SEÁN Ó GADHRA, FILE.
--
II.
Tá an dán so ar fagháil fé dhó ins na
láimhscríbhne san Agadaimh; (1) ar leathan-
aigh 32, 33, 34 de leabhar Ruaidhrí Mhic
Dhiarmada agus (2) i. Leabhar 23 M 23,
leathanaigh 139, 140. Ní deir an Leabhar M
cia cheap an dán, acht tá "Maighr Gadhra"
thíos ag Ruaidhrí Mac Diarmada fé bhun an
dáin i n-a leabhar féin. Ní'l an dát ar
fagháil i Leabhar Ruaidhrí, acht tá 1697 i
Leabhar M.
Is cosmhail gurab é sin an dát ceart,
agus go deimhin ba truaighmhéileach é cás
na hÉireann an uair úd. Bhí leathtrom is
ár is cam-dhligthe 'gá gcur ar mhuinntir
bocht na hÉireann. Ní raibh cead aca
dlighthe dhéanamh dhóibh féin ar shon gur thug
Rí Liam a gheallamhaint ag Luimneach go
mbeadh soin amhlaidh. Ar an gcuma
gcéadna do gheall sé gan baint le n-a
gcreideamh is féach cionnus a choimhlíon an
gheallamhaint sin. Ní hiongnadh linn Seán
Ó Gadhra á rádh nár mheasa cás Chloinne
Israel san Éigipt 'ná an úsáid a fuair
Clanna Gaedheal d'éis chogaidh 1690-1. Bhí
"na huaisle marbh san bhFrainc 's i
hÉirinn." Ní raibh i nGaedhealaibh corruidhe;
agus níor mhair beó éinne do thaispeánfadh
dhóibh cionnus seasamh i gcoinnibh an léir-
scrios, dá mb'éidir soin a dhéanamh agus
éachta Luimnigh is Eachdhroma is na Bóinne
i gcuimhne gach éinne.
Bhí gach duine ag moladh na foighde agus
á rádh go dtiocfadh an fánuidhe ríogh is
congnamh iasachta le n-a chois. Is maith a
dhíol Éire as an urraim a thug sí dhon
bheag-a-mhaith soin, chaill uirthi san mBóinn.
Dá mb'áil léi seasamh ar a bonnaibh féin
bheadh a mhalairt de chruth uirthi indiu. An
iomarca foighde a bhí againn, agus gein díleas
uirthi is eadh an dúil mhí-ádhmharach a fhás
dúinn chun sodair i ndiaidh na huaisleachta
iasachta.
"Ní deas do chruth mur bhfuil do Bhéarla,"
arsa ár bhfile-na. Seadh, agus is maith a
thug sé fé ndeara cúrsaí na haimsire. Ní
raibh meas ar éinne ná raibh an "Béarla
breagh galánta aige," agus nídh nach iongna
dhein gach spreasán aithris ar fhear an
Bhéarla ag díol anam a dhuthchais ar lán
chuirnín phraisce. Acht mar adeir an file
arís, "is minic do saoradh ó dhaoirse Éire."
Do readadh geall leis ó Ghaedhealaibh an
seód ba bhreaghtha is do b'áilne a bhí aca, a
dteanga dhuthchais. Táimíd-ne ag iarraidh
í thabhairt thar n-ais, agus is beag dá mhear-
athal orainn ná gurab í an urradh is fearr
agus an úirlis is áiseamhla a chuideoghaidh
linn chun Éire a shaoradh ó dhaoirse uair
amháin eile.