Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Béidh an séamhadh lá d'Abran i gcuimhne Sheagháin
Bhreathnaigh ó Dhroichead na Banndan go fóill. Toghadh
ar Chomhairle an Chondae an lá sain é, acht cuireadh fá
n-a leith gurab iad na srúlacha pórtair agus uisge
beatha do chuir sé na rith roimh ré fé ndeara a thoghadh
thar chach. Sgaoil Liam Ó Foghludha leis, a bhí na choinne,
sruthain dighe imeasg na bhfear, i gcás go raibh ríogh-
saoghal ag lucht tarta ar feadh coicighis. Is milis 'a
ól é, acht cuireadh cúirt 'na suidhe ar Sheághan, agus ní
h-amháin gur cuireadh amach as an gComhairle é, acht
leagadh os cionn míle púint de chostas air, gan luach
na díghe 'áireamh. Gabhaim-se orm gur Béarlóirí
breaghdha blasda an mhuinntir a chuir isteach ó thúis é.
Bhí gorta agus gábhatar tímcheall an Droichid leath-chéad
bliadhan ó shoin, acht ní áirighthear gur dhíol na daoine a
gcoinsias ar thaosgán pórtair.



H-orduigheadh dhá shagart agus cheithre fichid i Maigh
Nuadhad seachtmhain an Domhnaigh seo ghabh thart, agus
d'imthigheadar, fá bheannacht Dé agus na hEaglaise,
triúr acu thar saile agus an chuid eile ar fuaid chúig
reanna na Fódhla. Fir cheannsacha Ghaedhealacha is eadh
iad, agus tá cuid mhaith acu na nGaedhigeoiribh
foghlumtha. Bhí an Cáirdinéal, príomh-cheann na
hEaglaise i nÉirinn, ann um an taca chéadna, agus
dubhairt sé nár bh'eolach do aon nidh is mó rachadh chum
tairbhe na hÉireann na dhiaidh seo ná an suim a chuireann
mic-léighinn an Choláisde sa teanga Ghaedhilge, agus i
neithibh eile bhaineas le náisiúntacht a dtíre. Cloisfimíd
trácht ortha arís má mhairimíd leis.



Is annamh a cloistear sgéal comh dubrónach agus do
thuit amach ar Mhícheál Ó Loingsigh i bPortLáirge le
déidheanaighe. Báthadh aosánach mic do, agus cailleadh
athair a chéile le sgeóin tar éis oíde an gharsúin a chlos
do. Bhí an dá chorp fá chlár na thigh, le h-adhnacadh aon
lá amháin, agus bhí na daoine cruinnighthe chum na sochraide
nuair chuaidh an teach trí theine agus rinneadh luaith-
reach de. Ní mó ná aga bhí acu na cuirp d'aistriughadh
go raibh an teach fá bhárr lasrach.



Táthar ag trácht ar uaimh a tholladh fá'n bhfairrge
agus traen a chur na rith idir thuaisceart na hÉireann
agus Alba. Tuairim chúig mhíle fichead ar leithead
atá ó phórt go port ann, acht chosnóchadh sé dhá mhilliún
déag airgid an bóthar iarainn a dhéanamh. Is ar aon
inntinn le h-Éirinn a phósadh níos dlúithe le Sasana do
ceapadh ar an obair, acht tá súil againn gur iomdha cor
a thiucfaidh sa tsaoghal sul a bhfuighthear an dá mhilliún
déag le caitheamh fá'n bhfairrge.



Báthadh seachtmhain ó shoin a t-Athair Conchubhair
Ó Duibhir, sagart óg as Condae Thiobraid Áran a bhí
ag caitheamh a laetheannta saoire i n-Acaill. Ar snámh
a bhí sé, agus ní fios cionnus éirigh an chinneamhaint do.



Tá ocht míle déag púnt ag teacht chum fóirithin ar
bhochtaibh Portláirge, le h-udhacht Aindriais de Bláca,
a cailleadh i nAstraelia bliadhain agus fiche ó shoin.
As Portláirge dob' eadh é féin, agus d'imthigh sé amach
i dtosach a shaoghail. Ní raibh sa méid sin airgid acht an
seachtmhadh cuid dár fhág sé na dhiaidh.



Feargus Finn-bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services