Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - III.

Title
Seán Ó Gadhra, File - III.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEÁN Ó GADHRA, FILE. - III.



--



Is é an chéad rud eile i leabhar Ruaidhrí
Mhic Dhiarmada (leathanaigh, 35, 36), dán a
scríobh Seán Ó Gadhra ar Thoirdhealbhach Ó
Cearbhalláin; "Marbhna Thoirdhealbhaigh Uí
Chearbhalláin" a thugann Ruaidhrí air, acht
do bhí Ó Cearbhalláin n-a bheathaidh ar feadh
abhfad i ndiaidh bháis Sheáin, agus dá réir
sin ní thiocfadh leis "marbhna" a chumadh
ar bhás an chruitire chlumhla úd. Is follus
as an dán féin nach ar bhás Uí Chearbhalláin
a cumadh é acht tráth éigin go raibh an fear
ceóil d'éis taom breóidhteacht a chur dhe.
Tá cunntus maith ar bheathaidh Uí Chearbhalláin
i dtosach leabhair Uí Argadáin. Nach é an
truagh ná bailightar is ná cuirtar le chéile
a chuid amhrán agus ceóil. Tá an oiread
díobh ar fagháil is do dhéanfadh leabhar maith
toirteamhail ceóil. Tá ár gceóltóirí ró-
thógta suas le lot na seana-fhonn tré
cheól tionnlaic a chur leó, agus le ceapad-
óireacht ar nós choimhightheach, chun obair
náisiúnta dhen tsórt so a ghabháil ar láimh.
Go deimhin is dóigh linn féin gur beag
duine aca d'fhéadfadh obair dá shaghas a
dhéanamh. Fuaradar féin a dtabhairt suas
i scoil iasachta agus dálta súl an chuit bíonn
an t-iasacht ag briseadh amach tríotha.



Do réir Uí Argadáin, do rugadh Toir-
dhealbhach Ó Cearbhalláin timcheall na
bliadhna 1670 san mBaile Nua le hais Na
hOibre i gCo. na Midhe. I n-aimsir
Chromaill do chaill a athair Seán Ó Cear-
bhalláin talamh a shinsear san gceanntar úd,
agus d'aistrigh Toirdhealbhach go dtí Conn-
tae Roscomáin. Do chomhnuidheadh sé i
dtigh Mhic Diarmada Ruaidh ag Áth Fearnóg
(Alderford) san gconntae sin. Bhí ana-
chion ag mnaoi Mhic Dhiarmada air, agus fuair
sé oileamhaint agus tabhairt suas do réir
a ghradaim uaithi-se.



San ochtmhadh bliadhain déag dá aois
tháinig an bholgach air, agus b'é leónughadh
Cheárd na bhFlaitheas gur chaill sé radharc
a shúl go hiomlán tríthi. Bhí dúil aige i
gcomhnuidhe i gceól is i bhfilidheacht agus
cheannuigh an bhean mhaith úd cláirseach n-a
chómhair. San dtarna bliadhain ar fhichid
dá aois bhí sé oilte go maith ar an gcéird.
Thug sí capall is giolla dhó, agus is ar an
gcuma so do thosnuigh sé ar a shlighe bheathadh
a dhéanamh amach.



Bhíodh fáilte roimhe i ngach áit, i dtighthibh
na n-uasal is i mbothánaibh na mbocht. Do
thaistil sé Cúige Chonnacht go minic. Chuaidh
sé éan-uair amháin go dtí Conntae Árd
Macha, agus uair amháin go Conntae an
Chláir. Acht do thaistil an ceól do chum sé
ar fuid na hÉireann, agus anonn tar na
fairrgíbh.



Tá sé ráidhte gur chum sé os cionn dá
chéad fonn ceóil. Do cheap sé amhráin ag
freagairt do gach ceann díobh, geall leis.
Anois, ní dócha gur féidir tar an gceath-
ramhadh cuid díobh-san a sholáthar. Tá
duthchas ceóil na nGaedheal i ngach fonn
díobh, agus dá réir sin ní hiongnadh linn
go raibh árd-chlú air le n-a linn féin agus
as soin anuas go dtí an lá atá indiu ann;
agus ní baoghal ná go mbeidh trácht ar a
ainm is ar a ghníomhartha, an fhaid do bheidh
Gaedhil ar marthain i "dtalamh iath-ghlas
Chuinn is Eoghain."



Fuair sé bás i dtigh Mhic Dhiarmada Dia
Sathairn an cúigmhadh lá fichead de mhí na
Márta 1738, agus tá sé curtha i reilig
Chill Ronáin. An bhfuil leac chuimhne os a
chionn? Muna bhfuil, cad chuige ná beadh?



Deibhidhe, méidireacht an dáin seo.


L. 791


BUAN AN EAGNA.



Buan an eagna ó n-a hóradh,
ní feas céim na comóradh;
bí a scéimh dá cur i gclídh,
nach léig di dul i ndimbrígh.



5 Madh feallsamh nó fear dána
scrúdas oilcheas ealadhna,
sé gnás gach eóluis amhra
sheólas fás gach urlabhra.



Mar sin do cheannphort an chiúil
10 le líomhthar gach téad taighiúir,
mar gcleachtaidh gan chlá a ghréas
léigfidh a lámh ar leith-ghléas.



Ceól na cruite, dá dtáim dhó,
cian atá i bhFódla ar iarghnó;
15 mar dhuain gach draoi dhá dhoimhne,
chuaidh a haoibh i n-éagcuimhne



Gur mhúscail suas a sealbhadh
an chraobh chumhra Toirdhealbhach,
an séanmhar faoilidh falláin,
20 éigne chraoibhe Ó Cearbhalláin.



Ughdar sheanma Inse Ealga,
las a lóchrainn luinn-dearga,
nach ciamhair ceó fá chroidhe
le diamhair ceól clársaighe.



25 Srotha meala fuaim a mheór
ag rochtain uain go haigheór,
bhíos go bláth-cheart braénach binn
's go fáilteach aérach aoibhinn.



Meanmnach a shéis i n-am óil
30 ciamhair i gcás gach dubhróin,
suantraighe na nduan nach docht
guaillidhe buan na bantrocht.



Gach slighe sheanma dar chum
Ciothruaidh caoin nó an dá Édhmunn,
35 mar bhfuair bárr tar gach cuisle,
ní bhfuair tár ná tarcuisne.



Ceó mar fhásas gan aire
fá'n úr-mháigh dtais dtalmhaidhe,
leathnuighe ceól foirbhthe an fhir
40 n-a cheó doilbhthe ar na daoinibh.



Gach neach i bhfiabhrus go fann,
's créachta curadh na gcómhlann,
's go hádhbhal gach gruaidh ghreanta
ó ghruaim go hádhbhar aigeanta.



45 D'fhás an uaisle n-a mheadhóin,
árd-shliocht Eachach Muidhmheadhóin,
laoch dar sciamhadh tuir Theamhrach
d'fhuil na dtriath-mhac Toirdheal-
bhach.



Gidh thárla, Dia 's a chabhair,
50 uain ón éag go bhfuarabhair,
mór faoi lom dá labhairt
chaoi da chom i gcontabhairt.



Gach triath i dtalamh Banbha
dá bhfuair éisteacht h'ealadhna,
55 fearaid frasa go docht,
sreathaid basa na mbantrocht.



Muimhnigh is Laighnigh gan locht,
ní áirimhím chatha Connocht,
's Ultaigh ársaidhe do shiúil
fád chlársaigh thurmdha thaighiúir.



Dealbha cumhadh go bhfuaim amhra
dhamh-sa d'oilcheas ealadhna,
is sochroide bhinn bhraénach
sroth-thuile ghrinn ghlan-ghéagach.



65 Oirfide na n-amud oile
cuireadh ar cheól chlársaighe,
a bhfuinn go cruinn gan cheilt
a ruinn a gcuing 's a gcaismeirt.



Go mbadh buan do thaobh thoraidh
70 fá mhnaoi is fá chlainn chúrumaigh;
ó's gairid bhar lá ón Luan,
go mairidh bhar mbládh bith-bhuan.



B. u. a. n.


L. 792


An Ceangal.



Ní bheadh séis ar bord ná stoirm
chearant n-a dheáidh,
Ná dréachta doilbhthe le dord na
seanma ar fagháil,
75 Gan spéic ar coirm ná corn faoi
leann ar clár,
Dá mbadh éag do Thoirdhealbhach oir-
dheirc Ó Cearbhalláin.



Is baéth 's is doirbh dord na mbeann-
chrot mbláith
Gan féachain oraibh 's bhar lorg do
leanmhain tráth;
Is, ón gCéis go Corcaigh 's go Corr-
fhleisc crann na lámh,
80 Tá an chraébh gan roinn ag Toirdhealbhach
Ó Cearbhalláin.



IV.



Seo dán do chuir Seán Ó Gadhra ag
triall ar Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, ughdar
"Ogygia." Is é an chéad rud eile i
leabha Ruaidhrí Mhic Dhiarmada é. Tugann
Ruaidhrí "Marbhna an duine uasail ró-
oirdheirc ró-fhoghluma, Ruaidhrí ó Flaith-
bheartaigh," mar ainm air. Acht dálta
duaine an Chearbhallánaigh, is follus as an
ndán féin go raibh Ruaidhrí ó Flaithbheartaigh
n-a bheathaidh an tráth scríobhadh é, san
mbliadhain 1712. Dan molta is eadh é;
tá an file ag cur síos ar fhoghluim is ar
thréithibh Ruaidhrí, agus sna amhrán ceangail
i ndeireadh an dáin tá sé ag seóladh a
bheanachtan chun an ughdair. Ba ghnáthach a
leithéid seo idir na filidhibh an tráth úd,
agus is minic a bhuaileann aistí dhá shaghas
orainn ins na láimhscríbhinne. Ní fuláir nó
bhí coidreamh ag an mbeirt ar a chéile. Is
cosmhail gur ar theacht Ogygia i gcló, dhon
chéad uair, do chuir Seán an duain seo ag
triall ar an ughdar.



I measc na láimh-scríbheann san Agadaimh
tá cheithre leabhar go bhfuil an duain seo ar
fagháil ionnta. Sid iad a gcomharthaí: -
(1) Leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmada, .i.
Stowe, l., VI., leathanaigh 37, 38; (2) 23 G 4,
leathanach 22; (3) 23 G 5, leathanach 40;
(4) 23 N 11, leathanach 16. Ní gábhadh
dhúinn a thuilleadh a rádh n-a dtaobh annso
acht amháin go ndearnadh comh-mheas eatortha
go léir agus go bhfaghfar san nGluais thíos
cunntas ar gach malairt léightheóireachta
dá bhfuarathas ortha. San mbliadhain 1722
do scríobhadh G 4; agus Seán Ó Catháin,
an scríbhneóir. San mbliadhain 1798 do
scríobh Mícheál ó Cathasaigh éigin G 5.
B'é Mícheál Ó Longáin do scríobh an dán
san leabhar N 11. Fá bhun an dáin san
leabhar G 4, tá "Seán Óg Ó Gadhra, Cnoc
na ranna, 1712," acht Cnoc Reamhar ba
cheart a bheith ann. Ta freagra Ruaidhrí Uí
Fhlaithbheartaigh, ocht líne dhéag de dhán
Laidne, san áit chéadna



Deibhidhe méidireacht an dáin seo.



MÓR A GCOMAOIN.



Mór a gcomaoin ar Chrích Chuinn,
an drong is abaidh, d'fhoghluim,
ag scrúdadh an iúil amhra
le stiúir n-ughdar n-ealadhna.



85 Ag tionól screaptra na ruadh,
dá scríobhadh síos go hath-nuadh,
cródhacht na righthe 's a reacht,
dlighthe Fódla 's a hoireacht.



Móide fós meastar gach fonn
aostacht 'fóirne 's a fearonn,
leogain nár ghabh guais i nglia,
do ghluais a seólta ón Scitia.



Saothar gach seanchadh gan chlódh,
gach ollamh ceart gan claochlódh,
gach file faobhrach sa dáil,
craobh gan time 'an tromdháimh.


L. 793


Do chaomhnadar diaidh i ndiaidh
an fhírinne ar fuinn Mhaicniaidh,
ar cheist gur sompla salach
100 teist na n-ughdar n-allmhurach.



Broid eachtrann ortha go se
do dhall iarsma na héigse;
re dile dhá n-iaith go glan
bí an triath 'n file agus 'n ollamh.



105 Ag seo sompla nach beag brígh,
caomhnus gach rola, Ruadhrí,
Ó Flaithbheartaigh, gríobh go ngus,
do scríobh scaith-bhreatha 's seanchus.
Trí saltracha Bhanba bhreagh,
110 cartacha Chlainne Míleadh,
leabhra gabhála n-a ngar,
annála Teamhra a thacar.



Féineachus, féilire, táin,
béarla teibidhe ón tron-dháimh,
115 ughdar, le gach am le 'dtig,
rann do scrúdadh san Scoitic.



Réimhios na ríogh, bás na dtriath,
comhfhlatha na gcríoch n-imchian,
na ceatha chuir Dia do neamh,
120 beatha na gcliar 's a gcreideamh.



Méad do shaothair níor scríobh neach
ó ré Ciocail nó Ceasrach,
a bhflatha a bhfáil 's a bhforus,
gur scaith Gaill a ngrian-tsolus.



125 Teangthach is líomhtha labhra,
orthóir ionmhais ealadhna,
péarla glan is lonnrach lí,
sunnrach an réalta Ruadhrí



Tá forus Fódla gan chia
it leabhar Laidne Ogygia,
do chlaoidh gach ughdar fall-sa
mhúchfadh aoibh na hÉireann-sa.



Ní hallacht, ní breith le báidh,
acht rún an chirt do chongbháil,
135 ní grádh duaise dá dhaoire
acht bárr uaisle horchraoibhe.



Bheir mór n-eagna díth ealbha,
deir na duarca do-dhealbha;
's gurab é bhíos n-a bhaois leamh
140 an aois 's a cíos do chaitheamh.



Nó go raibh Gaedheal n-a Ghall
mairfidh do mhuirnn gan mhearbhall
ag draoithe na dáimhe dhuit
's ag saithe an Chláir seo Chormuic.



145 Aois Chríost mar fhiadhain air,
míle seacht gcéad trí ceathair;
ní'l brígh ná sasamh i stor
acht grása an Ríogh atá ró-mhór



M. Ó. R.



CEANGAL.



A Fhlaithbheartaigh an áigh rug bárr i
gcumus an iúil
S i screaptra na ndámh do shnámh an
tiomus ar gcúl
Ó's failleach mo dhán 's gur gearr a
chuirim do chlú
Mo bheannacht 'do dháil mar shláinte
chugat ar lúth.



GLUAIS
III.



Marbhna (often pron. marana), an elegy.
Cruitire, a harper.
Is follus as, it is clear from.
Taom breoidhteachta, a fit of sickness.
Leabhar Uí Argadáin, Hardiman's book, .i. "Irish
Minstrelsy"
Toirteamhail, bulky.
Ceól tionnlaic, accompaniment (in music)
Do ghabháil ar láimh, to undertake.
Baile Nua, Newtown, near Nobber, Co. Meath.
D'aistrigh T., T. removed.
Do réir a ghradaim, according to his state.
Leónughadh cheárd na bhFlaitheas, the will of the Creator
of Heaven.
Bolgach, -aighe, smallpox.
Oilte ar a chéird, expert at his trade.
Dhá chéad fonn ceóil, two hundred melodies.
A sholáthar, to provide, gather.
Leac chuimhne, a memorial.


L. 794


1. Ó n-a hóradh, on account of its excellence. Sean.
an eagnó n-a.
2. Comóradh, its magnificence.
3. Bí, .i. Bíonn.
Cur i gclídh, strengthening, shaping.
5. Feallsamh, a philosopher.
Fear dána, a poet.
6. Oilcheas, secret, mystery
7. Amhra, goodly, noble.
9. An chiúil .i an cheóil.
10. Le líomhthar, who polishes.
Taighiúr, pleasantness.
11. Gan chlá, (?) earnestly. Clamh, a jest, Ó Ragh.
A ghréas, practising it.
12. Légfaidh, R. Mac D.
13. Dá dtáim dhó, .i. go bhfuilim ag tagairt dó.
14. Iarghnó, distess. Scan " Cian a tá 'bhFódl
ar iar ghnó."
16. Aobh, beauty.
17. Sealbhadh, possession, enjoyment; accus. gov. by
múscail (muascail, R. Mac D.). Craobh in l. 18
is nom. to múscail.
19. Séanmhar, the prosperous one. Faoilidh, merry.
20. Éigne, salmon; should it be éigse? In scansion
the e of craoibhe sinks.
21. Ughdar sheanma, .i. the chief player. Scan sheanm'
Inse.
22. Luinn-dearg, very red.
23. Ciamhair, misty, foggy.
24. Diamhair, obscurity, mystery.
26. Go haithgheór, go haithghéar, very sharply. Go
haigheóir, R. Mac D.
29. Meanmnach, sprightly in his melody (harmony);
n-am an óil, R. Mac D.
31. Suantraighe, lullaby, music which induces sleep.
32. Guaillidhe, a champion.
34. Scan "nó'n dá."
38. Talmhaidhe, belonging to land, worldly.
39. Leathnuighe .i. leathnuigheann, spreads.
40. Scan : " n-a cheó doilbhth' ar ba daoin ibh."
43. Gach gruaidh ghreannta, every finely formed cheek.
The reference is to ladies for whom Carolan
composed songs.
44. Adhbhar aigeanta, in a cheery mood. There seems
to be a syllable too many in this line. Perhaps
ádhbh'r aigeanta.
45. An uaisle .i. an uaisleacht.
46. Eochaidh Muidhmheadhoin ainm Áird-Ríogh a bhí i
gceannus na hÉireann san gceathramhadh aois.
47. Dar sciamhadh, for whom the towers of Tara were
beautified.
50. Fuarabhair is the form in use in Leath Mogha. Pl.
is used for sing.
51. Syl. too few in this line. Perhaps "mó rinn faoi
lom."
52. Chaoi, thus R. Mac D. Perhaps "Saoi dá chonn."
54. Éisteacht healadhna, listening to thy music.
55. Syl. too few in this line. Probably "Fearaid
frasa deór go docht." Fearthaid Frassa, R.
Mac D.
56. Sreathaid, they spread out.
59. "Is Ultaigh ársaidhe do shiubhail," R. Mac D. Do
shiúil = do sheóil, they came.
60. Trumdha, ponderous, stately.
62. Doilcheas, R. Mac D. Is it doilgheas?
65. Syl. too few in this line.
66. Cuir -, R. Mac D. Is it cuiridh for cuireann?
67. Syl. too few in this line.
68. A ruinn: ronn, a tie, bond.
70. Scan "fá mhnaoi 's."
71. .i. is gairid é an saoghal abhfus.
72. "mbláth go bith-bhuan, R. Mac D. Bládh, fame
bith-bhuan, everlasting.
73. Cearant. Is it cearnta, gen. of cearnadh vic-
tory, conquest.
74. Doilbhthe, magic, Dord is the bass in music. It
here refers to the style of playing. The old
harpists always extemporised their "accompani-
ment."
75. Spéic, .i., suim.
76. Toirdhealbhach must be given the Western pronun-
ciation, Torloch. It is pronounced Tréalach in
the South.
77. Beann-chruit refers to the peaks of the harp.
78. Féachain oraibh, to take "pattern" from you.
79. Céis, near Ballymote, Co. Sligo. Corrfhleisc, the
winding Flesk, in Co. Kerry.
80. An chraébh, the palm, victory. R. Mac D. spells
aé where the assonance requires "ae" instead of
the usual Western pronunciation of ao.
Tá "Mr. Gádhra" fá bhun an amhráin aige.



Nóta. - There is a copy of "Staid Nua na
hÉireann" in the Stowe M.S.S., F.V. 2, pp. 39-41,
but the name of the author is not given. The stanza
beginning "Cíos rígh" does not occur in "Aiste
Seáin Uí Chonaill." There is a translation of portion
of this dán in An Craoibhín's "Literary History," pp.
595, to which wer refer the curious.



IV.



81. Críoch Chuinn, Conn's Land, Ireland.
82. Is abaidh d'fhoghluim, of ripe learning.
83. Ag scríobhadh an iúil, N II.
84. Stiúir, guidance.
85. Screaptra, writings, books.
88. 'S a hoighreacht, R. Mac D.
90. Aostacht foirbhthe sa bhfearonn, R. Mac D.
91. Nár ghabh guais, who know not fear, in battle.
92. Scan "a seólt' ón."
93. Seanchadh, a historian. Gan chlódh, without deceit,
truthful.


L. 795


95. Sa dáil, in the account (?)
96. An trom-dháimh, the bardic fraternity, assembly.
98. Fonn Maicniaidh, an old bardlc appelation for
Munster, or more particularly Desmond, but the
poet here applies it to Ireland, fonn MH., N 11.
99. Ar cheist gur, .i . ar shlighe gur, ar chuma gur.
101. Broid, oppression. Go se, do dtí anois.
103. Dile, fidelity, loyalty, affection.
106. Caomhnus, protection; caomhnughadh, N. 11.
107. Gríobh go ngus, a valiant hero.
108. Scaith-bhreatha, clear judgments, opinions (?).
110. Cartacha, pl. of cairt, -te, a charter.
111. Leabhra Ghabhála, books of Conquest, "Invasion."
N-a ngar, near them, along with them.
112. Tacar, gleaning, collection.
113. Féineachus, the law codes of the brehons.
"Filidhe, táin, N. 11.
114. Béarla teibidhe, (?) ancient of "deibhidhe"
language.
116. Do scrúdadh rann," R. Mac D. San Scoitic, i
dteangaidh na Scot, .i. nan nGaedhilg.
117. Réimhios na Ríogh, a list of kings, with the periods
in which they reigned.
122. Ré Ciocail, the time of Ciocal Gregenchosach,
son of Goll of the Fomorians, slain, according to
the Four Masters, A.M. 2530. Ceasair is supposed
to have landed in Ireland some time after the
Deluge.
123. A bhflatha, a bhfaill, R. Mac D.
123. Scaithim, scoithim, I cut off, shake off. "Gur
scoith," N. 11.
126. Orthóir, one who uses polished language, a
charmer.
127. Lí, colour, brightness.
128. Sunnrach, exact, accurate.
129. Forus Fódla, here used for History of Ireland.
132. "Aoibh na h-éigs seann-sa," N 11.
133. Allacht, fame, renown.
136. Orchraoibhe, of a noble branch, lineage. The use
of the h shows that this and the preceding word
do not coalesce.
137. Mór n-eagna, greatness of wisdom. Ealbh, -a, a
flock, herd.
138. Duairce, R. Mac D. Do-dhealbha, ill-shaped.
140. "Dá gcaitheamh," R. Mac D.
142. Muirnn, love, affection.
143. Clár Chormuic, ainm ar Éirinn.
145. Fiadhain, testimony.
146. Trí ceathair, three fours, twelve. Ní'l an
cheathramhadh dheiridh seo ar fagháil i leabhar N 11.
ná i leabhar G 4. Ins an leabhar so G 4 tá na
focla so fé bhun an dáin: "Cnockrana 1713.
Seán Óg Ó Gadhra." Ní faghthar an Ceangal acht
amháin i leabhar R. Mac D. agus tá Mr. Gádhra
thíos aige-sean fá n-a bhun.



149. An iúil .i. an eóil .i. an eóluis.
150. An tiomus, (?) an t-iomus, the "imbus for
osna" of the ancients.
151. Failleach, negligent.
152. Ar lúth, running quickly.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services