Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Cuireadh ag triall orainn, " AR SON BAILE AGUS
TÍRE," dráma cheithre ghníomh do scríobh Séamus Ó
Duirinne. Do chonnaic a lán againn an dráma so
dá léiriughadh i mBaile Átha Cliath is i gCorcaigh, agus ní
fuláir nó thaithn linn. Dráma gairid is eadh é agus níl
dhe locht againn air acht iomadamhlacht na ngníomh.
Cuireann soin cosc ar a léiriughadh age fóirnibh fén
dtuaith. Tá cainnt mhaith, agus ciall mhaith agus comhairle
mhaith ann. Is iad Muinntir Follamhain, i mBaile
Átha Cliath, atá gá chur amach, agus réal seadh a fhiacha.



I gcaitheamh an mhí seo ghaibh tharainn chuir Connradh
na Gaedhilge trí leabhair amach. An chéad cheann díobh
.i. FOCLÓIR AN LEAGHA, an t-áireamh focal a fuair
duais i gComórtus 28 san Oireachtus, 1903. Bí
beirt chuige seo, an Dochtúir Tomás Mac Coistealbha,
Gaedhilgeóir maith, agus R. Ó hAodha. Chuir Dochtúir
Mac Coistealbha an dá liosta le chéile, agus seo anois
againn ins an leabhar so iad. Ta a lán d'fhoclaibh
úsáideacha ann, acht tá roinnt díobh i n-easnamh air
leis. Ní raibh leigheas air sin acht tá súil againn go
gcabhroghthar le Dochtúir Mac Coistealbha is go
gcuirfar leis an áireamh a thugann sé dhúinn. Réal,
fiacha an leabhair.



An dara leabhar go bhfuil Connradh na Gaedhilge
tar éis éis é chur amach, AN FÍBÍN an t-ainm atá air.
Leabhairín pingne is eadh é. Tá deich gcinn d'amhrán-
aibh taithneamhacha ó Chúige Chonnacht ann. Is saith linn
ná fuighmíd breis earraidhe den tsórd so ó Chúige
Chonnacht. Ní fuláir mó beidh glaodhach ar an bhFíbín.
Fáilte uainne romhat-sa a Fhíbín.



An trímhadh leabhar dhe chuid Chonnradh na Gaedhilge,
RÍ NA mBRÉAG. Ath-chló é seo ar scéal do bhí i
"Scéaluidheacht Chúige Mumhan" ag Pádraig Ó
Laoghaire. Tá foclóirín is Aguisín leis annso, agus
gach nídh go snasta is go piocaithe fé mar is gnáthach
ó láimh an Laoidigh .i. Árd-bhréagóir na hÉireann.
Leabhar leath-pingne seadh é seo agus geobhthar tríd an
bpost é ar stampa pingne.



Fuaireamair ó Aonghus Mac Aoidh, i Strúile dá
leabhar i nGaedhilg na hAlbann. "GUIDE TO
GAELIC CONVERSATION" by Lachlan Macbean,
an t-ainm atá ar cheann aca. Is furist aithint gur
beag deifridheacht idir Ghaedhilg na hÉireann agus an
"Ghaidhlig" fé mar a labhartar í imeasc beann agus
gleann na Scotia Bige. Scilling is réal, glan,
fiacha an leabhair seo, agus an té ná féadfadh na
hAonguis is na hAlasdair a thuigisnt d'éis an
leabhair seo a mheabhrughadh ní ghlacfaimís léas lae i
ar a inntleacht. Bheadh an leabhar so an-úsáideach i
gcóir daoine a théidheann ar cuaird i n-Uachtar na
hAlbann.



"URSGEULAN GAIDHEALACH" an t-ainm ata ar
an leabhar Albanach eile a shrois sinn. Tá cheithre
cinn de scéaltaibh beaga ann. Úirscéalta is eadh
iad a ghnóthuigh duaiseanna ar Mhóid an Chumainn
Ghaidhealaigh i nAlbainn. Tá an leabhar so ar n-a
chur amach fé ughdarthás an Chumainn chéadna. Tá na
scéalta go canta is go taithneamhach ann. Do b'fhiú
do chuid dár scríbhneóiríbh féin an leabhar so do
léigheamh chun fios d'fhagháil ar scóip neartmhair is
ar innsint thaithneamhaigh scéil. Ní'l éan-trácht thar
rudaíbh suaracha ionnta. Go deimhin is mór atá
idir iad féin agus cuid de na rudaíbh a churtar i gcló
annso i nÉirinn.



Chuir an tIrish Book Company Ceól-side IV.,
V., agus VI., i n-éin-leabhar amháin ag triall
orainn. Cuid nua is eadh cuid a sé. Tá giotaí
deasa ann; amhráin atá coitcheanta ar chuirmibh
cheóil, agus rl. Bítar go minic ar lorg "Bruach na
Carraige Báine," "Aililiú na Gamhna," "Bean Dubh
an Ghleanna," "An Carabhat," agus "Ó 'Bean an Tighe
cadé an ghruaim sin ort." Táid-san i gcuid a sé
de'n Cheól-Sidhe, i bhfochair a lán eile. Leabhairín
deas taidhseach is deadh é seo. Leath-réal a fhiaca.




Solus
na nGaedheal
déanta
i mBaile Áta Cliath.



Cártaí Posta Gaedhealacha!



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.


L. 840a


Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge."



Uimhir I.



An áit d'ár gabhas,
(trí fuinn).



An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTráithre."
Do Sholáthruigh.



Uimhir II.



Turas go Tír na n-Óg
(trí fuinn).



An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Sholáthruigh.



Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1903.



Pighin an ceann.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáistí



Sideóga ag obair:
Sgéalta Sidhe:



'Liam Ó Riain do sgríobh.



Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí.



"An Táilleán,"


L. 840b


Smuainte ar Árainn,
I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2
Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.



Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua.
Do sgríobh "Conán Maol."



An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE.
AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services