Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nuid na Gaedhilge IX.
Title
Nuid na Gaedhilge IX.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NUID NA GAEDHILGE. - IX. Is é rud atá againn i gcóir Nuid na Gaedhilge an mhí seo leathanach eile as leabhar an Athar Pádraig De Poér gur dhéineamair soláthar as an mhí seo ghaibh tharainn. An uair úd do chuireamair os comhair léightheóirí an IRISLEABHAIR sompla de scríbhneóireacht Uí Icidhe. An mhí seo táimíd ag cur i gcló sompla de scríbhneóireacht Riocaird Paor ó Phort- láirge. Is é rud atá ann ná críochnughadh seanmóine i gcóir Aoine an Chéasta. Sid é ádhbhar an leathanaigh thall i gcló: … Agus ionnus go dtigidh linne an méid atámaoid annso láithreach an eis- éirghe chéadna do dhéanamh leis, on mbás peaca(idh) i n-a bhfuilmíd. Agus guidheamaoid é go duthrachtach fá bhraon dá ghrásaibh do dhortadh ar ár gcroidhthib agus leac-oighridh na locht atá ar ar gcoinsias do scaoileadh. Agus guidhemaoid é fá thoradh a Pháise anmna na ndaoine do leigean ó ghlasaibh na ndiabhal malluighthe. Ó, a mhic na hÓighe glaine; tré impidhe do Mháthar, ná tréig sinn, agus ná léig sinn i ngéibheann na ndeamhan, tré an-toil na codla (.i. colna); ná hagair a Mhic na Trócaire ar ndiombuídheachus orainne, acht fortuigh agus saor sinn ó n-ár ngua(i)s, agus treóruigh sinn chum an bheatha mhartha- nach; an ní(dh) go dtugaidh Dia dhíbh-se agus damh-sa. I n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen. Ag sin Seanmóir Aoine an Chéasta, iar n-a prescript le Sagart Dáibhí Ó Labháin; tugadh gach aon éistfeas nó léighfeas í beannacht ar anam an scríobhnóra, Riocard Paor, i bPortláirge, an treas lá déag de mhí na Bealtaine, san mbliadhain d'Aois an Tighearna, Íosa Críost, 1867.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services