Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clodhanna Nua BEATHA AODHA UÍ NÉILL: Micheál Mag Ruaidhrí do chum. Uilliam Soirtéal do chuir síos. Ar n-a chur amach do Chonnradh Na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath, 1905. Ocht bpingne déag. Táimíd ag tosnughadh ar ár gcion féin de shóghmhl- aistí an tsaoghail d'fhaghail i n-ár dteangain duthchuis féin. Ba mhithid don atharrughadh soin teacht, acht tá sé tagaithe fé dheóidh. Seó leabhar deas taidhbhseach ar trácht ar stair na hÉireann le linn aimsire Aodha Ruaidh Uí Néill. Is le n-a leithéid seo de leabhar atá an gábhadh, agus is iad a leithéidí a déanfaidh tairbhthe ní hamháin indiu ná i mbáireach acht ar feadh bliadhanta. Gheobhaidh na céadtha is na mílte daoine sult agus pléisiúr seadh agus tairbhthe dá n-aigne is da n-intleacht leis as an leabhar so Mhichíl Mhig Ruaidhrí. Múinfidh an earradh atá ann d'óg-Ghaedhlaibh cionnus d'oibrightí i n-aimsir Aodha Ruaidh, is cad iad na gníomhartha a dhéin sé i ruith a shaoghail. Múinfar dóibh leis cad í an bhraith atá ag Éire asta féin, cad atá d'fhiachaibh ortha a dhéanamh chun iad féin d'ullmhughadh agus cad é seo go mbeidh súil ag Éire leis uatha i dtaca an chomhraic. Is beag taoiseach Gaedhlach i Stair na hÉireann fé mar a ghabhann siad b'uaisle, bh'oirdheirc, b'ion-ríogh ba chalma ba dheigh-chéillidhe ná Aodh Ruadh Ó Néill. Do chaith sé a óige ar deighilt ó n-a thalamh duthchuis. Níor dhein soin acht teas-ghrádh tonn-bhrúchtach a chroidhe dhi a mhéadughadh. D'fhoghluim sé cleasanna cogaidh is cuime na nGall, ní chun cabhrughadh leó féibh mar a shíleadar féin, acht chun iad d'imirt n-a gcoinnibh nuair a gheobhadh sé an chaothamhlacht. Fuair sé an chaothamhlacht agus is daor a dhíoladar-san as. Badh dheacair an leabhar so Mhichíl Mhig Ruaidhrí a shárughadh i dtaobh a fheabhas is do-gheibhmíd ann curtha síos go soiléir na héachta a dhéin Aodh Ó Néill an fhaid do mhair. Táid áirimhthe go cruinn beacht i nGaedhilg shlachtmhair sho-léighte. Acht do bhí ceist mhór fada acharannach roimh Mhicheál le réidhteach. Ní tógtha air é má mheas sé gan dul ro-dhoimhinn innti i ngach ball. B'fhearr leis gan amhrus cur síos díreach ar rudaíbh fé mar thuiteadar amach ná fanacht le cur síos ar na smaointibh do ghríosuigh Aodh chun so nó súd a dhéanamh. Is éigin dúinn fanamhaint go fóill chun siúd d'fhagháil. Go dtí soin bíodh leabhar Mhichíl againn, is ní bheam caillte. -- CUNNTAS GEÁRR AR NEITHIBH ATÁ INS AN SCRÍ- BHINN DIADHA, leis an Athair Máirtín Ó hÉilighe. An Chéad Chuid. Baile Átha Cliath: M. H. Gill agus a Mhac, Teoranta, 50 Sráid Uach. Uí Chonaill. 1905. Dhá Phinginn a luach. Tá Imprimatur Áird-easpuig Bhaile Átha Cliath ag gabháil leis an leabhairín seo maraon le hAdmholadh Áird-easpuig Thuama, agus is dóigh linn gur dheacair moladh ní b'fhearr d'fhagháil do. Leabhairín deas is eadh é. Tá an Ghaedhilg ann go simplidhe so- thuigseana. Is é an saghas leabhair a thaithnfidh le leanbhaí scoile é, agus do b'éidir go mbainfadh daoine fásta tairbhthe as leis dá léigfidís é. Beidh ceannach árd air i gCúige Chonnacht go háirithe. Dá mbeimís chun bronntanus a thabhairt do pháiste éigin, ní heól dúinn éan-rud, leabhar ná eile, a b'fearr chuige dar linn ná an leabhairín seo; ní hamháin ar son a mhaitheasa acht a thairbhthe. -- An agus amh agus eas É, do, dí, ní cóir di-mheas Neamh, ing, mí, ní, modh ceilge Naoi ndiúlta na Gaoidheilge. Solus na nGaedheal déanta i mBaile Áta Cliath Cártaí Posta Gaedhealacha! Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.
Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge." Uimhir I. An áit d'ár gabhas, (trí fuinn). An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTráithre." Do Sholáthruigh. Uimhir II. Turas go Tír na n-Óg (trí fuinn). An tAthair Tomás Mac 'Liam. Do Sholáthruigh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1903. Pighin an ceann. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáistí Sideóga ag obair: Sgéalta Sidhe: 'Liam Ó Riain do sgríobh. Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí. "An Táilleán,"
Smuainte ar Árainn, I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc., do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine. Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d. Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2 Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8. Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua. Do sgríobh "Conán Maol." An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis." Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge, Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE. AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services