LITRIUGHADH NA GAEDHILGE. - I.
Dháithí Ó hIarfhlatha.
Is minic mo cháirde i measc na nGaedhal,
agus go sonnrádhach na Draoithe, ag casaoid
orm fá ná scríobhaim aon rud anois le
haghaidh na nGaedhilgeóirí; castar liom
"go bhfuilim im' chodladh is gan neart aca
ar mo dhúiseacht." Acht is maith is eól
duit féin go bhfuil níos mó 'ná aen chúis
amháin chuige sin, agus nách le dearmad ná le
déistean, le neamh-shuím ná le corp
díomhaointis atáim im thost. Tá os cionn
trí mbliadhan anois ann ó scríobhas litir
chun an "Chlaídhim" (Márta a 8, 1902) ag
cur síos ar litriughadh na Gaedhilge. Do
ghlaedhas san scríbhinn sin ar mhuinntir na
Gaedilge chun ACADAIMH GHAEDHEALACH
do chur ar bun agus an cheist sin an litrighthe do
shocrughadh gan moill. Níor tugadh toradh
ar mo ghlór, is d'fhan mo "ghairm-scoile"
gan éifeacht.
Níl ar n-Acadaimh againn fós acht í mar
bheadh aisling mheadhóin-oidhche, agus tá ceist an
litrighthe gan réidhteach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11