FILIDHEACHT CHLAINNE GAEDHEAL.
--
'Nuair a hiarraidh orm aisde a sgríobh
dho'n IRISLEABHAR, b'éigin dom a dhul
ar staidéar, mar ní go maith a bhí a fhios
agam cia an cineál aisde ab fhearr a
d'feilfeadh dho'n pháipéar. Cheap mé go
mba ceart dom rud éigin a sgríobh a
mbeadh glacadh ag an bhfear eagair é féin
leis ar chaoi ar bith, agus bhí baramhail agam
an rud a thaithneochadh leis-sean go dtaith-
neochadh sé lena léightheoiríbh. An uair
dheiridh a chonnaic mé é, chaith mé féin agus
é féin sgathadh dhe lá ag léigheadh filidh-
eachta — abhráin a bhí tóigthe síos aige-san ó
na sean-daoinibh. Chualaidh mé roinnt mhaith
de na habhráin cheana, acht nach é an leagan
céadna díreach a chualaidh mé ar na
habhráin agus fuair seisean ortha nuair a
bhí sé dá gcur síos.
Cheap mé, dá bhrígh sin, nach bhféadfainn
trácht ar níd ar bith ba feileamhnaighe ná
ar na habhráin agus ar an bhfilidheacht a bhí
ag rith idir Ghaedhil shul dár thosuigh aghaidh
dá tabhairt ar Shasana agus ar na hoileáin
eile. Agus pé aca sin é, bhí fonn orm an
méid sin modha a thabhairt dho fhear an
pháipéir, mar tá luigheadh mór aige leis an
bhfilidheacht agus tóir mhór aige uirthi, mar
tá ag gach uile dhuine a bhfuil eolas aige
ar an bhfilidheacht, nó a thuigeas í.
Ní léar do'n tsúil í féin; agus ní go
minic a fheiceamuid trácht sa nGaedhilge
ar litridheacht na Gaedhilge. Is léar dho'n
mhalrach gach a bhfuil idir an t-olc agus an
mhaith — cuid dhe, ar chuma ar bith — cidh gur
beag é go minic; acht níor mhór dhúinn-ne
fios fátha a bheith againn níos fearr ná
bheadh ag malrach, agus gach nidh dá dtaith-
neochadh linn ins na habhráin a mhíniughadh
agus a ughdarughadh ina ghné féin agus ina
chumaruigheacht. An tseoid is luachmhaire
sa domhain, .i. an liag — gearann sí í féin
chomh maith agus gearann sí gach uile rud
eile. Tá snamhthach an fháis ag teacht arís
faoi'n teangaidh Ghaedhilge, agus an saoghal
Fodlach dá foghluim; agus ó nach bhfuil
teanga ar bith, an té a mbeadh sí aige i
gceart, is glaine gheártha ná í ag cur síos
ar gach uile shórt, is mithid dúinn a faobhar
a fhéachaint anois uirthi féin.
Bheadh sé mór agam-sa, i n-alt ghearr
mar é seo, tús agus deireadh gach nidh a
bhaineas leis na habhráin Ghaedhilge a chur
síos, agus níl éan dúil agam féachaint
leis. An té nár chuir cruthnuighe ins na
habhráin é féin cheana, agus nár sgrúduigh
ádhbhar na n-abhrán i n-a gceann agus i n-a
gceann, agus nár dhearc go grinn iad i n-a
bhfoirm agus i n-a ndeilbh, agus nár fheach
ariamh le bonn a fhághail le intinn na
bhfilidhe a chum iad — an té nach ndearnaidh
sin, ba doiligh dhó mórán a thuigsint uaim
futha, mur' dtugainn ughdar as na habhráin
iad féin ag míniughadh gac uile nidh dá
n-abhrochainn. Ní fhéadaim sin a dhéanamh i
n-alt ghearr mar é seo; agus dá bhrigh sin,
is fearr dhom a theacht, an iarraidh seo, le
moladh a thabhairt do fheabhas agus do
áilleacht na n-abhrán, agus dá milseacht,
agus dá mbinneas; ag súil a's go gcuir-
fidhe fear a's barr cruthnuighe ins na
habhráin Ghaedhilge, agus go dtosochaidhe ag
trácht ortha — gach éan-duine ag féachaint
lena smaointe féin a thabhairt 'un cruinnis
agus a fhoillsiughadh.
Agus isé an tsamhail a bhéarfainn dhe
fheabhas agus dhe ghlaine na n-abhrán Gaedh-
ilghe: srúth glan milis fíor-uisge, a sgeith-
feadh amach as cnoc grianmhar i n-oileán
áluinn i lár na fairrge móire, nach mbeadh
dras nó droch-mhianach éan oileáin eile
thrid an ngaineamh a mbeadh an sruth ag
éirghe as; nó nach seolfadh an ghaoth éan
smúit insa n-aedhear os cionn an oileáin
sin, le go bhféadfadh dorchadas ar bith a
bheith ar an uisge a thuitfeadh anuas insa
tsruth.
Agus ise an tsamhail a bhéarfainn dhe
áilleacht na n-abhrán: bláthanna breágha
cumhartha a bheadh ag fás ar na bainseogaibh
ar bhruach an tsrotha, agus iad a fheiceál le
deallradh an lae ghléigil, agus an ghrian go
soillseach solusmhar insa spéir. Agus níor
mhilse leat an mhil a bheadh na meachain a
chruinniughadh as na bláthanntaibh ná mil-
seacht na n-abhrán sin; agus níor bhinne
leat an ceileabhar caoin a bheadh ag an
londubh agus ag an gcéirsigh os do chionn
insna crainntibh ná gheobhfá dhe bhinneas
insna habhráin dá gcluinteá dhá ngabhail iad
leis an nguth agus leis an gceol a bhí ag
na filidhibh leo an t-am a ndearnadar iad.
Agus os cionn gach uile nidh eile, — an
té a mbeadh buaidhreadh ar a chroidhe nó ar a
intinn, gheobhfadh sé abartha ins na habhráin
na focla céadna a bheadh a chroidhe agus a
intinn féin a amhdachtáil, sa gcaoi go
mbeadh an t-abhrán mar ghuth a bhéil féin ag
freagairt do ghlór a chinn. Níl tír ar bith
dá bhfuil an ghrian ag gealadh uirthi, dhe ríogh-
achtaibh na cruinne, agus a bhfuil daoinibh
dá háitiughadh, nach bhfuil abhráin dá gcanadh
i measg na ndaoine, agus a fheilfeas do'n
aigne agus do'n cháilidheacht a gheall Dia
dhóibh. Acht is iondamhail, an uair a bhíos
na habhráin tamall ar siubhal i n-a measg,
go dtuirsigheann siad díobhtha, agus gur
bé an t-abhráin is nuadhacha an t-abhrán is
mó a mbíonn tóir air. Tá sean-abhráin
ó'n dílinn ag rith idir Ghaedhil, nach bhfuil
fios cia an uair a rinneadh iad, ná cia a
rinne; acht, nó go n-athruighidh na Gaedhil a
gcáilidheacht féin, agus go dtréigidh siad a
dteanga, béidh oiread meas' ar na habhráin
sin agus bhí ortha an chéad lá ariamh.
MICHEÁL Ó MÁILLE.
Dia Domhnaigh tug cabhair chughainn is grása ó Dhia;
Bíonn an Domhnach i bhfabhar is i bpáirt lucht fiach;
Dia Domhnaigh ní'l power agam námhaid im' dhiaidh,
'S is é mo lom-chreach nach Domhnach gach lá san
mbliadhain.
"Ta beirt Ghaedheal i gcoinnibh na ndraoithe. Sin
a bhfuil. Ní fiú leis na draoithe mionramh a dhéanamh
dhíobh." - Annála na Suadh.
A shíoghuidhe mhilis 's a dhuine na dtréithe gcóir
Do-chítí an ulla 'na bhfuilid na céadtha ar feódh
Na míltí duine aca i n-iomaidh ag déanamh stóir,
Indíg claidhe i ngutha táid uile gan chéill gan cheol.
Gléas tighe chun bheith buan
Bean chruaidh is fear gan tart
Cupán beag is gan é lán
Is a leigean ar chlár abhfad.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11