Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nua-Litridheacht.
Title
Nua-Litridheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NUA-LITRIDHEACHT. A Chara, Chím go bhfuil cuireadh faghálta ag léightheóiríbh an IRISLEABHAIR uait-se chun a dtuairim do chur chugat ar an ceist seo nua-litridheachta na Gaedhilge. Do thaithin litir Seáin Uí Riain liom-sa go háirithe, agus, cé go mb'fhéidir ná réidhteoghainn leis in gach aon cheist, is dóigh liom go raibh a lán de'n fhírinne sa méid a dubhairt sé i dtaobh an ghábhaidh atá le n-ár nua-aistí agus ár nua-leabhair Ghaedhilge d'árdughadh. Is fuirist aithint, le déidheanaighe, go bhfuil fo- dhuine annso agus annsúd ag éirghe go himnidheach agus go hamhrusach i dtaobh an chuma go bhfuil ar nua- litridheacht á neartughadh, agus i dtaobh na críche a bhéar- faidh uirthi sa tráth anonn. Tugair-se, mar chomhairle dhúinn, bheith go foidhneach, agus go dtiocfaidh fear déanta na litridheachta i n-am tráth. Is maith an chomhairle í; acht b'fhéidir gur b'amhlaidh gur b'é "Mair, a chapaill, agus gheobhair" féar againn é ar ball. Ar éin-tslighe, 'sé mo thuair m-se, nár mhór dúinn féachaint chun na ceiste seo go lán-dáríribh. Ceist thábhachtacht is ead í. B'fhéidir go ndéarfaidhe liom gur mó go mór badh thairbhthighe dhúinn dá ndéanaimís ár n-aigne a dhíriughadh ar obair leathanuighthe na Gaedhilge go fóill ar eagla go sleamhanoghadh sí uainn ar fad. Acht is doigh liom-sa gur géire 'ná mar a shíltear é an bhaint atá ag nua-litridheacht fhoganta inléighte le hobair leathanuighthe na Gaedh- ilge. Anois, cad is litridheacht ann i n-éin-teangain? Baineann gach teanga fé leith le gach tír fé leith. Is i dteangain na tíre a gheibhtear cruinn-chunntas ar ghluaiseacht mhuinntire na tíre. Do réir mar théidh- eann an tír chun cinn, nó do réir mar théidheann sí ar gcúl, 'seadh thagann atharrughadh ar an dteangain, agus n-a dhiaidh-san chítear an t-atharrughadh ar an litridh- eacht. Má's nídh é gur ionmholta na treithe a gheibhtar i measc muinntir na tíre — cuir i gcás gur treabh iad atá tugtha dho'n léigheann — gur beag ortha na daoine d'fhanfadh i n-ainbhfios — gur treabh iad go bhfuil suidheamh dlighthe ceapaithe aca chun a leasa agus chun árduighthe a ndaoine i gcoitchinne go bhfóirthear ar an
té atá cumasach ar obair a cur ar siubhal chun a dtairbhthe go coitcheann: má's nídh é gur daoine iad a chlaoidheann go dlúth le dlúth le nósaibh fóghanta a sean; go leanann siad go hurramach do gnáth-bhéas- aibh a n-aithreach; gur suarach leó choidche an té thabh- arfadh druim lámh le saoghal a shinsear chun aithris a dhéanamh ar shaoghal an fhir thall dá fheabhas é: Cuir i gcás gur mór leó agus go molfaidís an gníomh uasal nuair deintar é, agus gur beag leo an té imireoghadh an fheill-beirt: Dá dtugtaí oideachus d'aos óg na tíre n-a múinfidhe dhóibh cionnus cosaint a dhéanamh ar a ndúthchas i n-am na síothchána, agus go mbeadh sé ortha troid a dhéanamh ar a shon i n-am chatha. Dá gcurtaí i n-umhail do'n aos óg so gur luachmhar go léir é, oighreacht an dúthchais sin agus gach a mbaineann leis; gur tháinig sí anuas chucha ó n-a sinsear, agus go mbeidh sé ortha féin bheith n-a cúram ar ball; gur meathta an dream iad dá leogaidís aon luigheadughad badh lugha do theacht ar an oighreacht-san go dtí go raghadh sí i seilbh a gclann féin arís. Cad chuige go bhfuilim ag cur síos go for-lán ar an gcuma so? - nó cad é an bhaint atá aige leis an gceist seo nua-litridheachta na Gaedhilge? Tar éis an méid atá ráidhte agam, ní dócha go bhfiafróghthar dhíom cad é an bheann atá ag litridheact i n-éin- teangain ar ghnáth-imtheachtaibh na ndaoine do labh- rann an teanga. Do réir mar bhíd na daoine ag cur spéis i n-oideachas, do réir mar bhíd tugtha chun eolas do chur ar gach nídh a bhaineas le n-a dtír féin, do réir mar cuirtar reachta i bhfeidhm ag lucht a stiúrtha chun an mhaith a mholadh agus an t-olc a cháineadh, do réir a dhíograisighe a bhítear chun bheith páirteach san ghluaiseacht chun leasa a dtíre, do réir mar mhothuightear na deigh-tréithe úd i measc na ndaoine, is eadh raghaidh an litridheacht i méid agus i bhfeabhas. Agus a shia siar agus táthar ar siubhal ar an gcuma so, agus a shia anall is do leanfar de, 'seadh is mó agur is luachmhaire an litridheacht a tiocfaidh 'n-a sheilbh. Is i litridheacht éin-teangan a gheibhtear an cunn- tas is cruinne agus is fírinnigh ar ghluaiseacht agus ar ghnáth-shaoghal na ndaoine. Is innte gheibhtear na heachtraí grinn agus na heachtraí grádh, na fíor-eachtraí agus na bréag-eachtraí. Chítear innte na duanta agus na hamhráin do chan a sinsear i laethibh a ré féin. Is innte a chítean dhúinn, ar nós scátháin, cionnus a chaitheadar a n-aimsir. Taisbeántar go soiléir dúinn innte meón na ndaoine — pé aca bhíodar ag caitheamh i ndiaidh an tsaoghail abhfus nó ag maireachtain go deagh-iomchuir i gcóir an tsaoghail thall. Agus cad iad na tréithe is mó gheibhtear i litridh- eacht ionmholta? Ar an gcéad dul síos, ní mór don scríbhneóir bheith i dtaoibh le n-a smaointibh do chur síos go breagh, soiléir, so-thuigsiona sa teangain úd, agus dá iomláine agus dá líomhtha agus bheadh an teanga is mó is inléighthe an litridheacht a ceapfar. Ní hionann ar fad an chiall atá sa tarna focal i n-éin-teangain. Bíonn a ciall féin le gach focal fé leith. Do réir a líonmhaire agus atá na focail seo gurab ionann beagnach an chiall atá leo go léir, is eadh is oireamhnaighe atá an teanga chun smaointe an duine do chur síos innti. Is mar a chéile, díreach, a luigheann gach smaoineadh ar gach aigne. Is mar a chéile a mhothuighthear é, agus do réir a fheabhas agus d'fhéadann éinne againn ár smaointe do léir-chur síos, 'seadh is deise agus is inléighte na litridheachta a cheapfam. Is minic a deirtear gurab é an duine léigheanta an duine atá cumasach ar smaointe a aigneadh do chur i dtuigsint dúinn go cruinn-díreach fé mar thagann siad chuige, cé gur dóigh le n-a lán nach fiú scoláire do tabhairt ar éinne ná caitheann tamall dá óige agus a urmhór dá dhéagaibh ar "scoil náisiúnta" ag casadh le teanga iasachta do piocadh suas d'fhonn a aigneadh a dhalladh agus a chrapadh! Acht ní leór an teanga i gcóir litridheacht a cheap- adh. Caithfear smaointe fóghanta agus brigh agus fuinneamh do bheith fighte isteach sa teangain chun suim a chur innte. Ní leanfar de léightheóireacht ar son na teangan dá áilne í. B'fhéidir go dtaithnfeadh sí le n-a macaibh léighinn atá ag iarraidh eólais do chur ar an dteangain, acht tá dream nach iad so nach fuláir litridheacht do sholátar dhóibh agus nach fuláir nua-aistí do cheapadh n-a gcóir. Tá dhá dhream i nÉirinn anois go bhfuil crích ar nua-litridheachta fé n-a gcúram. Tá na Gaedhilgeóirí agus mic léighinn na Gaedhilge. Ar an dá bhuidhin sin táimíd ag braith chun ár dteangan do neartughadh agus chur fé ghradam arís. Tá deiseacht ghnás na teangan ag na Gaedhilgeóiríbh. Is aca atá na cuir dheasa chainte agus an Ghaedhilg bhreagh, ghlan, shimplidhe, nádúrtha do cuirfeadh áthas agus aiteas chroidhe ar éinne bheadh ag éisteacht leó ag aithris na sean-eachtraí, agus do bhearfadh aigne an Ghaedhil siar arís go dtí an tráth 'n-ar lonuigh a shinsear go neamh-spleadhach ar fearann Fódla. Acht taobh amuigh de na heachtraí breaghtha so, is beag a bhfuil de smaointibh aca do dhéanfadh aigne ár n-aosa óig d'árdughadh, nó a thabharfadh neart aigne dhóibh chum eolais do chur ar ghluaiseacht na nua ré seo, nó a mhúinfeadh dhóibh cionnus a bpáirt do ghabháil sa ghluaiseacht soin. Ní locht ortha soin, ámh. Do coimeádadh i n-ain- bhfios iad i gcaitheamh na haoise atá caithte againn. Cuireadh airgead ar cheann an tsagairt agus ar lucht an léighinn ar eagla eólas do theacht dár sinsear; agus nach é an t-iongnadh go léir é an léisín beag eólais ba lugha do beith aca toisc na n-aindlighthe do ceapadh n-a gcóir. Acht, ar an dtaobh eile de'n scéal, ní mór dúinn na mic léiginn do bhréagadh isteach chun scríbhneoir- eacht do dhéanamh sa teangain. Ní hionann soin, ámh,
agus a rádh go bhféadfar na nua-aistí seo na mac léighinn do chur i gcóimh-mheas le saothar na nGaedh- ilgeóirí. Tá slacht agus deiseacht chainnte i saothar ar nGaedhilgeóirí, acht is minicí i n-iarrachtaíbh an mhic léighinn a gheibhtear na smaointe agus an éirim bhreagh agus iad clúduighthe fé bhrat an Bhéarlachais. Acht molaimís iad araon. Tiocfaidh tairbhthe do'n teangain agus dár nua-litridheacht as saothar an da bhuidhean. TADHG GABHA. -- A Chara, Is ró-fhada ná feaca leitir chomh ciallmhar leis an leitir sin Sheáin Uí Riain ar chúrsaíbh nua-litridheacht Ghaedhilge. Gach aon-fhocal dá ndubhairt sé aontuigim leis, agus is eól dam gur ionann cás do Ghaedhil- geóiribh go leór eile fé'n dtuaith: isé is dóigh leó gur lán-mhithid dúinn an ruagadh do chur ar na seana- bhalcaisíbh, ar na seana-cheirteachaibh is ar na sean- earraibh eile gan chomhaireamh atá ag "scríbhneóiribh" áirithe 'á chur os ár gcomhair le tamall fí ainm litridheachta, is "iad do chur go doimhin i dtalamh síos, nó i n-ait ná beadh a gcasadh chughainn go dtí luan lae an Bhrátha." Ní fhágann san go leogfaí do chainnt bhreagh bhríogh- mhair, blasta Ghaedhilge dul ar ceal ná i ndearmad: ná tuigeadh éinne uaim-se nach fuláir d'ár dteangain bhinn, ghaois-bhriathraigh dul i mbáthadh má staonam de chur síos innti ar ghearradh cnumh is ar romhar clas is ar bhaint turnap! I n-a dhiaidh san, tá "scríbh- neoirí" ann, a mheasann ná fuil cúrsa ar bith is aoirde réim san nGaedhilg ná leamh-thrácht ar mhaingilíbh 'Liam Mhuiris Dhiarmuda, nó ar sciolláin Bhillí Sheáin Ghobnait, nó ar an asal do b'fearr sa cheanntar: -- M'asal-sa is d'asal-sa, is asal Paid Mháire B'shin iad na trí hasail do b'fhearr ins an áit seo! Is mithid dúinn a chur i n-iúl dos na "scríbhneóiribh" seo ná fuil ann acht leamhas dóibh a bheith ag braith ná ag ceapadh gur litridheacht fhoghanta éan-chainnt den tsaghas san. Deinidís machtnam ar an da líne seo: "Ní maith linn briathra bhrille bhreaille Is laige a gciall ná cuipe caise." Is cuimhin liom féin — agus ní ró-fhadó shoin é — go rabhthus níos ísle ná an chlais féin, .i. i bpoll díge, a d'iarradh bó do tharraint as. Tá scoláirí ann agus "scoláirí": tá, agus scríbhneóirí is "scríbhneóirí," agus badh mhaith liom an méid so do chur os a gcomhair go léir; sinn-ne go bhfuil comhnuidhe orainn féin dtuaith, cortha atámuid de shuarachas na n-adhbhar tráchta a bhíonn i bhfurmhór na n-aistí Gaedhilge a gheibhmíd ins na páipéir. Daoine atá síolta i gcathrachaibh nach iongna ná tuigid siad do Ghaedhilgeoiríbh na tuaithe. Bíodh a fhios ag "scríbhneóiríbh" go bhfuil aigne is éirim is inntleacht is meabhair ag tuataighibh na Gaedh- ealtachta ná hoireann aistí aindeise, baotha, beag- chiallacha, bolg-shéideacha, bréana, búndúnacha, leamh- labharthacha dhóibh, agus mara dtiocfaidh a mhalairt de chrut agus de mhianach agus de chiall — agus san gan spás - ar aistíbh na "scríbhneóirí" go bhfuil againn-ne annso scaoth d'óg-dhraoithibh a ghluaisfidh amach le fórsa agus a theilgfidh i bpoll móna éigin na "scríbhneóirí" seo a mheasann sinn do shásamh le litridheacht ná fuil bríg ná fóghantacht ná maitheas ná téagar innti. Anois tá súil agam go dtuigfear leath-fhocal. Má's rud é ná fuil sé ar a gcumas ag daoinibh éin-nídh a scríobh feasta acht rudaí suaracha go bhfuil an iomarca dá sollaoidibh againn cheana féin, scuir- idís i n-am tráith: tá an oiread san de phasáilt aca 'á dhéanamh ar litridheacht na Gaedhilge gur ró-ghairid ar fad go mbeidh sí i n-a "tón ar bogadh." Seasmhaídís ar leath-taoibh is tugaidís leath bóthair d'aos óg na hÉireann. RUADHRAÍ NA RUACÁN. Árd an tSéideáin, i bParóiste Dhún Guairne, -- A Fhir Eagair, Do léigheas le mór-fhonn na litreacha ag tagairt do'n cheist seo san IRISLEABHAR. Is léir do chách go bhfuil Éire i ndíth shláinte anma fé mar adubhairt Seán Ó Riain, acht is maith an comhartha é go bhfuil daoine ag tabhairt aire do nua-litridheacht na Gaedhilge. Nár lagaidh Dia go deó arís í! Is follus do gach éinne na lochta a luigheann go trom ar a bhfuil de nua-litridheacht againn go dtí so, acht is deacra go mór 'ná soin comhairle fhóghanta a thabhairt agus an tslíge do b'fhearr chun na litridheachta so do leasughadh do chur i n-umhail do lucht leanamhna na Gaedhilge. Do dhein litir an Bhosuéiligh iarracht ionmholta air seo. Acht ní réidhteóghainn-se leis i n-aon-chor san tslighe atá ceapaithe aige. Táim-se ar aon intinn leat-sa, a Fhir Eagair; dar liom, do b'fhear dána an té adéarfadh go raibh uain na n-aist- riughadh tagaithe fós. Deir an Bosuéileach gurab amhlaidh do dhein náisiúin eile na Roinne Eórpa, nuair a bhí ortha litridheacht a dteangan dúthchais d'aithbheódhchain, ná aistriughadh do dhéanamh ar leabhraibh móra go raibh cáil litridheachta ortha ar fuid an domhain, agus tá corp na fírinne aige. Acht ní hionann dálta dhúinne agus dóibh-san. Ní hamháin ag tógaint litridheachta nua atámuíd-ne acht ag aith- bheodhchain ár dteangan féin atá (nó do bhí) i ngal- raibh bháis. Dá mbeadh an teanga dá labhairt de ghnáth ag muinntir na tíre idir óg agus aosta, uasal is íseal, bheadh a mhalairt de dhath ar an scéal; ní bheadh
uainn acht canamhain litiordha do dhéanamh as teangain an tsluaigh. Dá mb'amhlaidh a bhí ár gcás nó dá mb'áil linn muinntir na tíre do ghríosughadh chun scríbhneóireachta agus gan aon dúil a bheith aca 'san litridheacht nó i n-a dteanga féin do scríobhadh, do dhéanfadh aistrighthe den tsaghas do luaidh an Bosuéileach maitheas an domhain. Acht, fóríor! Is measa go mór atá an scéal againn. Agus rud eile, do dhein na cineadhcha úd amhlaidh, agus má dheineadar, tá a rian ortha 'n-a dhiaidh. Tá cosamhlacht láidir eatortha go léir; tá gaol gairid ag á litridheachta le chéile. Tá an séala agus an cló céadna buailte ortha go doimhin; agus táid siad uile fé chumaoin ag teangain agus ag litridheacht na Laidne. Níl a chomh-mór d'fhiach- aibh ag an Laidin ar an nGaedhilg i n-éan-chor. Maidir le n-a bhfuil de litridheacht againn, féadfam seasamh ar ár mbonnaibh féin. Dá gcromfamaois ar Ghaedhilg do chur ar a lán leabhar iasachta, sé bheadh dá bharr againn ná an Ghaedhilg do chur fén gclódh gcéadna so, an áilneacht ba dhual di riamh do chailleamhaint agus atharrughadh crotha do chur uirthi. Tá oighreacht fé leith againn féin: leanamaois dár slighe féin, coinghibhmís agus coimeádaimís í agus beidh an saoghal mór buidheach go deó dhínn i ndeireadh na dála. Tá trí neithe ag cur go dian i gcoinnibh ár nua- litridheachta mar atá, ganntanas adhbhar fóghanta chonnspóide, seirge na Gaedhilge a cleachtuighthear ag mór-chuid dár scríbhneóiríbh; agus an droch-chuma nó easba "stíle" mar adéarfadh Seán Ó Gadhra, do ghoilleann go mór uaireanta ar an té a bhíonn á léigheamh. Ag tagairt don chéad cheann, ní fheicim- se cadé an fáth atá leis an nganntanus so acht amháin an dúil atá ag ár n-úghdaraibh i leanamhaint ar lorg a chéile, agus an eagla atá ortha casán nua do ghearradh amach dhóibh féin. Níl aon easbha adhbhar conn spóide ann, acht amháin go dtráchtfaidhe ortha. Nach iongantach an rud é, nuair a bhíonn aon ghnó dá ríribh idir lámhaibh aca go gcasaid de phreib ar an mBéarla? Má's mian linn sár-eólas d'fhagháil i dtaobh na sean- Ghaedheal, i dtaobh a reacht, a nós, a ngnáth-shaoghail, nó staire, caithfimíd é lorg san mBéarla; má's mian linn scéal úrdhéanta ag cur síos ar Éirinn do léigheamh, cá bhfuil a leithéid ar fagháil san nGaedhilg, Támuid ar bhóthar ár leasa anois, acht níl teóra le n-a bhfuil le déanamh fós. Seachas an ganntanas so, ba mhaith linn an Ghaedhilg bhocht thruaighe a chítear go minic, do dhul i bhfeabhus. Is léir nach n-aithnigheann lucht a scríobhtha cómhacht iolbhuadhach na Gaedhilge, ná a scóip ná a brígh. Tá canamhna na dtrí gcúigí ar nós tighthe stóir agus ní heol don tsaoghal fós a bhfuil de mhaoin agus de shaidhbhreas ionnta. Tá sé d'iachall orainn iad so do shaothrughadh go hiomlán sula mbeidh aistrighthe fóghanta gá ndéanamh nó Gaedhilg chómhachtach bhlasta ag an ngnáith-scríbhneóir. Beidh litridheacht na haimsire i láthair ag dul i bhfeabhas do réir na sómplái a gheóbham den bhfíor-Ghaedhilg éifeachtaigh do scríobh ár sean romhainn ón gCéitinneach i leith. "Caithréim Chonaill Chláirínigh," "Bodach an Chótha Lachtna," na scéalta Fiannuigheachta mar atá siad i "nImtheachtaibh Chumainn na Féinne" na laoithe Fiannuigheachta, agus a bhfuil de phrós i n-ar láimh- scríbhinne ar nós "Madhm an Árda Bhig," agus giotaí eile a scaoileann an tIRISLEABhAR chughainn uaireanta; cuirimís iad-so os comhair lucht scríobhtha na Gaedhilge agus is gairid go bhfeicfear a rian ar a saothar-san. Nuair a bheidh an oiread deánta ar son canamhna Chúige Uladh agus Chúige Chonnacht agus atá déanta cheana féin ar son chanamhna na Muimhneach; nuair a bheidh eólus ag Gaedhealaibh ar shaothar a n-aithreach rompa, annsoin is eadh bheidh sé i n-am do scoláiríbh na Gaedhilge cromadh an Ghaedhilg do chur ar Leabhraibh iasachta go bhfuil ainm litridheachta ortha. Agus annsoin féin tosnuighmís san mbaile. Cuirtear cruth nua ar Ghaedhilg ársaidh na sean-leabhar, agus na scéalta atá ionnta; sé sin mar adéarfá feóil do chur ortha mar is amhlaidh nach mbíonn againn de ghnáth san tsean-leabhar acht cnámha an fhinnscéil. Badh mhaith an mhaise do shean-leomhan na Gaedhilge thuas i gCaisleáin Ua Liatháin an obair thairbheach so a thosnughadh: bheadh fáilte ag Gaedhealaibh roimh leabhar blasda eile. An obair do dhein an Bhaintighearna Gregorí i mBéarla, badh cheart í bheith dá dhéanamh san nua-Ghaedhilg leis, an taca so lá. Cuirtear Gaedhilg ar leabhraibh Béarla a bhaineas le hÉirinn, cuir i gcás na leabhair a scríobh Seán Banim, Gearóid Ua Gríobhtha, Séamus Mac Maghnusa, fé mar atá Míchéal Breathnac ag déanamh le "Cnoc na nGabha" an sár-leabhar do scríobh Séarlus Cicham. Agus ná déantar dearmhad ar an Ghaidhlig, nó ar leabhraibh Béarla ag baint le Gaedhealtacht na hAlbann. Tá leabhair i nGaedhilg na hAlbann a chuirfeadh áthus i gcroidhthibh Gaedeal, groidhe Éireann dá gcurtaoi i nGaedhilg na hÉireann iad. Agus dá mbeadh roinnt leabhar againn san nGaedhilg ar nós úr-scéalta Néill Munro, ní fada go mbeadh feabhus ar an ndroch-chuma scríobhtha a chítear agá lán dár scríbh- neoirí. Ar a shon soin is uile ní cóir dúinn bheith ag cnáimhseáil. "Mol an óige agus tiocfaidh sí." Leanaimís orainn san tslíge atá againn agus beidh an lá linn. Tugaimís nua-shaoghal do litridheacht na lámh-scríbeann agus na sean-leabhar, agus saothruighmís na canamhna: acht leigimís don aistriugadh go fóill beag. Nílim á rádh gur tháinig "Cnoc na nGabha" ró-mhoch: acht fear as na céadtaibh is eadh Micheál Breathnach. Agus tá dhá rud dá dhéanamh aige. Seachas an sceal do thabhairt dúinn i nglan-Ghaedilg, tá sé ag cur i n-umhail dúinn saidhbhreas Gaedhilge Chonnacht. Acht níor bh'ionnthaoibh liom an choitcheantacht
ag déanamh aithris air, fé mar do chómhairligh an Bosuéileach dhúinn. Agus bíodh sé de shólás againn san am atá i láthair gur beag rud dár scríobhadh go dtí so nach bhfuil geall a sháruighthe ann. GIOLLA BRIGHDE Ó CATHÁIN. Cambridge. Tá "an sean-leomhan i gCaisleán Ó Liatháin" le fada ag obair ar ath-nódhchant seana-startha. Tá sé d'éis "An Táin Bó Cuailgne" "Beatha Pádraig" agus "Beatha Bhrighde," a thabhairt amach san gCork Examiner. Tá "Beatha Choluim Cille" ar siubhal fé láthair aighe ann. N-a theannta-san fuaireamair "Aisling Mhic Chonglinne" uaidh san gCork Sun, agus, bíonn sé ag cur síos fé láthair ar Aodh Ruadh Ó Domhnaill. Tá an Táin i bhfuirm drama agus dhéanfadh árd-leabhar ar fad. Tá súil againn go dtabharfar amach n-a leabhar é. Is clos dúinn gur gearr go mbeidh "Aisling Mhic Chonghlinne" ar fagháil i bhfuirm leabhair; "An Craos-deamhan" a bheidh mar ainm air. F. AN I. -- A Chara, — Cím go bhfuil "Beirt Fhear" ag moladh na nuadh- litridheachta. Bíodh aca. Is dóigh liom féin gur maith an rud béile de phrátaidhibh 'sa ló nó cúpla cnap i gcomhair mo dhinnéir. Acht is dócha gur "deacair mé shásamh" ós rud é na réidhtigheann prátaidhe liom trí huaire san ló is cuma cia 'ca Prátaidhe Mhichíl Thaidhg iad nó prátaidhe Thomáis Mhuiris. Buidheachas le Dia tá goile mhaith agam féin acht cad a dhéanfaidh mo pháistidhe bochta ag tabhairt taoibh le Prátaidhe Mhichíl Thaidhg ar scoil gach aon lá. Tá an scéal céadna ag páistidhibh an bhaile, mo thruagh iad. Nuair a tháinig Domhnall Óg Ua Rinn isteach ó scoil an lá fá dheireadh 'se dubhairt a athair leis. "Well, Dan, my child, what book are you readin' in school these times?" "A fine Irish book, father." "What's the name of it, child?" "I can't say it in Irish, father." "What is it in English, a bhuachaill?" "Mike Tim's Prétus, father." "Mo chreach go n-éagad, Mike Tim's Prétus, Nach truagh mé féinidh Is gan mo shaor-mhac Ag foghluim aon-rud Acht Mike Tim's Prétus." Ní maith liom na heascainidhe do thug an t-athair ar an láthair sin do luadhadh annso. "Taisbean an leabhar dam," ar seisean, is é ar buile le feirg. Am basa féin badh gheárr an mhoill ar an leanbh bocht an leabhar do chur 'n-a láimh agus is air a bhí an crith- eagla leis. D'fhéach sean Domhnall ar an leabhar agus do léigh sé annso is annsúd é. Ní raibh gíog as go dtáinig sé go dtí an áit gur cuireadh na clocha i dtóin an mhála' annsain do raid sé an leabhar uaidh de gheit agus é ar buile na ngrás. "'Seadh," ar seisean leis an bpáiste, "Ní fhogluimeochair a thuilleadh Gaedhilge má's é sin an saghas léighinn atá ag dul id' phlaoisc. Clocha i n-ionad phrátaidhe an eadh? Am basa féin beidh a mhalairt de teagaisc ag mo chlainn-se le congnamh Dé. 'Seadh, a Dhomhnaill, ní raghair-se ar an scoil sin a thuilleadh." Is mar sin do bhí an t-athair bocht ag cur de. Agus an dóigh le haoinne gur ceart milleán do bheith air. Go deimhin bhí páiste liom féin Taidhgín beag ag léigheamh páipéir an lá fá dheireadh go raibh cunntas ar bhuin i bpoll ann. Dá aimhdheoin bháis do bhaineas an páipéar de. Cad é an saghas léighinn a leithéid sin do leanbh bocht. Tá 'chuile dhuine léigh an leabhar d'aon bhuidhin liom is dóigh leo nach leabhar oireamhnach do pháistidhibh é chor ar bith. Mise do chara dílis, TÓMÁS NA dTURAS. --
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services