Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cleasa Grinn agus Magaidh.

Title
Cleasa Grinn agus Magaidh.
Author(s)
O'Shea, Pádraig,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLEASA GRINN AGUS MAGAIDH.



"Cois na teineadh" do scríbh.



D'imreadh cailíní agus buachaillí na


L. 823


cleasa-so sa chistin sa tigh i n-a mbídis ag
scoraidheacht.



I.- BIRÍN ABHÍ.



Do dheargadh duine aca bior adhmaid sa
teine, agus nuair bhíodh smól mhaith dhearg air
do tharraingeadh sé as an dteine é agus do
thugadh sé n-a láimh don bhuachaill nó don
chailín badh ghiorra dhó é, agus deireadh sé
an rann so: -



"Birín abhí, birín abheó, birín a mharbh:
Má geibhéann an birín bás idir do dhá láimh,
Bíodh an trom trom ort.
Sicín circe ag siubhal Mhainge, cos briste
is beart air."



Chomh luath is bhiodh an focal deireannach as
a bhéal, do bhíodh an bior tabhartha do dhuine
eile ag an chéad duine, agus thosnuigheadh fear
na rann ar rádh na bhfocal gcéadna arís.
Do leantaí air sin go dtéidheadh an birín i
n-éag i láimh dhuine éigin.



Bhíodh air ag an nduine sin teacht ar a
chora-ghiob nó ar a dhá ghlúin - a rogha a bheith
aige - agus a cheann a chur ar ghlúin fhir na
rann, i gcás ná feicfeadh sé cad do bheadh
ar siubhal ag an gcuid eile.



Thugtaí rud éigin ós a chionn annsoin, agus
deireadh fear na rann, "Trom! trom!
cad tá ós do chionn?" Do thughadh an té
bheadh ar a chora-giob tuairim, agus da gcuir-
eadh sé amach an rud a bhíodh ós a chionn,
bheadh sé scurtha, agus chaithfidhe an cleas do
thosnughadh arís. Acht is ró-annamh do
chuireadh. Nuair bhíodh corcán ós a chionn
b'fhéidir go ndéarfadh sé gur cathaoir a
bhíodh ann. Annsoin déarfadh fear na
rann, "Fan annsoin, a chorcáin, go dtigidh
an chathaoir chughat." Agus déarfadh sé arís
nuair thabhartaí an dara rud chuige, "Trom!
trom! cad tá ós do chionn?" "Fód
móna." "Fan annsoin, a thuairgín, go
dtigidh an fód móna chughat." Badh gheárr
go mbíodh greann mór aca - fear an
ualaigh ag creadaigh, agus an chuid eile ag
coimeád an ualaigh air.



Is minic do dhéanfadh fear na rann éag-
cóir ag imirt an chleasa so, acht is chum
méid spóirt a dhéunamh do dheineadh sé é.
I measc gach aon bhailiughadh den tsórd so
bíonn duine éigin gur gnáthach leis an
gcuid eile bheith ag crádh air. Is minic do
righnigheadh fear na rann an rann nuair
bheadh an cipín i láimh a léithéid so de
bhuachaill i gcóir go múchfadh sé 'n-a láimh ,
agus annsoin do bhailigheadh an chuid eile
gach nídh ba ghreannmhaire 'ná a chéile le cur
anuas air. Is minic do cuirtí mála mine
air, agus chonnac féin tocht clúimh anuas ar
dhuine den tsórd so



2. - CAS AN BIOR.

An bhuidhean chéadna d'imreadh é seo.



D'iompuigheadh duine aca a aghaidh ar an
bhfalla agus bior i n-a láimh. Do chuireadh
sé ceann an bhir i bhpoll san bhfalla, agus
annsoin deireadh duine eile leis: - "Cas
an bior."

Fear an bhir. - "N'fhéadfainn é."
Fear eile. - "Cad n-a thaobh san?"
Fear an bhir. - "Go dtugaidh Tadhg póg
do Shighle."



Anois cailín bocht náireach bhíodh i Sighle,
agus raghadh sí tré pholl tráthair ó Thadhg, go
mbíodh faid an lae 'mbáirigh de mheigeall
fé. Nídh nách iongna bhíodh spórt is gleó is
clisiam sa chistin annsoin, faid bhíodh Tadhg
a d'iaraidh na póige bhaint de Shighle.



Ní leomhfadh éinne órdughadh fhir an bhir
do dhiúltadh; agus nuair bhíodh a fhios aige go
mbíodh beirt amuigh le chéile, gan amhrus
chaithfidís a chéile phógadh sul a bhfágfaidís
an tigh. Is minic do chaitheadh bean fir
éadmhair an buachaill ba dhathamhala sa tigh


L. 824


do phógadh ós chómhair súl a fir amach. Is
minic do cuirtí mar oibliogáid ar ghaige
na mbróg gcaol cana uisce do bhreith ó
thobair an bhóthair chucha, nó fiche gal d'ól a
dúidín dubh "Ghrainní" bhíodh n-a suidhe ag
bun na croiche sa chúinne.



3. - DÍOL NA BRÉIDE.



Seaghán Geárr Glas do dhíoladh an bhréid
seo. Bhíodh tubháile fhliuch in a láimh aige.
Do chuireadh sé an oiread san airgid an
bhandlámh ar gach éinne sa tigh, mar seo :



"Bíodh pingin an bhandlámh ort-sa;
"Tuistúin ort-sa;
"Réal ort-sa;
"Dhá thuistúin is leathphinginn ort-sa,"
agusrl.



Nuair bhíodh an luach réidh aige do théidh-
eadh sé go dorus, agus annsoin do chasadh sé
isteach agus deireadh :--



" Mise Seaghán Geárr Glas, ó Chnoc na
Cómhla andeas. Tá díol gach aon bhandlámh
bhréide ar réal an bhandlámh."



Fear réalach. - "Mise, airiú!"



Mangadóir. - "Tusa, airiú !"



F. na R. - "Thugais t'éitheach."

Mangadóir. - "Cia eile, airiú!"



F. na R. - "Fear trí pinginn an bhand-
lámh."



F. Trí P. - "Mise, airiú?"



F. na R. - Tusa, airiú"



F. Trí P. - "Thugais t'éitheach."

F. na R. - "Cia eile, airiú?"



F. Trí P. - "Fear cheithre feóirlingí
fichead an bhandlámh." B'in é Fear na
réalach arís.



Fear na R. - "Mise, airiú," agusrl.

Bhíodh an t-áiteamh so chómh luath-bhéalach
is do b'fhéidir leó na focail do chur díobh.
Dá n-imthigheadh rith focail ar éinne aca, nó
dá nglacfadh neamh-shuim éinne i gcás ná
labharfadh sé go mear, nó ná freagródh sé
go tapaidh nuair ghlaodhfaidhe a luach féin n-
pé aca n-a phingníbh, nó n-a leath-phingníbh, nó
n-a fheóirlingíbh do glaodhfaidhe é - do
gheobhadh sé stiall den tubháile fhliuch ó
Sheaghán, agus do thosnóghadh Seaghán arís. Dá
n-imthigheadh rith focail ar an mangadóir
féin gheobhadh sé an cleas céadna, sé sin
gabháil dá thubháile féin air.



Ní imreadh cailíní an cleas so.



4. - RANNA NA nAOS ÓG.



Cailíní beaga cois na teine oidhche Earraigh
agus iad ag tuiseadh fear le chéile -
mar'dh eadh.



Canann Cailín :

Cia chuirfá liúm ar thaobh na long,
Ar thaobh na long ;
Cia chuirfá liúm ar thaobh na long
Go n-éaluighinn leis anonn?



Canann Cailín eile dá freagairt:



Chuirfinn (Ainm) leat ar thaobh na long,
Ar thaobh na long;
Chuirfinn (Ainm) leat ar thaobh na long,
A n-éalóghair leis anonn.



Déarfadh an Chéad Chailín dá dtaithneadh an
fear léithi :



Buachaill gabhar is caorach é;
Preabaire fir i n-éan-bhall é;
Rinnceóir deas ar aonach é,
Mar aodhaire cinn bó rúin.



Shiubhalfainn féin an t-aonach leis,
Is thiocfainn a-bhaile im aonar leis,
Is shínfinn síos im léine leis,
Ag aodhaire cinn bó rúin.



Muna dtaithneadh an fear léithi déarfadh sí:



Ní buachaill gabhar ná caorach é,
Ní rinnceóir deas ar aonach é
Ní preabaire fir i n-éan-bhall é,
Mar aodhaire cinn bó rúin.



Ní shiubhalfainn féin an t-aonach leis,
Ní thiocfainn a-bhaile im aonar leis,
Ní shínfinn síos im léine leis,
Ag aodhaire cinn bó rúin.



5.

Canann Cailín :



A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára,
Shiubhluigheas an baile seo tamall roimh lá
'ndiu,
Láirín!



Cailín eile dá freagairt:



A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára,
Bhí an drúcht ann, is iongnadh nár báthadh tú,
Láirín!



An Chéad Chailín :



A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára,
Bhí sé ró-íseal is mise ró-árd do,
Láirín!
.
An Dara Cailín :



A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára.



An Chéad Chailín:



A láirin ó lúra 's a lúirín ó lára,
Is ró-chuma liúm, ní ag tnúth leis atáim-se,
Láirín!

An Dara Cailín:



A láirín ó lúra 's a lúirín ó lara,
Gaibh cois abhann is faigh crann fé bhláth dhom,
Láirín!

An Chéad Chailín:



A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára,
Chualadh (Ainm) ar maidin ag trácht ort,
Láirín!



An Dara Cailín (nuair ná taithneadh an
fear a luaidh an chéad chailín léi):



A láirín ó lura 's a lúirín ó lára,
A cheann i gCorcaigh 's a chos i gCionn
tSáile,
Láirín !



An Chéad Chailín :



A láirín ó lúra 's a lúirín ó lára,
Tá fiche bó bhainne 'ge is tarbh chun dára,
Láirín !



An Dara Cailín :



A láirin ó lúra 's a lúirín ó lára,
Gabhaim is glacaim é, is Dé bheatha mo ghrádh
chugham.
Láirín !



6.



Canann an Chéad Chailín:



Óró, a ghile dhil. is ó 'chroidhe chumannaigh,
Cia hí an óig-bhean d'imtheóghaidh an Inid
seo ?



Canann an Dara Cailín:



Óró, a ghile dhíl, is ó 'chroidhe chumannaigh,
Sí (Ainm) d'imtheóghaidh an Inid seo.



An Chéad Chailín :



Óró, a ghile dhil, is ó 'chroidhe chumannaigh,
An fios cá bhfuair an stuaire an cuireadh
seo?



An Dara Cailín :



Óró, a ghile dhil, is ó 'chroidhe chumannaigh,
Sé (ainm) thug póg is fiche dhi.



Nó dá mbadh sean-duine an fear a thug an
cuireadh uaidh, déarfaidhe b'fhéidir:
Óró, a ghile dhil, is ó 'chroidhe chumannaigh
Sé (ainm an tsean-duine) do chuimil a
liopa dhi.


L. 826


7.



"Bainim-se dhíot-sa a chruaichín mhóna
Airgead puirt, airgead scoit, airgead
póna,
Is airgead deachmhaidhthe Sheagháin ach Domh-
naill."



Bíonn cruach bheag luaithe ann agus cipín
sáighte n-a mhullach. Bíonn dá sceatachán
giúmhse i n-a haice. Is ag leanbhaí beaga
bhíodh an caitheamh aimsire seo. Do bhearr-
aidís an luath den charn leis na sceatacháin
agus deiridís an rann faid do bhídís á dhéan-
amh. B'é spórt an chleasa an cipín d'fhág-
aint n-a sheasamh chomh fada is do b'fhéidir
é; agus an té leagadh fé dheireadh é bhíodh air
geall éigin do dhíol, .i. b'fhéidir go gcuirfi
d'fiachaibh air billeóg chabáiste a thabhairt
ón ngáirdín dá mbeadh an oidhche dubh.



Cuireann an cleas céadna i gcuimhne
dhúinn, dá shuaraighe é, an t-am bhíodh ar na
daoine na tacsanna so go léir do dhíol, agus
gan aon tsócmhain go minic aca chun an
airgid do dhéanamh acht an fagháltus beag
do gheibhidís ar an gcruaichín mhóna.
(Ní críoch.)



GLUAIS.



1. Do dheargadh, used to redden.
Smól mhaith dhearg, a good red spark. Fr. Dinneen
makes it masc.



Do bhíodh an bior tabhartha, the first person would
have given the stick to somebody else.



Bhíodh air ag an nduine sin, that person would have
to come.



Ar a chora-ghiob, sitting on his haunches.



A rogha a bheith aige, he shoudl have choice.



I gcás ná feicfeadh sé, so that he might not see.



Tugadh tuairim, gave a guess.



Dá gcuireadh sé amach, if he found, said out.



Do bheadh sé scurtha, he would be released, let go.
Tuairgín, a mallet for beating flax.
Ag cneadaigh, groaning, sighing.
Bheith ag crádh air, tormenting him, playing on him.
Do righnigheadh ar an rann, would say the verse
slowly.
I gcóir go múchadh, so that it might go out.
Tocht chlúimh, a feather tick.



2. Ceann an bhir, the end of the stick.
Cas an bior, turn the stick.
Go dtugaidh Tadhg, till Tadhg give; pres. subj.
Cailín náireach, a shy girl.
Tré poll tráthair, through an auger hole.
Faid an lae 'mbáirigh, the length of to-morrow.
'Mbáireach is here taken as an adj.
Meigeall, a beard, generally a "goatee."
Clisiam, frolic, tricks.
Ní leomhfadh éinne, nobody would dare.
Amuigh le chéile, not good friends.
Bean fir éadmhair, the wife of a jealous man.
Gaige na mbróg gcaol, the toff with fine shoes.
Ag bun na croiche, near the end of the pot-crook.



3. Tubháile fliuch, a wet towel.
An oiread san airgid an bandlámh, so much per
bandle.
Do chasadh sé, he used to turn in and say.
Ta díol gach aon bhandlámh, the price of each
bandle is.
Mise airiú, is it I!
Thugais t'éitheach, you have lied.
Cia eile, who else?
Bhíodh an t'áitheamh, this arguing went as quick.
Rith focail, missing a word.
Neamh-shuim, innattention.
Pé aca n-a phingníbh, whether it would be called out
in pence, in halfpence, or in farthings.
Still, a stripe, a smack of the wet towel.
An cleas céadna, the same treatment.
Gabháil da thubháile, to be struck with his own
towel.
Ag tuiseadh fear, choosing husbands.



4. Go n-éaluighinn leis anonn, that I might escape
(elope) over with him; past subj.



Canann cailín eile dá freagairt, another girl
sings, answering her.
Da dtaithneadh an fear léithi, if the man pleased
her.
Preabaire fir, a fine man in any place.
Aodhaire cinn bó rúin, a loving chief herdsman (?)



5. Is iongnadh nár báthadh tú, 'tis a wonder you
were not drowned. Báthadh pron, bág or bá'mh.
Ní ag tnúth leis atáim-se, it is not expecting him I
am.
Gaibh cois abhann, go by the river.
A cheann i gCorciagh 's a chosa i gCionn tSáile, his
head in Cork and his feet in Kinsale. Apparently she
did not favour a tall man.



6. A ghile dhil, a term of affection; croidhe cumann-
aigh is the same.


L. 827


An Inid seo, this Shrove-tide.
An cuireadh seo, this invitation.
Liopa, a thick lip.



7. Cruaichín móna, a little stack of turf.
Airgead puirt, custom.
Airgead scoit, trespass money.
Airgead póna, poundage.
Airgead deachmhaidhthe, tithe-money.
Sceatachán giuimhse, a splinter of bog pine.
Do bhearraidís an luath, they used to clip the ashes
off the heap with the splinters.
Geall éigin do dhíol, to pay some forfeit.
Billeóg chabháiste, a cabbage leaf.
Dá shuaraighe é, however trifling.
Sócmhain, means an asset, resource.
Fagháltus, income, profit.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services