Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tairngire Mhaoilruain Tamhlachta.

Title
Tairngire Mhaoilruain Tamhlachta.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TAIRNGIRE MHAOILRUAIN TAMHLACHTA.



I.



Abair, 1 a Mhaoil 2 Tamhlachta,
Sgéala 3 dheiridh 4 an domhain, 5
Cinneadh fhear na talmhan-sa,
Ó's tú ad-chí 's do chonnairc.



II.



Innis, mun badh aincheasta, 6
Ó's duit as eol gach éin-cheist,
Cionnus bhias 7 na haimseara
Atá chugainn, a chléirigh.



III.



Ní dhlighim le tairngire, 8
Acht so amháin, a Mhaoil 9 Dírigh,
Biaidh i ndeireadh 10 aimsire
Tár a a 11 lán de dhaoinibh.



IV.



Béarla i n-ucht 12 gach aoin-tighe,
Saoir i n-ucht 13 gach calaidh; 14
Beidh Goill i n-a nGaoidhealaibh,
Agus Gaoidhil 'na nGallaibh.



V.



A n-uabhar 's a n-aindlighe, 15
Leantar ar mhacaibh Mílidh,
Nó go ndéarnaid aithrighe
'San gcoir d'á dtig 16 a ndíbirt.



VI.



Léigfidhthear do Dhanaraibh
Seal ar inis Fhéidhlim, 17
Ní ar mhaith re Sacsanchaibh 18
Ach tar olc re hÉirinn. 19.



VII.



Innis dam, a naoimh-chléirigh,
Má tháinic a fhios chugad,
An anfaidh síol saoir-Fhéidhlim 20
Fá'n daoirse-se do bhunadh.



VIII.



Mar do-ghnidhid 21 Allmharaigh
Na coirthe-se 22 mhac Mílidh,
Sgriosfar 23 na Gaill chatha-sa,
Is biaidh Éire 'gá dísleadh.



IX.



Ní fada go bhfíorfaidhthear
Na neithe atáim do 24 rádha;
Ná léigeadh an Mac Míorbhailleadh
Sinne do bhreith ar an lá-sin.
Abair, a Mhaoil, 25 agus rl.



1 Abair duinn. 2 amhaol. 3 sgéal. 4 dheireadh.
5 dhomhuin. 6 aincheist. 7 do bhias. 8 tairgire. 9 amhaol.
10 aneireadh. 11 [ar lár]. 12 anucht. 13 anucht. 14 caluigh.
15 Anuabhar sa nandlighe. 16 ttainic. 17 feidhlimídhe.
18 Saxanacha. 19 Heirind. 20 saoir Fheidhleimidh.
21 dhéanuid. 22 coirrthasa. 23 sgriosfaidhthear. 24 da.
25 amhaol.



TAGRA.



'Sé mo thuairim gur 'sa chúigheadh céad déag do
cumadh an dán so. An cinéal méadarachta atá ann,
is fairsing flúirseach é i "nDuanaire Finn." Do
chuaidh sé dhíom é cheartughadh i ngach áit.



Tamhlachta: Tá fhios ag an saoghal go bhfuil Tamh-
lachta Mhaoilruain (nó Támhlacht, mar is déidheanaigh
bhí sé i nGaedhilg) i nUíbh Dúnchadha .i. 'san dúthaigh
atá i dtaobh thiar d'Uíbh Bhriuin Cualann i Laighnibh.



"Maolruain, easpog Tamhlachta, 787: Níor hitheadh
feoil agus níor hibheadh lionn ag manchaibh Maoil-
ruain le n-a ré féin; Iuil agus" (De Quibusdam Epis-
copis, ag Dubhaltach Mac Firbisigh). Ní'l ainm an
naoimh seo caillte ar fad orainn indiu féin. Féach,
tá Cnoc Maoilruain le hais Phairce an Fhionnuisge,


L. 839


agus do cruinighthí comhthalán nó pátrún i dTámhlacht
go dtí tús an naomhadh céid déag nó fá'n tuairim
sin. Acht, nár náireach dóibh? Rinne na daoine
"Moll Roone" d'á ainm agus do shaoileadar gur bean a
bhí ann!



Cinneadh, .i., cinneamhaint.



Mun badh aincheasta, .i., munab (maran) ceist-
eanna iad nach ceart dam do chur ort d'fhiafraighe
dhíot).



As eol, .i., is eol; as, .i., an chuma ghaolmhar.



Bhias, .i., bheas, dó bheidh (a bheas).



Ní dhlighim le tairngire, .i, ní'l aon bhaint agam le
targaireacht, ní hé mo ghnó-sa (ghnaithe-se) an targ-
aireacht.



Dhaoinibh : b'fhéidir gur "dhínibh," .i., "ghlúinibh" nó
"treabhannaibh," badh bheithte annso. Tá "díne" beo
i mbéal Óirghiallach fós.



Saoir i n-ucht gach calaidh, .i., ceardaidhthe i lár gach
baile cuain (chum luingis do dhéanamh?).



An anfaidh, .i., an bhfanfaidh. An anfaidh síol saoir-
Fhéidhlim fá'n daoirse-se do bhunadh, .i., an mairfidh
sliocht Fhéidhlim uasail an ndaoirse seo agus iad 'na
gcineadh (náisiún) fó 'na diaidh?



'Gá dísleadh, .i., d'á dísliughadh (d'á dílsiughadh).
Do shleamhnuigh fíor-bheagán de chanamhnachas isteach
annso, .i., "gá" i n-ionad "d'á," mar ní hé amháin
go n-abairthear i nÓirghiallaibh "tá sé 'gá léadhbáil
sin," .i. tá sé ag leadhbadh (liúradh) an fhir sin, acht
deirtear fós annsúd "tá sé 'gá léadhbáil," .i., tá
sé féíi d'á leadhbadh (liúradh), .i., duine éigin eile
'gá bhualadh (brígh fulaingtheach).



Sliocht láimhsgríbhne II, .i., láimhsgríbhinn Óir-
ghiallach atá anois ag Énrí Ó Muirgheasa, an dán so.



Seosamh Laoide.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services