Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht Clainne Gaedheal.
Title
Filidheacht Clainne Gaedheal.
Author(s)
Ó Máille, Micheál,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FILIDHEACHT CHLAINNE GAEDHEAL. -- 'Nuair a hiarraidh orm aisde a sgríobh dho'n IRISLEABHAR, b'éigin dom a dhul ar staidéar, mar ní go maith a bhí a fhios agam cia an cineál aisde ab fhearr a d'feilfeadh dho'n pháipéar. Cheap mé go mba ceart dom rud éigin a sgríobh a mbeadh glacadh ag an bhfear eagair é féin leis ar chaoi ar bith, agus bhí baramhail agam an rud a thaithneochadh leis-sean go dtaith- neochadh sé lena léightheoiríbh. An uair dheiridh a chonnaic mé é, chaith mé féin agus é féin sgathadh dhe lá ag léigheadh filidh- eachta — abhráin a bhí tóigthe síos aige-san ó na sean-daoinibh. Chualaidh mé roinnt mhaith de na habhráin cheana, acht nach é an leagan céadna díreach a chualaidh mé ar na habhráin agus fuair seisean ortha nuair a bhí sé dá gcur síos. Cheap mé, dá bhrígh sin, nach bhféadfainn trácht ar níd ar bith ba feileamhnaighe ná ar na habhráin agus ar an bhfilidheacht a bhí ag rith idir Ghaedhil shul dár thosuigh aghaidh dá tabhairt ar Shasana agus ar na hoileáin eile. Agus pé aca sin é, bhí fonn orm an méid sin modha a thabhairt dho fhear an pháipéir, mar tá luigheadh mór aige leis an bhfilidheacht agus tóir mhór aige uirthi, mar tá ag gach uile dhuine a bhfuil eolas aige ar an bhfilidheacht, nó a thuigeas í. Ní léar do'n tsúil í féin; agus ní go minic a fheiceamuid trácht sa nGaedhilge ar litridheacht na Gaedhilge. Is léar dho'n mhalrach gach a bhfuil idir an t-olc agus an mhaith — cuid dhe, ar chuma ar bith — cidh gur beag é go minic; acht níor mhór dhúinn-ne fios fátha a bheith againn níos fearr ná bheadh ag malrach, agus gach nidh dá dtaith- neochadh linn ins na habhráin a mhíniughadh agus a ughdarughadh ina ghné féin agus ina chumaruigheacht. An tseoid is luachmhaire sa domhain, .i. an liag — gearann sí í féin chomh maith agus gearann sí gach uile rud eile. Tá snamhthach an fháis ag teacht arís faoi'n teangaidh Ghaedhilge, agus an saoghal Fodlach dá foghluim; agus ó nach bhfuil teanga ar bith, an té a mbeadh sí aige i gceart, is glaine gheártha ná í ag cur síos ar gach uile shórt, is mithid dúinn a faobhar a fhéachaint anois uirthi féin. Bheadh sé mór agam-sa, i n-alt ghearr mar é seo, tús agus deireadh gach nidh a bhaineas leis na habhráin Ghaedhilge a chur síos, agus níl éan dúil agam féachaint leis. An té nár chuir cruthnuighe ins na habhráin é féin cheana, agus nár sgrúduigh ádhbhar na n-abhrán i n-a gceann agus i n-a gceann, agus nár dhearc go grinn iad i n-a bhfoirm agus i n-a ndeilbh, agus nár fheach ariamh le bonn a fhághail le intinn na bhfilidhe a chum iad — an té nach ndearnaidh
sin, ba doiligh dhó mórán a thuigsint uaim futha, mur' dtugainn ughdar as na habhráin iad féin ag míniughadh gac uile nidh dá n-abhrochainn. Ní fhéadaim sin a dhéanamh i n-alt ghearr mar é seo; agus dá bhrigh sin, is fearr dhom a theacht, an iarraidh seo, le moladh a thabhairt do fheabhas agus do áilleacht na n-abhrán, agus dá milseacht, agus dá mbinneas; ag súil a's go gcuir- fidhe fear a's barr cruthnuighe ins na habhráin Ghaedhilge, agus go dtosochaidhe ag trácht ortha — gach éan-duine ag féachaint lena smaointe féin a thabhairt 'un cruinnis agus a fhoillsiughadh. Agus isé an tsamhail a bhéarfainn dhe fheabhas agus dhe ghlaine na n-abhrán Gaedh- ilghe: srúth glan milis fíor-uisge, a sgeith- feadh amach as cnoc grianmhar i n-oileán áluinn i lár na fairrge móire, nach mbeadh dras nó droch-mhianach éan oileáin eile thrid an ngaineamh a mbeadh an sruth ag éirghe as; nó nach seolfadh an ghaoth éan smúit insa n-aedhear os cionn an oileáin sin, le go bhféadfadh dorchadas ar bith a bheith ar an uisge a thuitfeadh anuas insa tsruth. Agus ise an tsamhail a bhéarfainn dhe áilleacht na n-abhrán: bláthanna breágha cumhartha a bheadh ag fás ar na bainseogaibh ar bhruach an tsrotha, agus iad a fheiceál le deallradh an lae ghléigil, agus an ghrian go soillseach solusmhar insa spéir. Agus níor mhilse leat an mhil a bheadh na meachain a chruinniughadh as na bláthanntaibh ná mil- seacht na n-abhrán sin; agus níor bhinne leat an ceileabhar caoin a bheadh ag an londubh agus ag an gcéirsigh os do chionn insna crainntibh ná gheobhfá dhe bhinneas insna habhráin dá gcluinteá dhá ngabhail iad leis an nguth agus leis an gceol a bhí ag na filidhibh leo an t-am a ndearnadar iad. Agus os cionn gach uile nidh eile, — an té a mbeadh buaidhreadh ar a chroidhe nó ar a intinn, gheobhfadh sé abartha ins na habhráin na focla céadna a bheadh a chroidhe agus a intinn féin a amhdachtáil, sa gcaoi go mbeadh an t-abhrán mar ghuth a bhéil féin ag freagairt do ghlór a chinn. Níl tír ar bith dá bhfuil an ghrian ag gealadh uirthi, dhe ríogh- achtaibh na cruinne, agus a bhfuil daoinibh dá háitiughadh, nach bhfuil abhráin dá gcanadh i measg na ndaoine, agus a fheilfeas do'n aigne agus do'n cháilidheacht a gheall Dia dhóibh. Acht is iondamhail, an uair a bhíos na habhráin tamall ar siubhal i n-a measg, go dtuirsigheann siad díobhtha, agus gur bé an t-abhráin is nuadhacha an t-abhrán is mó a mbíonn tóir air. Tá sean-abhráin ó'n dílinn ag rith idir Ghaedhil, nach bhfuil fios cia an uair a rinneadh iad, ná cia a rinne; acht, nó go n-athruighidh na Gaedhil a gcáilidheacht féin, agus go dtréigidh siad a dteanga, béidh oiread meas' ar na habhráin sin agus bhí ortha an chéad lá ariamh. MICHEÁL Ó MÁILLE. Dia Domhnaigh tug cabhair chughainn is grása ó Dhia; Bíonn an Domhnach i bhfabhar is i bpáirt lucht fiach; Dia Domhnaigh ní'l power agam námhaid im' dhiaidh, 'S is é mo lom-chreach nach Domhnach gach lá san mbliadhain. "Ta beirt Ghaedheal i gcoinnibh na ndraoithe. Sin a bhfuil. Ní fiú leis na draoithe mionramh a dhéanamh dhíobh." - Annála na Suadh. A shíoghuidhe mhilis 's a dhuine na dtréithe gcóir Do-chítí an ulla 'na bhfuilid na céadtha ar feódh Na míltí duine aca i n-iomaidh ag déanamh stóir, Indíg claidhe i ngutha táid uile gan chéill gan cheol. Gléas tighe chun bheith buan Bean chruaidh is fear gan tart Cupán beag is gan é lán Is a leigean ar chlár abhfad.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services