Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nua-Litridheacht.
Title
Nua-Litridheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NUA-LITRIDHEACHT. -- Is ana-dheacair daoine áirithe do shásamh. Ní réidhtigheann fuacht leo agus ní réidhtigheann teas leo. Tá sean-bhlas aca ar fhiannuidheacht, agus ní maith leó an fhírinne. Ní oireann Prátaí Mhíchil Thaidhg do "Ghort an Phunnain." Is mór a' truagh san. Is baoghlach liom ná fuil an fód ró-dhoimhin sa "Ghort" úd. Tá árd-mheas ar fad ar Grim agus a chuid scéalta ar fuaid an domhain, acht níl i bhfiannuidheacht na hÉireann acht neamh-nídh gan tairbhe, a bhaineann codladh na hoidhche dhínn. Anois ní dócha go bhfuil paróiste i nÉirinn gan leithéid Mhíchíl Thaidhg innte. Ar chualamair riamh trácht ar "Gabhairín?" Ach! Ná leig ort gur chualaís le heagla go mbeadh daoine eile ag magadh fúinn. "Ar eagla go mbeadh daoine eile ag magadh fúinn!" Sin é díreach atá a' baint na meabhrach dhínn!" Agus cad chuige an magadh? Mar gheall air nách ar árd-aigeantacht agus ar fhearamhalacht a chuirimíd síos i gcomhnuidhe i n-ár scéaltaib. An mar sin a bhíonn an scéal ag daoine eile? Nach breagh fearamhail an buachaill é Falstaff, agus nach deagh- chroidheach iad Richard III agus MacBeth? Nár mhaith leat Bill Sikes bheith mar chliamhain agat, agus ná beadh áthas a' domhain ort bheith greamuighthe le Becky Sharp mar mhnaoi. Ná fuil fearamhlacht san "Tobar Draoidheachta" ins an "nGioblachán," i "Mac Finghín Duibh," ins "An mBuaiceas" agus ná fuil fearamhlacht agus diadhaitheacht i "Séadna." Innis an fhírinne agus ní baoghal do cháil na hÉireann. Is cuma linn-ne cad is dóigh leis an mhuinntir thall. Tá a ndóthain le déanamh aca-san, agus aire a thabhairt dá gcáil féin. Ní thuillean siad ainm ró-gheal mar an bréagach a gcuid scríbhneoirí féin. Ní gábhadh dhúinn a bheith a' cur púicíní ar éinne. Nílmíd gan locht. Ní naoimh sinn go léir fós agus ní haon díoghbháil dúinn an méid sin d'admháil. Freagrann C. S. Boswell é féin i bhfad níos cruinne ná mar d'fhéadfuinn-se é dhéanamh. "With the solitary exception of the Greeks every European nation in the earlier days of its literary development has made abundant use of translations from its predecessors and contemporaries." Bhí sean-scríbhinní aca súd. Tá sean-scríbhinní againn-ne. Má's maith linn brígh agus snas na Gaedh- ilge a choimeád, tosnuighmís ar an sean-scríbhinní a chur i nGaedhilg na haimsire seo. Sin í an chéad iarracht agus ní hiarracht bheag í. N-a dhiaidh sin ní misde dhúinn cuid na gcomharsan a bhailiughadh isteach chughainn agus úsáid a dhéanamh den mhéid a theastuigheann uainn. BEIRT FHEAR.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services