Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéal ó Laoighis.
Title
Scéal ó Laoighis.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SCÉAL Ó LAOIGHIS, [Léigheacht]. Furmhór de'n scéal so 'n-ár ndiaidh, 'sé rud atá ann sliocht láimhscríbhne fríoth i bhFála Bheag i bhFearann Uí Cheallaigh i Laoighis Laighean. Gearróid Ó Broin, duine fóghanta de phór Míleadh Easpáine, is é do chuir i scríbhinn é. Tá an tuairisc thíos annso go fírinneach ó thúis go deireadh Is beag le rádh ar athruigheadh de, agus ní'l aon athrughadh céille ann. Táid na focail seo ar chúl na scríbhne: "Sgéala fírinneach, ó bhéaloideas amháin, ar ar thuit amach i Log an Churraigh agus 'na mhór-thimcheall, .i., i bhFearann Uí Cheallaigh, ag tosnughadh ó'n dara lá fichead de réimeas Shibéile, bain- ríoghan Shasana, do réir mar do innis bean do thug seacht mbliadhna ar aimsir i dtigh Uí Cheallaig, .i., Caitlín bodhar Nic Shéamais, é do sean-Éamonn Mhac Abhainn, agus eisean do innis damh-sa é. Daoine gur cuimhin leo é do innis an chuid eile dham, agus is cuimhin liom féin ar thuit amach idir an bhliadhain seacht gcéad déag agus a fiche agus an bhliadain seacht gcéad déag agus ceithre fichid 'na bhfuilmíd anois. — Gearróid Ó Broin." Cér bh'iad an dream ba chrodha agus ba chalma de Ghaedhealaibh uile, go háirithe 'sa seiseadh céad déag. Is so-réidhtigh an cheist í sin, im' thuairim, .i., Laoighsigh Laighean. Cé dob' ughdar d'á gcalmacht sain? Tá, Ó Mórdha mear-chalma mór-aigeanta do bhí 'na rígh ar Laoighis. Ní haon iongnadh sain, mar ba dh'fuil uasail fhíor-laochda dhó. Ní fheadar an gábhadh dham a chur ar bhar súilibh díbh gur de Chonall Cearnach, duine de churadhaibh na Craoibhe Ruaidhe i nEamhain Mhacha, d'eascair Ó Mórdha Laoighise. Ní raibh an rí sin riamh ná déanadh sé oiread calmachta le n-a shinsear. Seo mar do tháinig Síol Mórdha go Laoighis, do réir mar innistear dúinn ins na sean-leabhraibh. I ndeireadh an chéad chéid d'fhuagradar na Muimhnigh cogadh ar Chúcorb, rí Laigean, agus do rinneadar fearann claidhimh de'n chúige sin a fhad le Maistin i nUibh Muireadhaigh. Bhí Cúcorb i gcruadh-chás, acht níor thuit a chroidhe air, mar do chuir sé ceannphort cródha os cionn a shluaigh, .i., Lughaidh Laoighis, mac mic do Chonall Cearnach. Ba chogthóir clúiteach caitréimeamhail an Lughaidh seo, agus is minic do bhris sé cath ar a namhaid. Ní túisce tháinig sé i Laighnibh 'ná bhí a mhalairt de scéal ann. Do buaileadh dhá chath idir Laighnigh agus Muimhnigh, cath dhíobh ag Áth Truis- tean i n-aice Bhaile Átha hÍ Ua Muireadhaigh agus an cath eile ag Caintine i Magh Riada ar a dtugtar indiu Fraoch Mór Laoighise. Do sraoineadh an dá chath ar Muimhneachaibh
agus do leanadh an ruaig ortha ó Mhaistin go Bearbha agus tar Bearbha agus na Laighnigh go dlúith dian 'sa tóir ortha go ruig Bealach Mór Muighe Dála i ngar do Bhuirgheis Mhóir Osruidhe atá ar thórainntibh an dá dhúthaigh, Éile Uí Chearbhaill agus Osruidhe. Ar bhfághail aiseaga a ríoghachta do Chúcorb, de bhárr an chogaidh seo, go mór-mhór tré n-a fheabhas do chruthuigh Lughaidh Laoighis, níor mhór leis dúthaigh do bhronnadh ar a cheann- phort. Do bhronn, agus 'sé rud do bhaist an rí ar an dúthaigh Seacht dTuatha Laoighise nó Laoighis, ó ainm an fhir do tháinig d'á chabhair i n-am na cruadhóige. Tá trí bhaile mór ins an gceanntar sain go dtí an lá indiu agus ainm na dúthaighe ionnta, .i., Mainistir Laoighise, Port Laoighise agus Sráid- bhaile Laoighise. D'fhan Laoighis ar sheilbh sleachta Lughaidh go dtí an seiseadh céad déag, agus 'sé an sloinneadh do thugadar ortha féin nuair a thosnuigh an nós sain ná Ó Mórdha, agus dob' é a dteideal Flaith Laoighise, agus is breagh fearamhail calma do chosnadar a chlú sain an fhaid do bhí sé ionnta é dhéanamh. Bhí treabhanna eile faoi spraic Uí Mhórdha, mar atá, Síol gCeallaigh, Muintir Leathlobhair, Muintir Fhiodhbhuidhe, Muintir Dheóráin, agus Muintir Dhúnlaing, agus tá a sliocht sain agus sliocht a sleachta ar fághail ann fós. Bhí sé d'ualach ar na finíbh seo rud do dhéanamh ar Ó Mórdha i gcomhnaidhe, fómós agus umhla do thabhairt dó, agus a chobhlach nó cíos a thaoiseachais d'íoc leis i gcionn gach bliadhna. Thuit an meid seo amach i ndeireadh an chéad chéid, agus má tuit, bhí an cobhlach d'á íoc ós breis agus sé chéad déag bliadhain 'na dhiaidh sain, sin é, céad go leith bliadhain ó shoin, mar, ins an láimhscríbhinn chéadna go bhfuil an tuairisc sin innti, táid na focail seo thíos i scríbhneoireacht nua: "Bhíodh cuid de'n chobhlach so d'á íoc go dtí bliadhain ar dTighearna seacht gcéad déag, a trí déag is dá fhichid." Duine fíor-chalma de'n treabhachas so dob' eadh Ruaidhrí óg Ó Mórdha. 'Sé méad an fhuatha thug riaghaltas Shibéile dhó thaisbeánas dúinn gur mhór le rádh é mar thaoiseach Gaedhealach. Agus Uaithne, a mhac, bhí sé comh maith d'fhear leis, cé go ndeacaidh ag Sibéil air i ndeireadh na dála. Seo mar do thrácht fear teagair sean-láimhscríbhinne éigin ar Ó Mórdha:- "Conall, mac Dáibhidh Uí Mhórdha, rí Laoighise, d'aththógbháil chaisleáin Dúin Masc, iar n-a gabháil ar Ghallaibh, agus d'fhoirgniughadh chaisleáin Bhaile Átha in Róine, agus fuireann nua d'á dhaoinibh féin do chur i ngach roinn d'á dúthaigh dhó, d'aimhdheoin Gall agus Gaedheal." Nach maith do thuig sé cad ba chóir dó dhéanamh le dríodar Shasana, iad do dhíbirt as a dhúthaigh, idir sluagh agus sloigisc, idir fear agus bean, agus Gaedhil do chur 'na n-ionad? Cá bhfuil cródhacht agus tapadh na Laoighseach uatha ó soin? Ní fheadar cad do bhain dóibh, munab é an Béarla do bhain a mis- neach agus a meanma dhíobh. Tá Gaedhealtacht an treabhachais sin imthighthe uatha, agus a spionnadh i n-éinfheacht léi. "Lucht Béarla gan chroidhe" is eadh iad anois. Acht an fhaid do bhíodar Gaedhealach, do chinneadar ar Ghaedhealaibh a gcomhaimsire i gcath agus i gcomhlann. Dá mbeadh duine ag áitiughadh orm go ceann bliadhna, ní fhéadfadh sé a mhalairt d'fhocal do bhaint as mo bhéal. Acht ní har Uíbh Mórdha is mian liom trácht fá leith do'n dul so. Do luaidheas cheana Síol gCeallaigh Laoighise. Sin treabhachas beag do chomhnuigh ar theorainn Chontae Chill-dara. Magh Drúchtáin agus Gailine na hainmneacha do bhí ar a ndúithchíbh
i n-allód, acht le linn Sibéal a bheith i gceannus Shasana, dob' é an ainm do bhí ar a ndúthaigh Fearann Uí Cheallaigh. Do chailleadar í 'san aimsir sin, agus ní de thoradh claidhimh do baineadh díobh í, acht le feall gránna, mar inneosad díbh anois. 'Sa bhliadhain cúig céad déag 's a naoi déag is trí fichid b'é Fearghus Ó Ceallaigh a bhí 'na cheann fine ar Shíol gCeallaigh seo. Do chuir sé 'na cheann cleamhnas do dhéanamh le Gabhail Rághnaill Bhaile na Corra, .i., le hÓ mBroin. Ní fheadar an bhfuil fhios agaibh cia hiad Gabhail Rághnaill agus cá bhfuil Baile na Corra, agus a aineolaighe bhímíd do ghnáth i stair ár dtíre féin. An dream ba threise de Bhranachaibh Cualann ab' iad Gabhail Rághnaill, agus i dtaca le Baile na Corra de, tá sé i gceartlár Ghlinne Mhaoilughra, agus ard- bhaile Raghnallach, (.i. dá bharúntacht Bhaile na Corra) ab' é é. Acht chum filleadh ar mo scéal, do pósadh Fearghus agus inghean Uí Bhroin i mBaile na Corra. Is beag de thighthibh móra cloiche do bhí i Laoighis um an dtaca sain, agus ó ná raibh a leithéid ag Fearghus, b'éigean dó a bhean fhágáil i dtigh a hathar go dtí go mbeadh teach cloiche ollamh 'na comhair. As a los sain do chuir Ó Ceallaigh dream d'á dhaoinibh ag obair ar fhorgaint tighe, agus is ortha ba ghiorra a mhoill é chur suas. Luan breagh earraigh do tosnuigheadh ar an obair agus do críochnuigeadh í Dia Sathairn a bhí chugainn. D'á bhárr sain do baisteadh Tigh na Seachtmhaine ar an tigh sin, mar is i n-aon tseachtmhain amháin do cuireadh suas é. Fóiríor dóighte! ní'l ann anois acht fothrach fuar folamh, gan bárr gan mullach, gan foithin gan fascadh, agus an uile ghaoth as na ceathar-áird ag teacht thríd, agus ní'l de ainm air acht an tSean- chloch. Ní'l de dheallradh ná de chuma air acht mar a fuair Oisín ar Almhuin leathan- mhóir Laighean, ar bhfilleadh dhó go hÉirinn: "Ní raibh 'na hionad ann go fíor, Acht fiadhaile, fliodh, agus neanntóg." Cad fá ndear sain i bhFearann Uí Cheal- laigh? Tá, feall an Ghaill, mar inneosad díbh. An túisce go raib an tigh nua ollamh aige 'na comhair, thug a Ceallaigh a bhean a bhaile go Laoighis. Oidhche Mhichíl d'ar gcionn thárla go raibh feadhmannach Uí Cheallaigh, .i., duine de Mhuintir Mhic Leoid, as baile. Ar bhfilleadh dhó, thug sé fá ndeara, an gé bhí d'á ithe aca an fhaid do bhí sé féin as láthair, nár congbhuigheadh oiread is aon ghreim amháin de, beag ná mór, 'na thómus-san. Tá seanfhocal ann, an té nach truagh leis do chás ná déan do ghearán lais. B'in é a dhálta ag Mac Leoid seo. Chuaidh sé ag triall ar a mháighistir, agus do chrom sé ar ceasacht agus ar clamhsán i dtaobh an ghé, "go rabhthas go han-olc dó mar gheall air, go raibh gé breagh reamhar beathuighthe d'á ithe ag an teaghlach agus eisean as baile, agus nár congbhuigheadh aon ghreim de 'na thómus féin." Níor chuir Ó Ceallaigh suim 'sa chaint seo, acht dubhairt le Mac Leoid rith ar an gcócaire agus a ghearán do dhéanamh leis, nó dul amach ar shráid an tighe agus gé do mharbhadh dhó féin, agus gan teacht i n-a láthair féin choidhche arís agus gan de ghnó aige acht ócáid bheag shuarach de'n tsórd sain. D'imthigh Mac Leoid, go díombuidheach agus go míoshásta, go leamh de féin agus de chuaird an lae sin, agus 'sé rud do bheartuigh sé dhó féin ná díoghaltas d'agairt ar a mháighistir. Seo é ag triall ar Iarla Chill-dara, .i. Gearalt Mac Gearailt, do bhí 'na chomhnaidhe um an dtaca sain i gCill Chathaigh, áit a
raibh caisleán aige. D'fhan Mac Leoid i gCill Chathaigh go hOidhche Nodlag, agus do innis sé annsain do'n iarla gurab é a mháighistir a chuir ag triall air é le cuireadh, an t-iarla theacht ar cuaird chuige i gcomhair na Nodlag. Do thaithin sain go mór leis an iarla, agus is é ghlac an cuireadh bréige go macnaiseach buidheach. Seo ar siubhal é agus sluagh mór d'á lucht freastail le n-a chois. Ar dteacht ar Chnoc na Tulca dhóibh, áit atá i n-aice an tighe, do chuir Mac Leoid trí ghlaodh as go hárd, mar ba ghnáthach le feadhmannaigh na haimsire sin. Chuala Ó Ceallaigh gach glaodh de na trí ghlaodh do leig an feadhmannach as, agus dubhairt, pé áit go raibh Mac Leoid ó aimsir na Féile Michíl, gurab é a ghuth do airigh sé anois, má ba bheó é i n-éan-chor. Ba ghearr go dtáinig Mac Leoid i látair a mháighistir, agus d'fhuagair sé dhó Iarla Chill-dara theacht ar cuaird agus ar céilidhe chuige, agus mathshluagh mór i n-éinfheacht leis. Ní fuláir nó bhí árd-iongnadh ar Ó gCeallaigh. Níor caitheadh le daoinibh an uair sin, ámh, acht féile agus fairsinge agus fiúntas, go háirithe i measg Gaedheal. Do bheannuigh Fearghus do'n iarla i n-a ainm agus i n-a shloinneadh, agus dá ndéarfainn, i n-a theideal, agus do chuir céad fáilte roimhe, agus dubhairt go bhfaghad gach freastal agus friothólamh do bhí oireamhnach d'á chéim. Fuair an t-iarla sain agus do bhí i gcóir chum imtheachta lá Nodlag Beag, agus, ag fágáil sláin ag Ó gCeallaigh dhó, níor mhór leis barr féile agus fiúntais do thabhairt d'Fheargus ar fhearaibh Fáil agus a fheabhas do freastaladh agus do friothóladh é a fhad agus bhí sé ar cuaird i bhFearann Uí Cheallaigh. Do labhair Fearghus leis agus dubhairt: "Dá mbeadh fhios again, a Iarla Chill- Dara," ars' eisean, "go rababhair-se chum teacht annso ar cuaird chugam, bheadh an freastal agus an friothólamh i bhfad ní b'fhearr agam romhaibh, agus bheadh an uile chineál bídh agus dighe ní ba fhlúirsighe ar clár agam." Do leath a shúile ar an iarla agus d'fhiosruigh sé d' Ó Cheallaigh: "Nach tusa chuir t'fheadhmannach féin, .i. Mac Leoid, le cuireadh chugam?" "Ní mé, go deimhin," arsa Fearghus, "acht, ar a shon sain agus uile, ná tuig-se acht go raibh fáilte agus fiche romhat, agus ó thárla gur thaithin sé leat go maith bheith ar cuaird agam ar chuireadh mh'fheadh- mannaigh, tá súil agam anois go bhfanfair annso go Lá Fhéile Muire na gCoinneal ar mo chuireadh féin." D'aontuigh an tIarla air sin, acht ars' eisean: "Badh mhaith liom go mbeadh cead agam, agus a bhfuil de mhathshluagh im' theannta, fios do chur ar bheathaibh go Cill Chathaigh." "Ní ceart an cead sain a bheith agat," arsa Ó Ceallaigh, "nó go mbraithfir beatha ag dul i ngainne annso. Bíodh cead do chinn agat annsain, i dtaca leis sin de, acht ní go dtí sain." D'á réir sin, ní fhacas i dTigh na Seachtmhaine acht fleadha d'á gcaitheamh ó ló go ló, agus gach fleadh aca ní b'fhearr ná a chéile, agus gan comhaireamh ar an gcostas. D'á luas d'á dtáinig Lá Fhéile Muire na gCoinneal, d'fhág an t-iarla slán agus beannacht ag Ó gCeallaigh, ag gabháil an- bhuidheachais leis sin i dtaobh na féile do caitheadh leis, agus thug a bhóthar air. Ag im- theacht dó, thairg sé é féin chum a bheith i n-a athair baistidhe ar an gcéad-ghein leinbh do bheadh ag mnaoi Fhearghusa, agus sin mar
chomhartha ar an gcarthannas mór badh bheithte eatorra feasta. Fuair sé a ghuidhe. Do rug bean Uí Cheallaigh leanbh mín álainn mic scathamh na dhiaidh sain. Bhí Iarla Chill- dara ag an mbaisteadh, agus ní raibh ar siubhal i dtigh Uí Cheallaigh acht seinm théad agus dánta béil. Ar maidin lá theachta an iarla, is amhlaidh fríoth an bhean uasal óg agus a bunóc agus iad araon marbh i n-a leabaidh. An cúpla bocht! Is mór atá mo chroidhe ag teacht ortha. Dubhar- thas gurab é rud do mharbh iad ná an gleo mór agus an callán do bhí ag lucht an charbhais ar na fleadhaibh, acht maidir liom féin de, ní'lim i n-amhras leis an méid seo, siúd is ná féadaim a dhearbhadh thabhairt díbh-se, gurab é Iarla Chill-dara do chuir de'n tsaoghail iad le proinn iarpaise nó nimhe. Sin brón mór ar Ó gCeallaigh i n-ionad na lúthgháire bhí air ó chianaibh, acht má's eadh féin, ní'l ins an méid sin acht tús a raibh i ndán dó, an fear bocht, mar inneosad anois. D'fhan an t-iarla scathamh i dTigh na Seachtmhaine chum chomhdhoilgheas do dhéanamh le n-a charaid, agus thug sé cuireadh dhó um theacht ar cuaird chuige go Cill Chathaigh chum go dtógfaidhe an brón de. Geall sé dhó 'na theannta sain a dheirbhshiúr féin i gcleamhnas, agus dubhairt leis, pé rud d'imtheochadh air, gurab é thiubhradh furtacht agus fóirithin dó i n-am an gábhaidh, dá mbadh mhaith leis é. Nár bh'é an mac mí- áidh é Ó Ceallaigh agus éisteacht leis seo? Is lag do mheas sé ná raibh ann acht feall gránna, mar ní milse mil 'ná teachtair- eacht síothchána an duine bhréagaigh, a ndubhairt Déirdre 'san téacs breagh sain "Oidhe Chloinne hUisnigh." Chuaidh sé go Cill Chathaigh agus faoi cheann seachtmhaine nó fá'n tuairim sin, cad do rinne an t-iarla acht é thabhairt leis go mullach an tighe báirr, ar scáth radharc do thabhairt dó ar an dúthaigh atá thort thimcheall an chaisleáin. Bhí a chongnamh ag an iarla annsain. .i. sladmharbhthóirí do chuir sé i bhfolach roimh ré i gcomhair Uí Cheallaigh. Do bhuaileadar go léir buille feille ar Ó gCeallaigh agus do bhaineadar a cheann de. An fear bocht! Ní mheasaim go raibh arm faobhair ná teineadh aige do bhuail- feadh an buille cosanta ar na dún- mharbhthóiríbh seo, agus má bhí féin, ní dócha go raibh uain aige ar oiread is miodóg do tharraing as a fáisceán. Do chuir an t-iarla feasa agus teachta chum na méirdrighe malluighthe úd Sibéal, .i., bainríoghan Shacsan, d'á chur i n-umhail di gur mharbh sé fear díbhfeirge de Gaedheal- aibh, nó mar adubhairt sé féin, do réir dheallraimh, reibiliúnach Éireannach. Tháinig áird-chion ag an méirdrigh bainríoghna so ar Iarla Chill-dara de dheascaibh na droich- bheirte seo, agus do mhol sí go mór é d'á chionn, 'ghá rádh leis gur mhór an comhartha dílse agus tairise dhó a cheann do bhaint de reibiliúnach Éireannach. Bhí do mhéad an áthais do tháinig uirthi, agus an buidheachas mór a bhí aici air, gur bhronn sí lom-láithreach Fearann Uí Cheallaigh idir fuith feadh ar an iarla, nídh ná féadfadh sí dhéanamh do réir an dlighe, .i., dlighe na Fódla, .i., an Sean- chas Mór, agus ná raibh i n-a "dlighe" féin acht aindlighe. Ó thárla gur dhuine de shliocht Gall na Normóinte an t-iarla fealltach so, do cheap file Gaedhealach an rann so ag tagairt do'n táir-bheirt: Ná déan cumann le fear Gallda; Má ghnír, ní feirrde dhuit. Beidh choidhche ar tí do mheallta - Ag sin cumann an fhir Ghallda riot.
Is maith an chomhairle í sin agus badh mhaith an rud dá ndéanfaidhe indiu féin í. Ní'l acht droichmheas agam féin ar na Gearaltaigh uile, dá fheabhas corr-dhuine dhíobh, agus sin do bhárr stair na hÉireann do léigheadh ó thúis go deireadh. Hibernis ipsis Hiberniores, mar 'dh eadh! Deirim-se libh-se ná raibh na Normánaigh seo riamh nár fríoth go holc iad. Ar mhaithe leó féin do-ghnídís gach aon ghníomh, cuir i gcás gur bhuaileadar fo- bhuille ar son na hÉireann agus go gcanaidís Gaedhilg. Dob' fheairrde na Gaedhil ionn- taoibh do thabhairt le Clainn Míleadh amháin. Muna mbeadh Dúthaigh Déiseach bheith ar ionntaoibh na bPaorach, Urmhumha i dtaoibh le Builtéaraigh agus Barraigh, Deasmhumha i muinighin na nGearaltach, Connachta ag taobhadh le n-a gcuid Búrcach agus Bairéadach, Contae Lughbhaidh i dtuilleamaigh na mBeilleogach, agus an Mhidhe ag dréim le Lásaigh agus a leithéidí, bheadh a mhalairt de scéal againn indiu. A dhrólann na bhfeart! cad 'n-a thaobh nár thug na Muimhnigh go léir géilleadh d'á rígh dlisteanach féin Mac Cárrthaigh, agus na Connachtaigh thabhairt umhla do Chlainn Chonchubhair? Bhí ní ba mhó de ghliocas ins na Laighneachaibh, agus, dá ndéarfainn, ins na hUltachaibh, ná mar bhí riamh i n-éan-Mhuimhneach ná i n-éan-Chonn- achtach. An fhaid do bhí sé i Laighneachaibh claidheamh do tharraing, ní dhearnadar acht géilleadh d'á ríghthibh féin, .i., d'Ó Mhórdha, d'Ó Chonchubhair, d'Ó Bhroin, do'n Chaomhánach. agus dá n-abrainn, do Mhac Séafraidh, sin é, do Mhac Giolla Pádraic, cé gur ghabh seisean leis an mbainríoghain i ndeireadh báire. An lá do cuireadh deireadh le n-a ríoghachtaibh sin, bhí deireadh le Laighnibh na nGaedheal. Ní hortha féin do bhí an locht, nuair a chuaidh ag Gallaibh ortha, mar ba chomhgaraighe do Bhaile Átha Cliath iad ná na treabhanna eile, agus ní rabhadar i n-acmhuinn a thuilleadh troda dhéanamh. Seo mar do chaoin duine gan ainm éigin bás Uí Cheallaigh: Mo mhíle léan! mo scéal! mo scalladh! An fear fial, an triath Ó Ceallaigh, De phór Míleadh, de shíol na ngaiscidheach, D'eascair — is ceart dam a aithris — De Chonall Cearnach as Eamhain Mhacha, Curadh cruaidh ó'n gCraoibh Ruaidh mhaisigh, Coigéile Con éachtaighe na dtachar, Do throid an Fear Diadh go dian, 's ba dheacair, A gcumann d'á chéile cé gur naisceadh. Ní meathtacht ná laige do bhain d'Ó Cheallaigh, Ní time ná tlás ar lár do leag é, Ní hiad sain riamh fá ndeara, Acht feall agus meang Mhic Gearailt Do bhí, agus ní le ceart é, 'Na chomhnaidhe le n-a linn sin i gCill Chathaigh, I n-a iarla ar sciamh-mhagh Maistean. Oighreacht Ua dTuathail ngarrtha, Dá mbeadh aca-san a bhfearantas cairte. Do mharbh sé i bhfill i gCill Chathaigh An Gaedheal-fhear tréitheach Ó Ceallaigh, Nár thuig go héag, agus é chomh cneasta, Go raibh an Normánach lán de ghangaid — Thug cuireadh chum féasta do'n tséimh-mhac Fearghus, Thug leis suas é go buaic a dhaingin, Ar scáth na háite áilne i n' aice, 'S do dhúnmharbh 'sa dúnphort barra. Níor náir leis an táir-bheart sain d'aithris Do chuir scéala thar tréan-mhuir go Sasain' Gur mhol an mhéirdreach gan scéimh an gaisge, Agus nídh ná féadfadh sí dhéanamh ó cheartas, Do bhronn sí Fearann Uí Cheallaigh ar Ghearalt.
Mí-ádh go bráth, ár agus leagadh Ar Mhac Gearailt is ar chaile úd Shasan! Nár théidhid i n-éifeacht ná i n-earradh! Go scriostar go huile a bhfearainn! Go dtuitidh a sliocht as a seasamh! Fó smacht a namhad go rabhaid gan tapadh! Is gach díne d'á dtí dhíobh ar an dtalamh A gcríoch mhaith choidhche nár fhaicthear! 'S go gcúitighidh Dia leó go dian an bheart sain! Acht is mithid dam críoch do chur ar mo scéal. I gceann scathaimh thug Iarla Chill- dara Fearann Uí Cheallaigh d'á mhac tabhartha Gearróid Mac Gearailt, agus níor cuireadh acht fíor-bheagán cíosa air. Bhí mac ag an nGearróid seo gur bh'ainm dó sean- Ghearalt — sin a raibh d'ainm air ag cách go coitchionn, pé i nÉirinn é, agus ní d'á mholadh súd do bhítí 'san áit. Go deimhin féin níor chuir na daoine a chuimhne dhíobh go ceann i bhfad agus a mhí-dhaonnacht do bhí sé. Duine gan truagh gan taise gan trócaire bhí ann. D'fhan na forbaí nó na fearainn ar sheilbh an Gearailt seo go ceann scathaimh an-fhada agus is mór an feabhas nó an bhiseach do chuir sé ortha. Sin ar thugas fá ndeara go minic, na Gaillis mó do fheabhsuigh nó do bhisigh a gcuid fearann, is iad ba lugha daonnacht. Do chuir sé tighthe suas ins an áit i bhfuil an tsean-abhaill nó an sean-ubhallghort i Log an Churraigh agus do chuir mór-chuid crann ann 'n-ar gearradh a ndeireadh 'sa bhliadhain seacht gcéad déag 's a dá fhichid. Is iomdha bóthar agus bealach do rinne sé leis, bóthar aca ag treorughadh ar Ráithín na hAbhla, bóthar eile 'n-a nglaodhtar air an Bóthar Fada a théid go Tigh Maodhóg, agus ceann eile fós a théid tré Thigh na Bearbha, .i., cuid de Fhearann Uí Cheallaigh. Is iomdha crann do chuir sé mar an gcéadna chum gach áit díobh sain do chur faoi scéimh agus faoi dheise. Ag déanamh na mbóthar dó thug sé fá ndeara go raibh botháin bheaga 'san áit 'n-ar mhaith leis an bóthar a bheith. "Caithfear na botháin sin do leagadh," ars' eisean. Do hinnseadh dó go raibh sean-bhaintrea- bhacha 'na gcomhnaidhe ins na tighthibh beaga sain. "Is cuma liom," ars' eisean; "is fearr liom go mór bóthar 'ná botháin. Leagtar iad ar an dtoirt!" D'orduigh sé do na hoibridhthibh annsain slabhra breagh láidir daingean teann toir- teamhail d'fhághail. Do fuarthas, agus do cuireadh mór-thimcheall ar na tighthibh é, agus do sracadh anuas iad. Do chuir sé leis cloidhe leathan dúbalta thart ar Log an Churraigh agus beodhanna nó fálta ar gach taobh de. Ultaigh do bhí ar aimsir aige chum na hoibreacha so dhéanamh agus is é an chuma ar ar íoc sé a dtuaras- tal leó ná eallach do thabhairt dóibh mar dhíol ann. Do imthigheadar so ortha agus do chaitheadar an chéad oidhce ag Port na hInse. Do lean Gearalt iad, agus sloigisc faoi arm agus éideadh le n-a chois, agus do rug ar an mbóthar ortha. Do leig air gurab amhlaidh do ghoideadar na ba uaidh, do rinne sárughadh ortha, agus do mharbh gach uile mhac máthar aca 'sa troid, acht ní gan buillí d'fhághail uatha. I gceann scathaimh eile, bhí connspóid idir é féin agus comhursa dhó, duine uasal éigin do bhí ag luighe isteach air, dar leis. Ar dearg-lár an bhóthair do theangmhuigh sé bheith eatorra, agus do chuir Gearalt i gcead do'n fhear so, an chéad duine eile bhuailfeadh i n-a dtreó, an connspóid seo d'fhágáil faoi n-a bhreitheamhnas. Bhí fhios ag Gearalt roimh ré gurab é a aodhaire féin, .i., buachaill
na mbó, do thiocfadh fá n-a dtuairim, agus shaoil sé ná leomhfadh sé sin aon bhreith do thabhairt acht focal do mholfadh a thaobh féin de'n scéal. Acht ní mar shaoiltear a bítear. Fear cóir ceannsa misneamhail macánta do bí i mbuachaill na mbó, agus nuair a tháinig sé an tslighe agus gur fágadh an cheist faoi, ní dhearna sé acht an ceart, a rádh leis an mbeirt go raibh a dhearbh aige gur ag an gcomharsain do bhí cóir na connspóide. Bhí Gearalt ar dearg-bhuile agus do chuir sé gabháil ar a bhuachaill agus ar mhac an bhuachalla, agus do chuir faoi ghlas i n-each- lainn iad le súil go gcrochfadh sé iad gan mhoill. Do chuala bean an aodhaire go raibh a fear agus a mac i ngéibheann agus i ngábhadh. Téidheann sí ag triall ar Ghearalt, agus seo í ag truaigínteacht air, agus do thairg dó a maoin shaoghalta uile, d'fhonn iad do shaoradh. "Má thugann tú chugam do dhá bhó dhéag agus do tharbh," ars' eisean, "leigfead-sa amach iad." Chuaidh an bhean a bhaile, agus í go lán- lúthgháireach fá n-a fhusacht a fuair sí iad do shaoradh, dár léi féin. Ar bhfilleadh dhi, ámh, cad do chonnaic sí acht an bheirt agus iad i n-áirde ar crann agus gan siolla de'n anam ionnta! Ní raibh Gearalt sásta leis an méid sin. Do ghlac sé an t-eallach, agus dubhairt léi, ag cur taithint innti, gur bheag aige an oiread sain i n-aghaidh cead a bheith aici ar an dá chorp a thabhairt a bhaile léi! Ní nach iongnadh, ba mhór an brón agus an doilgheas do bhí ar an mnaoi bhoicht, agus seo mar do chaoin sí iad go truaighmhéileach, agus do thug a mallachta do Ghearalt tré n-a brón: "A Ghearailt gheairr an gháire ghonta. Fásach go táirseach do gheata! Driseog agus a dá cheann is an talmhain! Loch uaithne ar uachtar do halla! Nead an tseabhaic i bpoll an deataigh, Agus cac na ngabhar i n-áit do leabthan! Mar do bhuain tú dhíom an mac 's an t-athair! Bhuain tú dhíom an dá bhó dhéag 's an tarbh! Agus oighreacht nár fhaghaidh t'oighrí-se, a Ghearailt!" Agus gach aon mhallacht d'ar ghuidh sí do Ghearalt, do cóimhlíonadh í gan mhoill. Bhí sé faoi lán-réim agus rith an ráis leis go ceann scathaimh, acht fá dheoidh do thárla dhó bheith tré n-a chéile le cumanntóiríbh an iarla nuair a thángadar chuige a d'iarraidh an chíosa bhig shuaraigh do bhí air as Fearann Uí Cheallaigh. Thug sé freagra borb ortha agus do innseadar sain do'n iarla. D'fhuagair an t-iarla Gearalt annsain, agus do chuir sé an forba i n-áirde le n-a dhíol. Do cheannuigh Domhnall Ó Broin ó Cheatharlach é, 'n-a nglaodhtí air go coit- chionnta "Domhnall Táilliúr." Do cuireadh Gearalt as a mhaoin shaogalta agus do tugadh í idir fuith feadh do Dhomhnall, agus nár bh' é an ceart é, órlach beag de thalamh na hÉireann bheith arís ar sheilbh fíor-Gaedhil? Is annsain do comhalladh gach nídh d'ar thuar bean an aodhaire do Ghearalt, óir, ó chaill sé a chuid tailte, agus gan duine d'á gcháirdibh i gcumann leis feasta, agus fuath agus fala ag na comharsanaibh uile dhó, b'éigean dó dul go Cloch an Phúca, agus ba buidheach beannachtach é de sheilbh bhig shuaraigh a bheith aige, .i., lochán falla foidín (lochán balla fóid). Ní raibh annso aige de bhiadh ná de dhigh acht bainne dhá ghabhar agus na gabhair féin, bhídís i n-éin tigh leis, agus do shínidís iad féin ins an leabthain chochain 'n-a gcodladh sé agus d'fhágaidís a gcuid salchair innti. I gcás gus fíoruigheadh gach mallacht d'ár ghuidh an
bhean bhocht. Gurab amhlaidh do gach aon duine de Ghallaib an Chró Chuinn seo nach maith leis Gaedhil a bheith slán láidir folláin, i dtreise agus i dtreoir, i n-a dtír féin. Tagra. Fríoth = fuarthas, fuaras, was found. Log an Churraigh, Luggacurren, in Queen's Co. 'Na mhór-thimpeall = thort timcheall air. Do rinneadar fearann claidhimh de'n chúige sin, they made sword-land of that province, i.e., they con- quered and annexed it. A fhad le Maistin, as far as Mullaghmast (from Mullach Maistean), a place in the south of Co. Kil- dare. Uíbh Muireadhaigh, the original territory of the O'Tooles in South Kildare. Baile Átha hÍ, Athy. Fraoch Mór Laoighise, the Great Heath of Mary- borough. Do sraoineadh an dá chath ar Mhuimhneachaibh, the Munstermen were defeated in the two battles. Bearbha, the river Barrow. Bealach Mór Muighe Dála, Ballaghmore, in Upper Ossory. Buirgheas Mhór Osruighe, Borris-in-Ossory. Éile Uí Chearbhaill, Ely O'Carroll, now the baronies of Ballybritt and Clonlisk in King's Co., and Ikerrin in Co. Tipperary. Mainistir Laoighise, Abbeyleix. Port Laoighise, Maryborough. Sráidbhaile Laoighise, Stradbally in Queen's Co. Fá spraic, under the command or control of. Síol gCeallaigh, the O'Kellys, Muintir Leathlobhair, the O'Lawlors, Muintir Fhiodhbhuidhe, the MacEvoys, Muintir Dheoráin, the O'Dorans, Muintir Dhún- laing, the O'Dowlings. Treabhachas (.i. bunadh, treabh, cineadh, agusrl.), family, tribe, race. Cé go ndeachaidh ag Sibéil air i ndeireadh na dála, though Elizabeth overcame him in the end of the encounter. Fear teagair, the compiler. Ag áitiughadh orm, "outfacing" me, trying to persuade me that his was the only correct opinion, also ag áiteamh orm. Fearann Uí Cheallaigh, the present name Kellyville shows where one portion of the territory extended to. Baile na Corra, Ballinacor, Co. Wicklow. I dtaca le, as to; also maidir le, mar le, i dtaobh, i leith. Chum filleadh, to return; I have never met the genitive after chum in phrases of this kind. Ar a los sain, on that acocunt, as a result of that. As na ceathar-áird, from the four quarters (of heaven); this beautiful expression, which is found in the Leabhar Breac, is still in colloquial use. Feadhmannach, house-steward. 'Na tómus-san, especially for him. Cill Chathaigh, Kilkea, in South Kildare. Cnoc na Tulcha, Tully Hill. I dtaca leis sin de, as to that, in regard to that. Badh bheithte eatorra feasta, that should be between them thenceforth. Proinn iarpaise, a dose of poison. Fáisceán, sheath, scabbard. Idir fuith [agus] feadh, both titles and extent = altogether. Na Normóinte, of Normandy. I ndeireadh báire, in the end; so also i dtosach báire, in the beginning, at first; i lár báire, in the centre or middle, for which we find too i lár boil. Nuair a chuaidh ag Gallaibh ortha, when the English overcame them. Ní rabhadar i n-acmhuinn, they were not able; so I n-innmhe, i gcumas. Sciamh-mhagh, .i., magh sciamhach, magh álainn, beautiful plain. Ubhallghort, orchard, is now pronounced, abhlórd in Mid-Cork. The place-names of South Leinster appear to show that the pronunciation there was ubhlort. It is not used in Ulster, as abhaill, (ou-il), -e, f., takes its place. Ráithín na hAbhla, Raheenahowle, in Queen's County. We appear to have another genitive of abhaill, an orchard, here. Tigh Maodhóg, Timogue, in Queen's County. Port na hInse, Portnahinch, in Queen's County. Do rinne sárughadh ortha, he made a "rescue" from them, i.e., recovered forcibly the cattle he had given them. Do chuir sé gabháil ar, he got … arrested; also do chuir sé faoi ghabháil. Eachlainn, stable; stábla, the common word, is an Anglicism. Ag cur thaithint innti, vexing her, to vex her. Cloch an Phúca, Clopook in Queen's Co. Lochán falla foidín, nó lochán balla fóid, a sod- wall pond. Mac Tíre. Seo rann do cheap Eoghan Ruadh chun Muiris Rí Núnáim i nÁth gan Muilinn (Áth an Mhuilinn), i bParóiste Chill Bholain: Aithchim is éighimh an tAon ler fuilingeadh páis Ar spara le péin ag faoradh cionta Cloinne Ádhaimh Rachmus is réim tar thréad na fuirinne ór fhás. Do thabhairt go héag gan bhéim do Mhuiris mhac Dáith.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services