Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litriughadh na Gaedhilge. I.
Title
Litriughadh na Gaedhilge. I.
Author(s)
Ó hIarfhlatha, Dáithí,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LITRIUGHADH NA GAEDHILGE. - I. Dháithí Ó hIarfhlatha. Is minic mo cháirde i measc na nGaedhal, agus go sonnrádhach na Draoithe, ag casaoid orm fá ná scríobhaim aon rud anois le haghaidh na nGaedhilgeóirí; castar liom "go bhfuilim im' chodladh is gan neart aca ar mo dhúiseacht." Acht is maith is eól duit féin go bhfuil níos mó 'ná aen chúis amháin chuige sin, agus nách le dearmad ná le déistean, le neamh-shuím ná le corp díomhaointis atáim im thost. Tá os cionn trí mbliadhan anois ann ó scríobhas litir chun an "Chlaídhim" (Márta a 8, 1902) ag cur síos ar litriughadh na Gaedhilge. Do ghlaedhas san scríbhinn sin ar mhuinntir na Gaedilge chun ACADAIMH GHAEDHEALACH do chur ar bun agus an cheist sin an litrighthe do shocrughadh gan moill. Níor tugadh toradh
ar mo ghlór, is d'fhan mo "ghairm-scoile" gan éifeacht. Níl ar n-Acadaimh againn fós acht í mar bheadh aisling mheadhóin-oidhche, agus tá ceist an litrighthe gan réidhteach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services