Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lín-Éadach san Tuaith.

Title
Lín-Éadach san Tuaith.
Author(s)
Ní Áilgheasa, Maighréad,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LIN-ÉADACH SAN TUAITH.



--



Nuair a bhíonn an líon fásta agus aibidh
stathann mná agus garsúin as an dtalamh
é, agus déineann siad suas n-a phunann-
achaibh é, agus annsoin n-a stiúcannaibh,
díreach mar a dhéintar leis an arbhar.
Fágathar mar sin é ar feadh trí nó a
ceathair de laetheantaibh. 'N-a dhiaidh-san
tógthar chun srotháin nó chun puill uisce é
agus cuirtar ag bogadh nó ag portughadh é.
Fágathar annsoin ag portugadh é ar feadh
ocht nó naoi laetheanta. Tógthar as an
uisce é annsoin. Leathtar amach ar pháirc
é chun é ghealadh agus fágathar annsoin é ar
feadh seachtmhaine nó mar sin.



Annsoin cnóstar suas n-a bheartaibh é,
beirtar a-bhaile é, agus deintar dornáin
de. Bíonn timcheall le lán glaice fir i
ngach dornán. Ceanglaítar gach dornán
le cuibhreach chun é choimeád le chéile.



Annsoin faghann fear tuairgín, agus
cloch cuimheasach mór go mbeadh mullach
socair air. Tógann sé ceann gach dornáin
n-a ghlaic. Síneann sé an chuid eile dhe
fan (ar feadh) bharra na cloiche, agus
buaileann sé leis an dtuairgín chun an
colg a bhaint as agus chun é lagughadh.
"Buailteóir lín" is eadh ghlaodhtar ar an
bhfear a dhéineann an obair seo.



Is é an sórt an tuairgín, rud mar
bheadh máinléad siúinéara; as adhmad a
dhéintar é, agus aon píosa amháin is eadh a
chos agus a cheann. Is dócha gur minic a
chualabhair an sean-fhocal, "Bualadh an lín
ort," agus an sean-fhocal eile seo, "Tá sé
chomh daingean agus tá an chos ins an
dtuairgín," agus tuigeann sibh anois brígh na
sean-fhocal úd.



An colg is eadh an rubáiste chipíneach a
thagann as an líon nuair a buailtear é.
Is é bhíonn istigh i lár na gcoinlíní lín. Is
deallrathach le min é, nó leis an mbrus a
thigeann as adhmad nuair a bhíonn an siúin-
éir 'á shámhail nó 'á sháimhéireacht. Bíonn
puínntí gearra air ar slighe go raghadh sé
tríot dá gcuimleódh éinne dhíot é. Tá
sean-fhocal eile againn as so, sé sin "Cuir
sé colg air féin chugham." Déarfá soin i
dtaobh dhuine go dtiocfadh fearg air
chughat.



Nuair a bhíonn an buailteóir réidh leis
an líon, tagann cailíní agus buachaillí agus
deineann siad timcheall le sé cuid de gach
dornán. Is é ainm a ghlaodhtar ortha-so
"táithíní." Annsoin tagann gasra bhan;
faghaid tluighte; suidhid síos agus tlúghál-
aid gach táithín aca so.



Is é an sórt an tlúgh, giota adhmaid
timcheall le trí troighthe ar fhaid, cheithre


L. 762


órdlaighe ar leithead, agus trí órdlaighe ar
rimhreacht. Baintear píosa amach a lár a
rimhreacht. Fágann so mar bheadh umar
beag san tlúigh, ionad do theangain a chuir-
tar isteach ann. Daingnightar ceann den
teangain i gceann den umar, agus fág-
athar an ceann eile dhe gan daingniughadh.



Nuair a bhíonn bean ag tlúgháil, árduigh-
eann sí an teanga so, síneann sí an táithín
lín treasna idir an teangain agus corp an
tlúgh. Annsoin luigheann sí ar an dteang-
ain, agus tairngeann sí thar n-ais an táith-
ín. Leanann sí mar sin ar gach aon táithín
aca, chun go mbíonn sé tlúgháltha a dóthain
aici.



Nuair a bhíonn sé tlúgháltha an chéad uair,
cuireann sí gach aon dá tháithín le chéile,
agus tlúghálann sí an ath-uair é. Is é ainm
a ghlaodhtar ar an ath-thlúgháil, "smideadh."
Baineann an tlúgháil an méid den cholg as
an líon ná féadann an buailteóir a bhaint
as, agus laguigheann sé é. Mínigheann agus
laguigheann an ath-thlúgháil níos mó é.



Nuair a bhíonn na táithíní smidithe, ní
dheallróghthá le héin-nídh iad acht le loca
de ghruaig fhada bhuidhe-bháin. Cuirtar le
chéile anois gach aon dá tháithín aca so a
bhíonn smidithe, agus deintar iad do tharrac
trí theastal.



Is é an sort an teastal, clár timcheall
troigh go leith ar fhaid, ocht nó naoi órd-
laighe ar leithead, agus ceathramha ar rimh-
reacht. Bíonn sparaí iarainn n-a seasamh
ann, gach spara timcheall le ceathair nó
cúig órdlaighe ar aoirde, agus iad tiugh go
leór, mar adearfá ceathramha dh'órdlach ó
chéile nó b'éidir níos lugha. Laguigheann,
mínigheann, agus cíorann sé seo an líon.
Bean a dhéineann an gnó so, agus is é
ghlaodhtar uirthi ná "haicléir." Tá eagla
orm go bhfuil gaol ag an bhfocal so leis an
bhfocal "hackler" san mBéarla, acht níor
airigheas-sa riamh éan-ainm eile uirthi.



Nuair a bhíonn sé curtha tríd an dteas-
tal ar an gcuma so aici, faghann sí teas-
tal nísa mhíne agus nísa dhlúithe, agus cuir-
eann sí tríd-san arís é.



Tigeann rubáiste as an líon le linn dul
tríd an dteastal do, agus is é ainm a
thugtar air ná "bunach." Déintar éadach
garbh canfáis den bhunach so. Is minic
gurab amhlaidh a dheineann na mná an
bunach a chárdadh le cárdaíbh garbha olna;
deineann siad roithléitheacha dhe mar dhein-
tar leis an olann agus sníomhthar é le
túirne olna, chun snáith a dhéanamh dhe i
gcóir an chanfáis.



Cuirtar anois arís le chéile gach aon dá
tháithín den líon mhínighthe seo. Osclaítar
amach é chun é leathnughadh. Osclaítar
ceann de nísa leithne 'ná an ceann eile,
agus filltar é fan an fhaid mór-thimcheall
ar bhlúire de mhaide bheag.



Bíonn an maide seo timcheall rimhreacht
mhaide a bheadh i láimh fir ag siubhal, agus é
mar adéarfá troigh go leith ar fhaid.
"Cuigeál" a ghlaodhtar ar gach maide
beag aca so, agus baineann siad leis an
túirne lín. "Cuigealach" a ghlaodhtar ortha
nuair a bhíonn an táithín lín casta mór-
thimcheall ortha.



Tá an líon ullamh anois chun é shníomh, sé
sin chun snáith a dhéanamh dhe. Tá a ionad
féin (.i. poll beag) san túirne lín ullamh
don chuigealach. Sáithtear ceann den chuig-
ealach san bpoll, agus bíonn sé n-a sheasam san
túirne annsoin, agus an bhean a bhíonn ag
sníomh ag tarrac an lín as i gcóir an tsnáith.



Annsoin tógthar an snáth de na spólann-
aibh a bhíonn snímhte ag an mnaoi sníomh-
racháin, agus déintar urnaidheacha timcheall.
le slait ar fhaid de.


L. 763


Dóightar cupla beart d'aiteann ghlas
agus de raithnigh ghlais, chun luath a dhéanamh
dhíobh. Annsoin cuirtar ar an dteine
corcán mór; "coire" a ghlaodhtar air.
Do raghadh timcheall le deich ngalúin uisce
nó mar sin ins an gcoire seo. Bog-
líontar d'uisce é. Cuirtar san gcoire
uisce seo cúpla cárt den luaith seo an
aitinn a bhíonn ullamh n-a chóir. Cuirtar
an snáth ag beirbhiughadh san gcoire annsoin
agus fágathar ag beirbhiughadh é, ar feadh a
dó nó a trí d'uairibh an chluig. Bíonn an
luath so an aitinn agus na raithnighe ana-
ghéar. Bogann sé an snáth; baineann sé
an ghluise dhe, agus déineann sé nísa ghile é.



Tógthar amach as an gcoire anois é.
Beirtar go dtí an abha é agus sliseáltar
é. Leathtar amach ar pháirc arís é, chun é
ghealadh níos mó. Cuirtar slat-mhaide
timcheall slat go leith ar fhaid treasna tré
gach ceann de gach urnadh, i gcóir go
bhféadfaidhe an snáth a leathadh amach go
hadhsáideach, agus gan leogaint dó dul i
n-acharann i n-a chéile. Fágathar annsoin
sa pháirc ag gealadh é ar feadh naoi nó
deich laethanta eile.



N-a dhiaidh-san tugtar isteach é, agus
tochruisítar suas n-a chearthlíníbh é. Déin-
tar é thochruis i dtrí gcuid; a leath i n-éin-
chearthlín mhór amháin agus deintar dhá chearth-
lín den leath eile, an oiread céadna
ins gach cearthlín aca. Annsoin cuirtar
an chearthlín mhór i leath-taoibh, agus déin-
tar snáth an dá chearthlín eile a dheilbh, sé
sin é chur suas i gcrann-dealbha.



Is é an sórt an crann-dealbha, dhá mhaide
cuimheasach reamhar go mbíonn puill tar-
áchair ionnta, na puill timcheall le leath-
throigh ó chéile. Bíonn dá lata láidre,
ceann thíos n-a bhun agus ceann eile thuas n-a
bhárr, sínte treasna idir an dá mhaide seo
chun an crann-dealbha a choimeád daingean,
Bíd na lataí seo cúig no sé troighthe ar
fhaid.



Nuair a bhítar i gcóir an tsnáith a dheilbh
cuirtar an crann-dealbha n-a sheasamh i
gcoinnibh an fhalla a bhun timcheall le trí
troighthe amach uaidh. Sáithtar cipíní ins na
puill taráchair seo nar thráchtas cheana
ortha. Faghann bean annsoin an dá
chearthlín is lugha go mbíonn a leath dhen
tsnáth tochruiste ortha. Snaidhmeann sí
cinn an dá shnáth le chéile. Tómhaiseann sí
annsoin as an dá shnáth sínte le chéile an
oiread slata nó bannlámhcha a theastuigh-
eann uaithi a bheith ar fhaid phíosa anairte
nó lín-éadaigh. Nuair a bhíonn an méid a
oireann di tómhaiste aici cuireann sí
snaidhm nó marc éigin ar an snáth.



Beireann sí arís ar cheann an dá shnáth
mar ar chuir sí an tsnaidhm ar dtúis.
Tosnuigheann thuas ar an gcipín uachtarach
sa chrann-dealbha. Casann sí an dá shnáth
mór-dtimcheall air. Beireann sí léi
anonn annsoin iad go dtí an cipín uachtar-
ach ar an dtaobh eile den chrann. Tar
n-ais léi arís go dtí an tarna cipín ar ar
dtaobh n-ar thosuigh sí ar dtúis. Agus
bíonn sí mar sin, anonn 's anall ó chipín go
cipín ag casadh an dá shnáth mór-dtimcheall
ortha chun go sroiseann sí an marc a chuir
sí ar an snáth, nuair a thómhais sí é. Suas
léi arís thar n-ais annsoin, agus mar sin
léi chun go mbíonn an snáth go léir curtha
suas ar an gcrann-dealbha aici.



Is é an ainm a ghlaodhtar ar an dá shnáth
so a bhíonn sínte le chéile dá gcur suas ar
an gcrann-dealbha, "lánamhnacha." I gcóir
an "dlúith" is eadh an snáth so. An dlúth
is eadh a thugtar ar na snaithíníbh a bhíonn ag
rith síos is suas ar fhaid phíosa éadaigh: I
gcóir an "innigh" is eadh an chearthlín


L. 764


mhór do cuireadh i leath-taoibh ar dtúis.
"Inneach" is eadh a ghlaodhtar ar na snáith-
íníbh a bhíonn ag rith crosta nó treasna ar
phíosa éadaigh.



Nuair a bhíonn snáth an dá chearthlín is
lugha curtha suas aici ar an gcrann-dealbha,
cóirímheann sí na lánamhnacha, agus ceang-
lann sí le chéile le blúire snáith gach aon
chúig lánamhnacha fichead aca. "Céad
abhrais" a ghlaodhtar ar gach cúig lánamh-
nacha fichead aca so. Seacht gcéadta
abhrais a bhíonn go coitchianta ar leithead
an lín-éadaigh, acht is minic a chuireann
siad ocht gcéadtha ann nuair a theastóghadh
sé uatha nísa leithne.



Tógann sí an snáth anuas de'n chrann-
dealbha anois. Casann sí ar a chéile é,
agus cuireann sí é féin agus an chearthlín
mhór d'fhág sí i gcóir an innigh go dtí an
bhfigheadóir chun éadach a dhéanamh dhe.



MAIGHRÉAD NÍ ÁILGHEASA.



--



Do léigheadh an aiste seo tamall ó shoin
os comhair cruinniughadh daoine i seomraíbh
Craoibhe an Chéitinnigh. Fuair Maighréad
Ní Áilgheasa árd-mholadh n-a thaobh, agus ní
bhfuair acht mar bhí tuillte aici. Ó tá
tosnuighthe aici ar scríbhneóireacht, tá súil
againn go leanfaidh sí dhi. Ní cóir an
obair go léir d'fhágaint fé na fearaibh;
bíodh tarrac ag na mnáibh as chomh maith.
Badh mhaith linn tuilleadh aistí den tsaghas
so d'fhagháil. Is annamh agus is ró-annamh
airighmíd trácht dá dhéanamh ar nósannaibh
is ar chríonnacht is ar thionnscal bhantracht
na hÉireann. Tá tosnughadh déanta ag
Maighréad Ní Áilgheasa, agus is maith an
ceacht atá ghá mhúineadh aici dhúinn. Is
beag duine i nÉirinn ná féadfaidh rud
éigin d'fhoghluim as agus is iomdhó duine
d'fhoghluimeóidh a lán as. F. an I.



Gluais.



Lín-éadach, linen, linen-cloth.
Punannacha, sheaves.
Stiúcanna, "stooks".
Ag portughadh, steeping.
Cnóstar; cnuastar, gathered.
Dornán, a little bundle, a handful.
Cuibhreach, a fetter, "binder."
Tuairgín, the mallet used for "pounding" flax, a
"pounder."
Colg, the coarse tow taken off the flax.
Buailteóir lín, a flax-pounder.
Máinléad, a mallet.
Rubáiste, waste, rubbish.
Coinlíní lín, flax stalks.
Brus, broken straw, turf, bread agusc., sawdust.
Sámháil, (pron. sáil), sawing.
Táithín, a little tuft, sheaf.
Tluighte (pron. tluite), plural of tlúgh, a pair of
tongs.
Rimhreacht, thickness.
An ath-uair, a second time.
Ní dheallróghtha, you would not compare.
Teastal, a hackle.
Spara, a spike, spear.
Nísa dhlúithe, closer.
Bunach, also barach, tow.
Canfás, sack-cloth, canvas.
Roithléitheacha, little rolls.
Osclaítar, oscailtear, is opened.
Cuigeál, the stick round which the flax is put before
spinning, the distaff.
Cuigealach, the distaff with the táithín lín wound
round it.
Spólanna, reels, spools.
Bean sníomhracháin, a spinster.
Urnaidheacha, hanks.
Raithneach, fern.
Coire, a large pot, a cauldron.
Bog-líonain, I almost fill.
Gluise, greenness, green colour.
Sliseálaim, I beetle.
Leathtar, is spread.
Go hadhsáideach, easily.
Dul i n-acharann i n-a chéile, to get entangled.
Tochruisim, I wind (yarn).
Cearthlín, a ball of yarn.
Deintar é dheilbh, it is "measured."
Crann-dealbha, the frame used for "measuring"
yarn.
Puill tarachais (pron. tráthair), auger holes.
Lata, a thin piece of wood, a lath.
Sáithtar cipíní, little sticks are driven.
Nar thráchtas .i. gur thráchtas.


L. 765


Tochruiste, wound.
Snaidhmeann (pron snuimeann) she knots.
Tomhaiseann sí, she measures.
Bannlámhcha (pron. bannlácha, nasal) a "bandle."
A bannlámh is 27 inches.
Fillte, folded.
Lánamhnacha, "couples."
Dlúth, the warp in cloth.
Inneach, the woof.
Cóirímhim, I count.
Céad abhrais, a "hundred" of yarn.
Críonnacht, thrift.
Tionnscal (pron. tiúscal nasal), design, cleverness.


L. 768


An Laighneach soilbhir solasda súgach sámh;
Is binn an Connachtach oirfideach clú na ndámh;
Is gradhain gan sosadh i n-am troda an tUltach
grádhach;
I ngníomh 's i bhfocal is follus an Múimhneach i mbláth.



A chontrárdha-san:



An laighneach soirbh-ghlic corach de lúbaibh lán;
Is cainnteach Connachtach conablach clamhach gan cháil,
Bladhmann foclach follamh san Mumhain de ghnáth:
Sainnt is formad obair an Ultaigh 's gráin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services