Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leas na nGaedheal.
Title
Leas na nGaedheal.
Author(s)
Ó Muircheartaigh, Séamus,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LEAS NA nGAEDHEAL. Seo amhrán eile a fuair duais ar an bhFeis a tionóladh ag Springfield, Mass., U.S.A., anuraidh. Ár mbuidheachus do Phádraig Ó hÉigeartha mar ghioll air. Ní'limíd réidh leat-sa fós, a Phádraig. Tá Tórna d'éis scaithimhín eile a thabhairt ar muin a phegasus agus ní fios cad do thiocfaidh as, Is é Séamus Ó Muircheartaigh, San Francisco. Cal., a scríbh an t-amhrán so. Fonn: "An Spealadóir. Mo chás is tréith tá m'aigne, ag gníomhar- thaibh an tsaoghail Ag éisteacht le gach acharann, idir Chuallacht na nGaedheal; Cár ghaibh an réim do leanaimís, le tréin- neart fórsa is armaibh A chuir ruagadh ar mhór-chuid Galla-phoc le hacmhuinn na ngéag? Cár ghaibh na tréin-fhir chalma do sheasaimh le n-ár dtaobh, Ó gharbh-shléibhtibh Anntruim go Gleann Scotha an éisc? Ó, táid go léir ar mearathall, go faon gan scéimh fé gharbh-lic, 'S is dubhach mo chliabh dá n-easbhaidh-súd, ag smaoineamh n-a ndéidh. Cár ghaibh an dáimh do sheinneadh seal, mór- mhaitheas Gaedheal, Tréithe, scéimh, is calmacht i léir-chathaibh géar? Ní paróiste, gráig, ná baile beag, ná buill den áit do b'fhearra leó, Acht cáil na laoch ba chalma, 's i ngleó seal ba thréan. Mo chumha, mo léan is m'athuirse, cár ghaibh Muinntir Néill, 'S a bhuile chródha-fhear calma, fuair clú meas is réim? Ní focail bhaoth' ná glamaireacht ná tnúth le Feise Shasana, Acht comhrac géar le harmaibh, do fhóghnfaidh do Ghaedhil. A shliocht na nGaedheal so scaipithe i measc coimhightheach i gcéin, Tá fáinne an lae ag breacadh oraibh, is Saoirseacht san spéir; Tá fir-sprid uaisle Bhanba ag triall arís tar caladh chughainn, 'S beidh Inis Éilge bheannuighthe go bráth fé réim. Ní gránda na cáile i n-ar chuireas do dhúil Ní ráinig i ndán duit an tubaist it chionn Ní sámh liom an lá sin ná feicim do ghnúis Is ní nár duit Mháire mar chuirim do chlú. Is bocht é an grádh, bíonn deireadh tinn air; Níor ceangladh riamh dís ná deighleann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services