Láimh-scríbhinne i gCAMBRIDGE.
II.
Giollabrighde ó Catháin do scríobh.
Leathanach 131. - Diadhaire éigin cct. 4 ceath.
"Eolas sé bpéarla do mhúin an fáigh."
Leathanach 132. - Mailís an tsaoghail. 5 rainn.
(Fonn: Seaghan Ó Duibhir an Ghleanna.)
"An té d'fhéachfadh siar is machtnamh."
Pádraig Din do cheap.
Leathanach 134. - Paidir an Tighearna i gcruth dáin.
"Bíodh a Dhé, athair neamhdha."
Leathanch 136. - Ní fheadar cia chan na rainn so. 4
rainn.
"Tuirseach me don tuirse so."
Leathanach 137. - 6 giotaí.
Leathanach 138-142. -Follamh.
Leathanach 143-9. - "Éistidh le caoimhneas bhur
gcath." 44 rainn. Cothán Ó Duinnín cct.
Leathanach 150, - Ag so an fáth fa ngoirtear Síol
Shúilliobháin do n chine so.
Leathanach 151-2. - "Níorbh fhiosach sin i gcríochaibh
Éibhir mhóir." Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna cct. 10
rainn.
Leathanach 153. - Seaghán Clárach cct. ar bhás
Colonel Dawson.
"Gabhaidh a chlocha fa choigilt i gceann-áit chriadh."
4 rainn.
Leathanach 154. - Eoghan an Mhéirín Mac Cártha cct.
ag iomarbhádh leis an Tweed i n-Albainn, 1746.
Bruacha na Laoi.
A chomplacht ghlan chaomh-chruthach chaoin
Do chaol-chaise Tweed thug an bárr
Bhur nduthracht ag féar-mholadh laoi
Badh dhréácht agus dob' inntleacht dob fhearr.
An lúb-shrothach ghlé-chríostail mhín
Is féile ar bith fíor-uisce cáil
Ag ar thúirling gach séan le n-a taoibh
Dob fhéidir fa ríoghacht neimhe d'fhagháil.
Is flúirseach fa aolcloich a fuínn
'S is aorach a luibhneach 'sa bhlaith
Mar lúbhghort Hespéria do bhí
Da naomhnadh le draoidheacht ar feadh spáis.
Is subhachas a béithe gan timheal
'S a laochra a míle atá tásc
Air chúirtibh na Saésar fá thrí
Ní thréigfinn a haoibhneas go bráth.
Is cumhartha 's is craolthorthach bhíos
Gach gaortha n-a timcheall ag fás
Fá ubhlaibh fá chaoraibh na bhfíon
Ag claonadh go híochtar a trágha
Glionndar na n-éanlaith go binn
Le séis mhiochair aoibhinn 'n-a mbárr
Dho bheir súgach lucht créachta agus caoi
Le héigean a ndíograis do'n gháir.
Le hiomdhacht a héigne do shíor
Sa meithbhreac gan slíghe aca chun snáimh
Go mbrúchtaid 'n-a gcéadthaibh i dtír
Mar fhaosamh ón linn ar an mbán
Is dubhach liom a réim is a cíos
'Na stéigibh dá sníomh iidir chách
'S a prionnsa i n-Altóna n-a luighe
Nár thréig creideamh Chríost ná a stát.
Tá an t-amhrán so i gcló i "bPoets and Poetry of
Munster," acht tá difridheacht éigin idir an dhá chóip.
Ní fachtar annsoin acht trí bhearsa agus ní'lid-san féin
agus na bhéarsaí annso mar a chéile ar fad.
Leathanach 155-7. - Maairbhne Dhonnchadh Mhic Cheall-
acháin, .i. Iarla Chloinne Cártha. Eoghan an Mhéirín
cct. 12 rann. Ní críoch.
"A bhfís tar-fás an tráth nóch léigeas."
Leathanach 158. - Follamh.
Leathanach 159. - Aistriughadh i mBéarla ar Bhruach-
aibh na Laoi. Rev. Thomas Olden.
Leathanach 161-6. - Follamh.
Leathanach 167. - (Scéal) Diamhar na Suirghe.
Sile súl-ghéara an fhiadháin
Suirghe Mongáin Mhic Fhiachra
Guth caoin do chur le teudaibh
Maith do bhreugfadh bean niata.
Uaithne mhic Chonaill Chearnaigh
Seabhach na seilge saoire
Is é do chum an sa tsuirghe
Claona an mhuinghil mhíonla.
Lá éigin tar éis seilge
Rug ar Dhéirdre a dul na brógaibh
Naois an fear feata fosaigh
Is é fosaidh na póga.
Macaomh eile thug annsacht
Do bhantracht na Gréige
Cuchullain na gcleas mongna
Leis do rinneadh an sméide.
Mac Ríogh Chorca Dhuibhne
Diarmuid na bruinne báine
An cheud fhear ar ar fionnadh
Longa thabhairt do Gráinne.
Adhbhartach mac Ioldathaigh
Nár ghabh cumha ó Lannsmacht
Do bhallaibh na gcrann gcaithne
Ris do caitheadh ris an mbantracht.
[Tuilleadh ar leathanach 772.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11