Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Ó Gadhra, File - II.
Title
Seán Ó Gadhra, File - II.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÁN Ó GADHRA, FILE. -- II. Tá an dán so ar fagháil fé dhó ins na láimhscríbhne san Agadaimh; (1) ar leathan- aigh 32, 33, 34 de leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmada agus (2) i. Leabhar 23 M 23, leathanaigh 139, 140. Ní deir an Leabhar M cia cheap an dán, acht tá "Maighr Gadhra" thíos ag Ruaidhrí Mac Diarmada fé bhun an dáin i n-a leabhar féin. Ní'l an dát ar fagháil i Leabhar Ruaidhrí, acht tá 1697 i Leabhar M. Is cosmhail gurab é sin an dát ceart, agus go deimhin ba truaighmhéileach é cás na hÉireann an uair úd. Bhí leathtrom is ár is cam-dhligthe 'gá gcur ar mhuinntir bocht na hÉireann. Ní raibh cead aca dlighthe dhéanamh dhóibh féin ar shon gur thug Rí Liam a gheallamhaint ag Luimneach go mbeadh soin amhlaidh. Ar an gcuma gcéadna do gheall sé gan baint le n-a gcreideamh is féach cionnus a choimhlíon an gheallamhaint sin. Ní hiongnadh linn Seán Ó Gadhra á rádh nár mheasa cás Chloinne Israel san Éigipt 'ná an úsáid a fuair Clanna Gaedheal d'éis chogaidh 1690-1. Bhí "na huaisle marbh san bhFrainc 's i hÉirinn." Ní raibh i nGaedhealaibh corruidhe; agus níor mhair beó éinne do thaispeánfadh dhóibh cionnus seasamh i gcoinnibh an léir- scrios, dá mb'éidir soin a dhéanamh agus éachta Luimnigh is Eachdhroma is na Bóinne i gcuimhne gach éinne. Bhí gach duine ag moladh na foighde agus á rádh go dtiocfadh an fánuidhe ríogh is congnamh iasachta le n-a chois. Is maith a dhíol Éire as an urraim a thug sí dhon bheag-a-mhaith soin, chaill uirthi san mBóinn. Dá mb'áil léi seasamh ar a bonnaibh féin bheadh a mhalairt de chruth uirthi indiu. An iomarca foighde a bhí againn, agus gein díleas uirthi is eadh an dúil mhí-ádhmharach a fhás dúinn chun sodair i ndiaidh na huaisleachta iasachta. "Ní deas do chruth mur bhfuil do Bhéarla," arsa ár bhfile-na. Seadh, agus is maith a thug sé fé ndeara cúrsaí na haimsire. Ní raibh meas ar éinne ná raibh an "Béarla breagh galánta aige," agus nídh nach iongna dhein gach spreasán aithris ar fhear an Bhéarla ag díol anam a dhuthchais ar lán chuirnín phraisce. Acht mar adeir an file arís, "is minic do saoradh ó dhaoirse Éire." Do readadh geall leis ó Ghaedhealaibh an seód ba bhreaghtha is do b'áilne a bhí aca, a dteanga dhuthchais. Táimíd-ne ag iarraidh í thabhairt thar n-ais, agus is beag dá mhear- athal orainn ná gurab í an urradh is fearr agus an úirlis is áiseamhla a chuideoghaidh linn chun Éire a shaoradh ó dhaoirse uair amháin eile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services