Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tairngire Mhaoilruain Tamhlachta.
Title
Tairngire Mhaoilruain Tamhlachta.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TAIRNGIRE MHAOILRUAIN TAMHLACHTA. I. Abair, 1 a Mhaoil 2 Tamhlachta, Sgéala 3 dheiridh 4 an domhain, 5 Cinneadh fhear na talmhan-sa, Ó's tú ad-chí 's do chonnairc. II. Innis, mun badh aincheasta, 6 Ó's duit as eol gach éin-cheist, Cionnus bhias 7 na haimseara Atá chugainn, a chléirigh. III. Ní dhlighim le tairngire, 8 Acht so amháin, a Mhaoil 9 Dírigh, Biaidh i ndeireadh 10 aimsire Tár a a 11 lán de dhaoinibh. IV. Béarla i n-ucht 12 gach aoin-tighe, Saoir i n-ucht 13 gach calaidh; 14 Beidh Goill i n-a nGaoidhealaibh, Agus Gaoidhil 'na nGallaibh. V. A n-uabhar 's a n-aindlighe, 15 Leantar ar mhacaibh Mílidh, Nó go ndéarnaid aithrighe 'San gcoir d'á dtig 16 a ndíbirt. VI. Léigfidhthear do Dhanaraibh Seal ar inis Fhéidhlim, 17 Ní ar mhaith re Sacsanchaibh 18 Ach tar olc re hÉirinn. 19. VII. Innis dam, a naoimh-chléirigh, Má tháinic a fhios chugad, An anfaidh síol saoir-Fhéidhlim 20 Fá'n daoirse-se do bhunadh. VIII. Mar do-ghnidhid 21 Allmharaigh Na coirthe-se 22 mhac Mílidh, Sgriosfar 23 na Gaill chatha-sa, Is biaidh Éire 'gá dísleadh. IX. Ní fada go bhfíorfaidhthear Na neithe atáim do 24 rádha; Ná léigeadh an Mac Míorbhailleadh Sinne do bhreith ar an lá-sin. Abair, a Mhaoil, 25 agus rl. 1 Abair duinn. 2 amhaol. 3 sgéal. 4 dheireadh. 5 dhomhuin. 6 aincheist. 7 do bhias. 8 tairgire. 9 amhaol. 10 aneireadh. 11 [ar lár]. 12 anucht. 13 anucht. 14 caluigh. 15 Anuabhar sa nandlighe. 16 ttainic. 17 feidhlimídhe. 18 Saxanacha. 19 Heirind. 20 saoir Fheidhleimidh. 21 dhéanuid. 22 coirrthasa. 23 sgriosfaidhthear. 24 da. 25 amhaol. TAGRA. 'Sé mo thuairim gur 'sa chúigheadh céad déag do cumadh an dán so. An cinéal méadarachta atá ann, is fairsing flúirseach é i "nDuanaire Finn." Do chuaidh sé dhíom é cheartughadh i ngach áit. Tamhlachta: Tá fhios ag an saoghal go bhfuil Tamh- lachta Mhaoilruain (nó Támhlacht, mar is déidheanaigh bhí sé i nGaedhilg) i nUíbh Dúnchadha .i. 'san dúthaigh atá i dtaobh thiar d'Uíbh Bhriuin Cualann i Laighnibh. "Maolruain, easpog Tamhlachta, 787: Níor hitheadh feoil agus níor hibheadh lionn ag manchaibh Maoil- ruain le n-a ré féin; Iuil agus" (De Quibusdam Epis- copis, ag Dubhaltach Mac Firbisigh). Ní'l ainm an naoimh seo caillte ar fad orainn indiu féin. Féach, tá Cnoc Maoilruain le hais Phairce an Fhionnuisge,
agus do cruinighthí comhthalán nó pátrún i dTámhlacht go dtí tús an naomhadh céid déag nó fá'n tuairim sin. Acht, nár náireach dóibh? Rinne na daoine "Moll Roone" d'á ainm agus do shaoileadar gur bean a bhí ann! Cinneadh, .i., cinneamhaint. Mun badh aincheasta, .i., munab (maran) ceist- eanna iad nach ceart dam do chur ort d'fhiafraighe dhíot). As eol, .i., is eol; as, .i., an chuma ghaolmhar. Bhias, .i., bheas, dó bheidh (a bheas). Ní dhlighim le tairngire, .i, ní'l aon bhaint agam le targaireacht, ní hé mo ghnó-sa (ghnaithe-se) an targ- aireacht. Dhaoinibh : b'fhéidir gur "dhínibh," .i., "ghlúinibh" nó "treabhannaibh," badh bheithte annso. Tá "díne" beo i mbéal Óirghiallach fós. Saoir i n-ucht gach calaidh, .i., ceardaidhthe i lár gach baile cuain (chum luingis do dhéanamh?). An anfaidh, .i., an bhfanfaidh. An anfaidh síol saoir- Fhéidhlim fá'n daoirse-se do bhunadh, .i., an mairfidh sliocht Fhéidhlim uasail an ndaoirse seo agus iad 'na gcineadh (náisiún) fó 'na diaidh? 'Gá dísleadh, .i., d'á dísliughadh (d'á dílsiughadh). Do shleamhnuigh fíor-bheagán de chanamhnachas isteach annso, .i., "gá" i n-ionad "d'á," mar ní hé amháin go n-abairthear i nÓirghiallaibh "tá sé 'gá léadhbáil sin," .i. tá sé ag leadhbadh (liúradh) an fhir sin, acht deirtear fós annsúd "tá sé 'gá léadhbáil," .i., tá sé féíi d'á leadhbadh (liúradh), .i., duine éigin eile 'gá bhualadh (brígh fulaingtheach). Sliocht láimhsgríbhne II, .i., láimhsgríbhinn Óir- ghiallach atá anois ag Énrí Ó Muirgheasa, an dán so. Seosamh Laoide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services