Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Ó Gadhra, File - III.
Title
Seán Ó Gadhra, File - III.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÁN Ó GADHRA, FILE. - III. -- Is é an chéad rud eile i leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmada (leathanaigh, 35, 36), dán a scríobh Seán Ó Gadhra ar Thoirdhealbhach Ó Cearbhalláin; "Marbhna Thoirdhealbhaigh Uí Chearbhalláin" a thugann Ruaidhrí air, acht do bhí Ó Cearbhalláin n-a bheathaidh ar feadh abhfad i ndiaidh bháis Sheáin, agus dá réir sin ní thiocfadh leis "marbhna" a chumadh ar bhás an chruitire chlumhla úd. Is follus as an dán féin nach ar bhás Uí Chearbhalláin a cumadh é acht tráth éigin go raibh an fear ceóil d'éis taom breóidhteacht a chur dhe. Tá cunntus maith ar bheathaidh Uí Chearbhalláin i dtosach leabhair Uí Argadáin. Nach é an truagh ná bailightar is ná cuirtar le chéile a chuid amhrán agus ceóil. Tá an oiread díobh ar fagháil is do dhéanfadh leabhar maith toirteamhail ceóil. Tá ár gceóltóirí ró- thógta suas le lot na seana-fhonn tré cheól tionnlaic a chur leó, agus le ceapad- óireacht ar nós choimhightheach, chun obair náisiúnta dhen tsórt so a ghabháil ar láimh. Go deimhin is dóigh linn féin gur beag duine aca d'fhéadfadh obair dá shaghas a dhéanamh. Fuaradar féin a dtabhairt suas i scoil iasachta agus dálta súl an chuit bíonn an t-iasacht ag briseadh amach tríotha. Do réir Uí Argadáin, do rugadh Toir- dhealbhach Ó Cearbhalláin timcheall na bliadhna 1670 san mBaile Nua le hais Na hOibre i gCo. na Midhe. I n-aimsir Chromaill do chaill a athair Seán Ó Cear- bhalláin talamh a shinsear san gceanntar úd, agus d'aistrigh Toirdhealbhach go dtí Conn- tae Roscomáin. Do chomhnuidheadh sé i dtigh Mhic Diarmada Ruaidh ag Áth Fearnóg (Alderford) san gconntae sin. Bhí ana- chion ag mnaoi Mhic Dhiarmada air, agus fuair sé oileamhaint agus tabhairt suas do réir a ghradaim uaithi-se. San ochtmhadh bliadhain déag dá aois tháinig an bholgach air, agus b'é leónughadh Cheárd na bhFlaitheas gur chaill sé radharc a shúl go hiomlán tríthi. Bhí dúil aige i gcomhnuidhe i gceól is i bhfilidheacht agus cheannuigh an bhean mhaith úd cláirseach n-a chómhair. San dtarna bliadhain ar fhichid dá aois bhí sé oilte go maith ar an gcéird. Thug sí capall is giolla dhó, agus is ar an gcuma so do thosnuigh sé ar a shlighe bheathadh a dhéanamh amach. Bhíodh fáilte roimhe i ngach áit, i dtighthibh na n-uasal is i mbothánaibh na mbocht. Do thaistil sé Cúige Chonnacht go minic. Chuaidh sé éan-uair amháin go dtí Conntae Árd Macha, agus uair amháin go Conntae an Chláir. Acht do thaistil an ceól do chum sé ar fuid na hÉireann, agus anonn tar na fairrgíbh. Tá sé ráidhte gur chum sé os cionn dá chéad fonn ceóil. Do cheap sé amhráin ag freagairt do gach ceann díobh, geall leis. Anois, ní dócha gur féidir tar an gceath- ramhadh cuid díobh-san a sholáthar. Tá duthchas ceóil na nGaedheal i ngach fonn díobh, agus dá réir sin ní hiongnadh linn go raibh árd-chlú air le n-a linn féin agus as soin anuas go dtí an lá atá indiu ann; agus ní baoghal ná go mbeidh trácht ar a ainm is ar a ghníomhartha, an fhaid do bheidh Gaedhil ar marthain i "dtalamh iath-ghlas Chuinn is Eoghain." Fuair sé bás i dtigh Mhic Dhiarmada Dia Sathairn an cúigmhadh lá fichead de mhí na Márta 1738, agus tá sé curtha i reilig Chill Ronáin. An bhfuil leac chuimhne os a chionn? Muna bhfuil, cad chuige ná beadh? Deibhidhe, méidireacht an dáin seo.
BUAN AN EAGNA. Buan an eagna ó n-a hóradh, ní feas céim na comóradh; bí a scéimh dá cur i gclídh, nach léig di dul i ndimbrígh. 5 Madh feallsamh nó fear dána scrúdas oilcheas ealadhna, sé gnás gach eóluis amhra sheólas fás gach urlabhra. Mar sin do cheannphort an chiúil 10 le líomhthar gach téad taighiúir, mar gcleachtaidh gan chlá a ghréas léigfidh a lámh ar leith-ghléas. Ceól na cruite, dá dtáim dhó, cian atá i bhFódla ar iarghnó; 15 mar dhuain gach draoi dhá dhoimhne, chuaidh a haoibh i n-éagcuimhne Gur mhúscail suas a sealbhadh an chraobh chumhra Toirdhealbhach, an séanmhar faoilidh falláin, 20 éigne chraoibhe Ó Cearbhalláin. Ughdar sheanma Inse Ealga, las a lóchrainn luinn-dearga, nach ciamhair ceó fá chroidhe le diamhair ceól clársaighe. 25 Srotha meala fuaim a mheór ag rochtain uain go haigheór, bhíos go bláth-cheart braénach binn 's go fáilteach aérach aoibhinn. Meanmnach a shéis i n-am óil 30 ciamhair i gcás gach dubhróin, suantraighe na nduan nach docht guaillidhe buan na bantrocht. Gach slighe sheanma dar chum Ciothruaidh caoin nó an dá Édhmunn, 35 mar bhfuair bárr tar gach cuisle, ní bhfuair tár ná tarcuisne. Ceó mar fhásas gan aire fá'n úr-mháigh dtais dtalmhaidhe, leathnuighe ceól foirbhthe an fhir 40 n-a cheó doilbhthe ar na daoinibh. Gach neach i bhfiabhrus go fann, 's créachta curadh na gcómhlann, 's go hádhbhal gach gruaidh ghreanta ó ghruaim go hádhbhar aigeanta. 45 D'fhás an uaisle n-a mheadhóin, árd-shliocht Eachach Muidhmheadhóin, laoch dar sciamhadh tuir Theamhrach d'fhuil na dtriath-mhac Toirdheal- bhach. Gidh thárla, Dia 's a chabhair, 50 uain ón éag go bhfuarabhair, mór faoi lom dá labhairt chaoi da chom i gcontabhairt. Gach triath i dtalamh Banbha dá bhfuair éisteacht h'ealadhna, 55 fearaid frasa go docht, sreathaid basa na mbantrocht. Muimhnigh is Laighnigh gan locht, ní áirimhím chatha Connocht, 's Ultaigh ársaidhe do shiúil fád chlársaigh thurmdha thaighiúir. Dealbha cumhadh go bhfuaim amhra dhamh-sa d'oilcheas ealadhna, is sochroide bhinn bhraénach sroth-thuile ghrinn ghlan-ghéagach. 65 Oirfide na n-amud oile cuireadh ar cheól chlársaighe, a bhfuinn go cruinn gan cheilt a ruinn a gcuing 's a gcaismeirt. Go mbadh buan do thaobh thoraidh 70 fá mhnaoi is fá chlainn chúrumaigh; ó's gairid bhar lá ón Luan, go mairidh bhar mbládh bith-bhuan. B. u. a. n.
An Ceangal. Ní bheadh séis ar bord ná stoirm chearant n-a dheáidh, Ná dréachta doilbhthe le dord na seanma ar fagháil, 75 Gan spéic ar coirm ná corn faoi leann ar clár, Dá mbadh éag do Thoirdhealbhach oir- dheirc Ó Cearbhalláin. Is baéth 's is doirbh dord na mbeann- chrot mbláith Gan féachain oraibh 's bhar lorg do leanmhain tráth; Is, ón gCéis go Corcaigh 's go Corr- fhleisc crann na lámh, 80 Tá an chraébh gan roinn ag Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin. IV. Seo dán do chuir Seán Ó Gadhra ag triall ar Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, ughdar "Ogygia." Is é an chéad rud eile i leabha Ruaidhrí Mhic Dhiarmada é. Tugann Ruaidhrí "Marbhna an duine uasail ró- oirdheirc ró-fhoghluma, Ruaidhrí ó Flaith- bheartaigh," mar ainm air. Acht dálta duaine an Chearbhallánaigh, is follus as an ndán féin go raibh Ruaidhrí ó Flaithbheartaigh n-a bheathaidh an tráth scríobhadh é, san mbliadhain 1712. Dan molta is eadh é; tá an file ag cur síos ar fhoghluim is ar thréithibh Ruaidhrí, agus sna amhrán ceangail i ndeireadh an dáin tá sé ag seóladh a bheanachtan chun an ughdair. Ba ghnáthach a leithéid seo idir na filidhibh an tráth úd, agus is minic a bhuaileann aistí dhá shaghas orainn ins na láimhscríbhinne. Ní fuláir nó bhí coidreamh ag an mbeirt ar a chéile. Is cosmhail gur ar theacht Ogygia i gcló, dhon chéad uair, do chuir Seán an duain seo ag triall ar an ughdar. I measc na láimh-scríbheann san Agadaimh tá cheithre leabhar go bhfuil an duain seo ar fagháil ionnta. Sid iad a gcomharthaí: - (1) Leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmada, .i. Stowe, l., VI., leathanaigh 37, 38; (2) 23 G 4, leathanach 22; (3) 23 G 5, leathanach 40; (4) 23 N 11, leathanach 16. Ní gábhadh dhúinn a thuilleadh a rádh n-a dtaobh annso acht amháin go ndearnadh comh-mheas eatortha go léir agus go bhfaghfar san nGluais thíos cunntas ar gach malairt léightheóireachta dá bhfuarathas ortha. San mbliadhain 1722 do scríobhadh G 4; agus Seán Ó Catháin, an scríbhneóir. San mbliadhain 1798 do scríobh Mícheál ó Cathasaigh éigin G 5. B'é Mícheál Ó Longáin do scríobh an dán san leabhar N 11. Fá bhun an dáin san leabhar G 4, tá "Seán Óg Ó Gadhra, Cnoc na ranna, 1712," acht Cnoc Reamhar ba cheart a bheith ann. Ta freagra Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, ocht líne dhéag de dhán Laidne, san áit chéadna Deibhidhe méidireacht an dáin seo. MÓR A GCOMAOIN. Mór a gcomaoin ar Chrích Chuinn, an drong is abaidh, d'fhoghluim, ag scrúdadh an iúil amhra le stiúir n-ughdar n-ealadhna. 85 Ag tionól screaptra na ruadh, dá scríobhadh síos go hath-nuadh, cródhacht na righthe 's a reacht, dlighthe Fódla 's a hoireacht. Móide fós meastar gach fonn aostacht 'fóirne 's a fearonn, leogain nár ghabh guais i nglia, do ghluais a seólta ón Scitia. Saothar gach seanchadh gan chlódh, gach ollamh ceart gan claochlódh, gach file faobhrach sa dáil, craobh gan time 'an tromdháimh.
Do chaomhnadar diaidh i ndiaidh an fhírinne ar fuinn Mhaicniaidh, ar cheist gur sompla salach 100 teist na n-ughdar n-allmhurach. Broid eachtrann ortha go se do dhall iarsma na héigse; re dile dhá n-iaith go glan bí an triath 'n file agus 'n ollamh. 105 Ag seo sompla nach beag brígh, caomhnus gach rola, Ruadhrí, Ó Flaithbheartaigh, gríobh go ngus, do scríobh scaith-bhreatha 's seanchus. Trí saltracha Bhanba bhreagh, 110 cartacha Chlainne Míleadh, leabhra gabhála n-a ngar, annála Teamhra a thacar. Féineachus, féilire, táin, béarla teibidhe ón tron-dháimh, 115 ughdar, le gach am le 'dtig, rann do scrúdadh san Scoitic. Réimhios na ríogh, bás na dtriath, comhfhlatha na gcríoch n-imchian, na ceatha chuir Dia do neamh, 120 beatha na gcliar 's a gcreideamh. Méad do shaothair níor scríobh neach ó ré Ciocail nó Ceasrach, a bhflatha a bhfáil 's a bhforus, gur scaith Gaill a ngrian-tsolus. 125 Teangthach is líomhtha labhra, orthóir ionmhais ealadhna, péarla glan is lonnrach lí, sunnrach an réalta Ruadhrí Tá forus Fódla gan chia it leabhar Laidne Ogygia, do chlaoidh gach ughdar fall-sa mhúchfadh aoibh na hÉireann-sa. Ní hallacht, ní breith le báidh, acht rún an chirt do chongbháil, 135 ní grádh duaise dá dhaoire acht bárr uaisle horchraoibhe. Bheir mór n-eagna díth ealbha, deir na duarca do-dhealbha; 's gurab é bhíos n-a bhaois leamh 140 an aois 's a cíos do chaitheamh. Nó go raibh Gaedheal n-a Ghall mairfidh do mhuirnn gan mhearbhall ag draoithe na dáimhe dhuit 's ag saithe an Chláir seo Chormuic. 145 Aois Chríost mar fhiadhain air, míle seacht gcéad trí ceathair; ní'l brígh ná sasamh i stor acht grása an Ríogh atá ró-mhór M. Ó. R. CEANGAL. A Fhlaithbheartaigh an áigh rug bárr i gcumus an iúil S i screaptra na ndámh do shnámh an tiomus ar gcúl Ó's failleach mo dhán 's gur gearr a chuirim do chlú Mo bheannacht 'do dháil mar shláinte chugat ar lúth. GLUAIS III. Marbhna (often pron. marana), an elegy. Cruitire, a harper. Is follus as, it is clear from. Taom breoidhteachta, a fit of sickness. Leabhar Uí Argadáin, Hardiman's book, .i. "Irish Minstrelsy" Toirteamhail, bulky. Ceól tionnlaic, accompaniment (in music) Do ghabháil ar láimh, to undertake. Baile Nua, Newtown, near Nobber, Co. Meath. D'aistrigh T., T. removed. Do réir a ghradaim, according to his state. Leónughadh cheárd na bhFlaitheas, the will of the Creator of Heaven. Bolgach, -aighe, smallpox. Oilte ar a chéird, expert at his trade. Dhá chéad fonn ceóil, two hundred melodies. A sholáthar, to provide, gather. Leac chuimhne, a memorial.
1. Ó n-a hóradh, on account of its excellence. Sean. an eagnó n-a. 2. Comóradh, its magnificence. 3. Bí, .i. Bíonn. Cur i gclídh, strengthening, shaping. 5. Feallsamh, a philosopher. Fear dána, a poet. 6. Oilcheas, secret, mystery 7. Amhra, goodly, noble. 9. An chiúil .i an cheóil. 10. Le líomhthar, who polishes. Taighiúr, pleasantness. 11. Gan chlá, (?) earnestly. Clamh, a jest, Ó Ragh. A ghréas, practising it. 12. Légfaidh, R. Mac D. 13. Dá dtáim dhó, .i. go bhfuilim ag tagairt dó. 14. Iarghnó, distess. Scan " Cian a tá 'bhFódl ar iar ghnó." 16. Aobh, beauty. 17. Sealbhadh, possession, enjoyment; accus. gov. by múscail (muascail, R. Mac D.). Craobh in l. 18 is nom. to múscail. 19. Séanmhar, the prosperous one. Faoilidh, merry. 20. Éigne, salmon; should it be éigse? In scansion the e of craoibhe sinks. 21. Ughdar sheanma, .i. the chief player. Scan sheanm' Inse. 22. Luinn-dearg, very red. 23. Ciamhair, misty, foggy. 24. Diamhair, obscurity, mystery. 26. Go haithgheór, go haithghéar, very sharply. Go haigheóir, R. Mac D. 29. Meanmnach, sprightly in his melody (harmony); n-am an óil, R. Mac D. 31. Suantraighe, lullaby, music which induces sleep. 32. Guaillidhe, a champion. 34. Scan "nó'n dá." 38. Talmhaidhe, belonging to land, worldly. 39. Leathnuighe .i. leathnuigheann, spreads. 40. Scan : " n-a cheó doilbhth' ar ba daoin ibh." 43. Gach gruaidh ghreannta, every finely formed cheek. The reference is to ladies for whom Carolan composed songs. 44. Adhbhar aigeanta, in a cheery mood. There seems to be a syllable too many in this line. Perhaps ádhbh'r aigeanta. 45. An uaisle .i. an uaisleacht. 46. Eochaidh Muidhmheadhoin ainm Áird-Ríogh a bhí i gceannus na hÉireann san gceathramhadh aois. 47. Dar sciamhadh, for whom the towers of Tara were beautified. 50. Fuarabhair is the form in use in Leath Mogha. Pl. is used for sing. 51. Syl. too few in this line. Perhaps "mó rinn faoi lom." 52. Chaoi, thus R. Mac D. Perhaps "Saoi dá chonn." 54. Éisteacht healadhna, listening to thy music. 55. Syl. too few in this line. Probably "Fearaid frasa deór go docht." Fearthaid Frassa, R. Mac D. 56. Sreathaid, they spread out. 59. "Is Ultaigh ársaidhe do shiubhail," R. Mac D. Do shiúil = do sheóil, they came. 60. Trumdha, ponderous, stately. 62. Doilcheas, R. Mac D. Is it doilgheas? 65. Syl. too few in this line. 66. Cuir -, R. Mac D. Is it cuiridh for cuireann? 67. Syl. too few in this line. 68. A ruinn: ronn, a tie, bond. 70. Scan "fá mhnaoi 's." 71. .i. is gairid é an saoghal abhfus. 72. "mbláth go bith-bhuan, R. Mac D. Bládh, fame bith-bhuan, everlasting. 73. Cearant. Is it cearnta, gen. of cearnadh vic- tory, conquest. 74. Doilbhthe, magic, Dord is the bass in music. It here refers to the style of playing. The old harpists always extemporised their "accompani- ment." 75. Spéic, .i., suim. 76. Toirdhealbhach must be given the Western pronun- ciation, Torloch. It is pronounced Tréalach in the South. 77. Beann-chruit refers to the peaks of the harp. 78. Féachain oraibh, to take "pattern" from you. 79. Céis, near Ballymote, Co. Sligo. Corrfhleisc, the winding Flesk, in Co. Kerry. 80. An chraébh, the palm, victory. R. Mac D. spells aé where the assonance requires "ae" instead of the usual Western pronunciation of ao. Tá "Mr. Gádhra" fá bhun an amhráin aige. Nóta. - There is a copy of "Staid Nua na hÉireann" in the Stowe M.S.S., F.V. 2, pp. 39-41, but the name of the author is not given. The stanza beginning "Cíos rígh" does not occur in "Aiste Seáin Uí Chonaill." There is a translation of portion of this dán in An Craoibhín's "Literary History," pp. 595, to which wer refer the curious. IV. 81. Críoch Chuinn, Conn's Land, Ireland. 82. Is abaidh d'fhoghluim, of ripe learning. 83. Ag scríobhadh an iúil, N II. 84. Stiúir, guidance. 85. Screaptra, writings, books. 88. 'S a hoighreacht, R. Mac D. 90. Aostacht foirbhthe sa bhfearonn, R. Mac D. 91. Nár ghabh guais, who know not fear, in battle. 92. Scan "a seólt' ón." 93. Seanchadh, a historian. Gan chlódh, without deceit, truthful.
95. Sa dáil, in the account (?) 96. An trom-dháimh, the bardic fraternity, assembly. 98. Fonn Maicniaidh, an old bardlc appelation for Munster, or more particularly Desmond, but the poet here applies it to Ireland, fonn MH., N 11. 99. Ar cheist gur, .i . ar shlighe gur, ar chuma gur. 101. Broid, oppression. Go se, do dtí anois. 103. Dile, fidelity, loyalty, affection. 106. Caomhnus, protection; caomhnughadh, N. 11. 107. Gríobh go ngus, a valiant hero. 108. Scaith-bhreatha, clear judgments, opinions (?). 110. Cartacha, pl. of cairt, -te, a charter. 111. Leabhra Ghabhála, books of Conquest, "Invasion." N-a ngar, near them, along with them. 112. Tacar, gleaning, collection. 113. Féineachus, the law codes of the brehons. "Filidhe, táin, N. 11. 114. Béarla teibidhe, (?) ancient of "deibhidhe" language. 116. Do scrúdadh rann," R. Mac D. San Scoitic, i dteangaidh na Scot, .i. nan nGaedhilg. 117. Réimhios na Ríogh, a list of kings, with the periods in which they reigned. 122. Ré Ciocail, the time of Ciocal Gregenchosach, son of Goll of the Fomorians, slain, according to the Four Masters, A.M. 2530. Ceasair is supposed to have landed in Ireland some time after the Deluge. 123. A bhflatha, a bhfaill, R. Mac D. 123. Scaithim, scoithim, I cut off, shake off. "Gur scoith," N. 11. 126. Orthóir, one who uses polished language, a charmer. 127. Lí, colour, brightness. 128. Sunnrach, exact, accurate. 129. Forus Fódla, here used for History of Ireland. 132. "Aoibh na h-éigs seann-sa," N 11. 133. Allacht, fame, renown. 136. Orchraoibhe, of a noble branch, lineage. The use of the h shows that this and the preceding word do not coalesce. 137. Mór n-eagna, greatness of wisdom. Ealbh, -a, a flock, herd. 138. Duairce, R. Mac D. Do-dhealbha, ill-shaped. 140. "Dá gcaitheamh," R. Mac D. 142. Muirnn, love, affection. 143. Clár Chormuic, ainm ar Éirinn. 145. Fiadhain, testimony. 146. Trí ceathair, three fours, twelve. Ní'l an cheathramhadh dheiridh seo ar fagháil i leabhar N 11. ná i leabhar G 4. Ins an leabhar so G 4 tá na focla so fé bhun an dáin: "Cnockrana 1713. Seán Óg Ó Gadhra." Ní faghthar an Ceangal acht amháin i leabhar R. Mac D. agus tá Mr. Gádhra thíos aige-sean fá n-a bhun. 149. An iúil .i. an eóil .i. an eóluis. 150. An tiomus, (?) an t-iomus, the "imbus for osna" of the ancients. 151. Failleach, negligent. 152. Ar lúth, running quickly.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services