Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimh-scríbhinne i gCambridge - II.
Title
Láimh-scríbhinne i gCambridge - II.
Author(s)
Ó Catháin, Giollabhrighde,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Láimh-scríbhinne i gCAMBRIDGE. II. Giollabrighde ó Catháin do scríobh. Leathanach 131. - Diadhaire éigin cct. 4 ceath. "Eolas sé bpéarla do mhúin an fáigh." Leathanach 132. - Mailís an tsaoghail. 5 rainn. (Fonn: Seaghan Ó Duibhir an Ghleanna.) "An té d'fhéachfadh siar is machtnamh." Pádraig Din do cheap. Leathanach 134. - Paidir an Tighearna i gcruth dáin. "Bíodh a Dhé, athair neamhdha." Leathanch 136. - Ní fheadar cia chan na rainn so. 4 rainn. "Tuirseach me don tuirse so." Leathanach 137. - 6 giotaí. Leathanach 138-142. -Follamh. Leathanach 143-9. - "Éistidh le caoimhneas bhur gcath." 44 rainn. Cothán Ó Duinnín cct. Leathanach 150, - Ag so an fáth fa ngoirtear Síol Shúilliobháin do n chine so. Leathanach 151-2. - "Níorbh fhiosach sin i gcríochaibh Éibhir mhóir." Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna cct. 10 rainn. Leathanach 153. - Seaghán Clárach cct. ar bhás Colonel Dawson. "Gabhaidh a chlocha fa choigilt i gceann-áit chriadh." 4 rainn. Leathanach 154. - Eoghan an Mhéirín Mac Cártha cct. ag iomarbhádh leis an Tweed i n-Albainn, 1746. Bruacha na Laoi. A chomplacht ghlan chaomh-chruthach chaoin Do chaol-chaise Tweed thug an bárr Bhur nduthracht ag féar-mholadh laoi Badh dhréácht agus dob' inntleacht dob fhearr. An lúb-shrothach ghlé-chríostail mhín Is féile ar bith fíor-uisce cáil Ag ar thúirling gach séan le n-a taoibh Dob fhéidir fa ríoghacht neimhe d'fhagháil. Is flúirseach fa aolcloich a fuínn 'S is aorach a luibhneach 'sa bhlaith Mar lúbhghort Hespéria do bhí Da naomhnadh le draoidheacht ar feadh spáis. Is subhachas a béithe gan timheal 'S a laochra a míle atá tásc Air chúirtibh na Saésar fá thrí Ní thréigfinn a haoibhneas go bráth. Is cumhartha 's is craolthorthach bhíos Gach gaortha n-a timcheall ag fás Fá ubhlaibh fá chaoraibh na bhfíon Ag claonadh go híochtar a trágha Glionndar na n-éanlaith go binn Le séis mhiochair aoibhinn 'n-a mbárr Dho bheir súgach lucht créachta agus caoi Le héigean a ndíograis do'n gháir. Le hiomdhacht a héigne do shíor Sa meithbhreac gan slíghe aca chun snáimh Go mbrúchtaid 'n-a gcéadthaibh i dtír Mar fhaosamh ón linn ar an mbán Is dubhach liom a réim is a cíos 'Na stéigibh dá sníomh iidir chách 'S a prionnsa i n-Altóna n-a luighe Nár thréig creideamh Chríost ná a stát. Tá an t-amhrán so i gcló i "bPoets and Poetry of Munster," acht tá difridheacht éigin idir an dhá chóip. Ní fachtar annsoin acht trí bhearsa agus ní'lid-san féin agus na bhéarsaí annso mar a chéile ar fad. Leathanach 155-7. - Maairbhne Dhonnchadh Mhic Cheall- acháin, .i. Iarla Chloinne Cártha. Eoghan an Mhéirín cct. 12 rann. Ní críoch. "A bhfís tar-fás an tráth nóch léigeas." Leathanach 158. - Follamh. Leathanach 159. - Aistriughadh i mBéarla ar Bhruach- aibh na Laoi. Rev. Thomas Olden. Leathanach 161-6. - Follamh. Leathanach 167. - (Scéal) Diamhar na Suirghe. Sile súl-ghéara an fhiadháin Suirghe Mongáin Mhic Fhiachra Guth caoin do chur le teudaibh Maith do bhreugfadh bean niata. Uaithne mhic Chonaill Chearnaigh Seabhach na seilge saoire Is é do chum an sa tsuirghe Claona an mhuinghil mhíonla. Lá éigin tar éis seilge Rug ar Dhéirdre a dul na brógaibh Naois an fear feata fosaigh Is é fosaidh na póga. Macaomh eile thug annsacht Do bhantracht na Gréige Cuchullain na gcleas mongna Leis do rinneadh an sméide. Mac Ríogh Chorca Dhuibhne Diarmuid na bruinne báine An cheud fhear ar ar fionnadh Longa thabhairt do Gráinne. Adhbhartach mac Ioldathaigh Nár ghabh cumha ó Lannsmacht Do bhallaibh na gcrann gcaithne Ris do caitheadh ris an mbantracht. [Tuilleadh ar leathanach 772.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services