Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leas na nGaedheal.

Title
Leas na nGaedheal.
Author(s)
Ó Muircheartaigh, Séamus,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LEAS NA nGAEDHEAL.



Seo amhrán eile a fuair duais ar an bhFeis a
tionóladh ag Springfield, Mass., U.S.A., anuraidh. Ár
mbuidheachus do Phádraig Ó hÉigeartha mar ghioll
air. Ní'limíd réidh leat-sa fós, a Phádraig. Tá
Tórna d'éis scaithimhín eile a thabhairt ar muin a
phegasus agus ní fios cad do thiocfaidh as, Is é Séamus
Ó Muircheartaigh, San Francisco. Cal., a scríbh an
t-amhrán so.



Fonn: "An Spealadóir.



Mo chás is tréith tá m'aigne, ag gníomhar-
thaibh an tsaoghail
Ag éisteacht le gach acharann, idir Chuallacht
na nGaedheal;
Cár ghaibh an réim do leanaimís, le tréin-
neart fórsa is armaibh
A chuir ruagadh ar mhór-chuid Galla-phoc le
hacmhuinn na ngéag?



Cár ghaibh na tréin-fhir chalma do sheasaimh
le n-ár dtaobh,
Ó gharbh-shléibhtibh Anntruim go Gleann
Scotha an éisc?
Ó, táid go léir ar mearathall, go faon
gan scéimh fé gharbh-lic,
'S is dubhach mo chliabh dá n-easbhaidh-súd,
ag smaoineamh n-a ndéidh.



Cár ghaibh an dáimh do sheinneadh seal, mór-
mhaitheas Gaedheal,
Tréithe, scéimh, is calmacht i léir-chathaibh
géar?
Ní paróiste, gráig, ná baile beag, ná
buill den áit do b'fhearra leó,
Acht cáil na laoch ba chalma, 's i ngleó seal
ba thréan.



Mo chumha, mo léan is m'athuirse, cár ghaibh
Muinntir Néill,
'S a bhuile chródha-fhear calma, fuair clú
meas is réim?
Ní focail bhaoth' ná glamaireacht ná tnúth le
Feise Shasana,
Acht comhrac géar le harmaibh, do fhóghnfaidh
do Ghaedhil.



A shliocht na nGaedheal so scaipithe i measc
coimhightheach i gcéin,
Tá fáinne an lae ag breacadh oraibh, is
Saoirseacht san spéir;
Tá fir-sprid uaisle Bhanba ag triall arís
tar caladh chughainn,
'S beidh Inis Éilge bheannuighthe go bráth fé
réim.



Ní gránda na cáile i n-ar chuireas do dhúil
Ní ráinig i ndán duit an tubaist it chionn
Ní sámh liom an lá sin ná feicim do ghnúis
Is ní nár duit Mháire mar chuirim do chlú.



Is bocht é an grádh, bíonn deireadh tinn air;
Níor ceangladh riamh dís ná deighleann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services