Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna
nua.



Tá na Bráithre Críostamhla tar éis leabhair bhig
fhóghanta eile ar an nGaedhilg a thabhairt amach. Nuair
a bhí uireasbha ghraiméir orainn agus gan éinne i ndáríríbh
ag iarraidh leabair a thabhairt dúinn, do chrom na
Bráithre Críostamhla ar an obair is chuireadar amach
an ghraiméar do b'áise mhaith dúinn ó shoin. Seo
anois uatha leabhar beag eile, leabhar go bhfuil
gábhadh leis, is leabhar go bhfanfaidh a rian i gcúrsaíbh
teagaisc na Gaedhilge. "Aids to the Pronunciation
of Irish" is ainm dó. Tá cur síos iomlán ar an
gcuma i n-ar ceart guthaí agus consoine na Gaedh-
ilge a thabhairt amach. I dtaobh na nguthaí tá pic-
tiúirí ann ag foillsiughadh na slighe n-a ndeirtar iad.
Tá a liacht eóluis ins an leabhar ar shonughadh na
Gaedhilge, ar dháfhoghraigh, ar thrífhoghraigh, is ar choimh-
fhleasc litreach. Do mholfaimís an leabhar so i
bhfochair leabhair an Athar Risteáird Uí Dhálaigh do
gach múinnteóir Gaedhilge Muinntir Ghill atá 'ga
cur amach, agus naoi bpingne a fhiacha.



Tá an tAthair Tomás Ó Fionnlaoich d'éis "A Policy
on the University Question," alt a bhí i gcló aige
san "New Ireland Review," a thabhairt amach n-a
leabhairín pingne. Fuair an t-alt úd árd-mholadh
an uair a tháinig i gcló ar dtúis. Ní fuláir ná go
mbeidh glaodhach ar an leabhairín anois, agus an
tsuim ata gá chur i gceist an Árd-oideachuis. .

Is fiú an NEWBRIDGE COLLEGE MAGAZINE
i gcóir an tsamhraidh seo d'fhagháil is do léigheamh.
Tá cúig cinn d'aistíbh Gaedhilge ann, agus buachaillí atá
sa Colláiste a scríbh cuid aca. Ní dearmhadthar an
Gaedhilg i gColláiste an Droichid Nua ar éan-chuma.



Tá an tAthair Risteárd Ó Dálaigh, Uachtarán
olláiste na Mumhan ag cur amach leabhar ar
fuamannaibh na teangan Gaedhilge, "HOW TO
SPEAK IRISH; OR, THE SOUNDS OF THE
IRISH LANGUAGE," a ainm. Tuistiún a bheidh
air. Ba cheart go ndéanfadh maith ins na ceanntair
Bhéarla.


L. 860


LEÓITHNE ANDEAS.

Bhí tuairm i gcomhnaidhe agam go raibh "Tórna"
na fhear macánta. Táim deimhnighthe siúráilthe anois
go bhfuil. Theastuigh ath-amharc (review) ar a chuid
filidheachta féin uaidh le haghaidh AN IRISLEABHAIR.
Bhí's aige ná raibh aon ró-ghrádh agam-sa do'n bhfilidh-
eacht - agus go mbidhinn i gcomhnuidhe gá rádh gur prós
is mó do theasduigh. Acht ar a shon soin is uile thug
sé an "leoithne" dhom chun focal do sgríobhadh san
IRISLEABHAR na thaobh agus a deir sé "ná ceil an
fhírinne bíodh go mbeidh sí searbh féin." Ní bhíonn an
fhírinne i gcomhnaidhe searbh a Thórna agus ní bheidh an
tráth so cé go spalpfar amach go lán is go leathan í.
Is maith liom a d 'fheiscint gur mó amhrán náisiúnta
sa leabhar na d'aon tsaghas eile. Tá an smior agus
an sprid cheart ionnta leis - fuinneamh, misneach
dóchas. Is duine gan aon mhothughadh ná tuigfeadh
asta gur le Gaedhil an tsean-dúthaigh seo ó cheart agus
ba shuarach le rádh é mara spreagaidís chun oibre é
d'iarradh na Gaedhil a chur i n-uachtar i gClár Fódhla
arís. Sin é an usáid is feárr atá le baint as
filidheacht. Ní'l innti acht sás chun náisiúntacht
cheart Ghaedhealach do mhúsgailt. Nach binn gleoidhte
an bhéarsa é seo :-

Fáisc-se, a Dhia, go dian i gcroidhthibh Gaedheal,
I gcuibhreach láidir grádh dhá dtír,
An grádh do ghrádhann gach gleann,
Gach sruth is bán is abhainn,
Gach portach páirc is beann
D'Inis Éilge;

Teanga 's ceól, is nósa Fáil
Dá ngóthughadh dhá soláthar gan éislinn;
Chífar Gaedhil, dar ndóigh,
Fé réim go seascair sóghmhail
Gan spleádhcas d 'éinne beó
I nÉirinn.

Sin í an sprid atá sna hamhráin náisiúnta ar fad agus
ba bhreagh linn dá leanfadh Tórna go dluth dá
leithéidí mar is iad atá uainn.



As diaigh na n-amhrán náisiúnta sé rud is fearr
liom ná a bhfuil sgríbhthe aige ar áilneacht na tuaithe.
B'in saghas filidheacht do b'annamh gá cheapadh ag
filidhthibh Gaedheal. Agus dar ndóigh ba mhór an feall
é bánta agus gleannta agus machairí áilne na dúithche seo
d'fhágaint gan rann molta. Tá tosnuighthe go maith
ag Tórna agus an té a cheap "Gleann beag lághach an
Cheoil" déanfaidh se a thuille le congnamh Dé.

Tá roinnt "Amhrán Grinn" sa leabhar leis agus
Aistí Aistrighthe. Imeasg na n-aistí seo tá
aistriughadh áluinn Gaedhealach ar "Fhearaibh an
Iarthair."

Acht mo dhearmhad, d'óbair go ndéanfainn éagóir
ar an gcéad roinn de'n leabhar, sé sin na
caointe. Ní'l mórán aca ann agus a bhfuil ann táid
siad an-uaigneach mar is cóir do chaoine a bheith.
Eist leis seo i na ndéineann sé tagairt do Mhicheál
Ó Lógáin, Fear-Eagair "An Ghaodhail." "Cá maitheas,"
adeir sé, "cá maitheas dom féinig labhairt na thaoibh.
Sná braithim liom éinne páirteach." "Tá soin an-
uaigneach. Ní háil liom an t-uaigneas - uaigneas is
eadh na caointe go léir, agus dá bhíthín ní thabharfainn
trompa gan teanga ar a bhfuil de chaointibh sa
nGaedhluinn ar fad ó thúis riamh go dtí an lá indiu.
Misneach, dóchas agus neamh-spleadhchas tá uainn.
B'fhearr liom an bhéarsa seo thíos ná na caointe go
léir: -



Gluaisídh romhaibh, a ghasra dhil
Na ráidhte séimh;
Buailidh síos an ghramraisc;
Tá lá a ngonta ag téacht!
Bíodh Gaedhilg dhúthchais Fearann-luirc
'Nbhur mbéalaibh choidhche 'á spreagadh agaibh ;
Tá cáirde an Bhéarla caithte anois
'S ní cás linne é!

Tá aiste ar mhéidreacht na n-amhrán, gluais, agus
foclóir ag gabhailt leis an leabhar, agus mar an fiú 1/6
iad ar fad ní lá fós é.

AN SPEALADÓIR.

Cártaí Posta Gaedhealacha!



Seoltar Litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus Litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services