Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuid na Gaedhilge IX.

Title
Nuid na Gaedhilge IX.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUID NA GAEDHILGE. - IX.



Is é rud atá againn i gcóir Nuid na
Gaedhilge an mhí seo leathanach eile as
leabhar an Athar Pádraig De Poér gur
dhéineamair soláthar as an mhí seo ghaibh
tharainn. An uair úd do chuireamair os
comhair léightheóirí an IRISLEABHAIR
sompla de scríbhneóireacht Uí Icidhe. An
mhí seo táimíd ag cur i gcló sompla de
scríbhneóireacht Riocaird Paor ó Phort-
láirge. Is é rud atá ann ná críochnughadh
seanmóine i gcóir Aoine an Chéasta. Sid
é ádhbhar an leathanaigh thall i gcló:
… Agus ionnus go dtigidh linne an
méid atámaoid annso láithreach an eis-
éirghe chéadna do dhéanamh leis, on mbás
peaca(idh) i n-a bhfuilmíd.



Agus guidheamaoid é go duthrachtach fá
bhraon dá ghrásaibh do dhortadh ar ár
gcroidhthib agus leac-oighridh na locht atá
ar ar gcoinsias do scaoileadh. Agus
guidhemaoid é fá thoradh a Pháise anmna na
ndaoine do leigean ó ghlasaibh na ndiabhal
malluighthe.



Ó, a mhic na hÓighe glaine; tré impidhe
do Mháthar, ná tréig sinn, agus ná léig
sinn i ngéibheann na ndeamhan, tré an-toil
na codla (.i. colna); ná hagair a Mhic na
Trócaire ar ndiombuídheachus orainne, acht
fortuigh agus saor sinn ó n-ár ngua(i)s,
agus treóruigh sinn chum an bheatha mhartha-
nach; an ní(dh) go dtugaidh Dia dhíbh-se agus
damh-sa. I n-ainm an Athar, agus an Mhic,
agus an Spioraid Naoimh. Amen.



Ag sin Seanmóir Aoine an Chéasta, iar
n-a prescript le Sagart Dáibhí Ó Labháin;
tugadh gach aon éistfeas nó léighfeas í
beannacht ar anam an scríobhnóra, Riocard
Paor, i bPortláirge, an treas lá déag de
mhí na Bealtaine, san mbliadhain d'Aois an
Tighearna, Íosa Críost, 1867.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services