Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Litridheacht.

Title
Nua-Litridheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUA-LITRIDHEACHT.



--



Is ana-dheacair daoine áirithe do shásamh. Ní
réidhtigheann fuacht leo agus ní réidhtigheann teas leo.
Tá sean-bhlas aca ar fhiannuidheacht, agus ní maith leó an
fhírinne. Ní oireann Prátaí Mhíchil Thaidhg do "Ghort
an Phunnain." Is mór a' truagh san. Is baoghlach
liom ná fuil an fód ró-dhoimhin sa "Ghort" úd.



Tá árd-mheas ar fad ar Grim agus a chuid scéalta ar
fuaid an domhain, acht níl i bhfiannuidheacht na
hÉireann acht neamh-nídh gan tairbhe, a bhaineann
codladh na hoidhche dhínn.



Anois ní dócha go bhfuil paróiste i nÉirinn gan
leithéid Mhíchíl Thaidhg innte. Ar chualamair riamh
trácht ar "Gabhairín?" Ach! Ná leig ort gur
chualaís le heagla go mbeadh daoine eile ag magadh
fúinn. "Ar eagla go mbeadh daoine eile ag magadh
fúinn!" Sin é díreach atá a' baint na meabhrach
dhínn!" Agus cad chuige an magadh? Mar gheall air
nách ar árd-aigeantacht agus ar fhearamhalacht a
chuirimíd síos i gcomhnuidhe i n-ár scéaltaib. An mar
sin a bhíonn an scéal ag daoine eile? Nach breagh
fearamhail an buachaill é Falstaff, agus nach deagh-
chroidheach iad Richard III agus MacBeth? Nár mhaith
leat Bill Sikes bheith mar chliamhain agat, agus ná beadh
áthas a' domhain ort bheith greamuighthe le Becky Sharp
mar mhnaoi.



Ná fuil fearamhlacht san "Tobar Draoidheachta"
ins an "nGioblachán," i "Mac Finghín Duibh," ins
"An mBuaiceas" agus ná fuil fearamhlacht agus diadhaitheacht
i "Séadna."

Innis an fhírinne agus ní baoghal do cháil na hÉireann.
Is cuma linn-ne cad is dóigh leis an mhuinntir thall.
Tá a ndóthain le déanamh aca-san, agus aire a thabhairt
dá gcáil féin. Ní thuillean siad ainm ró-gheal mar
an bréagach a gcuid scríbhneoirí féin. Ní gábhadh
dhúinn a bheith a' cur púicíní ar éinne. Nílmíd gan
locht. Ní naoimh sinn go léir fós agus ní haon díoghbháil
dúinn an méid sin d'admháil.



Freagrann C. S. Boswell é féin i bhfad níos cruinne
ná mar d'fhéadfuinn-se é dhéanamh.



"With the solitary exception of the Greeks every
European nation in the earlier days of its literary
development has made abundant use of translations
from its predecessors and contemporaries."



Bhí sean-scríbhinní aca súd. Tá sean-scríbhinní
againn-ne. Má's maith linn brígh agus snas na Gaedh-
ilge a choimeád, tosnuighmís ar an sean-scríbhinní a
chur i nGaedhilg na haimsire seo. Sin í an chéad
iarracht agus ní hiarracht bheag í. N-a dhiaidh sin ní
misde dhúinn cuid na gcomharsan a bhailiughadh
isteach chughainn agus úsáid a dhéanamh den mhéid a
theastuigheann uainn.



BEIRT FHEAR.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services