Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Nua-Litridheacht.
Title
An Nua-Litridheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN NUA-LITRIDHEACHT. BEIRT FHEAR AGUS BÉARLACHAS. A Chara,- Ní dóigh liom go bhfuil duine i nÉirinn a thráchtann ar bhéarlachas chómh minic le " Beirt Fhear." Dá bhrigh sin níor bh'iongnadh go dtuigfeadh sé go cruinn an deifridheacht atá idir Bhéarlachas is Gaedhilg ghlan. Go deimhin féin do leath mo radharc orm is mé ag léigheamh an ailt do chuir sé i nIRIS- LEABhAR an Mheithimh. Nuair do chonnac "Is fiú duine," agusc., "there are few persons." "Ologón," ars' mise lem' mhnaoi, "an bhfuil fhios agat cad deir Beirt, Fhear' i nIRISLEABhAR na míosa so." "Maise, cá bhfios dam, a Thomáis," ar sise, "Béar- lachas éigin is dócha." "'Seadh go díreach, mhaise," arsa mise. "Mo ghreidhin mo shúil," arsa Cáit, "ní bheadh súil agam le n-a mhalairt uaidh ó'n lá chonnac 'an Tighearna Chinn Mara' (i n-ionad 'Tighearna Chinn Mara') i 'gCathair Conraoi.'" "Agus cad é féin airís, a Thomáis." "'Is fiú duine,' agusc.," arsa mise. "'Is fiú duine!' mhaise, le hanamain do mharbh? amás ní'l a leithéid sin ann." "Féach go bhfuil is dóigh! Féach annsain é." "Aililiú!" le n-a linn sin rith Taidhgín beag isteach is gach aon bhéic bháis aige. Is amhlaidh do bhuail garsún éigin eile 'sa cheann é. Acht ní mó biorán is an gortughadh fuair sé. Do Chara, TOMÁS NA dTURAS.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services