Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Béidh an séamhadh lá d'Abran i gcuimhne Sheagháin Bhreathnaigh ó Dhroichead na Banndan go fóill. Toghadh ar Chomhairle an Chondae an lá sain é, acht cuireadh fá n-a leith gurab iad na srúlacha pórtair agus uisge beatha do chuir sé na rith roimh ré fé ndeara a thoghadh thar chach. Sgaoil Liam Ó Foghludha leis, a bhí na choinne, sruthain dighe imeasg na bhfear, i gcás go raibh ríogh- saoghal ag lucht tarta ar feadh coicighis. Is milis 'a ól é, acht cuireadh cúirt 'na suidhe ar Sheághan, agus ní h-amháin gur cuireadh amach as an gComhairle é, acht leagadh os cionn míle púint de chostas air, gan luach na díghe 'áireamh. Gabhaim-se orm gur Béarlóirí breaghdha blasda an mhuinntir a chuir isteach ó thúis é. Bhí gorta agus gábhatar tímcheall an Droichid leath-chéad bliadhan ó shoin, acht ní áirighthear gur dhíol na daoine a gcoinsias ar thaosgán pórtair. H-orduigheadh dhá shagart agus cheithre fichid i Maigh Nuadhad seachtmhain an Domhnaigh seo ghabh thart, agus d'imthigheadar, fá bheannacht Dé agus na hEaglaise, triúr acu thar saile agus an chuid eile ar fuaid chúig reanna na Fódhla. Fir cheannsacha Ghaedhealacha is eadh iad, agus tá cuid mhaith acu na nGaedhigeoiribh foghlumtha. Bhí an Cáirdinéal, príomh-cheann na hEaglaise i nÉirinn, ann um an taca chéadna, agus dubhairt sé nár bh'eolach do aon nidh is mó rachadh chum tairbhe na hÉireann na dhiaidh seo ná an suim a chuireann mic-léighinn an Choláisde sa teanga Ghaedhilge, agus i neithibh eile bhaineas le náisiúntacht a dtíre. Cloisfimíd trácht ortha arís má mhairimíd leis. Is annamh a cloistear sgéal comh dubrónach agus do thuit amach ar Mhícheál Ó Loingsigh i bPortLáirge le déidheanaighe. Báthadh aosánach mic do, agus cailleadh athair a chéile le sgeóin tar éis oíde an gharsúin a chlos do. Bhí an dá chorp fá chlár na thigh, le h-adhnacadh aon lá amháin, agus bhí na daoine cruinnighthe chum na sochraide nuair chuaidh an teach trí theine agus rinneadh luaith- reach de. Ní mó ná aga bhí acu na cuirp d'aistriughadh go raibh an teach fá bhárr lasrach. Táthar ag trácht ar uaimh a tholladh fá'n bhfairrge agus traen a chur na rith idir thuaisceart na hÉireann agus Alba. Tuairim chúig mhíle fichead ar leithead atá ó phórt go port ann, acht chosnóchadh sé dhá mhilliún déag airgid an bóthar iarainn a dhéanamh. Is ar aon inntinn le h-Éirinn a phósadh níos dlúithe le Sasana do ceapadh ar an obair, acht tá súil againn gur iomdha cor a thiucfaidh sa tsaoghal sul a bhfuighthear an dá mhilliún déag le caitheamh fá'n bhfairrge. Báthadh seachtmhain ó shoin a t-Athair Conchubhair Ó Duibhir, sagart óg as Condae Thiobraid Áran a bhí ag caitheamh a laetheannta saoire i n-Acaill. Ar snámh a bhí sé, agus ní fios cionnus éirigh an chinneamhaint do. Tá ocht míle déag púnt ag teacht chum fóirithin ar bhochtaibh Portláirge, le h-udhacht Aindriais de Bláca, a cailleadh i nAstraelia bliadhain agus fiche ó shoin. As Portláirge dob' eadh é féin, agus d'imthigh sé amach i dtosach a shaoghail. Ní raibh sa méid sin airgid acht an seachtmhadh cuid dár fhág sé na dhiaidh. Feargus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services