Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cleasa Grinn agus Magaidh.
Title
Cleasa Grinn agus Magaidh.
Author(s)
O'Shea, Pádraig,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLEASA GRINN AGUS MAGAIDH. "Cois na teineadh" do scríbh. D'imreadh cailíní agus buachaillí na
cleasa-so sa chistin sa tigh i n-a mbídis ag scoraidheacht. I.- BIRÍN ABHÍ. Do dheargadh duine aca bior adhmaid sa teine, agus nuair bhíodh smól mhaith dhearg air do tharraingeadh sé as an dteine é agus do thugadh sé n-a láimh don bhuachaill nó don chailín badh ghiorra dhó é, agus deireadh sé an rann so: - "Birín abhí, birín abheó, birín a mharbh: Má geibhéann an birín bás idir do dhá láimh, Bíodh an trom trom ort. Sicín circe ag siubhal Mhainge, cos briste is beart air." Chomh luath is bhiodh an focal deireannach as a bhéal, do bhíodh an bior tabhartha do dhuine eile ag an chéad duine, agus thosnuigheadh fear na rann ar rádh na bhfocal gcéadna arís. Do leantaí air sin go dtéidheadh an birín i n-éag i láimh dhuine éigin. Bhíodh air ag an nduine sin teacht ar a chora-ghiob nó ar a dhá ghlúin - a rogha a bheith aige - agus a cheann a chur ar ghlúin fhir na rann, i gcás ná feicfeadh sé cad do bheadh ar siubhal ag an gcuid eile. Thugtaí rud éigin ós a chionn annsoin, agus deireadh fear na rann, "Trom! trom! cad tá ós do chionn?" Do thughadh an té bheadh ar a chora-giob tuairim, agus da gcuir- eadh sé amach an rud a bhíodh ós a chionn, bheadh sé scurtha, agus chaithfidhe an cleas do thosnughadh arís. Acht is ró-annamh do chuireadh. Nuair bhíodh corcán ós a chionn b'fhéidir go ndéarfadh sé gur cathaoir a bhíodh ann. Annsoin déarfadh fear na rann, "Fan annsoin, a chorcáin, go dtigidh an chathaoir chughat." Agus déarfadh sé arís nuair thabhartaí an dara rud chuige, "Trom! trom! cad tá ós do chionn?" "Fód móna." "Fan annsoin, a thuairgín, go dtigidh an fód móna chughat." Badh gheárr go mbíodh greann mór aca - fear an ualaigh ag creadaigh, agus an chuid eile ag coimeád an ualaigh air. Is minic do dhéanfadh fear na rann éag- cóir ag imirt an chleasa so, acht is chum méid spóirt a dhéunamh do dheineadh sé é. I measc gach aon bhailiughadh den tsórd so bíonn duine éigin gur gnáthach leis an gcuid eile bheith ag crádh air. Is minic do righnigheadh fear na rann an rann nuair bheadh an cipín i láimh a léithéid so de bhuachaill i gcóir go múchfadh sé 'n-a láimh , agus annsoin do bhailigheadh an chuid eile gach nídh ba ghreannmhaire 'ná a chéile le cur anuas air. Is minic do cuirtí mála mine air, agus chonnac féin tocht clúimh anuas ar dhuine den tsórd so 2. - CAS AN BIOR. An bhuidhean chéadna d'imreadh é seo. D'iompuigheadh duine aca a aghaidh ar an bhfalla agus bior i n-a láimh. Do chuireadh sé ceann an bhir i bhpoll san bhfalla, agus annsoin deireadh duine eile leis: - "Cas an bior." Fear an bhir. - "N'fhéadfainn é." Fear eile. - "Cad n-a thaobh san?" Fear an bhir. - "Go dtugaidh Tadhg póg do Shighle." Anois cailín bocht náireach bhíodh i Sighle, agus raghadh sí tré pholl tráthair ó Thadhg, go mbíodh faid an lae 'mbáirigh de mheigeall fé. Nídh nách iongna bhíodh spórt is gleó is clisiam sa chistin annsoin, faid bhíodh Tadhg a d'iaraidh na póige bhaint de Shighle. Ní leomhfadh éinne órdughadh fhir an bhir do dhiúltadh; agus nuair bhíodh a fhios aige go mbíodh beirt amuigh le chéile, gan amhrus chaithfidís a chéile phógadh sul a bhfágfaidís an tigh. Is minic do chaitheadh bean fir éadmhair an buachaill ba dhathamhala sa tigh
do phógadh ós chómhair súl a fir amach. Is minic do cuirtí mar oibliogáid ar ghaige na mbróg gcaol cana uisce do bhreith ó thobair an bhóthair chucha, nó fiche gal d'ól a dúidín dubh "Ghrainní" bhíodh n-a suidhe ag bun na croiche sa chúinne. 3. - DÍOL NA BRÉIDE. Seaghán Geárr Glas do dhíoladh an bhréid seo. Bhíodh tubháile fhliuch in a láimh aige. Do chuireadh sé an oiread san airgid an bhandlámh ar gach éinne sa tigh, mar seo : "Bíodh pingin an bhandlámh ort-sa; "Tuistúin ort-sa; "Réal ort-sa; "Dhá thuistúin is leathphinginn ort-sa," agusrl. Nuair bhíodh an luach réidh aige do théidh- eadh sé go dorus, agus annsoin do chasadh sé isteach agus deireadh :-- " Mise Seaghán Geárr Glas, ó Chnoc na Cómhla andeas. Tá díol gach aon bhandlámh bhréide ar réal an bhandlámh." Fear réalach. - "Mise, airiú!" Mangadóir. - "Tusa, airiú !" F. na R. - "Thugais t'éitheach." Mangadóir. - "Cia eile, airiú!" F. na R. - "Fear trí pinginn an bhand- lámh." F. Trí P. - "Mise, airiú?" F. na R. - Tusa, airiú" F. Trí P. - "Thugais t'éitheach." F. na R. - "Cia eile, airiú?" F. Trí P. - "Fear cheithre feóirlingí fichead an bhandlámh." B'in é Fear na réalach arís. Fear na R. - "Mise, airiú," agusrl. Bhíodh an t-áiteamh so chómh luath-bhéalach is do b'fhéidir leó na focail do chur díobh. Dá n-imthigheadh rith focail ar éinne aca, nó dá nglacfadh neamh-shuim éinne i gcás ná labharfadh sé go mear, nó ná freagródh sé go tapaidh nuair ghlaodhfaidhe a luach féin n- pé aca n-a phingníbh, nó n-a leath-phingníbh, nó n-a fheóirlingíbh do glaodhfaidhe é - do gheobhadh sé stiall den tubháile fhliuch ó Sheaghán, agus do thosnóghadh Seaghán arís. Dá n-imthigheadh rith focail ar an mangadóir féin gheobhadh sé an cleas céadna, sé sin gabháil dá thubháile féin air. Ní imreadh cailíní an cleas so. 4. - RANNA NA nAOS ÓG. Cailíní beaga cois na teine oidhche Earraigh agus iad ag tuiseadh fear le chéile - mar'dh eadh. Canann Cailín : Cia chuirfá liúm ar thaobh na long, Ar thaobh na long ; Cia chuirfá liúm ar thaobh na long Go n-éaluighinn leis anonn? Canann Cailín eile dá freagairt: Chuirfinn (Ainm) leat ar thaobh na long, Ar thaobh na long; Chuirfinn (Ainm) leat ar thaobh na long, A n-éalóghair leis anonn. Déarfadh an Chéad Chailín dá dtaithneadh an fear léithi : Buachaill gabhar is caorach é; Preabaire fir i n-éan-bhall é; Rinnceóir deas ar aonach é, Mar aodhaire cinn bó rúin. Shiubhalfainn féin an t-aonach leis, Is thiocfainn a-bhaile im aonar leis, Is shínfinn síos im léine leis, Ag aodhaire cinn bó rúin. Muna dtaithneadh an fear léithi déarfadh sí: Ní buachaill gabhar ná caorach é, Ní rinnceóir deas ar aonach é Ní preabaire fir i n-éan-bhall é, Mar aodhaire cinn bó rúin. Ní shiubhalfainn féin an t-aonach leis, Ní thiocfainn a-bhaile im aonar leis, Ní shínfinn síos im léine leis, Ag aodhaire cinn bó rúin. 5. Canann Cailín : A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára, Shiubhluigheas an baile seo tamall roimh lá 'ndiu, Láirín! Cailín eile dá freagairt: A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára, Bhí an drúcht ann, is iongnadh nár báthadh tú, Láirín! An Chéad Chailín : A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára, Bhí sé ró-íseal is mise ró-árd do, Láirín! . An Dara Cailín : A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára. An Chéad Chailín: A láirin ó lúra 's a lúirín ó lára, Is ró-chuma liúm, ní ag tnúth leis atáim-se, Láirín! An Dara Cailín: A láirín ó lúra 's a lúirín ó lara, Gaibh cois abhann is faigh crann fé bhláth dhom, Láirín! An Chéad Chailín: A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára, Chualadh (Ainm) ar maidin ag trácht ort, Láirín! An Dara Cailín (nuair ná taithneadh an fear a luaidh an chéad chailín léi): A láirín ó lura 's a lúirín ó lára, A cheann i gCorcaigh 's a chos i gCionn tSáile, Láirín ! An Chéad Chailín : A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára, Tá fiche bó bhainne 'ge is tarbh chun dára, Láirín ! An Dara Cailín : A láirin ó lúra 's a lúirín ó lára, Gabhaim is glacaim é, is Dé bheatha mo ghrádh chugham. Láirín ! 6. Canann an Chéad Chailín: Óró, a ghile dhil. is ó 'chroidhe chumannaigh, Cia hí an óig-bhean d'imtheóghaidh an Inid seo ? Canann an Dara Cailín: Óró, a ghile dhíl, is ó 'chroidhe chumannaigh, Sí (Ainm) d'imtheóghaidh an Inid seo. An Chéad Chailín : Óró, a ghile dhil, is ó 'chroidhe chumannaigh, An fios cá bhfuair an stuaire an cuireadh seo? An Dara Cailín : Óró, a ghile dhil, is ó 'chroidhe chumannaigh, Sé (ainm) thug póg is fiche dhi. Nó dá mbadh sean-duine an fear a thug an cuireadh uaidh, déarfaidhe b'fhéidir: Óró, a ghile dhil, is ó 'chroidhe chumannaigh Sé (ainm an tsean-duine) do chuimil a liopa dhi.
7. "Bainim-se dhíot-sa a chruaichín mhóna Airgead puirt, airgead scoit, airgead póna, Is airgead deachmhaidhthe Sheagháin ach Domh- naill." Bíonn cruach bheag luaithe ann agus cipín sáighte n-a mhullach. Bíonn dá sceatachán giúmhse i n-a haice. Is ag leanbhaí beaga bhíodh an caitheamh aimsire seo. Do bhearr- aidís an luath den charn leis na sceatacháin agus deiridís an rann faid do bhídís á dhéan- amh. B'é spórt an chleasa an cipín d'fhág- aint n-a sheasamh chomh fada is do b'fhéidir é; agus an té leagadh fé dheireadh é bhíodh air geall éigin do dhíol, .i. b'fhéidir go gcuirfi d'fiachaibh air billeóg chabáiste a thabhairt ón ngáirdín dá mbeadh an oidhche dubh. Cuireann an cleas céadna i gcuimhne dhúinn, dá shuaraighe é, an t-am bhíodh ar na daoine na tacsanna so go léir do dhíol, agus gan aon tsócmhain go minic aca chun an airgid do dhéanamh acht an fagháltus beag do gheibhidís ar an gcruaichín mhóna. (Ní críoch.) GLUAIS. 1. Do dheargadh, used to redden. Smól mhaith dhearg, a good red spark. Fr. Dinneen makes it masc. Do bhíodh an bior tabhartha, the first person would have given the stick to somebody else. Bhíodh air ag an nduine sin, that person would have to come. Ar a chora-ghiob, sitting on his haunches. A rogha a bheith aige, he shoudl have choice. I gcás ná feicfeadh sé, so that he might not see. Tugadh tuairim, gave a guess. Dá gcuireadh sé amach, if he found, said out. Do bheadh sé scurtha, he would be released, let go. Tuairgín, a mallet for beating flax. Ag cneadaigh, groaning, sighing. Bheith ag crádh air, tormenting him, playing on him. Do righnigheadh ar an rann, would say the verse slowly. I gcóir go múchadh, so that it might go out. Tocht chlúimh, a feather tick. 2. Ceann an bhir, the end of the stick. Cas an bior, turn the stick. Go dtugaidh Tadhg, till Tadhg give; pres. subj. Cailín náireach, a shy girl. Tré poll tráthair, through an auger hole. Faid an lae 'mbáirigh, the length of to-morrow. 'Mbáireach is here taken as an adj. Meigeall, a beard, generally a "goatee." Clisiam, frolic, tricks. Ní leomhfadh éinne, nobody would dare. Amuigh le chéile, not good friends. Bean fir éadmhair, the wife of a jealous man. Gaige na mbróg gcaol, the toff with fine shoes. Ag bun na croiche, near the end of the pot-crook. 3. Tubháile fliuch, a wet towel. An oiread san airgid an bandlámh, so much per bandle. Do chasadh sé, he used to turn in and say. Ta díol gach aon bhandlámh, the price of each bandle is. Mise airiú, is it I! Thugais t'éitheach, you have lied. Cia eile, who else? Bhíodh an t'áitheamh, this arguing went as quick. Rith focail, missing a word. Neamh-shuim, innattention. Pé aca n-a phingníbh, whether it would be called out in pence, in halfpence, or in farthings. Still, a stripe, a smack of the wet towel. An cleas céadna, the same treatment. Gabháil da thubháile, to be struck with his own towel. Ag tuiseadh fear, choosing husbands. 4. Go n-éaluighinn leis anonn, that I might escape (elope) over with him; past subj. Canann cailín eile dá freagairt, another girl sings, answering her. Da dtaithneadh an fear léithi, if the man pleased her. Preabaire fir, a fine man in any place. Aodhaire cinn bó rúin, a loving chief herdsman (?) 5. Is iongnadh nár báthadh tú, 'tis a wonder you were not drowned. Báthadh pron, bág or bá'mh. Ní ag tnúth leis atáim-se, it is not expecting him I am. Gaibh cois abhann, go by the river. A cheann i gCorciagh 's a chosa i gCionn tSáile, his head in Cork and his feet in Kinsale. Apparently she did not favour a tall man. 6. A ghile dhil, a term of affection; croidhe cumann- aigh is the same.
An Inid seo, this Shrove-tide. An cuireadh seo, this invitation. Liopa, a thick lip. 7. Cruaichín móna, a little stack of turf. Airgead puirt, custom. Airgead scoit, trespass money. Airgead póna, poundage. Airgead deachmhaidhthe, tithe-money. Sceatachán giuimhse, a splinter of bog pine. Do bhearraidís an luath, they used to clip the ashes off the heap with the splinters. Geall éigin do dhíol, to pay some forfeit. Billeóg chabháiste, a cabbage leaf. Dá shuaraighe é, however trifling. Sócmhain, means an asset, resource. Fagháltus, income, profit.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services