Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Má leanann ár gcumainn phuiblidhe dhe, is gearr go
mbéidh siad ar thaobh na nGaedheal. Is iomdha slighe
ina dteasbánaid siad le tamall nach é an seana-
saoghal i nÉirinn é. Cheap Comhairle na Cathrach i
mBaile Áth' Cliath le déidheanaighe ar Lá Fhéile
Pádraig i n-ionad Lae Coille chum máirseáil phuiblidhe
an Mhéire. Lá lúthgháire ag Gaedhealaibh is eadh Féil
Pádraig agus ní mó ná ceart é go ndéanfadh Cómhairle
a bpríomh-chathrach a gcuid lúthgháire an lá ceudna.
Is maith an tosnughadh sain ag Comhairle Bhaile Áth'
Cliath, acht is beag ná go bhfuil bailtí móra na hÉireann
chomh gall chomh coimhightheach 'na nósaibh agus dá mbeidís
suidhte thall i gceart-lár Shasana. Bíonn obair agus
gnó ar siubhal ionnta Lá Fhéile Pádraig agus Lá Fhéile
Muire, acht is daingean a bhíonn dóirse na siopaidhe
iadhta Luan Cásga agus Luan Cingcíse, agus géilleadh
do nósaibh na Sásanach ag na nGall-Ghaedheal.
Is mór an t-uathbhás an faobhar atá chum a chéile ar
na hOrangemen agus na Catoilicíbh i mBeul-Feirsde.
Bhí craobh de Chonnradh na nGaedheal nAontuighthe dá
cur ar bun ann an cúigeadh lá de Mheitheamh, agus
chruinnigh na hOrangemen tráthnóna chum éirligh. Na
constáblaithe a bhí ag coimeád an dá bhuidhin ó n-a
chéile fuair an milleadh ar fad. Pé duine théidheann
as nó ná teidheann as, ní théidheann fear an eadar-
ghala as, mar deir an sean-fhocal, agus b'é an dálta
ceudna ag na constáblaithibh annsúd é. Tháinig clocha
na gcíochaibh ó ghach taobh ortha, agus b'éigean dóibh
teicheadh go minic le na n-anam. Cuireadh fios ar na
saighdiúiribh agus caitheadh cloch leó sain leis. Leagadh
oifigeach a bhí ortha le meuróig leath-phúint, agus tá sé
i mbaoghal báis ó shoin. 'Na dhiaidh sin agus uile, níor
dheacair an sgaipeadh chur ar an sluagh, acht ní túisge
bídís sgaipighthe i n-aon áit amháin ná bhídís mar bheadh
soithe beach, bailighthe i n-áit eile.
Is gnáthach leis na hOrangemen nuair éirghíd siad
amach mar seo, briseadh isteach i siopaibh na gCatoili-
ceach, go mór-mhór más tighthe tábhairne iad, agus gach
aon nídh thiucfadh fá na lámhaibh d'árdughadh chum siubhail.
Rinneadar an cleas so i dtrí nó ceathair de shiopaibh
an tráthnóna úd. Tá ós cionn dá fhichid fear díobh
gabhtha, agus is áirighthe go mbainfear cuid de'n
teasbach díobh sul a mbeidh an dlighe réidh leó.
Theangmhaigh stolaire d'fhear siubhail ar bheirt bhan
ar an mbóthar an lá fá dheireadh i gCondae Thiobrad
Aran agus chuir sé coimhightheas ortha. Thug sé fá bhreith
ar dhuine acu, acht ba mhaith an mhaise dhóibh é, dhírigheadar
araon air agus rinneadar preasach dá cheann le
clochaibh. Tá sé san osboidéal ó shoin agus gan aon
tsúil leis, agus tá duine de na mnáibh gabhtha.
B'é déirc a b'fhearr a dhéanamh ar chladhairibh díomh-
aoine láidre mar é iad do chur isteach sa phríosún.
Thug Árd-Easpog Chaisil Mhumhan deich bpúint agus
trí fichid uaidh le déidheanaighe mar chabhair do na
Tionóntaibh Ruagtha. Is dearg-náire shaoghalta é, adeir
sé, a laighead suime a chuireann an dúthaigh na n-annró.
Bhuail an ghrian bean nigheachána i nDún Laoghaire an
tseachtmhain seo thart, agus cailleadh fá cheann trí
h-uaire an chloig í. Ag leathadh eudaigh amach a bhí sí,
i ngáirdin tar éis é níghe, nuair thuit sí as a seasamh.
Deirthear gurab é déine na h-oibre i dteannta teasa
na gréine a ghoill uirthe.
Deirthear go bhfuil Comhairle an Chondae i gCiarraidhe
ar aigneadh na sgríbhne stáramhla bhaineas leis an
gCondae, do sgríobh Seaghán Ua Donnabháin agus a
chompánacha do chur amach sul a bhfad i bhfoirm leabhair.
Táid siad anois ag loghadh ins an Acadamh Ríoghamhail
i mBaile Áth' Cliath, tar éis a raibh de dhuagh agus de
chostas ghá gcur le chéile. Tá stair ag gach aon pharó-
isde agus ar gach aon bhaile ar fuaid an Chondae
ionnta. Agus is iomdha saghas cúntais a chuir na
sgoláiridhe breaghdha sain síos leath-chéad bliadhain ó
shoin ná fuil le fagháil i n-aon bhall eile anois. Tá
súil againn nach i gCiarraidhe amháin acht is gach Condae
i nEirinn a thabharfar amach na sgríbhne luachmhara
léigheannta so.
Feargus Finn-bhéil
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11