gaedhealacha! Seoltar Litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus Litreacha i dtaoibh Bainistighe go dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services