Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Má leanann ár gcumainn phuiblidhe dhe, is gearr go mbéidh siad ar thaobh na nGaedheal. Is iomdha slighe ina dteasbánaid siad le tamall nach é an seana- saoghal i nÉirinn é. Cheap Comhairle na Cathrach i mBaile Áth' Cliath le déidheanaighe ar Lá Fhéile Pádraig i n-ionad Lae Coille chum máirseáil phuiblidhe an Mhéire. Lá lúthgháire ag Gaedhealaibh is eadh Féil Pádraig agus ní mó ná ceart é go ndéanfadh Cómhairle a bpríomh-chathrach a gcuid lúthgháire an lá ceudna. Is maith an tosnughadh sain ag Comhairle Bhaile Áth' Cliath, acht is beag ná go bhfuil bailtí móra na hÉireann chomh gall chomh coimhightheach 'na nósaibh agus dá mbeidís suidhte thall i gceart-lár Shasana. Bíonn obair agus gnó ar siubhal ionnta Lá Fhéile Pádraig agus Lá Fhéile Muire, acht is daingean a bhíonn dóirse na siopaidhe iadhta Luan Cásga agus Luan Cingcíse, agus géilleadh do nósaibh na Sásanach ag na nGall-Ghaedheal. Is mór an t-uathbhás an faobhar atá chum a chéile ar na hOrangemen agus na Catoilicíbh i mBeul-Feirsde. Bhí craobh de Chonnradh na nGaedheal nAontuighthe dá cur ar bun ann an cúigeadh lá de Mheitheamh, agus chruinnigh na hOrangemen tráthnóna chum éirligh. Na constáblaithe a bhí ag coimeád an dá bhuidhin ó n-a chéile fuair an milleadh ar fad. Pé duine théidheann as nó ná teidheann as, ní théidheann fear an eadar- ghala as, mar deir an sean-fhocal, agus b'é an dálta ceudna ag na constáblaithibh annsúd é. Tháinig clocha na gcíochaibh ó ghach taobh ortha, agus b'éigean dóibh teicheadh go minic le na n-anam. Cuireadh fios ar na saighdiúiribh agus caitheadh cloch leó sain leis. Leagadh oifigeach a bhí ortha le meuróig leath-phúint, agus tá sé i mbaoghal báis ó shoin. 'Na dhiaidh sin agus uile, níor dheacair an sgaipeadh chur ar an sluagh, acht ní túisge bídís sgaipighthe i n-aon áit amháin ná bhídís mar bheadh soithe beach, bailighthe i n-áit eile. Is gnáthach leis na hOrangemen nuair éirghíd siad amach mar seo, briseadh isteach i siopaibh na gCatoili- ceach, go mór-mhór más tighthe tábhairne iad, agus gach aon nídh thiucfadh fá na lámhaibh d'árdughadh chum siubhail. Rinneadar an cleas so i dtrí nó ceathair de shiopaibh an tráthnóna úd. Tá ós cionn dá fhichid fear díobh gabhtha, agus is áirighthe go mbainfear cuid de'n teasbach díobh sul a mbeidh an dlighe réidh leó. Theangmhaigh stolaire d'fhear siubhail ar bheirt bhan ar an mbóthar an lá fá dheireadh i gCondae Thiobrad Aran agus chuir sé coimhightheas ortha. Thug sé fá bhreith ar dhuine acu, acht ba mhaith an mhaise dhóibh é, dhírigheadar araon air agus rinneadar preasach dá cheann le clochaibh. Tá sé san osboidéal ó shoin agus gan aon tsúil leis, agus tá duine de na mnáibh gabhtha. B'é déirc a b'fhearr a dhéanamh ar chladhairibh díomh- aoine láidre mar é iad do chur isteach sa phríosún. Thug Árd-Easpog Chaisil Mhumhan deich bpúint agus trí fichid uaidh le déidheanaighe mar chabhair do na Tionóntaibh Ruagtha. Is dearg-náire shaoghalta é, adeir sé, a laighead suime a chuireann an dúthaigh na n-annró. Bhuail an ghrian bean nigheachána i nDún Laoghaire an tseachtmhain seo thart, agus cailleadh fá cheann trí h-uaire an chloig í. Ag leathadh eudaigh amach a bhí sí, i ngáirdin tar éis é níghe, nuair thuit sí as a seasamh. Deirthear gurab é déine na h-oibre i dteannta teasa na gréine a ghoill uirthe. Deirthear go bhfuil Comhairle an Chondae i gCiarraidhe ar aigneadh na sgríbhne stáramhla bhaineas leis an gCondae, do sgríobh Seaghán Ua Donnabháin agus a chompánacha do chur amach sul a bhfad i bhfoirm leabhair. Táid siad anois ag loghadh ins an Acadamh Ríoghamhail i mBaile Áth' Cliath, tar éis a raibh de dhuagh agus de chostas ghá gcur le chéile. Tá stair ag gach aon pharó- isde agus ar gach aon bhaile ar fuaid an Chondae ionnta. Agus is iomdha saghas cúntais a chuir na sgoláiridhe breaghdha sain síos leath-chéad bliadhain ó shoin ná fuil le fagháil i n-aon bhall eile anois. Tá súil againn nach i gCiarraidhe amháin acht is gach Condae i nEirinn a thabharfar amach na sgríbhne luachmhara léigheannta so. Feargus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services