Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéal ó Laoighis.

Title
Scéal ó Laoighis.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SCÉAL Ó LAOIGHIS,



[Léigheacht].



Furmhór de'n scéal so 'n-ár ndiaidh, 'sé
rud atá ann sliocht láimhscríbhne fríoth i
bhFála Bheag i bhFearann Uí Cheallaigh i
Laoighis Laighean. Gearróid Ó Broin, duine
fóghanta de phór Míleadh Easpáine, is é do
chuir i scríbhinn é. Tá an tuairisc thíos
annso go fírinneach ó thúis go deireadh
Is beag le rádh ar athruigheadh de, agus ní'l aon
athrughadh céille ann. Táid na focail seo
ar chúl na scríbhne: "Sgéala fírinneach, ó
bhéaloideas amháin, ar ar thuit amach i Log
an Churraigh agus 'na mhór-thimcheall, .i., i
bhFearann Uí Cheallaigh, ag tosnughadh ó'n
dara lá fichead de réimeas Shibéile, bain-
ríoghan Shasana, do réir mar do innis bean
do thug seacht mbliadhna ar aimsir i dtigh
Uí Cheallaig, .i., Caitlín bodhar Nic Shéamais,
é do sean-Éamonn Mhac Abhainn, agus eisean
do innis damh-sa é. Daoine gur cuimhin leo é
do innis an chuid eile dham, agus is cuimhin liom
féin ar thuit amach idir an bhliadhain seacht
gcéad déag agus a fiche agus an bhliadain seacht
gcéad déag agus ceithre fichid 'na bhfuilmíd
anois. — Gearróid Ó Broin."



Cér bh'iad an dream ba chrodha agus ba chalma
de Ghaedhealaibh uile, go háirithe 'sa seiseadh
céad déag. Is so-réidhtigh an cheist í sin,
im' thuairim, .i., Laoighsigh Laighean. Cé dob'
ughdar d'á gcalmacht sain? Tá, Ó Mórdha
mear-chalma mór-aigeanta do bhí 'na rígh ar
Laoighis. Ní haon iongnadh sain, mar ba
dh'fuil uasail fhíor-laochda dhó. Ní fheadar
an gábhadh dham a chur ar bhar súilibh díbh gur
de Chonall Cearnach, duine de churadhaibh na
Craoibhe Ruaidhe i nEamhain Mhacha, d'eascair
Ó Mórdha Laoighise. Ní raibh an rí sin riamh
ná déanadh sé oiread calmachta le n-a
shinsear. Seo mar do tháinig Síol Mórdha
go Laoighis, do réir mar innistear dúinn
ins na sean-leabhraibh. I ndeireadh an chéad
chéid d'fhuagradar na Muimhnigh cogadh ar
Chúcorb, rí Laigean, agus do rinneadar
fearann claidhimh de'n chúige sin a fhad le
Maistin i nUibh Muireadhaigh. Bhí Cúcorb i
gcruadh-chás, acht níor thuit a chroidhe air,
mar do chuir sé ceannphort cródha os cionn
a shluaigh, .i., Lughaidh Laoighis, mac mic do
Chonall Cearnach. Ba chogthóir clúiteach
caitréimeamhail an Lughaidh seo, agus is minic
do bhris sé cath ar a namhaid. Ní túisce
tháinig sé i Laighnibh 'ná bhí a mhalairt de
scéal ann. Do buaileadh dhá chath idir
Laighnigh agus Muimhnigh, cath dhíobh ag Áth Truis-
tean i n-aice Bhaile Átha hÍ Ua Muireadhaigh
agus an cath eile ag Caintine i Magh Riada ar
a dtugtar indiu Fraoch Mór Laoighise.
Do sraoineadh an dá chath ar Muimhneachaibh


L. 782


agus do leanadh an ruaig ortha ó Mhaistin go
Bearbha agus tar Bearbha agus na Laighnigh go
dlúith dian 'sa tóir ortha go ruig Bealach
Mór Muighe Dála i ngar do Bhuirgheis
Mhóir Osruidhe atá ar thórainntibh an dá
dhúthaigh, Éile Uí Chearbhaill agus Osruidhe. Ar
bhfághail aiseaga a ríoghachta do Chúcorb, de
bhárr an chogaidh seo, go mór-mhór tré n-a
fheabhas do chruthuigh Lughaidh Laoighis, níor
mhór leis dúthaigh do bhronnadh ar a cheann-
phort. Do bhronn, agus 'sé rud do bhaist an
rí ar an dúthaigh Seacht dTuatha Laoighise
nó Laoighis, ó ainm an fhir do tháinig d'á
chabhair i n-am na cruadhóige. Tá trí bhaile
mór ins an gceanntar sain go dtí an lá
indiu agus ainm na dúthaighe ionnta, .i.,
Mainistir Laoighise, Port Laoighise agus Sráid-
bhaile Laoighise. D'fhan Laoighis ar sheilbh
sleachta Lughaidh go dtí an seiseadh céad
déag, agus 'sé an sloinneadh do thugadar
ortha féin nuair a thosnuigh an nós sain ná
Ó Mórdha, agus dob' é a dteideal Flaith
Laoighise, agus is breagh fearamhail calma
do chosnadar a chlú sain an fhaid do bhí sé
ionnta é dhéanamh. Bhí treabhanna eile faoi
spraic Uí Mhórdha, mar atá, Síol gCeallaigh,
Muintir Leathlobhair, Muintir Fhiodhbhuidhe,
Muintir Dheóráin, agus Muintir Dhúnlaing,
agus tá a sliocht sain agus sliocht a sleachta
ar fághail ann fós. Bhí sé d'ualach ar na
finíbh seo rud do dhéanamh ar Ó Mórdha i
gcomhnaidhe, fómós agus umhla do thabhairt
dó, agus a chobhlach nó cíos a thaoiseachais
d'íoc leis i gcionn gach bliadhna. Thuit
an meid seo amach i ndeireadh an chéad
chéid, agus má tuit, bhí an cobhlach d'á íoc
ós breis agus sé chéad déag bliadhain 'na
dhiaidh sain, sin é, céad go leith bliadhain ó
shoin, mar, ins an láimhscríbhinn chéadna go
bhfuil an tuairisc sin innti, táid na focail
seo thíos i scríbhneoireacht nua: "Bhíodh
cuid de'n chobhlach so d'á íoc go dtí
bliadhain ar dTighearna seacht gcéad déag,
a trí déag is dá fhichid."



Duine fíor-chalma de'n treabhachas so
dob' eadh Ruaidhrí óg Ó Mórdha. 'Sé
méad an fhuatha thug riaghaltas Shibéile dhó
thaisbeánas dúinn gur mhór le rádh é mar
thaoiseach Gaedhealach. Agus Uaithne, a
mhac, bhí sé comh maith d'fhear leis, cé go
ndeacaidh ag Sibéil air i ndeireadh na
dála. Seo mar do thrácht fear teagair
sean-láimhscríbhinne éigin ar Ó Mórdha:-



"Conall, mac Dáibhidh Uí Mhórdha, rí
Laoighise, d'aththógbháil chaisleáin Dúin Masc,
iar n-a gabháil ar Ghallaibh, agus d'fhoirgniughadh
chaisleáin Bhaile Átha in Róine, agus fuireann
nua d'á dhaoinibh féin do chur i ngach roinn
d'á dúthaigh dhó, d'aimhdheoin Gall agus
Gaedheal."



Nach maith do thuig sé cad ba chóir dó
dhéanamh le dríodar Shasana, iad do dhíbirt
as a dhúthaigh, idir sluagh agus sloigisc, idir
fear agus bean, agus Gaedhil do chur 'na n-ionad?



Cá bhfuil cródhacht agus tapadh na Laoighseach
uatha ó soin? Ní fheadar cad do bhain
dóibh, munab é an Béarla do bhain a mis-
neach agus a meanma dhíobh. Tá Gaedhealtacht
an treabhachais sin imthighthe uatha, agus a
spionnadh i n-éinfheacht léi. "Lucht Béarla
gan chroidhe" is eadh iad anois. Acht an
fhaid do bhíodar Gaedhealach, do chinneadar
ar Ghaedhealaibh a gcomhaimsire i gcath agus i
gcomhlann. Dá mbeadh duine ag áitiughadh
orm go ceann bliadhna, ní fhéadfadh sé a
mhalairt d'fhocal do bhaint as mo bhéal.



Acht ní har Uíbh Mórdha is mian liom
trácht fá leith do'n dul so. Do luaidheas
cheana Síol gCeallaigh Laoighise. Sin
treabhachas beag do chomhnuigh ar theorainn
Chontae Chill-dara. Magh Drúchtáin agus
Gailine na hainmneacha do bhí ar a ndúithchíbh


L. 783


i n-allód, acht le linn Sibéal a bheith i
gceannus Shasana, dob' é an ainm do bhí
ar a ndúthaigh Fearann Uí Cheallaigh.
Do chailleadar í 'san aimsir sin, agus ní de
thoradh claidhimh do baineadh díobh í, acht le
feall gránna, mar inneosad díbh anois.



'Sa bhliadhain cúig céad déag 's a naoi
déag is trí fichid b'é Fearghus Ó Ceallaigh
a bhí 'na cheann fine ar Shíol gCeallaigh seo.
Do chuir sé 'na cheann cleamhnas do
dhéanamh le Gabhail Rághnaill Bhaile na
Corra, .i., le hÓ mBroin. Ní fheadar an
bhfuil fhios agaibh cia hiad Gabhail Rághnaill
agus cá bhfuil Baile na Corra, agus a
aineolaighe bhímíd do ghnáth i stair ár dtíre
féin. An dream ba threise de Bhranachaibh
Cualann ab' iad Gabhail Rághnaill, agus i
dtaca le Baile na Corra de, tá sé i
gceartlár Ghlinne Mhaoilughra, agus ard-
bhaile Raghnallach, (.i. dá bharúntacht Bhaile
na Corra) ab' é é.



Acht chum filleadh ar mo scéal, do
pósadh Fearghus agus inghean Uí Bhroin i
mBaile na Corra. Is beag de thighthibh
móra cloiche do bhí i Laoighis um an dtaca
sain, agus ó ná raibh a leithéid ag Fearghus,
b'éigean dó a bhean fhágáil i dtigh a hathar
go dtí go mbeadh teach cloiche ollamh 'na
comhair. As a los sain do chuir Ó Ceallaigh
dream d'á dhaoinibh ag obair ar fhorgaint
tighe, agus is ortha ba ghiorra a mhoill é chur
suas. Luan breagh earraigh do tosnuigheadh
ar an obair agus do críochnuigeadh í Dia
Sathairn a bhí chugainn. D'á bhárr sain do
baisteadh Tigh na Seachtmhaine ar an tigh
sin, mar is i n-aon tseachtmhain amháin do
cuireadh suas é. Fóiríor dóighte! ní'l ann
anois acht fothrach fuar folamh, gan bárr
gan mullach, gan foithin gan fascadh, agus
an uile ghaoth as na ceathar-áird ag teacht
thríd, agus ní'l de ainm air acht an tSean-
chloch. Ní'l de dheallradh ná de chuma air
acht mar a fuair Oisín ar Almhuin leathan-
mhóir Laighean, ar bhfilleadh dhó go hÉirinn:



"Ní raibh 'na hionad ann go fíor,
Acht fiadhaile, fliodh, agus neanntóg."



Cad fá ndear sain i bhFearann Uí Cheal-
laigh? Tá, feall an Ghaill, mar inneosad
díbh.



An túisce go raib an tigh nua ollamh aige
'na comhair, thug a Ceallaigh a bhean a bhaile
go Laoighis. Oidhche Mhichíl d'ar gcionn thárla
go raibh feadhmannach Uí Cheallaigh, .i., duine
de Mhuintir Mhic Leoid, as baile. Ar
bhfilleadh dhó, thug sé fá ndeara, an gé bhí
d'á ithe aca an fhaid do bhí sé féin as láthair,
nár congbhuigheadh oiread is aon ghreim
amháin de, beag ná mór, 'na thómus-san.
Tá seanfhocal ann, an té nach truagh leis
do chás ná déan do ghearán lais. B'in é a
dhálta ag Mac Leoid seo. Chuaidh sé ag
triall ar a mháighistir, agus do chrom sé ar
ceasacht agus ar clamhsán i dtaobh an ghé, "go
rabhthas go han-olc dó mar gheall air, go
raibh gé breagh reamhar beathuighthe d'á ithe
ag an teaghlach agus eisean as baile, agus nár
congbhuigheadh aon ghreim de 'na thómus
féin." Níor chuir Ó Ceallaigh suim 'sa
chaint seo, acht dubhairt le Mac Leoid rith
ar an gcócaire agus a ghearán do dhéanamh leis,
nó dul amach ar shráid an tighe agus gé do
mharbhadh dhó féin, agus gan teacht i n-a láthair
féin choidhche arís agus gan de ghnó aige acht
ócáid bheag shuarach de'n tsórd sain.
D'imthigh Mac Leoid, go díombuidheach agus go
míoshásta, go leamh de féin agus de chuaird an
lae sin, agus 'sé rud do bheartuigh sé dhó féin
ná díoghaltas d'agairt ar a mháighistir.



Seo é ag triall ar Iarla Chill-dara, .i.
Gearalt Mac Gearailt, do bhí 'na chomhnaidhe
um an dtaca sain i gCill Chathaigh, áit a


L. 784


raibh caisleán aige. D'fhan Mac Leoid i
gCill Chathaigh go hOidhche Nodlag, agus do innis
sé annsain do'n iarla gurab é a mháighistir
a chuir ag triall air é le cuireadh, an
t-iarla theacht ar cuaird chuige i gcomhair
na Nodlag. Do thaithin sain go mór leis
an iarla, agus is é ghlac an cuireadh bréige
go macnaiseach buidheach. Seo ar siubhal é
agus sluagh mór d'á lucht freastail le n-a
chois. Ar dteacht ar Chnoc na Tulca dhóibh,
áit atá i n-aice an tighe, do chuir Mac Leoid
trí ghlaodh as go hárd, mar ba ghnáthach le
feadhmannaigh na haimsire sin. Chuala
Ó Ceallaigh gach glaodh de na trí ghlaodh do
leig an feadhmannach as, agus dubhairt, pé
áit go raibh Mac Leoid ó aimsir na Féile
Michíl, gurab é a ghuth do airigh sé anois,
má ba bheó é i n-éan-chor.



Ba ghearr go dtáinig Mac Leoid i látair
a mháighistir, agus d'fhuagair sé dhó Iarla
Chill-dara theacht ar cuaird agus ar céilidhe
chuige, agus mathshluagh mór i n-éinfheacht
leis. Ní fuláir nó bhí árd-iongnadh ar
Ó gCeallaigh. Níor caitheadh le daoinibh an
uair sin, ámh, acht féile agus fairsinge
agus fiúntas, go háirithe i measg Gaedheal.
Do bheannuigh Fearghus do'n iarla i n-a ainm
agus i n-a shloinneadh, agus dá ndéarfainn,
i n-a theideal, agus do chuir céad fáilte
roimhe, agus dubhairt go bhfaghad gach
freastal agus friothólamh do bhí oireamhnach
d'á chéim. Fuair an t-iarla sain agus do
bhí i gcóir chum imtheachta lá Nodlag Beag,
agus, ag fágáil sláin ag Ó gCeallaigh dhó,
níor mhór leis barr féile agus fiúntais do
thabhairt d'Fheargus ar fhearaibh Fáil agus a
fheabhas do freastaladh agus do friothóladh
é a fhad agus bhí sé ar cuaird i bhFearann
Uí Cheallaigh.



Do labhair Fearghus leis agus dubhairt:
"Dá mbeadh fhios again, a Iarla Chill-
Dara," ars' eisean, "go rababhair-se chum
teacht annso ar cuaird chugam, bheadh an
freastal agus an friothólamh i bhfad ní
b'fhearr agam romhaibh, agus bheadh an uile
chineál bídh agus dighe ní ba fhlúirsighe ar
clár agam."



Do leath a shúile ar an iarla agus
d'fhiosruigh sé d' Ó Cheallaigh:



"Nach tusa chuir t'fheadhmannach féin, .i.
Mac Leoid, le cuireadh chugam?"



"Ní mé, go deimhin," arsa Fearghus,
"acht, ar a shon sain agus uile, ná tuig-se
acht go raibh fáilte agus fiche romhat, agus
ó thárla gur thaithin sé leat go maith bheith
ar cuaird agam ar chuireadh mh'fheadh-
mannaigh, tá súil agam anois go bhfanfair
annso go Lá Fhéile Muire na gCoinneal
ar mo chuireadh féin."



D'aontuigh an tIarla air sin, acht ars'
eisean:



"Badh mhaith liom go mbeadh cead agam,
agus a bhfuil de mhathshluagh im' theannta,
fios do chur ar bheathaibh go Cill Chathaigh."



"Ní ceart an cead sain a bheith agat,"
arsa Ó Ceallaigh, "nó go mbraithfir beatha
ag dul i ngainne annso. Bíodh cead do
chinn agat annsain, i dtaca leis sin de,
acht ní go dtí sain."



D'á réir sin, ní fhacas i dTigh na
Seachtmhaine acht fleadha d'á gcaitheamh ó
ló go ló, agus gach fleadh aca ní b'fhearr
ná a chéile, agus gan comhaireamh ar an
gcostas.



D'á luas d'á dtáinig Lá Fhéile Muire na
gCoinneal, d'fhág an t-iarla slán agus
beannacht ag Ó gCeallaigh, ag gabháil an-
bhuidheachais leis sin i dtaobh na féile do
caitheadh leis, agus thug a bhóthar air. Ag im-
theacht dó, thairg sé é féin chum a bheith i n-a
athair baistidhe ar an gcéad-ghein leinbh do
bheadh ag mnaoi Fhearghusa, agus sin mar


L. 785


chomhartha ar an gcarthannas mór badh
bheithte eatorra feasta. Fuair sé a ghuidhe.
Do rug bean Uí Cheallaigh leanbh mín álainn
mic scathamh na dhiaidh sain. Bhí Iarla Chill-
dara ag an mbaisteadh, agus ní raibh ar
siubhal i dtigh Uí Cheallaigh acht seinm théad
agus dánta béil. Ar maidin lá theachta
an iarla, is amhlaidh fríoth an bhean uasal
óg agus a bunóc agus iad araon marbh i
n-a leabaidh. An cúpla bocht! Is mór
atá mo chroidhe ag teacht ortha. Dubhar-
thas gurab é rud do mharbh iad ná an gleo
mór agus an callán do bhí ag lucht an
charbhais ar na fleadhaibh, acht maidir liom
féin de, ní'lim i n-amhras leis an méid
seo, siúd is ná féadaim a dhearbhadh
thabhairt díbh-se, gurab é Iarla Chill-dara
do chuir de'n tsaoghail iad le proinn
iarpaise nó nimhe. Sin brón mór ar
Ó gCeallaigh i n-ionad na lúthgháire bhí air
ó chianaibh, acht má's eadh féin, ní'l ins an
méid sin acht tús a raibh i ndán dó, an
fear bocht, mar inneosad anois.



D'fhan an t-iarla scathamh i dTigh na
Seachtmhaine chum chomhdhoilgheas do dhéanamh
le n-a charaid, agus thug sé cuireadh dhó um
theacht ar cuaird chuige go Cill Chathaigh
chum go dtógfaidhe an brón de. Geall sé
dhó 'na theannta sain a dheirbhshiúr féin i
gcleamhnas, agus dubhairt leis, pé rud
d'imtheochadh air, gurab é thiubhradh furtacht
agus fóirithin dó i n-am an gábhaidh, dá
mbadh mhaith leis é. Nár bh'é an mac mí-
áidh é Ó Ceallaigh agus éisteacht leis seo?
Is lag do mheas sé ná raibh ann acht feall
gránna, mar ní milse mil 'ná teachtair-
eacht síothchána an duine bhréagaigh, a
ndubhairt Déirdre 'san téacs breagh sain
"Oidhe Chloinne hUisnigh." Chuaidh sé go
Cill Chathaigh agus faoi cheann seachtmhaine nó
fá'n tuairim sin, cad do rinne an t-iarla
acht é thabhairt leis go mullach an tighe
báirr, ar scáth radharc do thabhairt dó ar
an dúthaigh atá thort thimcheall an chaisleáin.
Bhí a chongnamh ag an iarla annsain. .i.
sladmharbhthóirí do chuir sé i bhfolach roimh
ré i gcomhair Uí Cheallaigh. Do bhuaileadar
go léir buille feille ar Ó gCeallaigh agus
do bhaineadar a cheann de.



An fear bocht! Ní mheasaim go raibh
arm faobhair ná teineadh aige do bhuail-
feadh an buille cosanta ar na dún-
mharbhthóiríbh seo, agus má bhí féin, ní dócha go
raibh uain aige ar oiread is miodóg do
tharraing as a fáisceán.



Do chuir an t-iarla feasa agus teachta
chum na méirdrighe malluighthe úd Sibéal,
.i., bainríoghan Shacsan, d'á chur i n-umhail
di gur mharbh sé fear díbhfeirge de Gaedheal-
aibh, nó mar adubhairt sé féin, do réir
dheallraimh, reibiliúnach Éireannach. Tháinig
áird-chion ag an méirdrigh bainríoghna so
ar Iarla Chill-dara de dheascaibh na droich-
bheirte seo, agus do mhol sí go mór é d'á
chionn, 'ghá rádh leis gur mhór an comhartha
dílse agus tairise dhó a cheann do bhaint de
reibiliúnach Éireannach. Bhí do mhéad an
áthais do tháinig uirthi, agus an buidheachas
mór a bhí aici air, gur bhronn sí lom-láithreach
Fearann Uí Cheallaigh idir fuith feadh ar an
iarla, nídh ná féadfadh sí dhéanamh do réir
an dlighe, .i., dlighe na Fódla, .i., an Sean-
chas Mór, agus ná raibh i n-a "dlighe" féin
acht aindlighe.



Ó thárla gur dhuine de shliocht Gall na
Normóinte an t-iarla fealltach so, do
cheap file Gaedhealach an rann so ag
tagairt do'n táir-bheirt:

Ná déan cumann le fear Gallda;
Má ghnír, ní feirrde dhuit.
Beidh choidhche ar tí do mheallta -
Ag sin cumann an fhir Ghallda riot.


L. 786


Is maith an chomhairle í sin agus badh mhaith an
rud dá ndéanfaidhe indiu féin í. Ní'l acht
droichmheas agam féin ar na Gearaltaigh
uile, dá fheabhas corr-dhuine dhíobh, agus sin do
bhárr stair na hÉireann do léigheadh ó thúis
go deireadh. Hibernis ipsis Hiberniores,
mar 'dh eadh! Deirim-se libh-se ná raibh na
Normánaigh seo riamh nár fríoth go holc
iad. Ar mhaithe leó féin do-ghnídís gach
aon ghníomh, cuir i gcás gur bhuaileadar fo-
bhuille ar son na hÉireann agus go gcanaidís
Gaedhilg. Dob' fheairrde na Gaedhil ionn-
taoibh do thabhairt le Clainn Míleadh amháin.
Muna mbeadh Dúthaigh Déiseach bheith ar
ionntaoibh na bPaorach, Urmhumha i dtaoibh
le Builtéaraigh agus Barraigh, Deasmhumha
i muinighin na nGearaltach, Connachta
ag taobhadh le n-a gcuid Búrcach agus
Bairéadach, Contae Lughbhaidh i dtuilleamaigh
na mBeilleogach, agus an Mhidhe ag dréim le
Lásaigh agus a leithéidí, bheadh a mhalairt de
scéal againn indiu. A dhrólann na bhfeart!
cad 'n-a thaobh nár thug na Muimhnigh go
léir géilleadh d'á rígh dlisteanach féin
Mac Cárrthaigh, agus na Connachtaigh thabhairt
umhla do Chlainn Chonchubhair? Bhí ní ba mhó
de ghliocas ins na Laighneachaibh, agus, dá
ndéarfainn, ins na hUltachaibh, ná mar bhí
riamh i n-éan-Mhuimhneach ná i n-éan-Chonn-
achtach. An fhaid do bhí sé i Laighneachaibh
claidheamh do tharraing, ní dhearnadar acht
géilleadh d'á ríghthibh féin, .i., d'Ó Mhórdha,
d'Ó Chonchubhair, d'Ó Bhroin, do'n Chaomhánach.
agus dá n-abrainn, do Mhac Séafraidh, sin é,
do Mhac Giolla Pádraic, cé gur ghabh
seisean leis an mbainríoghain i ndeireadh
báire. An lá do cuireadh deireadh le n-a
ríoghachtaibh sin, bhí deireadh le Laighnibh na
nGaedheal. Ní hortha féin do bhí an locht,
nuair a chuaidh ag Gallaibh ortha, mar ba
chomhgaraighe do Bhaile Átha Cliath iad ná
na treabhanna eile, agus ní rabhadar i
n-acmhuinn a thuilleadh troda dhéanamh.



Seo mar do chaoin duine gan ainm éigin
bás Uí Cheallaigh:



Mo mhíle léan! mo scéal! mo scalladh!
An fear fial, an triath Ó Ceallaigh,
De phór Míleadh, de shíol na ngaiscidheach,
D'eascair — is ceart dam a aithris —
De Chonall Cearnach as Eamhain Mhacha,
Curadh cruaidh ó'n gCraoibh Ruaidh mhaisigh,
Coigéile Con éachtaighe na dtachar,
Do throid an Fear Diadh go dian, 's ba
dheacair,
A gcumann d'á chéile cé gur naisceadh.
Ní meathtacht ná laige do bhain d'Ó
Cheallaigh,
Ní time ná tlás ar lár do leag é,
Ní hiad sain riamh fá ndeara,
Acht feall agus meang Mhic Gearailt
Do bhí, agus ní le ceart é,
'Na chomhnaidhe le n-a linn sin i gCill
Chathaigh,
I n-a iarla ar sciamh-mhagh Maistean.
Oighreacht Ua dTuathail ngarrtha,
Dá mbeadh aca-san a bhfearantas cairte.
Do mharbh sé i bhfill i gCill Chathaigh
An Gaedheal-fhear tréitheach Ó Ceallaigh,
Nár thuig go héag, agus é chomh cneasta,
Go raibh an Normánach lán de ghangaid —
Thug cuireadh chum féasta do'n tséimh-mhac
Fearghus,
Thug leis suas é go buaic a dhaingin,
Ar scáth na háite áilne i n' aice,
'S do dhúnmharbh 'sa dúnphort barra.
Níor náir leis an táir-bheart sain d'aithris
Do chuir scéala thar tréan-mhuir go Sasain'
Gur mhol an mhéirdreach gan scéimh an
gaisge,
Agus nídh ná féadfadh sí dhéanamh ó cheartas,
Do bhronn sí Fearann Uí Cheallaigh ar
Ghearalt.


L. 787


Mí-ádh go bráth, ár agus leagadh
Ar Mhac Gearailt is ar chaile úd Shasan!
Nár théidhid i n-éifeacht ná i n-earradh!
Go scriostar go huile a bhfearainn!
Go dtuitidh a sliocht as a seasamh!
Fó smacht a namhad go rabhaid gan tapadh!
Is gach díne d'á dtí dhíobh ar an dtalamh
A gcríoch mhaith choidhche nár fhaicthear!
'S go gcúitighidh Dia leó go dian an bheart
sain!



Acht is mithid dam críoch do chur ar mo
scéal. I gceann scathaimh thug Iarla Chill-
dara Fearann Uí Cheallaigh d'á mhac tabhartha
Gearróid Mac Gearailt, agus níor cuireadh
acht fíor-bheagán cíosa air. Bhí mac ag an
nGearróid seo gur bh'ainm dó sean-
Ghearalt — sin a raibh d'ainm air ag cách go
coitchionn, pé i nÉirinn é, agus ní d'á mholadh
súd do bhítí 'san áit. Go deimhin féin
níor chuir na daoine a chuimhne dhíobh go
ceann i bhfad agus a mhí-dhaonnacht do bhí sé.
Duine gan truagh gan taise gan trócaire
bhí ann. D'fhan na forbaí nó na fearainn
ar sheilbh an Gearailt seo go ceann scathaimh
an-fhada agus is mór an feabhas nó an
bhiseach do chuir sé ortha. Sin ar thugas fá
ndeara go minic, na Gaillis mó do fheabhsuigh
nó do bhisigh a gcuid fearann, is iad
ba lugha daonnacht. Do chuir sé tighthe suas
ins an áit i bhfuil an tsean-abhaill nó an
sean-ubhallghort i Log an Churraigh agus do
chuir mór-chuid crann ann 'n-ar gearradh a
ndeireadh 'sa bhliadhain seacht gcéad déag
's a dá fhichid. Is iomdha bóthar agus bealach
do rinne sé leis, bóthar aca ag treorughadh
ar Ráithín na hAbhla, bóthar eile 'n-a
nglaodhtar air an Bóthar Fada a théid go
Tigh Maodhóg, agus ceann eile fós a théid
tré Thigh na Bearbha, .i., cuid de Fhearann
Uí Cheallaigh. Is iomdha crann do chuir sé
mar an gcéadna chum gach áit díobh sain do
chur faoi scéimh agus faoi dheise. Ag déanamh
na mbóthar dó thug sé fá ndeara go raibh
botháin bheaga 'san áit 'n-ar mhaith leis an
bóthar a bheith.



"Caithfear na botháin sin do leagadh,"
ars' eisean.



Do hinnseadh dó go raibh sean-bhaintrea-
bhacha 'na gcomhnaidhe ins na tighthibh beaga
sain.



"Is cuma liom," ars' eisean; "is fearr
liom go mór bóthar 'ná botháin. Leagtar
iad ar an dtoirt!"



D'orduigh sé do na hoibridhthibh annsain
slabhra breagh láidir daingean teann toir-
teamhail d'fhághail. Do fuarthas, agus do
cuireadh mór-thimcheall ar na tighthibh é, agus
do sracadh anuas iad.



Do chuir sé leis cloidhe leathan dúbalta
thart ar Log an Churraigh agus beodhanna nó
fálta ar gach taobh de. Ultaigh do bhí ar
aimsir aige chum na hoibreacha so dhéanamh
agus is é an chuma ar ar íoc sé a dtuaras-
tal leó ná eallach do thabhairt dóibh mar
dhíol ann. Do imthigheadar so ortha agus
do chaitheadar an chéad oidhce ag Port na
hInse. Do lean Gearalt iad, agus sloigisc
faoi arm agus éideadh le n-a chois, agus do
rug ar an mbóthar ortha. Do leig air
gurab amhlaidh do ghoideadar na ba uaidh,
do rinne sárughadh ortha, agus do mharbh gach
uile mhac máthar aca 'sa troid, acht ní gan
buillí d'fhághail uatha.



I gceann scathaimh eile, bhí connspóid idir
é féin agus comhursa dhó, duine uasal éigin
do bhí ag luighe isteach air, dar leis. Ar
dearg-lár an bhóthair do theangmhuigh sé bheith
eatorra, agus do chuir Gearalt i gcead
do'n fhear so, an chéad duine eile bhuailfeadh
i n-a dtreó, an connspóid seo d'fhágáil faoi
n-a bhreitheamhnas. Bhí fhios ag Gearalt
roimh ré gurab é a aodhaire féin, .i., buachaill


L. 788


na mbó, do thiocfadh fá n-a dtuairim, agus
shaoil sé ná leomhfadh sé sin aon bhreith do
thabhairt acht focal do mholfadh a thaobh féin
de'n scéal. Acht ní mar shaoiltear a bítear.
Fear cóir ceannsa misneamhail macánta do
bí i mbuachaill na mbó, agus nuair a tháinig
sé an tslighe agus gur fágadh an cheist faoi,
ní dhearna sé acht an ceart, a rádh leis an
mbeirt go raibh a dhearbh aige gur ag an
gcomharsain do bhí cóir na connspóide. Bhí
Gearalt ar dearg-bhuile agus do chuir sé
gabháil ar a bhuachaill agus ar mhac an
bhuachalla, agus do chuir faoi ghlas i n-each-
lainn iad le súil go gcrochfadh sé iad gan
mhoill.



Do chuala bean an aodhaire go raibh a fear
agus a mac i ngéibheann agus i ngábhadh.
Téidheann sí ag triall ar Ghearalt, agus seo í ag
truaigínteacht air, agus do thairg dó a
maoin shaoghalta uile, d'fhonn iad do shaoradh.



"Má thugann tú chugam do dhá bhó dhéag
agus do tharbh," ars' eisean, "leigfead-sa
amach iad."



Chuaidh an bhean a bhaile, agus í go lán-
lúthgháireach fá n-a fhusacht a fuair sí iad do
shaoradh, dár léi féin. Ar bhfilleadh dhi, ámh,
cad do chonnaic sí acht an bheirt agus iad i
n-áirde ar crann agus gan siolla de'n
anam ionnta! Ní raibh Gearalt sásta leis
an méid sin. Do ghlac sé an t-eallach, agus
dubhairt léi, ag cur taithint innti, gur bheag
aige an oiread sain i n-aghaidh cead a bheith
aici ar an dá chorp a thabhairt a bhaile léi!



Ní nach iongnadh, ba mhór an brón agus an
doilgheas do bhí ar an mnaoi bhoicht, agus
seo mar do chaoin sí iad go truaighmhéileach,
agus do thug a mallachta do Ghearalt tré
n-a brón:



"A Ghearailt gheairr an gháire ghonta.
Fásach go táirseach do gheata!
Driseog agus a dá cheann is an talmhain!
Loch uaithne ar uachtar do halla!
Nead an tseabhaic i bpoll an deataigh,
Agus cac na ngabhar i n-áit do leabthan!
Mar do bhuain tú dhíom an mac 's an
t-athair!
Bhuain tú dhíom an dá bhó dhéag 's an tarbh!
Agus oighreacht nár fhaghaidh t'oighrí-se, a
Ghearailt!"



Agus gach aon mhallacht d'ar ghuidh sí do
Ghearalt, do cóimhlíonadh í gan mhoill. Bhí
sé faoi lán-réim agus rith an ráis leis go
ceann scathaimh, acht fá dheoidh do thárla dhó
bheith tré n-a chéile le cumanntóiríbh an
iarla nuair a thángadar chuige a d'iarraidh
an chíosa bhig shuaraigh do bhí air as Fearann
Uí Cheallaigh. Thug sé freagra borb ortha
agus do innseadar sain do'n iarla.
D'fhuagair an t-iarla Gearalt annsain,
agus do chuir sé an forba i n-áirde le n-a
dhíol. Do cheannuigh Domhnall Ó Broin ó
Cheatharlach é, 'n-a nglaodhtí air go coit-
chionnta "Domhnall Táilliúr." Do cuireadh
Gearalt as a mhaoin shaogalta agus do
tugadh í idir fuith feadh do Dhomhnall, agus
nár bh' é an ceart é, órlach beag de thalamh
na hÉireann bheith arís ar sheilbh fíor-Gaedhil?
Is annsain do comhalladh gach nídh d'ar thuar
bean an aodhaire do Ghearalt, óir, ó chaill
sé a chuid tailte, agus gan duine d'á
gcháirdibh i gcumann leis feasta, agus fuath
agus fala ag na comharsanaibh uile dhó,
b'éigean dó dul go Cloch an Phúca, agus
ba buidheach beannachtach é de sheilbh bhig
shuaraigh a bheith aige, .i., lochán falla foidín
(lochán balla fóid). Ní raibh annso aige
de bhiadh ná de dhigh acht bainne dhá ghabhar
agus na gabhair féin, bhídís i n-éin tigh
leis, agus do shínidís iad féin ins an
leabthain chochain 'n-a gcodladh sé agus
d'fhágaidís a gcuid salchair innti. I gcás
gus fíoruigheadh gach mallacht d'ár ghuidh an


L. 789


bhean bhocht. Gurab amhlaidh do gach aon
duine de Ghallaib an Chró Chuinn seo nach
maith leis Gaedhil a bheith slán láidir folláin,
i dtreise agus i dtreoir, i n-a dtír féin.



Tagra.



Fríoth = fuarthas, fuaras, was found.
Log an Churraigh, Luggacurren, in Queen's Co.
'Na mhór-thimpeall = thort timcheall air.
Do rinneadar fearann claidhimh de'n chúige sin,
they made sword-land of that province, i.e., they con-
quered and annexed it.
A fhad le Maistin, as far as Mullaghmast (from
Mullach Maistean), a place in the south of Co. Kil-
dare.
Uíbh Muireadhaigh, the original territory of the
O'Tooles in South Kildare.
Baile Átha hÍ, Athy.
Fraoch Mór Laoighise, the Great Heath of Mary-
borough.
Do sraoineadh an dá chath ar Mhuimhneachaibh, the
Munstermen were defeated in the two battles.
Bearbha, the river Barrow.
Bealach Mór Muighe Dála, Ballaghmore, in Upper
Ossory.
Buirgheas Mhór Osruighe, Borris-in-Ossory.
Éile Uí Chearbhaill, Ely O'Carroll, now the baronies
of Ballybritt and Clonlisk in King's Co., and Ikerrin
in Co. Tipperary.
Mainistir Laoighise, Abbeyleix.
Port Laoighise, Maryborough.
Sráidbhaile Laoighise, Stradbally in Queen's Co.
Fá spraic, under the command or control of.
Síol gCeallaigh, the O'Kellys, Muintir Leathlobhair,
the O'Lawlors, Muintir Fhiodhbhuidhe, the MacEvoys,
Muintir Dheoráin, the O'Dorans, Muintir Dhún-
laing, the O'Dowlings.
Treabhachas (.i. bunadh, treabh, cineadh, agusrl.), family,
tribe, race.
Cé go ndeachaidh ag Sibéil air i ndeireadh na dála,
though Elizabeth overcame him in the end of the
encounter.
Fear teagair, the compiler.
Ag áitiughadh orm, "outfacing" me, trying to persuade
me that his was the only correct opinion, also ag
áiteamh orm.
Fearann Uí Cheallaigh, the present name Kellyville
shows where one portion of the territory extended
to.
Baile na Corra, Ballinacor, Co. Wicklow.
I dtaca le, as to; also maidir le, mar le, i dtaobh, i
leith.
Chum filleadh, to return; I have never met the genitive
after chum in phrases of this kind.
Ar a los sain, on that acocunt, as a result of that.
As na ceathar-áird, from the four quarters (of heaven);
this beautiful expression, which is found in the
Leabhar Breac, is still in colloquial use.
Feadhmannach, house-steward.
'Na tómus-san, especially for him.
Cill Chathaigh, Kilkea, in South Kildare.
Cnoc na Tulcha, Tully Hill.
I dtaca leis sin de, as to that, in regard to that.
Badh bheithte eatorra feasta, that should be between
them thenceforth.
Proinn iarpaise, a dose of poison.
Fáisceán, sheath, scabbard.
Idir fuith [agus] feadh, both titles and extent =
altogether.
Na Normóinte, of Normandy.
I ndeireadh báire, in the end; so also i dtosach báire,
in the beginning, at first; i lár báire, in the centre
or middle, for which we find too i lár boil.
Nuair a chuaidh ag Gallaibh ortha, when the English
overcame them.
Ní rabhadar i n-acmhuinn, they were not able; so I
n-innmhe, i gcumas.
Sciamh-mhagh, .i., magh sciamhach, magh álainn, beautiful
plain.
Ubhallghort, orchard, is now pronounced, abhlórd in
Mid-Cork. The place-names of South Leinster
appear to show that the pronunciation there was
ubhlort. It is not used in Ulster, as abhaill, (ou-il),
-e, f., takes its place.
Ráithín na hAbhla, Raheenahowle, in Queen's County.
We appear to have another genitive of abhaill, an
orchard, here.
Tigh Maodhóg, Timogue, in Queen's County.
Port na hInse, Portnahinch, in Queen's County.
Do rinne sárughadh ortha, he made a "rescue" from
them, i.e., recovered forcibly the cattle he had
given them.
Do chuir sé gabháil ar, he got … arrested; also
do chuir sé faoi ghabháil.
Eachlainn, stable; stábla, the common word, is an
Anglicism.
Ag cur thaithint innti, vexing her, to vex her.
Cloch an Phúca, Clopook in Queen's Co.
Lochán falla foidín, nó lochán balla fóid, a sod-
wall pond.



Mac Tíre.



Seo rann do cheap Eoghan Ruadh chun Muiris Rí
Núnáim i nÁth gan Muilinn (Áth an Mhuilinn), i
bParóiste Chill Bholain:



Aithchim is éighimh an tAon ler fuilingeadh páis
Ar spara le péin ag faoradh cionta Cloinne Ádhaimh
Rachmus is réim tar thréad na fuirinne ór fhás.
Do thabhairt go héag gan bhéim do Mhuiris mhac Dáith.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services