Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Freagradh ar an "gCapaillín mBán."
Title
Scoil na Suadh - Freagradh ar an "gCapaillín mBán."
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Scoil na Suadh. "FREAGRADH AR AN gCAPAILLÍN mBÁN" Gléas Bb. Go hÉadtrom Aérach. An Ceól a Petrie, 360. I. Tá Béal Átha 'n Ghaorthaidh le tréimhse i n-anobaidh tláth; Thuit splannc agus caorth' ash an spéir ar a fhearaibh 'sa mhnáibh: Tá luige agus caochadh 'rtha
'n-éinfheacht tagaithe amás, Ó cailleadh an stéad ar a nglaedhtí 'n Capaillín Bán. II. Má's fíor a ndeir Seóirse 's is dócha na canfadh sé bréag Ní feacathas fós i gClár Fódla againn samhail an stéid Do bhí ag an bhFear Mór is dar ndóin dá bhfaghadh ceart chun dinnéir Do bheadh gile uirthi is lónnradh agus cóir mhaith chun aistir an lae. III. Cadé an mhaitheas mar lón di lán próca de chreacháin na Swédes, Nó an ghlasrach gheobhadh ón bhFear Mór mar bheatha i n-aghaidh 'n lae, Seoch coirce is bran órdha nó cnósach maith fairseag dhen bhféar, Nó deoch fhada i gcóir an droch-bhóthair um eadarshuth féin! IV. 'S, a gcloistí le Seóirse, nach ró-mhaith a mheasaid go léir An láirín a sheóladh fén móin chun í tharraint a féith! Ní hísliughadh dhá shórt a thainneóghadh le héan-chapall n-a céill, Acht fé'n side-car ar bóthar bheith cóirighthe, is cuideachta shéimh. V. Agus scuiridh d'bhur dtrácht ar éan-mháchail má theangmhaidh súd léi, A cosa má thárlaidh bheith tláth is a leath-rosc bheith caoch, Bhí a' dul dá deagh-cháile ní fhuláir fé mar thagadh an t-aos, Is ná caithtar éan-táir leis an láir bhocht acht bean nacht Dé léi. Tórna cct.
Aonghus ó Bhrugh na Bóinne Mac óighe na ngruadh gcarcar Is inghean gruagaigh na siubhalta Is leó do rinneadh an folcha. Glas mac Aoinchéirde Bhéarra D'innseadh na scéalta suairce Is é ar dtúis do leag an osna Ar bhruach Locha Luachra. Leathanach 168. - An giota so. "Daithle na bhfileadh n-uasal: truagh san timheal an tsaoghail. Clann na n-ollamh gan eagna : folaimh gan freagra faobhair. Truagh a leabhair ag h-áite: tráithe gan treabhain baoise. An ceal níor chóir a bhfoilicheas bhfear neóil na gaoise. Leathanach 169. - An chéad óid as Horace. "Mo chabhar, mo ghradam i gcéim." 4 rainn. Giota: Domhnall Liath Mac Cartha cct. 170-4. - Domhnall Ó hÉichthighearn do Ridire an Ghleanna. 28 rainn. "Mochán-sa Tomás fá dhíon sa bhfeart." Leathanach 175-6. - Follamh. Leathanach 177-244. - Gabháltas Séarluis Mhóir. Úrscéal a thrachtas thar eachtraíbh Shéarluis Mhóir nó Charlemagne is eadh an scéal so. Aistriughadh ó'n Laidin is eadh é. Thuas ar bhárr an leathanaigh ta án nóta so i mBéarla: " Turpin's Romance of Charles. Pronounced genuine by Pope Calixtus, A.D. 1122. Preface to Higden's Polychronicon, p. xxxiii. Note, Rolls edition." Leathanach 245. - Tuarasgabhail Seilbhe Séarluis Mhóir agus a coinghil annso. Leathanach 256-60. - Follamh. Leathanach 261-75. - Prosóidia na Gaedhilge. "Is é is prosóidia ann .i. solas dána go ceart i n-a dhúthchas fíre féin;' is é is dán ann .i. comhrádh comair ciallmhar ceólmhar iar n-a chórughadh fa theor- annaibh cirt, agus rl. Leathaanch 276. - Aibghitir. Leathaanach 277-80. - Graiméar. Leathanach 281-4. - Follamh. Leathanach 285-8. - Duain na hAithrighe. Donnchadh Mac Con Mara cct. (Níl an dán so i gcló i leabhar Thomáis Uí Fhlannghaile. Mar sin de, ní misde é thabhairt amach annso. Is baoglach nach bhfuil sé go léir againn. Is cosamhail gur i ndeireadh a shaoghail a scríobh Donnchadh an t-amhrán so. Ó, 'Athair na nGrása, táthaigh mé Is maith dham gach cáin da ndeárna claon Maith dham i dtráith 'fhad táim sa tsaoghal Mar mhaithim-se chách le grádh dhuit féin. Níl easbadh ná gábhad i n-a dtárla mé Nár ghlacais mo pháirt 's mo chás do réidhis Is ganguid mo námhad gidh láidir tréan Do leagais ar lár 's an bás n-a mbéal. Mo chreach is mo chrádh mo chás mo léan Fad táimse slán na ndearna aréir Gach peaca agus cáim da tháireacht gné Do ghlacais do láimh is ba náir dam é. Atá peanuid is fáscadh i lár mo chléibh Mar chaitheas mo lá gan áird gan chéill Anois screadaim go cráidte an árd-mhac Dé Beir m'anam trít pháis dot árus aobh. Anois screadaid mo cháirde fánach claon Mar bhrathid me tláth is mo bhláth gur thréig Do chailleas a ngrádh is ní háil leó mé Is ní thagaid um dháil mar ata mé faon. Do mealladh an táin gidh táim-se faon Aithreachas, cás, is crádhnas géar, D'aingil is ádhbhar áthais é Is gradam is grádh le páirt na naomh. Ár n-anamna slán is ár gcnámha dhon chré Go dtagaidh an lá agu dála an tsléibhe Go gcasam le hágh do'n árus tséin Go cathair na ngrás i bpáirt na naomh. Níl dada acht scáil i mbláth an tsaoghail Ní mhaireann acht gearr, tig bás le faobhar Do chaithis do spás is fág an saoghal Is ní chasfam go bráth le fáth an scéil. Im leabhaidh go tláith le fáinne an lae 'S mé machtnamh ar ghrása is grádh Mhic Dé Le masladh le páis le bás go daor Do cheannuig thar bárr síol Ádhaimh is Éibh. Tá teagasc le fagháil ar chlár an tsaoghail Ár gcaraid is fearr do fhág sinn saor, Anois canam le háthus árd Te Deum, Do'n dalta d'oil Mháire a mháthair féin. 'S tu an maitheas is fearr 's tú an gárda treun 'S tu taithneamh is scáth is grádh na naomh 'S tu ghlacfas mo lámha le báidh an tsaoghail Ó's fada liom táim ar fán ón tréad. Do chailleas mo lúth mo shiubhal 's mo rian Trm' pheacadh 's trém' chúrsa chionntach riamh Is fada mé ag tnúth 's ag súil le Dia Go nglanfadh go dlúth 's go ndiúltfadh iad. Ní ceaduightheach liúm mar shiubhal an ghrian Go ndeachas amudha is mo chumha 'n-a dhiaidh Anois aingoil dom thabhairt anonn gan phian Isteach ins an gcúirt 'n-a stiúrann Dia.
Is leathan a chlú 's is fiúntach fial Ag freastal gan chunntas clúid is biadh Is fairsing a dhún 's is cumhthrom cian Chum sinne do chumhdeach ó dhlús na bpian. An aicme atá dúr ó dhuthchas fiar Gan machtnamh gan dúil a gclú ná a gciall; Bheir tarcuisne dhúinn gan chúis ariamh Smachtuigh a rúin is iompuigh iad. Is atuirseach liúm 's is túirseach dian Mo pheaca 's mo chionnta ó thúis mo bliadhan Mo dheacair mo chumha mo phúir mo phian Anois screadaim go dúbhach ar chongnamh ó Dhia. Is é bheartugih ó thúis, is chúm an ghrian, Is é dheilbh an domhan 's a raibh ann riamh, Is é mhaitheas ár gcionnta dhúinn gan chiach, Ár n-athair, ár gcionn, ár bprionnsa, ár nDia. Anois casam i n-am anonn san tslighe Go flaitheas ár ndún, ár nduthchas fíor, Lem anam-sa a súil lel congnamh Chríost Chum Athar na nDún nár dhiúltuigh sinn. Cuirimíd romhainn an lón san tslighe Ná milleadh an leoghan gan feódh gan luigheadh 'S beidh tuille 's níos mó 'ná ór na gcríoch N-ár gcoinne 's n-ár gcomhair i gcómhad ag Críost. Ná tuiteadh ár ndothchas dearóil bocht síos Is go bhfuilid i sógh na slóighthe naoimh Acht fuireach go fóill is ní mór an mhoill Is má thuillimíd gheobhaimíd glóire síor. Ná cuirimís speóis i mbó ná i maoin, I gcisde ná i stór ná 'ngeóin an tsaoghail, Ná i siosma le comhursa gleó ná baois Is ní thiocfam níos mó don ród so arís. Ní'l a thuilleadh den duain seo ann. Leathanach 289. - Ceithre ranna fé leith. Leathanach 290-5. - Ceathramhna eile. Seaghán na Ráithíneach chum Mhíchíl De Barra: "A Bharraigh gan cháim 'sa bhráthair Riobird an sluagh," I rann. Seaghán ua Ráithíneach cct. iar scríobhadh Dhochtúir Céitinn dó: "Ó's feas gur sgríobhadh an tseanchuidheacht so Chéitinn chlumhail," i rann. Rugadh Seaghán Ó Murchadha i gConndae Chorcaighe i mí na Márta, 1700. Scríbhneóir mór do b'eadh agus is iomdha cóip a dhéin sé de shean-scríbhinnibh staire na hÉireann. Bhí sé 'n-a uachtarán ar Chúirt na mBúrdún i Ráth Luirc. Deir an Dálach go raibh sé ar marthain fós san mbliadhain, 1758. Tá Tórna ag obair ar Amhráin Sheagháin na Ráithíneach le fada. Go n-éirghidh leis. Leathanach 296. - Cré Déin Swift: "Is é mo chreideamh-sa, 4 rann. Leathanach 297-303. - Seanfhocail. Leathanach 304-316. - Follamh. Leathanach 317-332. - Seanfhocail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services