Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Nua-Litridheacht.

Title
An Nua-Litridheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 854


AN NUA-LITRIDHEACHT.
BEIRT FHEAR AGUS BÉARLACHAS.



A Chara,-
Ní dóigh liom go bhfuil duine i nÉirinn a
thráchtann ar bhéarlachas chómh minic le " Beirt Fhear."
Dá bhrigh sin níor bh'iongnadh go dtuigfeadh sé go
cruinn an deifridheacht atá idir Bhéarlachas is
Gaedhilg ghlan. Go deimhin féin do leath mo radharc
orm is mé ag léigheamh an ailt do chuir sé i nIRIS-
LEABhAR an Mheithimh. Nuair do chonnac "Is fiú
duine," agusc., "there are few persons." "Ologón," ars'
mise lem' mhnaoi, "an bhfuil fhios agat cad deir
Beirt, Fhear' i nIRISLEABhAR na míosa so."
"Maise, cá bhfios dam, a Thomáis," ar sise, "Béar-
lachas éigin is dócha." "'Seadh go díreach, mhaise,"
arsa mise. "Mo ghreidhin mo shúil," arsa Cáit, "ní
bheadh súil agam le n-a mhalairt uaidh ó'n lá chonnac
'an Tighearna Chinn Mara' (i n-ionad 'Tighearna Chinn
Mara') i 'gCathair Conraoi.'" "Agus cad é féin
airís, a Thomáis." "'Is fiú duine,' agusc.," arsa mise.
"'Is fiú duine!' mhaise, le hanamain do mharbh?
amás ní'l a leithéid sin ann." "Féach go bhfuil is
dóigh! Féach annsain é." "Aililiú!" le n-a linn
sin rith Taidhgín beag isteach is gach aon bhéic bháis
aige. Is amhlaidh do bhuail garsún éigin eile 'sa
cheann é. Acht ní mó biorán is an gortughadh fuair
sé.
Do Chara,
TOMÁS NA dTURAS.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services