Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. Cuireadh ag triall orainn, " AR SON BAILE AGUS TÍRE," dráma cheithre ghníomh do scríobh Séamus Ó Duirinne. Do chonnaic a lán againn an dráma so dá léiriughadh i mBaile Átha Cliath is i gCorcaigh, agus ní fuláir nó thaithn linn. Dráma gairid is eadh é agus níl dhe locht againn air acht iomadamhlacht na ngníomh. Cuireann soin cosc ar a léiriughadh age fóirnibh fén dtuaith. Tá cainnt mhaith, agus ciall mhaith agus comhairle mhaith ann. Is iad Muinntir Follamhain, i mBaile Átha Cliath, atá gá chur amach, agus réal seadh a fhiacha. I gcaitheamh an mhí seo ghaibh tharainn chuir Connradh na Gaedhilge trí leabhair amach. An chéad cheann díobh .i. FOCLÓIR AN LEAGHA, an t-áireamh focal a fuair duais i gComórtus 28 san Oireachtus, 1903. Bí beirt chuige seo, an Dochtúir Tomás Mac Coistealbha, Gaedhilgeóir maith, agus R. Ó hAodha. Chuir Dochtúir Mac Coistealbha an dá liosta le chéile, agus seo anois againn ins an leabhar so iad. Ta a lán d'fhoclaibh úsáideacha ann, acht tá roinnt díobh i n-easnamh air leis. Ní raibh leigheas air sin acht tá súil againn go gcabhroghthar le Dochtúir Mac Coistealbha is go gcuirfar leis an áireamh a thugann sé dhúinn. Réal, fiacha an leabhair. An dara leabhar go bhfuil Connradh na Gaedhilge tar éis éis é chur amach, AN FÍBÍN an t-ainm atá air. Leabhairín pingne is eadh é. Tá deich gcinn d'amhrán- aibh taithneamhacha ó Chúige Chonnacht ann. Is saith linn ná fuighmíd breis earraidhe den tsórd so ó Chúige Chonnacht. Ní fuláir mó beidh glaodhach ar an bhFíbín. Fáilte uainne romhat-sa a Fhíbín. An trímhadh leabhar dhe chuid Chonnradh na Gaedhilge, RÍ NA mBRÉAG. Ath-chló é seo ar scéal do bhí i "Scéaluidheacht Chúige Mumhan" ag Pádraig Ó Laoghaire. Tá foclóirín is Aguisín leis annso, agus gach nídh go snasta is go piocaithe fé mar is gnáthach ó láimh an Laoidigh .i. Árd-bhréagóir na hÉireann. Leabhar leath-pingne seadh é seo agus geobhthar tríd an bpost é ar stampa pingne. Fuaireamair ó Aonghus Mac Aoidh, i Strúile dá leabhar i nGaedhilg na hAlbann. "GUIDE TO GAELIC CONVERSATION" by Lachlan Macbean, an t-ainm atá ar cheann aca. Is furist aithint gur beag deifridheacht idir Ghaedhilg na hÉireann agus an "Ghaidhlig" fé mar a labhartar í imeasc beann agus gleann na Scotia Bige. Scilling is réal, glan, fiacha an leabhair seo, agus an té ná féadfadh na hAonguis is na hAlasdair a thuigisnt d'éis an leabhair seo a mheabhrughadh ní ghlacfaimís léas lae i ar a inntleacht. Bheadh an leabhar so an-úsáideach i gcóir daoine a théidheann ar cuaird i n-Uachtar na hAlbann. "URSGEULAN GAIDHEALACH" an t-ainm ata ar an leabhar Albanach eile a shrois sinn. Tá cheithre cinn de scéaltaibh beaga ann. Úirscéalta is eadh iad a ghnóthuigh duaiseanna ar Mhóid an Chumainn Ghaidhealaigh i nAlbainn. Tá an leabhar so ar n-a chur amach fé ughdarthás an Chumainn chéadna. Tá na scéalta go canta is go taithneamhach ann. Do b'fhiú do chuid dár scríbhneóiríbh féin an leabhar so do léigheamh chun fios d'fhagháil ar scóip neartmhair is ar innsint thaithneamhaigh scéil. Ní'l éan-trácht thar rudaíbh suaracha ionnta. Go deimhin is mór atá idir iad féin agus cuid de na rudaíbh a churtar i gcló annso i nÉirinn. Chuir an tIrish Book Company Ceól-side IV., V., agus VI., i n-éin-leabhar amháin ag triall orainn. Cuid nua is eadh cuid a sé. Tá giotaí deasa ann; amhráin atá coitcheanta ar chuirmibh cheóil, agus rl. Bítar go minic ar lorg "Bruach na Carraige Báine," "Aililiú na Gamhna," "Bean Dubh an Ghleanna," "An Carabhat," agus "Ó 'Bean an Tighe cadé an ghruaim sin ort." Táid-san i gcuid a sé de'n Cheól-Sidhe, i bhfochair a lán eile. Leabhairín deas taidhseach is deadh é seo. Leath-réal a fhiaca. Solus na nGaedheal déanta i mBaile Áta Cliath. Cártaí Posta Gaedhealacha! Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.
Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge." Uimhir I. An áit d'ár gabhas, (trí fuinn). An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTráithre." Do Sholáthruigh. Uimhir II. Turas go Tír na n-Óg (trí fuinn). An tAthair Tomás Mac 'Liam. Do Sholáthruigh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1903. Pighin an ceann. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáistí Sideóga ag obair: Sgéalta Sidhe: 'Liam Ó Riain do sgríobh. Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí. "An Táilleán,"
Smuainte ar Árainn, I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc., do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine. Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d. Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2 Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8. Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua. Do sgríobh "Conán Maol." An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis." Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge, Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE. AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services