Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Litridheacht.

Title
Nua-Litridheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUA-LITRIDHEACHT.



A Chara,



Chím go bhfuil cuireadh faghálta ag léightheóiríbh an
IRISLEABHAIR uait-se chun a dtuairim do chur chugat
ar an ceist seo nua-litridheachta na Gaedhilge. Do
thaithin litir Seáin Uí Riain liom-sa go háirithe,
agus, cé go mb'fhéidir ná réidhteoghainn leis in gach
aon cheist, is dóigh liom go raibh a lán de'n fhírinne
sa méid a dubhairt sé i dtaobh an ghábhaidh atá le n-ár
nua-aistí agus ár nua-leabhair Ghaedhilge d'árdughadh.



Is fuirist aithint, le déidheanaighe, go bhfuil fo-
dhuine annso agus annsúd ag éirghe go himnidheach agus
go hamhrusach i dtaobh an chuma go bhfuil ar nua-
litridheacht á neartughadh, agus i dtaobh na críche a bhéar-
faidh uirthi sa tráth anonn. Tugair-se, mar chomhairle
dhúinn, bheith go foidhneach, agus go dtiocfaidh fear
déanta na litridheachta i n-am tráth. Is maith an
chomhairle í; acht b'fhéidir gur b'amhlaidh gur b'é
"Mair, a chapaill, agus gheobhair" féar againn é ar
ball.



Ar éin-tslighe, 'sé mo thuair m-se, nár mhór dúinn
féachaint chun na ceiste seo go lán-dáríribh. Ceist
thábhachtacht is ead í. B'fhéidir go ndéarfaidhe liom
gur mó go mór badh thairbhthighe dhúinn dá ndéanaimís
ár n-aigne a dhíriughadh ar obair leathanuighthe na
Gaedhilge go fóill ar eagla go sleamhanoghadh sí
uainn ar fad. Acht is doigh liom-sa gur géire 'ná
mar a shíltear é an bhaint atá ag nua-litridheacht
fhoganta inléighte le hobair leathanuighthe na Gaedh-
ilge.



Anois, cad is litridheacht ann i n-éin-teangain?
Baineann gach teanga fé leith le gach tír fé leith. Is
i dteangain na tíre a gheibhtear cruinn-chunntas ar
ghluaiseacht mhuinntire na tíre. Do réir mar théidh-
eann an tír chun cinn, nó do réir mar théidheann sí
ar gcúl, 'seadh thagann atharrughadh ar an dteangain,
agus n-a dhiaidh-san chítear an t-atharrughadh ar an litridh-
eacht.



Má's nídh é gur ionmholta na treithe a gheibhtar i
measc muinntir na tíre — cuir i gcás gur treabh iad
atá tugtha dho'n léigheann — gur beag ortha na daoine
d'fhanfadh i n-ainbhfios — gur treabh iad go bhfuil
suidheamh dlighthe ceapaithe aca chun a leasa agus chun
árduighthe a ndaoine i gcoitchinne go bhfóirthear ar an


L. 774


té atá cumasach ar obair a cur ar siubhal chun a
dtairbhthe go coitcheann: má's nídh é gur daoine iad
a chlaoidheann go dlúth le dlúth le nósaibh fóghanta a
sean; go leanann siad go hurramach do gnáth-bhéas-
aibh a n-aithreach; gur suarach leó choidche an té thabh-
arfadh druim lámh le saoghal a shinsear chun aithris a
dhéanamh ar shaoghal an fhir thall dá fheabhas é: Cuir i
gcás gur mór leó agus go molfaidís an gníomh uasal
nuair deintar é, agus gur beag leo an té imireoghadh an
fheill-beirt: Dá dtugtaí oideachus d'aos óg na tíre
n-a múinfidhe dhóibh cionnus cosaint a dhéanamh ar a
ndúthchas i n-am na síothchána, agus go mbeadh sé ortha
troid a dhéanamh ar a shon i n-am chatha. Dá gcurtaí
i n-umhail do'n aos óg so gur luachmhar go léir é,
oighreacht an dúthchais sin agus gach a mbaineann leis;
gur tháinig sí anuas chucha ó n-a sinsear, agus go mbeidh
sé ortha féin bheith n-a cúram ar ball; gur meathta
an dream iad dá leogaidís aon luigheadughad badh
lugha do theacht ar an oighreacht-san go dtí go raghadh
sí i seilbh a gclann féin arís.



Cad chuige go bhfuilim ag cur síos go for-lán ar
an gcuma so? - nó cad é an bhaint atá aige leis an
gceist seo nua-litridheachta na Gaedhilge? Tar éis
an méid atá ráidhte agam, ní dócha go bhfiafróghthar
dhíom cad é an bheann atá ag litridheact i n-éin-
teangain ar ghnáth-imtheachtaibh na ndaoine do labh-
rann an teanga. Do réir mar bhíd na daoine ag cur
spéis i n-oideachas, do réir mar bhíd tugtha chun
eolas do chur ar gach nídh a bhaineas le n-a dtír féin,
do réir mar cuirtar reachta i bhfeidhm ag lucht a
stiúrtha chun an mhaith a mholadh agus an t-olc a cháineadh,
do réir a dhíograisighe a bhítear chun bheith páirteach
san ghluaiseacht chun leasa a dtíre, do réir mar
mhothuightear na deigh-tréithe úd i measc na ndaoine,
is eadh raghaidh an litridheacht i méid agus i bhfeabhas.
Agus a shia siar agus táthar ar siubhal ar an gcuma so,
agus a shia anall is do leanfar de, 'seadh is mó agur is
luachmhaire an litridheacht a tiocfaidh 'n-a sheilbh.



Is i litridheacht éin-teangan a gheibhtear an cunn-
tas is cruinne agus is fírinnigh ar ghluaiseacht agus
ar ghnáth-shaoghal na ndaoine. Is innte gheibhtear na
heachtraí grinn agus na heachtraí grádh, na fíor-eachtraí
agus na bréag-eachtraí. Chítear innte na duanta agus na
hamhráin do chan a sinsear i laethibh a ré féin. Is
innte a chítean dhúinn, ar nós scátháin, cionnus a
chaitheadar a n-aimsir. Taisbeántar go soiléir dúinn
innte meón na ndaoine — pé aca bhíodar ag caitheamh
i ndiaidh an tsaoghail abhfus nó ag maireachtain go
deagh-iomchuir i gcóir an tsaoghail thall.



Agus cad iad na tréithe is mó gheibhtear i litridh-
eacht ionmholta? Ar an gcéad dul síos, ní mór don
scríbhneóir bheith i dtaoibh le n-a smaointibh do chur
síos go breagh, soiléir, so-thuigsiona sa teangain
úd, agus dá iomláine agus dá líomhtha agus bheadh an teanga is
mó is inléighthe an litridheacht a ceapfar.



Ní hionann ar fad an chiall atá sa tarna focal i
n-éin-teangain. Bíonn a ciall féin le gach focal fé
leith. Do réir a líonmhaire agus atá na focail seo
gurab ionann beagnach an chiall atá leo go léir, is
eadh is oireamhnaighe atá an teanga chun smaointe an
duine do chur síos innti. Is mar a chéile, díreach, a
luigheann gach smaoineadh ar gach aigne. Is mar a
chéile a mhothuighthear é, agus do réir a fheabhas agus
d'fhéadann éinne againn ár smaointe do léir-chur
síos, 'seadh is deise agus is inléighte na litridheachta a
cheapfam. Is minic a deirtear gurab é an duine
léigheanta an duine atá cumasach ar smaointe a
aigneadh do chur i dtuigsint dúinn go cruinn-díreach
fé mar thagann siad chuige, cé gur dóigh le n-a lán
nach fiú scoláire do tabhairt ar éinne ná caitheann
tamall dá óige agus a urmhór dá dhéagaibh ar "scoil
náisiúnta" ag casadh le teanga iasachta do piocadh
suas d'fhonn a aigneadh a dhalladh agus a chrapadh!



Acht ní leór an teanga i gcóir litridheacht a cheap-
adh. Caithfear smaointe fóghanta agus brigh agus fuinneamh
do bheith fighte isteach sa teangain chun suim a chur
innte. Ní leanfar de léightheóireacht ar son na
teangan dá áilne í. B'fhéidir go dtaithnfeadh sí le
n-a macaibh léighinn atá ag iarraidh eólais do chur ar
an dteangain, acht tá dream nach iad so nach fuláir
litridheacht do sholátar dhóibh agus nach fuláir nua-aistí
do cheapadh n-a gcóir.



Tá dhá dhream i nÉirinn anois go bhfuil crích ar
nua-litridheachta fé n-a gcúram. Tá na Gaedhilgeóirí
agus mic léighinn na Gaedhilge. Ar an dá bhuidhin sin
táimíd ag braith chun ár dteangan do neartughadh agus
chur fé ghradam arís. Tá deiseacht ghnás na teangan
ag na Gaedhilgeóiríbh. Is aca atá na cuir dheasa
chainte agus an Ghaedhilg bhreagh, ghlan, shimplidhe,
nádúrtha do cuirfeadh áthas agus aiteas chroidhe ar éinne
bheadh ag éisteacht leó ag aithris na sean-eachtraí, agus
do bhearfadh aigne an Ghaedhil siar arís go dtí an
tráth 'n-ar lonuigh a shinsear go neamh-spleadhach ar
fearann Fódla.



Acht taobh amuigh de na heachtraí breaghtha so, is
beag a bhfuil de smaointibh aca do dhéanfadh aigne
ár n-aosa óig d'árdughadh, nó a thabharfadh neart
aigne dhóibh chum eolais do chur ar ghluaiseacht na
nua ré seo, nó a mhúinfeadh dhóibh cionnus a bpáirt
do ghabháil sa ghluaiseacht soin.



Ní locht ortha soin, ámh. Do coimeádadh i n-ain-
bhfios iad i gcaitheamh na haoise atá caithte againn.
Cuireadh airgead ar cheann an tsagairt agus ar lucht an
léighinn ar eagla eólas do theacht dár sinsear;
agus nach é an t-iongnadh go léir é an léisín beag
eólais ba lugha do beith aca toisc na n-aindlighthe
do ceapadh n-a gcóir.



Acht, ar an dtaobh eile de'n scéal, ní mór dúinn
na mic léiginn do bhréagadh isteach chun scríbhneoir-
eacht do dhéanamh sa teangain. Ní hionann soin, ámh,


L. 775


agus a rádh go bhféadfar na nua-aistí seo na mac
léighinn do chur i gcóimh-mheas le saothar na nGaedh-
ilgeóirí. Tá slacht agus deiseacht chainnte i saothar ar
nGaedhilgeóirí, acht is minicí i n-iarrachtaíbh an mhic
léighinn a gheibhtear na smaointe agus an éirim bhreagh agus
iad clúduighthe fé bhrat an Bhéarlachais.



Acht molaimís iad araon. Tiocfaidh tairbhthe do'n
teangain agus dár nua-litridheacht as saothar an da
bhuidhean.



TADHG GABHA.



--



A Chara,



Is ró-fhada ná feaca leitir chomh ciallmhar leis an
leitir sin Sheáin Uí Riain ar chúrsaíbh nua-litridheacht
Ghaedhilge. Gach aon-fhocal dá ndubhairt sé aontuigim
leis, agus is eól dam gur ionann cás do Ghaedhil-
geóiribh go leór eile fé'n dtuaith: isé is dóigh leó gur
lán-mhithid dúinn an ruagadh do chur ar na seana-
bhalcaisíbh, ar na seana-cheirteachaibh is ar na sean-
earraibh eile gan chomhaireamh atá ag "scríbhneóiribh"
áirithe 'á chur os ár gcomhair le tamall fí ainm
litridheachta, is "iad do chur go doimhin i dtalamh
síos, nó i n-ait ná beadh a gcasadh chughainn go dtí
luan lae an Bhrátha."



Ní fhágann san go leogfaí do chainnt bhreagh bhríogh-
mhair, blasta Ghaedhilge dul ar ceal ná i ndearmad:
ná tuigeadh éinne uaim-se nach fuláir d'ár dteangain
bhinn, ghaois-bhriathraigh dul i mbáthadh má staonam de
chur síos innti ar ghearradh cnumh is ar romhar clas
is ar bhaint turnap! I n-a dhiaidh san, tá "scríbh-
neoirí" ann, a mheasann ná fuil cúrsa ar bith is
aoirde réim san nGaedhilg ná leamh-thrácht ar
mhaingilíbh 'Liam Mhuiris Dhiarmuda, nó ar sciolláin
Bhillí Sheáin Ghobnait, nó ar an asal do b'fearr sa
cheanntar: --



M'asal-sa is d'asal-sa, is asal Paid Mháire
B'shin iad na trí hasail do b'fhearr ins an áit seo!



Is mithid dúinn a chur i n-iúl dos na "scríbhneóiribh"
seo ná fuil ann acht leamhas dóibh a bheith ag braith ná
ag ceapadh gur litridheacht fhoghanta éan-chainnt den
tsaghas san. Deinidís machtnam ar an da líne seo:



"Ní maith linn briathra bhrille bhreaille
Is laige a gciall ná cuipe caise."



Is cuimhin liom féin — agus ní ró-fhadó shoin é — go
rabhthus níos ísle ná an chlais féin, .i. i bpoll díge,
a d'iarradh bó do tharraint as.



Tá scoláirí ann agus "scoláirí": tá, agus
scríbhneóirí is "scríbhneóirí," agus badh mhaith liom
an méid so do chur os a gcomhair go léir; sinn-ne go
bhfuil comhnuidhe orainn féin dtuaith, cortha atámuid
de shuarachas na n-adhbhar tráchta a bhíonn i bhfurmhór
na n-aistí Gaedhilge a gheibhmíd ins na páipéir.
Daoine atá síolta i gcathrachaibh nach iongna ná
tuigid siad do Ghaedhilgeoiríbh na tuaithe. Bíodh a
fhios ag "scríbhneóiríbh" go bhfuil aigne is éirim
is inntleacht is meabhair ag tuataighibh na Gaedh-
ealtachta ná hoireann aistí aindeise, baotha, beag-
chiallacha, bolg-shéideacha, bréana, búndúnacha, leamh-
labharthacha dhóibh, agus mara dtiocfaidh a mhalairt de
chrut agus de mhianach agus de chiall — agus san gan
spás - ar aistíbh na "scríbhneóirí" go bhfuil
againn-ne annso scaoth d'óg-dhraoithibh a ghluaisfidh
amach le fórsa agus a theilgfidh i bpoll móna
éigin na "scríbhneóirí" seo a mheasann sinn do
shásamh le litridheacht ná fuil bríg ná fóghantacht ná
maitheas ná téagar innti.



Anois tá súil agam go dtuigfear leath-fhocal.
Má's rud é ná fuil sé ar a gcumas ag daoinibh
éin-nídh a scríobh feasta acht rudaí suaracha go bhfuil
an iomarca dá sollaoidibh againn cheana féin, scuir-
idís i n-am tráith: tá an oiread san de phasáilt aca
'á dhéanamh ar litridheacht na Gaedhilge gur ró-ghairid
ar fad go mbeidh sí i n-a "tón ar bogadh."



Seasmhaídís ar leath-taoibh is tugaidís leath bóthair
d'aos óg na hÉireann.



RUADHRAÍ NA RUACÁN.



Árd an tSéideáin,
i bParóiste Dhún Guairne,



--



A Fhir Eagair,



Do léigheas le mór-fhonn na litreacha ag tagairt
do'n cheist seo san IRISLEABHAR. Is léir do chách go
bhfuil Éire i ndíth shláinte anma fé mar adubhairt
Seán Ó Riain, acht is maith an comhartha é go bhfuil
daoine ag tabhairt aire do nua-litridheacht na
Gaedhilge. Nár lagaidh Dia go deó arís í! Is
follus do gach éinne na lochta a luigheann go trom
ar a bhfuil de nua-litridheacht againn go dtí so, acht
is deacra go mór 'ná soin comhairle fhóghanta a
thabhairt agus an tslíge do b'fhearr chun na litridheachta
so do leasughadh do chur i n-umhail do lucht leanamhna
na Gaedhilge. Do dhein litir an Bhosuéiligh iarracht
ionmholta air seo. Acht ní réidhteóghainn-se leis i
n-aon-chor san tslighe atá ceapaithe aige. Táim-se
ar aon intinn leat-sa, a Fhir Eagair; dar liom, do
b'fhear dána an té adéarfadh go raibh uain na n-aist-
riughadh tagaithe fós. Deir an Bosuéileach gurab
amhlaidh do dhein náisiúin eile na Roinne Eórpa,
nuair a bhí ortha litridheacht a dteangan dúthchais
d'aithbheódhchain, ná aistriughadh do dhéanamh ar
leabhraibh móra go raibh cáil litridheachta ortha ar
fuid an domhain, agus tá corp na fírinne aige. Acht ní
hionann dálta dhúinne agus dóibh-san. Ní hamháin ag
tógaint litridheachta nua atámuíd-ne acht ag aith-
bheodhchain ár dteangan féin atá (nó do bhí) i ngal-
raibh bháis. Dá mbeadh an teanga dá labhairt de
ghnáth ag muinntir na tíre idir óg agus aosta, uasal is
íseal, bheadh a mhalairt de dhath ar an scéal; ní bheadh


L. 776


uainn acht canamhain litiordha do dhéanamh as
teangain an tsluaigh. Dá mb'amhlaidh a bhí ár gcás
nó dá mb'áil linn muinntir na tíre do ghríosughadh
chun scríbhneóireachta agus gan aon dúil a bheith aca 'san
litridheacht nó i n-a dteanga féin do scríobhadh, do
dhéanfadh aistrighthe den tsaghas do luaidh an
Bosuéileach maitheas an domhain. Acht, fóríor! Is
measa go mór atá an scéal againn. Agus rud eile,
do dhein na cineadhcha úd amhlaidh, agus má dheineadar, tá
a rian ortha 'n-a dhiaidh. Tá cosamhlacht láidir
eatortha go léir; tá gaol gairid ag á litridheachta le
chéile. Tá an séala agus an cló céadna buailte ortha
go doimhin; agus táid siad uile fé chumaoin ag teangain
agus ag litridheacht na Laidne. Níl a chomh-mór d'fhiach-
aibh ag an Laidin ar an nGaedhilg i n-éan-chor.
Maidir le n-a bhfuil de litridheacht againn, féadfam
seasamh ar ár mbonnaibh féin. Dá gcromfamaois
ar Ghaedhilg do chur ar a lán leabhar iasachta, sé
bheadh dá bharr againn ná an Ghaedhilg do chur fén
gclódh gcéadna so, an áilneacht ba dhual di riamh do
chailleamhaint agus atharrughadh crotha do chur uirthi. Tá
oighreacht fé leith againn féin: leanamaois dár
slighe féin, coinghibhmís agus coimeádaimís í agus beidh an
saoghal mór buidheach go deó dhínn i ndeireadh na
dála.



Tá trí neithe ag cur go dian i gcoinnibh ár nua-
litridheachta mar atá, ganntanas adhbhar fóghanta
chonnspóide, seirge na Gaedhilge a cleachtuighthear ag
mór-chuid dár scríbhneóiríbh; agus an droch-chuma nó
easba "stíle" mar adéarfadh Seán Ó Gadhra, do
ghoilleann go mór uaireanta ar an té a bhíonn
á léigheamh. Ag tagairt don chéad cheann, ní fheicim-
se cadé an fáth atá leis an nganntanus so acht
amháin an dúil atá ag ár n-úghdaraibh i leanamhaint
ar lorg a chéile, agus an eagla atá ortha casán nua do
ghearradh amach dhóibh féin. Níl aon easbha adhbhar conn
spóide ann, acht amháin go dtráchtfaidhe ortha. Nach
iongantach an rud é, nuair a bhíonn aon ghnó dá ríribh
idir lámhaibh aca go gcasaid de phreib ar an mBéarla?
Má's mian linn sár-eólas d'fhagháil i dtaobh na sean-
Ghaedheal, i dtaobh a reacht, a nós, a ngnáth-shaoghail, nó
staire, caithfimíd é lorg san mBéarla; má's mian
linn scéal úrdhéanta ag cur síos ar Éirinn do
léigheamh, cá bhfuil a leithéid ar fagháil san nGaedhilg,
Támuid ar bhóthar ár leasa anois, acht níl teóra le
n-a bhfuil le déanamh fós. Seachas an ganntanas so,
ba mhaith linn an Ghaedhilg bhocht thruaighe a chítear go
minic, do dhul i bhfeabhus. Is léir nach n-aithnigheann
lucht a scríobhtha cómhacht iolbhuadhach na Gaedhilge, ná
a scóip ná a brígh. Tá canamhna na dtrí gcúigí ar
nós tighthe stóir agus ní heol don tsaoghal fós a bhfuil
de mhaoin agus de shaidhbhreas ionnta. Tá sé d'iachall
orainn iad so do shaothrughadh go hiomlán sula mbeidh
aistrighthe fóghanta gá ndéanamh nó Gaedhilg chómhachtach
bhlasta ag an ngnáith-scríbhneóir. Beidh litridheacht
na haimsire i láthair ag dul i bhfeabhas do réir na
sómplái a gheóbham den bhfíor-Ghaedhilg éifeachtaigh
do scríobh ár sean romhainn ón gCéitinneach i leith.
"Caithréim Chonaill Chláirínigh," "Bodach an Chótha
Lachtna," na scéalta Fiannuigheachta mar atá siad i
"nImtheachtaibh Chumainn na Féinne" na laoithe
Fiannuigheachta, agus a bhfuil de phrós i n-ar láimh-
scríbhinne ar nós "Madhm an Árda Bhig," agus giotaí eile
a scaoileann an tIRISLEABhAR chughainn uaireanta;
cuirimís iad-so os comhair lucht scríobhtha na Gaedhilge
agus is gairid go bhfeicfear a rian ar a saothar-san.
Nuair a bheidh an oiread deánta ar son canamhna
Chúige Uladh agus Chúige Chonnacht agus atá déanta cheana
féin ar son chanamhna na Muimhneach; nuair a bheidh
eólus ag Gaedhealaibh ar shaothar a n-aithreach rompa,
annsoin is eadh bheidh sé i n-am do scoláiríbh na
Gaedhilge cromadh an Ghaedhilg do chur ar Leabhraibh
iasachta go bhfuil ainm litridheachta ortha. Agus
annsoin féin tosnuighmís san mbaile. Cuirtear
cruth nua ar Ghaedhilg ársaidh na sean-leabhar, agus na
scéalta atá ionnta; sé sin mar adéarfá feóil do
chur ortha mar is amhlaidh nach mbíonn againn de
ghnáth san tsean-leabhar acht cnámha an fhinnscéil.
Badh mhaith an mhaise do shean-leomhan na Gaedhilge
thuas i gCaisleáin Ua Liatháin an obair thairbheach so a
thosnughadh: bheadh fáilte ag Gaedhealaibh roimh leabhar
blasda eile. An obair do dhein an Bhaintighearna
Gregorí i mBéarla, badh cheart í bheith dá dhéanamh
san nua-Ghaedhilg leis, an taca so lá. Cuirtear
Gaedhilg ar leabhraibh Béarla a bhaineas le hÉirinn,
cuir i gcás na leabhair a scríobh Seán Banim, Gearóid
Ua Gríobhtha, Séamus Mac Maghnusa, fé mar atá
Míchéal Breathnac ag déanamh le "Cnoc na nGabha"
an sár-leabhar do scríobh Séarlus Cicham. Agus ná
déantar dearmhad ar an Ghaidhlig, nó ar leabhraibh
Béarla ag baint le Gaedhealtacht na hAlbann. Tá
leabhair i nGaedhilg na hAlbann a chuirfeadh áthus
i gcroidhthibh Gaedeal, groidhe Éireann dá gcurtaoi i
nGaedhilg na hÉireann iad. Agus dá mbeadh roinnt
leabhar againn san nGaedhilg ar nós úr-scéalta
Néill Munro, ní fada go mbeadh feabhus ar an
ndroch-chuma scríobhtha a chítear agá lán dár scríbh-
neoirí.

Ar a shon soin is uile ní cóir dúinn bheith ag
cnáimhseáil. "Mol an óige agus tiocfaidh sí."
Leanaimís orainn san tslíge atá againn agus beidh an
lá linn. Tugaimís nua-shaoghal do litridheacht na
lámh-scríbeann agus na sean-leabhar, agus saothruighmís
na canamhna: acht leigimís don aistriugadh go fóill
beag. Nílim á rádh gur tháinig "Cnoc na nGabha"
ró-mhoch: acht fear as na céadtaibh is eadh Micheál
Breathnach. Agus tá dhá rud dá dhéanamh aige. Seachas
an sceal do thabhairt dúinn i nglan-Ghaedilg, tá sé
ag cur i n-umhail dúinn saidhbhreas Gaedhilge
Chonnacht. Acht níor bh'ionnthaoibh liom an choitcheantacht


L. 777


ag déanamh aithris air, fé mar do chómhairligh an
Bosuéileach dhúinn. Agus bíodh sé de shólás againn
san am atá i láthair gur beag rud dár scríobhadh go
dtí so nach bhfuil geall a sháruighthe ann.



GIOLLA BRIGHDE Ó CATHÁIN.



Cambridge.



Tá "an sean-leomhan i gCaisleán Ó Liatháin" le
fada ag obair ar ath-nódhchant seana-startha. Tá sé
d'éis "An Táin Bó Cuailgne" "Beatha Pádraig" agus
"Beatha Bhrighde," a thabhairt amach san gCork Examiner.
Tá "Beatha Choluim Cille" ar siubhal fé láthair aighe
ann. N-a theannta-san fuaireamair "Aisling Mhic
Chonglinne" uaidh san gCork Sun, agus, bíonn sé ag
cur síos fé láthair ar Aodh Ruadh Ó Domhnaill. Tá
an Táin i bhfuirm drama agus dhéanfadh árd-leabhar ar
fad. Tá súil againn go dtabharfar amach n-a
leabhar é. Is clos dúinn gur gearr go mbeidh
"Aisling Mhic Chonghlinne" ar fagháil i bhfuirm
leabhair; "An Craos-deamhan" a bheidh mar ainm air.



F. AN I.



--



A Chara, —



Cím go bhfuil "Beirt Fhear" ag moladh na nuadh-
litridheachta. Bíodh aca. Is dóigh liom féin gur
maith an rud béile de phrátaidhibh 'sa ló nó cúpla
cnap i gcomhair mo dhinnéir. Acht is dócha gur
"deacair mé shásamh" ós rud é na réidhtigheann
prátaidhe liom trí huaire san ló is cuma cia 'ca
Prátaidhe Mhichíl Thaidhg iad nó prátaidhe Thomáis
Mhuiris. Buidheachas le Dia tá goile mhaith agam féin
acht cad a dhéanfaidh mo pháistidhe bochta ag tabhairt
taoibh le Prátaidhe Mhichíl Thaidhg ar scoil gach aon
lá. Tá an scéal céadna ag páistidhibh an bhaile, mo
thruagh iad. Nuair a tháinig Domhnall Óg Ua Rinn
isteach ó scoil an lá fá dheireadh 'se dubhairt a athair
leis. "Well, Dan, my child, what book are you
readin' in school these times?" "A fine Irish book,
father." "What's the name of it, child?" "I can't
say it in Irish, father." "What is it in English, a
bhuachaill?" "Mike Tim's Prétus, father."



"Mo chreach go n-éagad,
Mike Tim's Prétus,
Nach truagh mé féinidh
Is gan mo shaor-mhac
Ag foghluim aon-rud
Acht Mike Tim's Prétus."



Ní maith liom na heascainidhe do thug an t-athair ar
an láthair sin do luadhadh annso. "Taisbean an
leabhar dam," ar seisean, is é ar buile le feirg.
Am basa féin badh gheárr an mhoill ar an leanbh bocht
an leabhar do chur 'n-a láimh agus is air a bhí an crith-
eagla leis. D'fhéach sean Domhnall ar an leabhar
agus do léigh sé annso is annsúd é. Ní raibh gíog as
go dtáinig sé go dtí an áit gur cuireadh na clocha i
dtóin an mhála' annsain do raid sé an leabhar uaidh
de gheit agus é ar buile na ngrás. "'Seadh," ar
seisean leis an bpáiste, "Ní fhogluimeochair a
thuilleadh Gaedhilge má's é sin an saghas léighinn atá
ag dul id' phlaoisc. Clocha i n-ionad phrátaidhe an
eadh? Am basa féin beidh a mhalairt de teagaisc ag
mo chlainn-se le congnamh Dé. 'Seadh, a Dhomhnaill,
ní raghair-se ar an scoil sin a thuilleadh." Is mar
sin do bhí an t-athair bocht ag cur de. Agus an dóigh
le haoinne gur ceart milleán do bheith air. Go
deimhin bhí páiste liom féin Taidhgín beag ag léigheamh
páipéir an lá fá dheireadh go raibh cunntas ar bhuin i
bpoll ann. Dá aimhdheoin bháis do bhaineas an
páipéar de. Cad é an saghas léighinn a leithéid sin
do leanbh bocht. Tá 'chuile dhuine léigh an leabhar d'aon
bhuidhin liom is dóigh leo nach leabhar oireamhnach do
pháistidhibh é chor ar bith.



Mise do chara dílis,
TÓMÁS NA dTURAS.



--



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services