Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna Nua



BEATHA AODHA UÍ NÉILL: Micheál Mag Ruaidhrí do
chum. Uilliam Soirtéal do chuir síos. Ar n-a
chur amach do Chonnradh Na Gaedhilge, i mBaile
Átha Cliath, 1905. Ocht bpingne déag.



Táimíd ag tosnughadh ar ár gcion féin de shóghmhl-
aistí an tsaoghail d'fhaghail i n-ár dteangain duthchuis
féin. Ba mhithid don atharrughadh soin teacht, acht tá sé
tagaithe fé dheóidh. Seó leabhar deas taidhbhseach ar
trácht ar stair na hÉireann le linn aimsire Aodha
Ruaidh Uí Néill. Is le n-a leithéid seo de leabhar atá
an gábhadh, agus is iad a leithéidí a déanfaidh tairbhthe ní
hamháin indiu ná i mbáireach acht ar feadh bliadhanta.
Gheobhaidh na céadtha is na mílte daoine sult agus
pléisiúr seadh agus tairbhthe dá n-aigne is da n-intleacht
leis as an leabhar so Mhichíl Mhig Ruaidhrí. Múinfidh
an earradh atá ann d'óg-Ghaedhlaibh cionnus d'oibrightí
i n-aimsir Aodha Ruaidh, is cad iad na gníomhartha a
dhéin sé i ruith a shaoghail. Múinfar dóibh leis cad í
an bhraith atá ag Éire asta féin, cad atá d'fhiachaibh
ortha a dhéanamh chun iad féin d'ullmhughadh agus cad é
seo go mbeidh súil ag Éire leis uatha i dtaca an
chomhraic.



Is beag taoiseach Gaedhlach i Stair na hÉireann fé
mar a ghabhann siad b'uaisle, bh'oirdheirc, b'ion-ríogh
ba chalma ba dheigh-chéillidhe ná Aodh Ruadh Ó Néill.
Do chaith sé a óige ar deighilt ó n-a thalamh duthchuis.
Níor dhein soin acht teas-ghrádh tonn-bhrúchtach a chroidhe
dhi a mhéadughadh. D'fhoghluim sé cleasanna cogaidh is
cuime na nGall, ní chun cabhrughadh leó féibh mar a
shíleadar féin, acht chun iad d'imirt n-a gcoinnibh
nuair a gheobhadh sé an chaothamhlacht. Fuair sé an
chaothamhlacht agus is daor a dhíoladar-san as.



Badh dheacair an leabhar so Mhichíl Mhig Ruaidhrí a
shárughadh i dtaobh a fheabhas is do-gheibhmíd ann curtha
síos go soiléir na héachta a dhéin Aodh Ó Néill an
fhaid do mhair. Táid áirimhthe go cruinn beacht i
nGaedhilg shlachtmhair sho-léighte. Acht do bhí ceist
mhór fada acharannach roimh Mhicheál le réidhteach. Ní
tógtha air é má mheas sé gan dul ro-dhoimhinn innti
i ngach ball. B'fhearr leis gan amhrus cur síos
díreach ar rudaíbh fé mar thuiteadar amach ná
fanacht le cur síos ar na smaointibh do ghríosuigh
Aodh chun so nó súd a dhéanamh. Is éigin dúinn
fanamhaint go fóill chun siúd d'fhagháil.



Go dtí soin bíodh leabhar Mhichíl againn, is ní bheam
caillte.



--



CUNNTAS GEÁRR AR NEITHIBH ATÁ INS AN SCRÍ-
BHINN DIADHA, leis an Athair Máirtín Ó hÉilighe.
An Chéad Chuid. Baile Átha Cliath: M. H. Gill
agus a Mhac, Teoranta, 50 Sráid Uach. Uí Chonaill.
1905. Dhá Phinginn a luach.



Tá Imprimatur Áird-easpuig Bhaile Átha Cliath ag
gabháil leis an leabhairín seo maraon le hAdmholadh
Áird-easpuig Thuama, agus is dóigh linn gur dheacair
moladh ní b'fhearr d'fhagháil do. Leabhairín deas is
eadh é. Tá an Ghaedhilg ann go simplidhe so-
thuigseana. Is é an saghas leabhair a thaithnfidh le
leanbhaí scoile é, agus do b'éidir go mbainfadh daoine
fásta tairbhthe as leis dá léigfidís é. Beidh ceannach
árd air i gCúige Chonnacht go háirithe. Dá mbeimís
chun bronntanus a thabhairt do pháiste éigin, ní heól
dúinn éan-rud, leabhar ná eile, a b'fearr chuige dar
linn ná an leabhairín seo; ní hamháin ar son a
mhaitheasa acht a thairbhthe.



--



An agus amh agus eas
É, do, dí, ní cóir di-mheas
Neamh, ing, mí, ní, modh ceilge
Naoi ndiúlta na Gaoidheilge.



Solus
na nGaedheal
déanta
i mBaile Áta Cliath



Cártaí Posta Gaedhealacha!



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.


L. 800a


Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge."



Uimhir I.



An áit d'ár gabhas,
(trí fuinn).



An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín") agus "Fear Fuartha na dTráithre."
Do Sholáthruigh.



Uimhir II.



Turas go Tír na n-Óg
(trí fuinn).



An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Sholáthruigh.



Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1903.



Pighin an ceann.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáistí



Sideóga ag obair:
Sgéalta Sidhe:



'Liam Ó Riain do sgríobh.



Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí.



"An Táilleán,"


L. 800b


Smuainte ar Árainn,
I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilge shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agusc.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fa pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá Éadach, 1/-; tríd an bpost 1/2
Fá Leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.



Aodh Ó néill. Dráma Úr-Nua.
Do sgríobh "Conán Maol."



An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidheamh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, AR THRÍ PIGINNE.
AGUS TRÍD AN bPOSTA, AR THRÍ PIGHINNE IS LEITH-PHIGHINN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services