Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lín-Éadach san Tuaith.
Title
Lín-Éadach san Tuaith.
Author(s)
Ní Áilgheasa, Maighréad,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LIN-ÉADACH SAN TUAITH. -- Nuair a bhíonn an líon fásta agus aibidh stathann mná agus garsúin as an dtalamh é, agus déineann siad suas n-a phunann- achaibh é, agus annsoin n-a stiúcannaibh, díreach mar a dhéintar leis an arbhar. Fágathar mar sin é ar feadh trí nó a ceathair de laetheantaibh. 'N-a dhiaidh-san tógthar chun srotháin nó chun puill uisce é agus cuirtar ag bogadh nó ag portughadh é. Fágathar annsoin ag portugadh é ar feadh ocht nó naoi laetheanta. Tógthar as an uisce é annsoin. Leathtar amach ar pháirc é chun é ghealadh agus fágathar annsoin é ar feadh seachtmhaine nó mar sin. Annsoin cnóstar suas n-a bheartaibh é, beirtar a-bhaile é, agus deintar dornáin de. Bíonn timcheall le lán glaice fir i ngach dornán. Ceanglaítar gach dornán le cuibhreach chun é choimeád le chéile. Annsoin faghann fear tuairgín, agus cloch cuimheasach mór go mbeadh mullach socair air. Tógann sé ceann gach dornáin n-a ghlaic. Síneann sé an chuid eile dhe fan (ar feadh) bharra na cloiche, agus buaileann sé leis an dtuairgín chun an colg a bhaint as agus chun é lagughadh. "Buailteóir lín" is eadh ghlaodhtar ar an bhfear a dhéineann an obair seo. Is é an sórt an tuairgín, rud mar bheadh máinléad siúinéara; as adhmad a dhéintar é, agus aon píosa amháin is eadh a chos agus a cheann. Is dócha gur minic a chualabhair an sean-fhocal, "Bualadh an lín ort," agus an sean-fhocal eile seo, "Tá sé chomh daingean agus tá an chos ins an dtuairgín," agus tuigeann sibh anois brígh na sean-fhocal úd. An colg is eadh an rubáiste chipíneach a thagann as an líon nuair a buailtear é. Is é bhíonn istigh i lár na gcoinlíní lín. Is deallrathach le min é, nó leis an mbrus a thigeann as adhmad nuair a bhíonn an siúin- éir 'á shámhail nó 'á sháimhéireacht. Bíonn puínntí gearra air ar slighe go raghadh sé tríot dá gcuimleódh éinne dhíot é. Tá sean-fhocal eile againn as so, sé sin "Cuir sé colg air féin chugham." Déarfá soin i dtaobh dhuine go dtiocfadh fearg air chughat. Nuair a bhíonn an buailteóir réidh leis an líon, tagann cailíní agus buachaillí agus deineann siad timcheall le sé cuid de gach dornán. Is é ainm a ghlaodhtar ortha-so "táithíní." Annsoin tagann gasra bhan; faghaid tluighte; suidhid síos agus tlúghál- aid gach táithín aca so. Is é an sórt an tlúgh, giota adhmaid timcheall le trí troighthe ar fhaid, cheithre
órdlaighe ar leithead, agus trí órdlaighe ar rimhreacht. Baintear píosa amach a lár a rimhreacht. Fágann so mar bheadh umar beag san tlúigh, ionad do theangain a chuir- tar isteach ann. Daingnightar ceann den teangain i gceann den umar, agus fág- athar an ceann eile dhe gan daingniughadh. Nuair a bhíonn bean ag tlúgháil, árduigh- eann sí an teanga so, síneann sí an táithín lín treasna idir an teangain agus corp an tlúgh. Annsoin luigheann sí ar an dteang- ain, agus tairngeann sí thar n-ais an táith- ín. Leanann sí mar sin ar gach aon táithín aca, chun go mbíonn sé tlúgháltha a dóthain aici. Nuair a bhíonn sé tlúgháltha an chéad uair, cuireann sí gach aon dá tháithín le chéile, agus tlúghálann sí an ath-uair é. Is é ainm a ghlaodhtar ar an ath-thlúgháil, "smideadh." Baineann an tlúgháil an méid den cholg as an líon ná féadann an buailteóir a bhaint as, agus laguigheann sé é. Mínigheann agus laguigheann an ath-thlúgháil níos mó é. Nuair a bhíonn na táithíní smidithe, ní dheallróghthá le héin-nídh iad acht le loca de ghruaig fhada bhuidhe-bháin. Cuirtar le chéile anois gach aon dá tháithín aca so a bhíonn smidithe, agus deintar iad do tharrac trí theastal. Is é an sort an teastal, clár timcheall troigh go leith ar fhaid, ocht nó naoi órd- laighe ar leithead, agus ceathramha ar rimh- reacht. Bíonn sparaí iarainn n-a seasamh ann, gach spara timcheall le ceathair nó cúig órdlaighe ar aoirde, agus iad tiugh go leór, mar adearfá ceathramha dh'órdlach ó chéile nó b'éidir níos lugha. Laguigheann, mínigheann, agus cíorann sé seo an líon. Bean a dhéineann an gnó so, agus is é ghlaodhtar uirthi ná "haicléir." Tá eagla orm go bhfuil gaol ag an bhfocal so leis an bhfocal "hackler" san mBéarla, acht níor airigheas-sa riamh éan-ainm eile uirthi. Nuair a bhíonn sé curtha tríd an dteas- tal ar an gcuma so aici, faghann sí teas- tal nísa mhíne agus nísa dhlúithe, agus cuir- eann sí tríd-san arís é. Tigeann rubáiste as an líon le linn dul tríd an dteastal do, agus is é ainm a thugtar air ná "bunach." Déintar éadach garbh canfáis den bhunach so. Is minic gurab amhlaidh a dheineann na mná an bunach a chárdadh le cárdaíbh garbha olna; deineann siad roithléitheacha dhe mar dhein- tar leis an olann agus sníomhthar é le túirne olna, chun snáith a dhéanamh dhe i gcóir an chanfáis. Cuirtar anois arís le chéile gach aon dá tháithín den líon mhínighthe seo. Osclaítar amach é chun é leathnughadh. Osclaítar ceann de nísa leithne 'ná an ceann eile, agus filltar é fan an fhaid mór-thimcheall ar bhlúire de mhaide bheag. Bíonn an maide seo timcheall rimhreacht mhaide a bheadh i láimh fir ag siubhal, agus é mar adéarfá troigh go leith ar fhaid. "Cuigeál" a ghlaodhtar ar gach maide beag aca so, agus baineann siad leis an túirne lín. "Cuigealach" a ghlaodhtar ortha nuair a bhíonn an táithín lín casta mór- thimcheall ortha. Tá an líon ullamh anois chun é shníomh, sé sin chun snáith a dhéanamh dhe. Tá a ionad féin (.i. poll beag) san túirne lín ullamh don chuigealach. Sáithtear ceann den chuig- ealach san bpoll, agus bíonn sé n-a sheasam san túirne annsoin, agus an bhean a bhíonn ag sníomh ag tarrac an lín as i gcóir an tsnáith. Annsoin tógthar an snáth de na spólann- aibh a bhíonn snímhte ag an mnaoi sníomh- racháin, agus déintar urnaidheacha timcheall. le slait ar fhaid de.
Dóightar cupla beart d'aiteann ghlas agus de raithnigh ghlais, chun luath a dhéanamh dhíobh. Annsoin cuirtar ar an dteine corcán mór; "coire" a ghlaodhtar air. Do raghadh timcheall le deich ngalúin uisce nó mar sin ins an gcoire seo. Bog- líontar d'uisce é. Cuirtar san gcoire uisce seo cúpla cárt den luaith seo an aitinn a bhíonn ullamh n-a chóir. Cuirtar an snáth ag beirbhiughadh san gcoire annsoin agus fágathar ag beirbhiughadh é, ar feadh a dó nó a trí d'uairibh an chluig. Bíonn an luath so an aitinn agus na raithnighe ana- ghéar. Bogann sé an snáth; baineann sé an ghluise dhe, agus déineann sé nísa ghile é. Tógthar amach as an gcoire anois é. Beirtar go dtí an abha é agus sliseáltar é. Leathtar amach ar pháirc arís é, chun é ghealadh níos mó. Cuirtar slat-mhaide timcheall slat go leith ar fhaid treasna tré gach ceann de gach urnadh, i gcóir go bhféadfaidhe an snáth a leathadh amach go hadhsáideach, agus gan leogaint dó dul i n-acharann i n-a chéile. Fágathar annsoin sa pháirc ag gealadh é ar feadh naoi nó deich laethanta eile. N-a dhiaidh-san tugtar isteach é, agus tochruisítar suas n-a chearthlíníbh é. Déin- tar é thochruis i dtrí gcuid; a leath i n-éin- chearthlín mhór amháin agus deintar dhá chearth- lín den leath eile, an oiread céadna ins gach cearthlín aca. Annsoin cuirtar an chearthlín mhór i leath-taoibh, agus déin- tar snáth an dá chearthlín eile a dheilbh, sé sin é chur suas i gcrann-dealbha. Is é an sórt an crann-dealbha, dhá mhaide cuimheasach reamhar go mbíonn puill tar- áchair ionnta, na puill timcheall le leath- throigh ó chéile. Bíonn dá lata láidre, ceann thíos n-a bhun agus ceann eile thuas n-a bhárr, sínte treasna idir an dá mhaide seo chun an crann-dealbha a choimeád daingean, Bíd na lataí seo cúig no sé troighthe ar fhaid. Nuair a bhítar i gcóir an tsnáith a dheilbh cuirtar an crann-dealbha n-a sheasamh i gcoinnibh an fhalla a bhun timcheall le trí troighthe amach uaidh. Sáithtar cipíní ins na puill taráchair seo nar thráchtas cheana ortha. Faghann bean annsoin an dá chearthlín is lugha go mbíonn a leath dhen tsnáth tochruiste ortha. Snaidhmeann sí cinn an dá shnáth le chéile. Tómhaiseann sí annsoin as an dá shnáth sínte le chéile an oiread slata nó bannlámhcha a theastuigh- eann uaithi a bheith ar fhaid phíosa anairte nó lín-éadaigh. Nuair a bhíonn an méid a oireann di tómhaiste aici cuireann sí snaidhm nó marc éigin ar an snáth. Beireann sí arís ar cheann an dá shnáth mar ar chuir sí an tsnaidhm ar dtúis. Tosnuigheann thuas ar an gcipín uachtarach sa chrann-dealbha. Casann sí an dá shnáth mór-dtimcheall air. Beireann sí léi anonn annsoin iad go dtí an cipín uachtar- ach ar an dtaobh eile den chrann. Tar n-ais léi arís go dtí an tarna cipín ar ar dtaobh n-ar thosuigh sí ar dtúis. Agus bíonn sí mar sin, anonn 's anall ó chipín go cipín ag casadh an dá shnáth mór-dtimcheall ortha chun go sroiseann sí an marc a chuir sí ar an snáth, nuair a thómhais sí é. Suas léi arís thar n-ais annsoin, agus mar sin léi chun go mbíonn an snáth go léir curtha suas ar an gcrann-dealbha aici. Is é an ainm a ghlaodhtar ar an dá shnáth so a bhíonn sínte le chéile dá gcur suas ar an gcrann-dealbha, "lánamhnacha." I gcóir an "dlúith" is eadh an snáth so. An dlúth is eadh a thugtar ar na snaithíníbh a bhíonn ag rith síos is suas ar fhaid phíosa éadaigh: I gcóir an "innigh" is eadh an chearthlín
mhór do cuireadh i leath-taoibh ar dtúis. "Inneach" is eadh a ghlaodhtar ar na snáith- íníbh a bhíonn ag rith crosta nó treasna ar phíosa éadaigh. Nuair a bhíonn snáth an dá chearthlín is lugha curtha suas aici ar an gcrann-dealbha, cóirímheann sí na lánamhnacha, agus ceang- lann sí le chéile le blúire snáith gach aon chúig lánamhnacha fichead aca. "Céad abhrais" a ghlaodhtar ar gach cúig lánamh- nacha fichead aca so. Seacht gcéadta abhrais a bhíonn go coitchianta ar leithead an lín-éadaigh, acht is minic a chuireann siad ocht gcéadtha ann nuair a theastóghadh sé uatha nísa leithne. Tógann sí an snáth anuas de'n chrann- dealbha anois. Casann sí ar a chéile é, agus cuireann sí é féin agus an chearthlín mhór d'fhág sí i gcóir an innigh go dtí an bhfigheadóir chun éadach a dhéanamh dhe. MAIGHRÉAD NÍ ÁILGHEASA. -- Do léigheadh an aiste seo tamall ó shoin os comhair cruinniughadh daoine i seomraíbh Craoibhe an Chéitinnigh. Fuair Maighréad Ní Áilgheasa árd-mholadh n-a thaobh, agus ní bhfuair acht mar bhí tuillte aici. Ó tá tosnuighthe aici ar scríbhneóireacht, tá súil againn go leanfaidh sí dhi. Ní cóir an obair go léir d'fhágaint fé na fearaibh; bíodh tarrac ag na mnáibh as chomh maith. Badh mhaith linn tuilleadh aistí den tsaghas so d'fhagháil. Is annamh agus is ró-annamh airighmíd trácht dá dhéanamh ar nósannaibh is ar chríonnacht is ar thionnscal bhantracht na hÉireann. Tá tosnughadh déanta ag Maighréad Ní Áilgheasa, agus is maith an ceacht atá ghá mhúineadh aici dhúinn. Is beag duine i nÉirinn ná féadfaidh rud éigin d'fhoghluim as agus is iomdhó duine d'fhoghluimeóidh a lán as. F. an I. Gluais. Lín-éadach, linen, linen-cloth. Punannacha, sheaves. Stiúcanna, "stooks". Ag portughadh, steeping. Cnóstar; cnuastar, gathered. Dornán, a little bundle, a handful. Cuibhreach, a fetter, "binder." Tuairgín, the mallet used for "pounding" flax, a "pounder." Colg, the coarse tow taken off the flax. Buailteóir lín, a flax-pounder. Máinléad, a mallet. Rubáiste, waste, rubbish. Coinlíní lín, flax stalks. Brus, broken straw, turf, bread agusc., sawdust. Sámháil, (pron. sáil), sawing. Táithín, a little tuft, sheaf. Tluighte (pron. tluite), plural of tlúgh, a pair of tongs. Rimhreacht, thickness. An ath-uair, a second time. Ní dheallróghtha, you would not compare. Teastal, a hackle. Spara, a spike, spear. Nísa dhlúithe, closer. Bunach, also barach, tow. Canfás, sack-cloth, canvas. Roithléitheacha, little rolls. Osclaítar, oscailtear, is opened. Cuigeál, the stick round which the flax is put before spinning, the distaff. Cuigealach, the distaff with the táithín lín wound round it. Spólanna, reels, spools. Bean sníomhracháin, a spinster. Urnaidheacha, hanks. Raithneach, fern. Coire, a large pot, a cauldron. Bog-líonain, I almost fill. Gluise, greenness, green colour. Sliseálaim, I beetle. Leathtar, is spread. Go hadhsáideach, easily. Dul i n-acharann i n-a chéile, to get entangled. Tochruisim, I wind (yarn). Cearthlín, a ball of yarn. Deintar é dheilbh, it is "measured." Crann-dealbha, the frame used for "measuring" yarn. Puill tarachais (pron. tráthair), auger holes. Lata, a thin piece of wood, a lath. Sáithtar cipíní, little sticks are driven. Nar thráchtas .i. gur thráchtas.
Tochruiste, wound. Snaidhmeann (pron snuimeann) she knots. Tomhaiseann sí, she measures. Bannlámhcha (pron. bannlácha, nasal) a "bandle." A bannlámh is 27 inches. Fillte, folded. Lánamhnacha, "couples." Dlúth, the warp in cloth. Inneach, the woof. Cóirímhim, I count. Céad abhrais, a "hundred" of yarn. Críonnacht, thrift. Tionnscal (pron. tiúscal nasal), design, cleverness.
An Laighneach soilbhir solasda súgach sámh; Is binn an Connachtach oirfideach clú na ndámh; Is gradhain gan sosadh i n-am troda an tUltach grádhach; I ngníomh 's i bhfocal is follus an Múimhneach i mbláth. A chontrárdha-san: An laighneach soirbh-ghlic corach de lúbaibh lán; Is cainnteach Connachtach conablach clamhach gan cháil, Bladhmann foclach follamh san Mumhain de ghnáth: Sainnt is formad obair an Ultaigh 's gráin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services