Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Freagradh ar an "gCapaillín mBán."

Title
Scoil na Suadh - Freagradh ar an "gCapaillín mBán."
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 770


Scoil
na
Suadh.



"FREAGRADH AR AN gCAPAILLÍN mBÁN"



Gléas Bb. Go hÉadtrom Aérach. An Ceól a Petrie, 360.



I.



Tá Béal Átha 'n Ghaorthaidh le tréimhse i n-anobaidh
tláth;
Thuit splannc agus caorth' ash an spéir ar a fhearaibh 'sa
mhnáibh: Tá luige agus caochadh 'rtha


L. 771


'n-éinfheacht tagaithe amás, Ó cailleadh an
stéad ar a nglaedhtí 'n Capaillín Bán.



II.



Má's fíor a ndeir Seóirse 's is dócha na canfadh sé
bréag
Ní feacathas fós i gClár Fódla againn samhail an
stéid
Do bhí ag an bhFear Mór is dar ndóin dá bhfaghadh
ceart chun dinnéir
Do bheadh gile uirthi is lónnradh agus cóir mhaith chun
aistir an lae.



III.



Cadé an mhaitheas mar lón di lán próca de chreacháin
na Swédes,
Nó an ghlasrach gheobhadh ón bhFear Mór mar bheatha i
n-aghaidh 'n lae,
Seoch coirce is bran órdha nó cnósach maith fairseag
dhen bhféar,
Nó deoch fhada i gcóir an droch-bhóthair um eadarshuth
féin!



IV.



'S, a gcloistí le Seóirse, nach ró-mhaith a mheasaid go
léir
An láirín a sheóladh fén móin chun í tharraint a
féith!
Ní hísliughadh dhá shórt a thainneóghadh le héan-chapall
n-a céill,
Acht fé'n side-car ar bóthar bheith cóirighthe, is cuideachta
shéimh.



V.



Agus scuiridh d'bhur dtrácht ar éan-mháchail má
theangmhaidh súd léi,
A cosa má thárlaidh bheith tláth is a leath-rosc bheith
caoch,
Bhí a' dul dá deagh-cháile ní fhuláir fé mar thagadh an
t-aos,
Is ná caithtar éan-táir leis an láir bhocht acht bean
nacht Dé léi.



Tórna cct.


L. 772


Aonghus ó Bhrugh na Bóinne
Mac óighe na ngruadh gcarcar
Is inghean gruagaigh na siubhalta
Is leó do rinneadh an folcha.



Glas mac Aoinchéirde Bhéarra
D'innseadh na scéalta suairce
Is é ar dtúis do leag an osna
Ar bhruach Locha Luachra.



Leathanach 168. - An giota so.



"Daithle na bhfileadh n-uasal: truagh san
timheal an tsaoghail.
Clann na n-ollamh gan eagna : folaimh gan
freagra faobhair.
Truagh a leabhair ag h-áite: tráithe gan
treabhain baoise.
An ceal níor chóir a bhfoilicheas bhfear
neóil na gaoise.



Leathanach 169. - An chéad óid as Horace.
"Mo chabhar, mo ghradam i gcéim." 4 rainn.
Giota: Domhnall Liath Mac Cartha cct.



170-4. - Domhnall Ó hÉichthighearn do Ridire an
Ghleanna. 28 rainn.



"Mochán-sa Tomás fá dhíon sa bhfeart."



Leathanach 175-6. - Follamh.



Leathanach 177-244. - Gabháltas Séarluis Mhóir.
Úrscéal a thrachtas thar eachtraíbh Shéarluis Mhóir nó
Charlemagne is eadh an scéal so. Aistriughadh ó'n
Laidin is eadh é. Thuas ar bhárr an leathanaigh ta án
nóta so i mBéarla: " Turpin's Romance of Charles.
Pronounced genuine by Pope Calixtus, A.D. 1122.
Preface to Higden's Polychronicon, p. xxxiii. Note,
Rolls edition."



Leathanach 245. - Tuarasgabhail Seilbhe Séarluis
Mhóir agus a coinghil annso.



Leathanach 256-60. - Follamh.



Leathanach 261-75. - Prosóidia na Gaedhilge.



"Is é is prosóidia ann .i. solas dána go ceart i
n-a dhúthchas fíre féin;' is é is dán ann .i. comhrádh
comair ciallmhar ceólmhar iar n-a chórughadh fa theor-
annaibh cirt, agus rl.



Leathaanch 276. - Aibghitir.



Leathaanach 277-80. - Graiméar.



Leathanach 281-4. - Follamh.



Leathanach 285-8. - Duain na hAithrighe. Donnchadh
Mac Con Mara cct. (Níl an dán so i gcló i
leabhar Thomáis Uí Fhlannghaile. Mar sin de, ní
misde é thabhairt amach annso. Is baoglach nach
bhfuil sé go léir againn. Is cosamhail gur i ndeireadh
a shaoghail a scríobh Donnchadh an t-amhrán so.



Ó, 'Athair na nGrása, táthaigh mé
Is maith dham gach cáin da ndeárna claon
Maith dham i dtráith 'fhad táim sa tsaoghal
Mar mhaithim-se chách le grádh dhuit féin.



Níl easbadh ná gábhad i n-a dtárla mé
Nár ghlacais mo pháirt 's mo chás do réidhis
Is ganguid mo námhad gidh láidir tréan
Do leagais ar lár 's an bás n-a mbéal.



Mo chreach is mo chrádh mo chás mo léan
Fad táimse slán na ndearna aréir
Gach peaca agus cáim da tháireacht gné
Do ghlacais do láimh is ba náir dam é.



Atá peanuid is fáscadh i lár mo chléibh
Mar chaitheas mo lá gan áird gan chéill
Anois screadaim go cráidte an árd-mhac Dé
Beir m'anam trít pháis dot árus aobh.



Anois screadaid mo cháirde fánach claon
Mar bhrathid me tláth is mo bhláth gur thréig
Do chailleas a ngrádh is ní háil leó mé
Is ní thagaid um dháil mar ata mé faon.



Do mealladh an táin gidh táim-se faon
Aithreachas, cás, is crádhnas géar,
D'aingil is ádhbhar áthais é
Is gradam is grádh le páirt na naomh.



Ár n-anamna slán is ár gcnámha dhon chré
Go dtagaidh an lá agu dála an tsléibhe
Go gcasam le hágh do'n árus tséin
Go cathair na ngrás i bpáirt na naomh.



Níl dada acht scáil i mbláth an tsaoghail
Ní mhaireann acht gearr, tig bás le faobhar
Do chaithis do spás is fág an saoghal
Is ní chasfam go bráth le fáth an scéil.



Im leabhaidh go tláith le fáinne an lae
'S mé machtnamh ar ghrása is grádh Mhic Dé
Le masladh le páis le bás go daor
Do cheannuig thar bárr síol Ádhaimh is Éibh.



Tá teagasc le fagháil ar chlár an tsaoghail
Ár gcaraid is fearr do fhág sinn saor,
Anois canam le háthus árd Te Deum,
Do'n dalta d'oil Mháire a mháthair féin.



'S tu an maitheas is fearr 's tú an gárda treun
'S tu taithneamh is scáth is grádh na naomh
'S tu ghlacfas mo lámha le báidh an tsaoghail
Ó's fada liom táim ar fán ón tréad.



Do chailleas mo lúth mo shiubhal 's mo rian
Trm' pheacadh 's trém' chúrsa chionntach riamh
Is fada mé ag tnúth 's ag súil le Dia
Go nglanfadh go dlúth 's go ndiúltfadh iad.



Ní ceaduightheach liúm mar shiubhal an ghrian
Go ndeachas amudha is mo chumha 'n-a dhiaidh
Anois aingoil dom thabhairt anonn gan phian
Isteach ins an gcúirt 'n-a stiúrann Dia.


L. 773


Is leathan a chlú 's is fiúntach fial
Ag freastal gan chunntas clúid is biadh
Is fairsing a dhún 's is cumhthrom cian
Chum sinne do chumhdeach ó dhlús na bpian.



An aicme atá dúr ó dhuthchas fiar
Gan machtnamh gan dúil a gclú ná a gciall;
Bheir tarcuisne dhúinn gan chúis ariamh
Smachtuigh a rúin is iompuigh iad.



Is atuirseach liúm 's is túirseach dian
Mo pheaca 's mo chionnta ó thúis mo bliadhan
Mo dheacair mo chumha mo phúir mo phian
Anois screadaim go dúbhach ar chongnamh ó Dhia.



Is é bheartugih ó thúis, is chúm an ghrian,
Is é dheilbh an domhan 's a raibh ann riamh,
Is é mhaitheas ár gcionnta dhúinn gan chiach,
Ár n-athair, ár gcionn, ár bprionnsa, ár nDia.



Anois casam i n-am anonn san tslighe
Go flaitheas ár ndún, ár nduthchas fíor,
Lem anam-sa a súil lel congnamh Chríost
Chum Athar na nDún nár dhiúltuigh sinn.



Cuirimíd romhainn an lón san tslighe
Ná milleadh an leoghan gan feódh gan luigheadh
'S beidh tuille 's níos mó 'ná ór na gcríoch
N-ár gcoinne 's n-ár gcomhair i gcómhad ag Críost.



Ná tuiteadh ár ndothchas dearóil bocht síos
Is go bhfuilid i sógh na slóighthe naoimh
Acht fuireach go fóill is ní mór an mhoill
Is má thuillimíd gheobhaimíd glóire síor.



Ná cuirimís speóis i mbó ná i maoin,
I gcisde ná i stór ná 'ngeóin an tsaoghail,
Ná i siosma le comhursa gleó ná baois
Is ní thiocfam níos mó don ród so arís.



Ní'l a thuilleadh den duain seo ann.



Leathanach 289. - Ceithre ranna fé leith.



Leathanach 290-5. - Ceathramhna eile.



Seaghán na Ráithíneach chum Mhíchíl De Barra:



"A Bharraigh gan cháim 'sa bhráthair Riobird an sluagh,"
I rann.



Seaghán ua Ráithíneach cct. iar scríobhadh Dhochtúir
Céitinn dó:



"Ó's feas gur sgríobhadh an tseanchuidheacht so
Chéitinn chlumhail," i rann.



Rugadh Seaghán Ó Murchadha i gConndae Chorcaighe i
mí na Márta, 1700. Scríbhneóir mór do b'eadh agus is
iomdha cóip a dhéin sé de shean-scríbhinnibh staire na
hÉireann. Bhí sé 'n-a uachtarán ar Chúirt na
mBúrdún i Ráth Luirc. Deir an Dálach go raibh sé
ar marthain fós san mbliadhain, 1758. Tá Tórna ag
obair ar Amhráin Sheagháin na Ráithíneach le fada.
Go n-éirghidh leis.



Leathanach 296. - Cré Déin Swift:
"Is é mo chreideamh-sa, 4 rann.



Leathanach 297-303. - Seanfhocail.



Leathanach 304-316. - Follamh.



Leathanach 317-332. - Seanfhocail.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services